Foramharc
Oideachas Ealaíon: Tugann ceol an deis do pháistí triail a bhaint as raon leathan stíleanna ceoil agus traidisiún ceoil, chun páirt a ghlacadh i ngluaiseacht, i rince, i léiriú, i scéalaíocht agus i gcruthú dráma. Cuireann an Curaclam Ceoil na nithe seo ar súile na bpáistí: léamh an cheoil, scríobh an cheoil, amhráin a chasadh agus gléasanna ceoil a sheinm sa seomra ranga.
Oideachas Ealaíon: Curaclam Ceoil
Tá trí shnáithe sa Churaclam Ceoil:
- Éisteacht agus Freagairt
- Léiriú
- Cumadóireacht
Tá na snáitheanna idirnasctha agus tá gníomhaíocht amháin ag brath ar, agus ag tacú le, tuiscint i gceann eile.
Stádas reatha
Cuireadh tús le cur i bhfeidhm an Churaclaim Cheoil sna bunscoileanna i Méan Fómhair 2005. Bhí an curaclam ina iomláine á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar
Oideachas Ealaíon: Ceol (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Oideachas Ealaíne: Ceol Treoirlínte do Mhúinteoirí (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Ceol sa tSraith Shóisearach
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna