Foramharc
Oideachas Ealaíon: Tugann drámaíocht bealaí do pháistí iniúchadh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus ar ghnéithe nua den domhan atá ag síorathrú. Tá ról tábhachtach ag teanga sa drámaíocht. Cuidíonn an Curaclam Drámaíochta le hinniúlacht agus le múinín an pháiste a fhorbairt sa Bhéarla, sa Ghaeilge agus i dteangacha eile.
Oideachas Ealaíon: An Curaclam Drámaíochta
Níl ach snáithe amháin sa Churaclam Drámaíochta. Baineann an snáithe seo le drámaíocht a úsáid chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú. Tá trí snáithaonad san áireamh ann. Is iad sin:
- Iniúchadh agus déanamh drámaíochta
- Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht
- Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta
Stádas reatha
Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar
Oideachas Ealaíon: Drámaíocht (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Oideachas Ealaíon: Drámaíocht: Treoirlínte do Mhúinteoirí (Curaclam na Bunscoile ar líne)(1999)
Chun féachaint ar an gcuraclam nó ar na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna