Measúnú: cuid riachtanach den teagasc agus den fhoghlaim
Cuid riachtanach den phróiseas teagaisc agus foghlama is ea measúnú. Ceann dá phríomhchuspóirí é mioneolas a chur ar fáil go leantach don mhúinteoir faoi fhorbairt páistí, a gcuid eolais, a dtuiscint ar choincheapa agus a máistreacht ar scileanna. Is é toradh a bhíonn air seo ná tuiscint níos fearr ar na páistí agus ar a gcuid riachtanas a bheith ag an múinteoir agus cuireann sé ar a c(h)umas gníomhaíochtaí oiriúnacha foghlama a dhearadh chun cuidiú leo an sochar is mó a bhaint as an gcuraclam drámaíochta. Gné lárnach de theagasc agus d'fhoghlaim é an próiseas timthriallach ina dtagann foghlaim, measúnú, aithint riachtanas aonair, meastóireacht ar straitéisí teagaisc agus pleanáil eispéiris fhoghlama don am atá le teacht.
Ról an mheasúnaithe: cad chuige measúnú?
Féadfaidh measúnú cuidiú leis an múinteoir monatóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste trí mheán na drámaíochta. Cuireann sé acmhainn ar fáil don mhúinteoir trínar féidir leis/léi riachtanais an pháiste aonair a aithint agus cuireann sé ar a c(h)umas comhthéacsanna drámaíochta a chruthú agus ábhar curaclaim a mhodhnú d'fhonn foghlaim éifeachtach a éascú do na páistí. Má úsáidtear measúnú ar an mbealach seo, beidh feidhm mhúnlaitheach leis i bhforbairt páistí.
Nuair a bhaineann an múinteoir feidhm as measúnú agus aidhm mhúnlaitheach aige/aici, féadfaidh sé/sí pictiúr carnach d'fhorbairt teanga an pháiste sna trí shnáithaonad den churaclam a chur le chéile. Beidh sé seo ina chuid de phróifíl fhoriomlán d'fhorbairt an pháiste agus féadfaidh sé fónamh mar bhonn tuarascála do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile. Tugtar úsáid shuimitheach an mheasúnaithe air seo. Féadfaidh an múinteoir freisin úsáid a bhaint as measúnú chun meastóireacht a dhéanamh ar a (h) idirghabháil féin i dteagasc an churaclaim dhrámaíochta do na páistí. Tagann de sin nach foláir monatóireacht a dhéanamh ar an ábhar curaclaim ó thaobh éifeachta agus cothromaíochta de agus ar na straitéisí, ar na comhthéacsanna agus ar na hacmhainní difriúla a úsáidtear ar mhaithe le forbairt an pháiste. Má úsáidtear é leis an bhfeidhm mheastóireachta seo is féidir le measúnú cuidiú leis an múinteoir na heispéiris fhoghlama is éifeachtaí a phleanáil don pháiste.
Measúnú sa churaclam drámaíochta: cad ba chóir a mheasúnú?
Baineann measúnú sa drámaíocht le monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt scileanna agus coincheap drámaíochta páistí agus ar a ndul chun cinn ó thaobh foghlama de thoradh a dteagmhála leis na trí shnáithaonad curaclaim. Cuireann sé seo ceangal orainn léirsmaoineamh ní ar na cuspóirí drámata amháin ach ar na cuspóirí foghlama atá inghreamaithe san ábhar chomh maith.
Iniúchadh agus déanamh drámaíochta
Sa snáithaonad seo déanfaidh an múinteoir measúnú, ar an gcéad dul síos, ar chomh beo agus atá dúil an pháiste sa chur i gcéill súgarthach agus ar an bhféinmhuinín agus an spontáineacht a chruthaíonn sé/sí sa drámaíocht. Léireofar é seo sa dóigh a nglacann sé/sí ról nó carachtar agus sa mhéid a dtagann forbairt ar an ról nó ar an gcarachtar i rith na gníomhaíochta. Beidh sé le feiceáil freisin sa dóigh a mbaineann an páiste leas as suíomh agus spás chun comhthéacs an dráma a thógáil, sa tuiscint a léiríonn sé/sí ar ghné an ama agus sa dóigh a ndéanann sé iniúchadh uirthi chun tréithe mar dhoimhneacht agus inchreidteacht a neartú. Déanfaidh an múinteoir monatóireacht freisin ar cé chomh maith agus a chloíonn na páistí leis na 'rialacha imeartha' a chabhraíonn chun fócas na gníomhaíochta drámata a choinneáil beo agus a chuireann leis an ngníomhaíocht dhrámata trí ghné an teannais a bhunú inti. De réir mar a éiríonn páistí níos cleachtaithe ar phróiseas na drámaíochta, beidh an inniúlacht agus an éascaíocht lena n-úsáideann siad scripteanna mar aon lena gcumas na genres éagsúla a idirdhealú agus brí a iniúchadh tríothu ina dtáscairí ar chomh héifeachtach agus atá siad ag foghlaim trí dhrámaíocht.
Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht
Cuid dhílis de phróiseas na drámaíochta is ea léirsmaoineamh. Tarlaíonn sé i gcaitheamh na gníomhaíochta drámata féin agus i ndíospóireacht agus sna gníomhaíochtaí eile nuair a bhíonn an ghníomhaíocht dhrámata thart. Feicfear fianaise ar chomh maith agus a éiríonn leis na páistí ina léirsmaoineamh sa mhéid a mbaineann siad leas as chun cúrsaí forbartha eile a cheapadh mar mhalairt ar ghníomhaíocht dhrámata áirithe agus a mbeidh léiriú iontu ar na saincheisteanna atá á scrúdú sa ghníomhaíocht sin. Feicfear í chomh maith sa mhéid gur féidir leo an coibhneas idir scéal, téama agus taithí saoil a aithint. Ina theannta sin go léir léireofar éifeacht na foghlama trí dhrámaíocht sna léargais a bhainfidh na páistí as eispéireas na drámaíochta agus sa mhéid a neartófar a gcumas tátail a bhaint agus hipitéisí a cheapadh ar bhealach níos ginearálta i dtaobh daoine agus i dtaobh an tsaoil.
Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta
Tá an cumas comhoibriú le daoine eile agus cumarsáid a dhéanamh leo, i ról agus as ról, ina chuid lárnach d'eispéireas an pháiste ar dhrámaíocht. Feicfear fianaise air seo ina c(h)umas a c(h)ion a dhéanamh chun an drámaíocht a mhúnlú, ní hamháin sa réamhphlé ina thaobh ach de réir mar a bhíonn an ghníomhaíocht á forbairt chomh maith. Léireofar é freisin i gcumas an pháiste caidreamh ficseanach leis na carachtair eile a thorbairt de réir mar a ghluaiseann an drámaíocht ar aghaidh. Trí eachtraí a aithris go spontáineach neamhchúthaileach do na páistí eile sa rang léireoidh páistí gné eile dá gcumas comhoibrithe agus cumarsáide trí mheán na drámaíochta.
Uirlisí measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh
Glactar leis go mbainfear úsáid as uirlisí oiriúnacha measúnaithe nuair a bheidh an raon de ghníomhaíochtaí foghlama a bhfuil cur síos orthu thuas á chur i gcrích. Is iad na huirlisí is oiriúnaí do dhrámaíocht ná:
breathnóireacht an mhúinteora
tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir féin
samplaí oibre, bailiúcháin d'obair an pháiste agus tionscadail
próifílí curaclaim.
Breathnóireacht an mhúinteora
Is é seo an cineál measúnaíthe is coitianta a úsáideann múinteoirí agus is é an cineál is éifeachtaí chomh fada is a bhaineann le rannpháirtíocht páistí i ndrámaíocht. Is é a bhíonn i gceist léi ná monatóireacht neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpáistí agus an próiseas drámata ar siúl. Ach an dóigh a sealbhaíonn páistí difriúla scileanna drámaíochta agus an dóigh a bhfoghlaimíonn siad tríd an bpróiseas drámata a thabhairt faoi deara, féadfaidh an múinteoir a m(h)odhanna teagaisc agus a c(h)ur chuige a chur in oiriúint agus na comhthéacsanna drámata a mhodhnú chun go mbainfidh páistí aonair an leas is mó as a gcuid foghlama.
Bíonn go leor den bhreathnóireacht seo ceangailte le mionsonraí gníomhaíochta drámata ar an láthair féin agus ní dhéantar clárú uirthi. Ar a shon sin féin, is fiú nótaí gearra a bhreacadh i dtaobh riachtanais foghlama na bpáistí ó am go ham. Cuideoidh an nós imeachta seo leis an múinteoir chomh maith chun dul chun cinn ranga, grúpa nó páiste aonair ag am ar leith a thabhairt faoi deara agus cuideoidh sé leis/léi chun a c(h)ur chuige fadtréimhseach agus gearrthréimhseach don drámaíocht a phleanáil.
Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir féin
Gné eile fós den mheasúnú leantach seo is ea an mhonatóireacht a dhéantar ar ghníomhúchán páistí sna tascanna éagsúla a eascraíonn as a rannpháirtíocht i ndrámaíocht. Eascraíonn a leithéidí seo arís agus arís eile i rith gníomhaíochta drámata, mar shampla nuair a iarrtar ar bheirt pháistí rólanna bheirt charachtair a imirt chun saincheist faoi leith a iniúchadh, nó nuair a iarrtar ar ghrúpa páistí oibriú i dteannta a chéile chun fadhb éigin a réiteach nó chun teacht ar chinneadh i dtaobh an chúrsa fhorbartha ba chóir a bheith ar an dráma. Cuirfidh measúnú ar chumas páistí tascanna áirithe dá leithéid seo a chur i gcrích ceangal ar an múinteoir a c(h)uid breathnóireachta a dhíriú cuid mhaith ar ghnéithe faoi leith de bheart páistí agus iad ag gabháil do dhrámaíocht.
