Glactar go coitianta leis na sainmhínithe laistíos mar shainmhínithe inoibrithe lena n-úsáid le curaclam na bunscoile agus leis na treoirlínte do mhúinteoirí.
| aiceann | an bhéim ar bhuille nó buillí i mbarra ar leith |
| armóin | dhá fhuaim nó níos mó a sheinntear nó a chantar le chéile |
| buille | an chuisle chothrom leanúnach sa cheol |
| cabasa | cnaguirlis, cruth sorcóireach uirthi agus í clúdaithe le sreanganna de choirníní miotail a chasann gan bac ar a dromchla cuarach chun díoscán a dhéanamh |
| comhartha ama | an comhartha suite ag tús an cheoil a chuireann líon na mbuillí i ngach barra in iúl |
| cliathnodaireacht | nótaí scríofa ar chliath chúig líne |
| cnagadh coirp | úsáid a bhaint as codanna éagsúla an choirp chun fuaimeanna agus rithimí éagsúla a chruthú, m.sh. greadadh bos, satailt srl |
| cnaguirlisí | uirlisí a bhuailtear nó a chroitear, m.sh. tambóirín, triantán; tugtar nóta sonrach ag tuinairde cheolchoirme do chnaguirlisí tiúnta; ní thugtar nóta sonrach do chnaguirlisí neamhthiúnta |
| comhdhéanamh | plean iomlán píosa ceoil, m.sh. AB: dhá roinn i gcodarsnacht |
| cuisle | an 'chuisle' bhunúsach sa cheol |
| diatonach | bunaithe ar na nótaí d, r, m, f, s, l, t, d' |
| dinimic | glór nó boige píosa ceoil, m.sh. suantraí -- bog (p), máirseáil -- glórach (f) |
| dordán | nóta nó nótaí fada marthanacha |
eochair na tribile nó | an buanchomhartha tuinairde ag tús na cleithe chun an tuinairde bhuan darb ainm G a aithint |
| forshéis | páirt bhreise taobh thuas de líne na séise in eochair na tribile |
| gléaschomhartha | ag tús píosa ceoil taispeánann sé suíomh doh |
| idirchéim | an fad idir dhá nóta atá éagsúíl ó thaobh tuinairde |
| lámhchomharthaí | gothaí a úsáidtear chun tuinairde i sólfá a chur in iúl |
| luas | luas na cuisle bunúsaí |
| méadar | an bunchnuasach de bhuillí i ngach barra ceoil, mar a léirítear sa chomhartha ama |
| mionscála | scála bunaithe ar na nótaí l, t, d, r, m, f, si, l', ag tosú ar lah in ionad doh, agus an seachtú nóta géaraithe (si) |
| mír | roinn nádúrtha sa líne shéiseach; cosúil le habairt nó cuid d'abairt |
| mórscála | scála bunaithe ar na nótaí d, r, m, f, s, l, t, d' - ainm eile ar an scála diatonach |
| mothúchán | an cineál mothúcháin a chruthaítear trí cheol, m.sh. áthasach, brónach |
| ochtach |
an fad idir nótaí den ainm céanna, ocht nóta níos airde nó níos ísle: m.sh. D, E, F, G, A, B, C, D |
| ostinato | patrún ceoil a athdhéantar go leantach -- é rithimeach nó séiseach |
| rithim | réanna éagsúla fuaime, fada agus gearr |
| rothlam | séis amháin a ndéantar aithris bheacht uirthi ó thaobh tuinairde agus rithime líon ar bith de bhuillí níos déanaí; de ghnáth bíonn dhá mhír, trí mhír nó ceithre mhír inti agus athdhéantar í líon ar bith uaireanta. |
| scála módúil | scála bunaithe ar na nótaí den mhórscála ach ag tosú agus ag críochnú ar nóta seachas dóh; m.sh. mód ré: r, m, f, s, l, t, d', r' |
| scála peinteatonach | scála chúig nóta: d, r, m, s l, ata in úsáid go foirleathan i gceol tíre. Tig le scálaí peinteatonach tosnú ar nóta ar bith: m.sh. is iad na nótaí m, s, l, d, r, atá i scála peinteatonach mi. Is féidir scála peinteatonach a sheinm ar nótaí dubha an phianó: m.sh. ag tosú ar F is iad na trí nótaí tosaigh le chéile ná d, r, m, agus an chéad dá nóta dubha eile ná s agus l |
| siollaí rithime | focail nó siollaí a úsáidtear chun ré a léiriú sa rithim |
| sioncóipiú | teagmhais aiceann nach bhfuiltear ag súil leo i gceol méadrach |
| slatnodaireacht | cineál luathscríbhneoireachta a úsáidtear chun rithim a bhreacadh síos go tapa agus go héasca; m.sh. léirítear croisín mar: | agus camán mar: |
| sólfá tonach | ainmneacha tuinairde inaistrithe: d, r, m, f, s, l, t, d' |
| sos | easpa fuaime ar feadh achair shonraigh, de réir an chomhartha cheoil, m.sh.
 |
| stíl | tagraíonn sí do theaglaim de luas, tondath agus dinimic |
| tondath | an fhuaim shainiúil thréitheach a thugann uirlisí éagsúla ceoil, m.sh. trumpa, veidhlín |
| tremoló | athrá nóta amhaín nó iomlaoid dhá nóta go tapa |
| tuinairde | téarma a thagraíonn do cháilíocht airde-ísleachta d'fhuaim cheoil |
| uigeacht | tagraíonn sí do theaglamaí fuaimeanna: fuaimeanna singile nó fuaimeanna le chéile |