Éagsúlacht sa chur chuige
Sa roinn seo leagtar béim ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh éagsúlacht sa chur chuige a chleachtar sna snáitheanna Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht. Moltar roinnt teicníochtaí teagaisc agus modhanna teagaisc cabhracha a chuireann leis na cuspóirí, leis na haidhmeanna, leis na gnéithe comhtháite ceoil agus leis na heiseamláirí sa churaclam. Is féidir iad seo a chur in oiriúint do pholasaí na scoile aonair agus do riachtanais agus do spéiseanna na bpáistí. Ní chuimsítear gach uile shaghas cur chuige is féidir sa chur síos atá anseo agus, i gcoitinne, oireann na cinn a rianaítear do pháistí ag gach leibhéal ranga. D’fhéadfaí leas a bhaint astu mar fhorlíonadh ar thaithí agus ar shaineolas an mhúinteoir ranga chun torthaí den saghas céanna a bhaint amach.
Cibé cur chuige a nglactar leis i dteagasc an cheoil, ba chóir
- go gcuirfeadh sé le taitneamh a bhaint as déanamh ceoil
- go n-oirfeadh sé chun scileanna, tuiscint, eolas agus dearcadh an pháiste a fhorbairt
- go gcothódh sé forás ceoil agus forbairt cruthaitheachta sa pháiste.