Samplaí oibre, bailiúcháin agus tionscadail
I gcás drámaíochta, is iad na rudaí a bheadh i gceist iontu seo ná píosaí scríbhneoireachta, saothar ealaíne agus samplaí eile de fhreagairt páistí ar a n-eispéireas drámaíochta, dá léirsmaoineamh air agus den iarobair bunaithe air a dhéanann siad. Sampla ionadaíoch a chuimsíonn roinnt eiseamláirí den chuid is fearr d'obair an pháiste is oiriúnaí chun críche measúnaithe. An múinteoir, an páiste nó an múinteoir agus an páiste i dteannta a chéile agus i gcomhairle lena chéile a chinnfidh cad a chuirfear sa bhailiúchán. Ar an mbealach seo ceanglófar gné luachmhar fhéinmheasúnaíthe le measúnú ar dhul chun cinn an pháiste i ndrámaíocht agus i bhfoghlaim trí mheán na drámaíochta.
Caithfear ceann a thógáil d'éascaíocht ionramhála agus cinneadh á dhéanamh faoin méid d'obair an pháiste a choinneofar sa bhailiúchán siúd is go mbeidh níos lú deacrachta ag baint leis an gceist seo i gcás drámaíochta toisc gur píosaí scríbhneoireachta is mó a bheidh sa bhailiúchán. Mar sin féin, toisc go mbeidh bailiúcháin dá shamhail sin ag an bpáiste sna réimsí eile curaclaim chomh maith, caithfear ceist na stórála a chur san áireamh. Ar ndóigh, beidh malairt tosca ann ó scoil go scoil ach caithfear aird a thabhairt ar nithe mar ábhar, toirt agus éascaíocht ionramhála na mbailiúchán nuair a bheidh pleanáil scoile ar siúl.
Próifílí curaclaim i ndrámaíocht
Féadfar grinniú neamhfhoirmiúil leantach an mhúinteora ar dhul chun cinn an pháiste a struchtúrú níos cruinne ach úsáid a bhaint as próifílí curaclaim i ndrámaíocht. Is é a bhíonn iontu seo ná ráitis ghearra ar ghnóthachtáil, ar iompraíocht agus ar dhearcadh na bpáistí i leith drámaíochta agus i leith na foghlama trí mheán drámaíochta. Féadfar socrú ar chaighdeáin áirithe a oirfidh do leibhéil dhifriúla inniúlachta chun cumas páistí aonair a mheas i dtaca le gach ceann de na ráitis. I gcás drámaíochta bheadh scáiliú iontu ar dhul chun cinn páistí i dtaca le gnéithe na dtrí shnáithaonad curaclaim agus chuirfidís ar chumas an mhúinteora próifíl fhoghlama a chruthú i leith gach páiste aonair agus, mar aon leis sin, taifead tagartha ar a f(h)orás a chruthú.
Clárú agus cumarsáid
Ach go n-úsáidfí rogha oiriúnach de na huirlisí difriúla measúnaithe, féadfaidh an múinteoir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an pháiste i ndrámaíocht agus i bhfoghlaim trí mheán na drámaíochta. Má tá éifeacht le bheith leis an bpróiseas monatóireachta seo tá sé tábhachtach go gclárófar an fhaisnéis ábhartha ar shlí a mbeidh teacht go héasca uirthi agus a bheidh ar aon dul leis an gclárú i réimsí eile an churaclaim. Éascóidh sé seo cumarsáid leantach leis an bpríomhoide, le baill eile na foirne agus le tuismitheoirí. Cuideoidh sé seo leis an múinteoir freisin eolas a mhealladh ó thuismitheoirí a chuirfidh ar a c(h)umas an clár drámaíochta do pháistí aonair a phleanáil ar bhealach níos éifeachtúla.
Cárta próifíle dalta
I gcaitheamh tréimhse ama féadfaidh an múinteoir próifíl chuimsitheach a thógáil ina mbeidh cuntas suimitheach ar dhul chun cinn páiste sa drámaíocht. D'fhéadfaí é seo a choigeartú agus a thabhairt suas chun dáta go tráthrialta. D'fhéadfaí leas a bhaint as a leithéid mar chabhair agus straitéisí foghlama fadtréimhseacha á gceapadh agus chun a
chinntiú go mbeadh forbairt leanúnach á déanamh ag an bpáiste ó bhliain go bliain. D'fhéadfaí leas a bhaint as chomh maith agus measúnú suimitheach á dhéanamh ar an bpáiste agus d'éascódh sé an chumarsáid le tuismitheoirí agus le gníomhaireachtaí éagsúla.