Primary Schools

Cumadóireacht

Cuid dhílis den phróiseas foghlama is ea an chumadóireacht. Baineann sí den chuid is mó le forbairt a dhéanamh ar chruthaitheacht na bpáistí laistigh de fhráma a gcuid smaointeoireachta sa cheol. De réir mar a chumann siad éiríonn siad níos feasaí ar na fuaimeanna a bhíonn á ndéanamh acu féin agus ar na fuaimeanna a dhéanann daoine eile chomh maith. Sa mhéid seo, spreagann an próiseas cumadóireachta na páistí chun foghlama a mbíonn idir chomhoibriú agus chomhar riachtanach chuici. Nuair a bhíonn páistí gafa le dréacht ceoil a chruthú do chuspóir áirithe, bíonn siad ag gabháil d’eagrú, de chinnteoireacht agus de réiteach fadhbanna, agus dá thoradh sin bíonn gníomhaíocht i bhfad níos leithne ná déanamh patrún rithimeach nó patrún séiseach ar siúl acu.

Meán an-mhaith do pháistí chun tástáil a dhéanamh le hidéanna ceoil ar bhealach atá neamh-mheánach agus spontáineach is ea tobchumadh.Bíonn an-chuid taithí ar cheol ag formhór na bpáistí sula dtagann siad ar scoil in aon chor. Bíonn raon mór ceoil mórthimpeall orthu gach lá; bíonn siad ag éisteacht le ceol cúlra, le móibílí nó le bréagáin cheolmhara, le hamhráin a chantar dóibh, le cláir do pháistí ar an teilifís nó ar an raidió (chomh maith le bheith ag éisteacht le gligíní agus le poirt aitheantais, le ceol pobail, le ceol traidisiúnta, le ceol clasaiceach agus le físeáin) agus le taifeadtaí éagsúla ceoil ar chaiséid nó ar dhlúthdhioscaí. Beidh taithí ag an-chuid páistí ar sheinm ar uirlisí simplí, ar nós xíleafóin, croitheadóirí nó drumaí, ag cruthú a gceoil féin agus ag sealbhú spéise pearsanta dóibh féin i gceol.

Imríonn páistí go nádúrtha le gnéithe rithimeacha séiseacha agus iniúchann siad iad go nádúrtha tríd an amhránaíocht agus trí uirlisí simplí a úsáid, ag athrú an luais agus na dinimice gan smaoineamh air. Sa seomra ranga, tógtar ar an bhfonn iniúchta seo i ngach snáithe den churaclam agus ag gach leibhéal ranga. Sa snáithe Éisteacht agus freagairt tugtar deiseanna struchtúrtha don pháiste chun fuaim a iniúchadh; sa snáithe Léiriú tugtar deiseanna dó/di amhráin shimplí a chanadh agus uirlisí a sheinm; agus sa snáithe Cumadóireacht faigheann sé/sí deiseanna chun tobchumadh, plé, measúnú agus taifeadadh a dhéanamh.

Cumadóireacht le raon de chuspóirí

Sa churaclam leagtar amach raon forchéimnitheach de chuspóirí i ngníomhaíochtaí cumadóireachta, ach ní mór a aithint gur forbairt bhíseach seachas forbairt líneach a bheidh san achar seo; b'fhéidir nach mbeadh sé indéanta an fhorbairt a tharlódh i ngach uile ghníomhaíocht a thuar nó, fiú, nach mbeadh sí follasach i rith na gníomhaíochta fiú. Ar an raon cuspóirí le haghaidh cumadóireachta sa cheol áirítear

  • rann páistí, cantaireacht, amhrán nó cluiche a thionlacan
  • scéal nó dán a thionlacan, ag cruthú maisíochtaí fuaime simplí
  • gnéithe ceoil ar nós buille, rithime, séise, dinimice, luais, comhdhéanaimh, tondatha agus uigeachta a iniúchadh
  • ostinato (patrún athdhéanta) rithimeach nó séiseach a chruthú chun amhrán nó cantaireacht a thionlacan
  • tástáil a dhéanamh le fuaim (ceol teagmhasach)
  • pearsa a léiriú, m.sh. 'drochdhuine' nó 'sióg mhaith'
  • meon a léiriú, m.sh. ceol 'brónach', ceol 'sona'
  • sraith eachtraí a léiriú, m.sh. fear an aráin sinséir ag éalú ón tseanbheainín, ón seanfhear, ón mbuachaill, ón gcailín, ón gcat, srl.
  • atmaisféar a chur in iúl, m.sh. an spás amuigh, an sorca
  • coincheap teibí a chur in iúl, m.sh. ruaille buaille, ríméad, dúiseacht
  • líne nó sliocht as téacs filíochta nó próis a léiriú, m.sh.
    'Sruthán beag mé, sruthán beag mé
    Ó thaobh an chnoic a thagaim;
    Is bím ag léimneach is ag rith
    Is am ar bith ní stadaim.'

De réir a chéile, agus de réir mar a fhaigheann siad taithí sa bhreis ar theicníochtaí agus ar stíleanna éagsúla, bainfidh páistí cur chuige atá uathúil aonaránach amach dóibh féin sa chumadóireacht. Chuige sin, áfach, beidh treoir agus tacaíocht de dhíth orthu ag gach leibhéal ranga, go háirithe sna céimeanna luatha.

Gníomhaíochtaí cumadóireachta a eagrú

De ghnáth cuirtear tús le tréimhse oibre cumadóireachta le gníomhaíocht beochana, mar shampla le cluiche simplí rithime, le tobchumadh gutha nó le comhrá amhránaíochta. De réir mar a théann an tobchumadh ar aghaidh beidh cabhair an mhúinteora de dhíth ar na páistí chun struchtúragus cruth a chur ar a gcuid oibre. Is í an tslí is fusa chun struchtúr a thabhairt isteach ná socrú ar leideanna soiléire tosaithe agus stoptha, agus ba chóir go spreagfaí na páistí chun freagartha do na leideanna sin. Cé go mbeidh réimse mór d'ábhair dhéanta fuaime thart ar na páistí, d'fhéadfadh go mba ghá don mhúinteoir teorainn a chur leis an rogha fuaimeanna a bheadh ar fáil dóibh sna céimeanna luatha; mura ndéanfaidh sé/sí sin, b'fhéidir go mbeidh easpa soiléireachta agus crutha ar a gcuid cumadóireachta. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh nach dtiocfaidh ach rírá as tríocha páiste bheith ag tobchumadh san aon am amháin sa seomra ranga! Tá sé tábhachtach go n-éistfidh na páistí go grinn lena bhfuaimeanna de réir mar a dhéanann siad iad, agus go malartóidh agus go modhnóidh siad iad de réir mar is gá. Dá bharr sin, beidh am agus spás ag teastáil ó na páistí, ina n-aonair nó ina ngrúpaí beaga, chun a gcuid fionnachtana a dhéanamh. Má cheaptar roinnt bunrialacha i gcomhar leis na páistí, éascófar eagar réidh a bhunú agus déanfar deimhin de go mbeidh taithí foghlama den scoth ag gach aon duine. D'fhéadfaí na rudaí seo a leanas a chuimsiú

  • leideanna tosaithe agus leideanna stoptha
  • láimhsiú na n-uirlisí
  • leibhéil fuaime
  • an méid ama a chaithfí le gach gníomhaíocht
  • gluaiseacht go dtí achar an cheoil agus ar ais uaidh
  • an líon is mó páistí a cheadófaí in achar an cheoil san aon am amháin.

Ba chóir don mhúinteoir aird na bpáistí a dhíriú ar úsáid éifeachtach a bhaint as líon beag smaointe seachas an iomarca spreagtha a thabhairt dóibh le raon rómhór d'ábhair dhéanta ceoil. Baineann sé seo le páistí ag gach céim agus de gach leibhéal cumais. D'ainneoin gur féidir cuma mhúinteoir lárnach a bheith air seo, is é a mhalairt atá i gceist: bíonn fócas cúng ag teastáil ó pháistí chun a gcumas smaointeoireachta éisréimní a mhúscailt.

Is féidir socrú ar theorainneacha ar bhonn na dtosca seo

  • na huirlisí a bheidh ar fáil
  • na gnéithe ceoil
  • raon de chuspóirí ceoil.

Is féidir iad a chónascadh agus a eagrú ina n-aonair, ina ngrúpaí nó mar rang iomlán.

Uirlisí a bheidh ar fáil

Ina measc seo áirítear úsáid fuaimeanna gutha, cnagadh coirp, uirlisí a rinneadh sa bhaile nó fuaimeanna a 'dtagtar' orthu, cnaguirlisí tiúnta agus cnaguirlisí neamhthiúnta, uirlisí séiseacha simplí agus aon uirlis eile a bheidh ar fáil don scoil -- pianó, giotár, méarchlár nó cairdín -- chomh maith leis an raon de theicníochtaí seanma is féidir a úsáid.

Gnéithe ceoil

Cuimsítear na gnéithe ceoil sin a luaitear sa churaclam (buille, ré, luas, tuinairde, dinimic, comhdhéanamh, tondath, uigeacht agus stíl) chomh maith le haon rud sa bhreis ar mhian leis an múinteoir béim a chur air. Is féidir iad a ionramháil ceann ar cheann, mar shampla 'An féidir leat patrún rithime a dhéanamh mar fhreagra ar an gceann seo?' nó is féidir iad a ionramháil i dteaglamaí, mar shampla 'An féidir leat séis a dhéanamh a thosóidh go glórach agus a chríochnóidh go bog?' Sa chaoi seo is féidir na teorainneacha a bhíonn le hobair na bpáistí a leathnú de réir a chéile.

Sna leathanigh seo a leanas tugtar roinnt eiseamlairí de shaghsanna cur chuige a d'fhéadfaí a úsáid sa chumadóireacht.

PDFEiseamláir 20 - Scéal, amhrán nó cluiche a thionlacan
PDFEiseamláir 21 - Dán a thionlacan
PDFEiseamláir 22 - Gnéithe ceoil a úsáid
PDFEiseamláir 23 - Cumadóireacht le gnéithe rithimeacha
PDFEiseamláir 24 - Cumadóireacht le gnéithe séiseacha

'Saoramhránaíocht'


Cé go bhfuil sé níos deacra comhráite saoramhránaíochta a nótáil, cuireann siad modh níos éifeachtaí ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar shéis, ar dhinimic, ar mheon agus ar chomhdhéanamh. Is naisc iad le struchtúir cheoldráma ar nós dísréid, áiria agus reacaireachta. Chomh maith leis sin, is féidir iad a chomhtháthú le hachair eile den churaclaim, mar shampla 'ag dul isteach sa phearsa' mar chuid d'aonad staire. Is féidir teacht ar shampla de seo sa Ghorta Mór (feic Treoirlínte don Mhúinteoir: Stair), áit ar féidir beirt tiarnaí talún, duine acu cásmhar agus an duine eile neamhfhreagrach, a chur i gcodarsnacht lena chéile.

Ceisteanna nach mór do pháistí a fhreagairt agus iad ag cumadh séiseanna do na pearsana seo is ea iad seo thíos:

  • Cén saghas guthanna a bheidh acu -- ard nó íseal?
  • An gcanfaidh siad araon an fonn céanna?
  • An gcanfaidh siad araon ar an mbealach céanna nó an mbeidh duine amháin acu glórach garbh agus an duine eile níos boige agus níos séimhe?
  • An gcanfaidh siad go tapa nó go mall?
  • Cé mhéad líne ba chóir dóibh a chanadh?
  • Conas a bheidh an t-amhrán leagtha amach?
  • An mbeidh mír ann a athdhéantar?
  • An gcanfaidh siad aon líne ag an am céanna?

Beidh an-chuid roghanna agus anchuid cinnteoireachta le déanamh faoin gceol i dtionscadail den chineál seo agus, mar sin, is féidir go mbeidh go leor seisiún ag teastáil le haghaidh cumadóireachta. Ba chóir go ndéanfaí an próiseas fionnachtana agus cinnteoireachta a thaifeadadh in aon slí ar féidir leis na páistí a láimhsiú, agus idir fhocail na séise, nótaí an fhoinn agus phatrún na rithime, chomh maith lena gcuid smaointe féin faoin tasc, á nótáil acu. D'fhéadfadh gur ghá go leor athdhréachta a dhéanamh i rith an phróisis seo agus d'fhéadfaí é sin a chuimsiú mar chuid de thionscadal léirithe fadaithe. Ba chóir go gcoimeádfaí taifeadadh ar gach céim den phróiseas i mbailiúchán chun athbhreithniú a dhéanamh air ina dhiaidh sin. Chuirfeadh úsáid gléis taifeadta mar théipthaifeadán nó fhístaifeadán gné bhreise leis na céimeanna dréachta agus athbhreithnithe.

Cumadóireacht a phlé agus a thaifeadadh

Gné thábhachtach de phróiseas na cumadóireachta is ea plé agus machnamh a dhéanamh ar a rinneadh sa cheacht cumadóireachta. Fad a bhíonn an múinteoir ag éascú agus ag cothú aireagáin agus fhionnachtain an pháiste, beidh sé/sí á spreagadh chomh maith chun athbhreithniú a dhéanamh ar a phíosa cumadóireachta lena chinntiú gur chuir sé/sí i gcrích a raibh faoi/fúithi a dhéanamh. Ar an mbealach céanna, ba chóir go dtuigfeadh an páiste gur chuid dhílis den phróiseas cumadóireachta agus léirithe í an t-athbhreithniú, agus go mbíonn gach oirfeadach agus gach cumadóir sa 'saol mór' ag athbhreithniú agus ag leasú a c(h)uid oibre féin de shíor. Is féidir an próiseas a phlé agus meastóireacht a dhéanamh air ag amanna éagsúla i rith an phróisis féin, ach am an-áisiúil is ea é nuair a bhíonn a c(h)éad dréacht críochnaithe ag an bpáiste. B'fhéidir go n-eascródh smaointeoireacht ardleibhéil, idir bhriathartha agus neamhbhriathartha, as bheith ag éisteacht go hoibiachtúil lena phíosa cumadóireachta taifeadta féin. Cuirfidh imoibriú dírbhreathnú an mhúinteora agus fhéinmheastóireacht an pháiste san achar seo go mór le tuiscint an mhúinteora ar fhorás agus ar fhorbairt an pháiste mar cheoltóir. Anuas air sin, beidh plé sa snáithe Éisteacht agus freagairt, áit a gceadaítear don pháiste a c(h)uid tosaíochtaí féin agus na fáthanna leo a chur in iúl, mar shampla den fhéinmheastóireacht sa chumadóireacht, ag céim níos faide anonn.

Nótáil

NótáilNí gné riachtanach den chumadóireacht í an nodaireacht— bíodh sí caighdeánach nó cumtha; d’fhéadfadh, afách, gur chabhair sa phróiseas smaointeoireachta agus pleanála é dá scríobhfadh páistí a smaointe ceoil nó dá ndéanfaidís iad a thaifeadadh. Sna céimeanna luatha, nuair a thosaíonn páistí ag cumadh ceoil, ní bhraithfidh siad aon ghá lena scríobh síos. Níos faide anonn, áfach, agus iad ag iarraidh cuimhneamh air, tuigfidh siad an gá atá le córas meabhrúcháin a chumadh ar féidir le daoine eile é a thuiscint. Má spreagtar na páistí lena gcuid smaointe ceoil a chur i láthair le siombailí nó le pictiúir phearsanta, agus, ina dhiaidh sin, iad a léirmhíniú do dhaoine eile, tuigfidh siad go bhfuil brí agus cuspóir le nodaireacht sa cheol. Beidh níos mó ábharthachta do na páistí ag na scileanna a forbraíodh sa snáithe Litearthacht' freisin. Chomh maith leis
sin, is féidir obair san achar seo a chomhtháthú go rathúil le hobair sa mhatamaitic (picteagraim, cruthanna déthoiseacha), sna hamharcealaíona (líníocht, scéimre pearsanta a fhorbairt) agus níos déanaí sa tíreolaíocht (eochair léarscáile a thuiscint).

Páirtíocht cumadóirí gairmiúla

Ag tobchumadh le hanklungsIs féidir an pháirtíocht a bhíonn ag cumadóirí agus ag ceoltóirí gairmiúla le scoileanna trí scéimeanna éagsúla bheith ina spreagthach suntasach chun scileanna cumadóireachta agus scileanna léirithe a chomhtháthú le spreagadh cruthaitheach. D'fhéadfadh sé saol cumadóra óig a athrú ar fad deis a bheith aige/aici ceoltóir nó grúpa ceoil gairmiúil a chloisteáil ag seinm a c(h)eoil féin nó ag seinm ceoil ó fhoinsí eile; is mór ar fad an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag canadh nó ag seinm i dteannta ceoltóirí dá leithéid sin ar oirfideach óg. Gineann a leithéidí sin d'ócaidí an-spéis go deo i measc páistí, i measc tuismitheoirí agus i measc múinteoirí.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie