Cé gur minic a tharlaíonn gníomhaíocht cheoil go spontáineach agus gur minic a bhaineann múinteoirí agus daltaí taitneamh as ar an iliomad bealaí, is bunriachtanas í pleanáil éifeachtach chun curaclam leathan agus cothrom ceoil a chur i bhfeidhm i scoil. Amhail na n-achar eile léinn, leathann na buntáistí a eascraíonn as forbairt plean scoile sa cheol thar theorainneacha an ábhair féin amach; cuirtear le foghlaim an pháiste agus cabhraítear chun eagar níos éifeachtaí a bhunú sa scoil.
Ba chóir gur phróiseas comhoibrithe agus comhairleach í an phleanáil don cheol, próiseas a mbeadh páirt ag an bpríomhoide, ag na múinteoirí agus, de réir mar ba chuí, ag na tuismitheoirí agus ag an mbord bainisteoireachta ann. Ba chóir go ndéanfaí na saincheisteanna seo a leanas a chíoradh sula leagfaí an plean scoile amach: nádúr an ábhair, luachanna agus traidisiúin phobal na scoile, a mbeifí ag súil a d'fhoghlaimeodh an páiste, a mbeifí ag súil a mhúinfeadh an múinteoir, agus conas a d'fhéadfadh an scoil tacú leis an gcur i bhfeidhm. I ndeireadh báire, ba chóir don scoil aghaidh a thabhairt ar scóip an mheasúnaithe agus na meastóireachta a dhéanfaí ar an gceol sa scoil agus ar na modhanna a d'úsáidfí.
Scrúdaítear dhá ghné den phróiseas pleanála sa roinn seo: