An triantán
Le lámh amháin, coimeádtar greim ar an triantán agus é ar bogarnach ar chorda nó ar iall leathair atá ceangailte dá chúinne uachtarach. Beirtear ar an mbuailteoir leis an lámh eile agus is féidir an uirlis a bhualadh ar an taobh amuigh nó ar an taobh den bhonn. Ba chóir na buillí a bheith mín lingeach, faoi mar a bheadh liathróid á preabadh. D’fhéadfaí an buailteoir a bhualadh go tapa laistigh in aghaidh an bhoinn agus thaobh na huirlise chun fuaim thríligh nó thremolo a ghiniúint.
Ciombail agus ciombail mhéire
Go traidisiúnta seinntear na ciombail trína hiallacha leathair a choinneáil, ceann i ngach lámh agus na ciombail a bhualadh ar a chéile. Is féidir ligean don fhuaim tonnchrith nó is féidir í a mhúchadh trí na ciombail a bhrú i gcoinne an choirp. Is mó a d’oirfeadh sé do pháistí óga ciombal amháin a chur ar bogarnach óna iall agus é a bhualadh le buailteoirí difriúla chun fuaimeanna éagsúla a ghiniúint. Chun fuaim mhín a ghiniúint is féidir ciombal amháin a bhualadh go bog ar fhaobhar cinn eile. Mionchiombail iad ciombail mhéire, a choinnitear idir na méara agus a bhuailtear ar a chéile chun ton soiléir ar nós ceoláin a dhéanamh. Is féidir iad a chur ar na méara le lúba leaistice chomh maith.
Ceoláin Indiacha
Dhá dhiosca práis is ea an uirlis seo, iad ceangailte dá chéile le píosa corda. Ba chóir greim bog a choinneáil ar an gcorda i ngach lámh, agus an ceolán íochtarach a bhualadh leis an gceann uachtarach ar shlí go bpreabann faobhar diosca amháin in aghaidh dhromchla cothrom an chinn eile.
Ceolán bó
Is féidir greim a bhreith ar an gceolán bó i gcuas láimhe amháin agus é a bhualadh le buailteoir sa lámh eile. Is féidir an ceolán bó a chur ar bogarnach óna lúb uachtarach, agus é a bhualadh ar an taobh amuigh nó ar an taobh istigh.
Ceoláin mhiotail agogo
Coimeádtar greim ar an uirlis seo ina lár agus buailtear le buailteoir í. Bíonn fuaim shoiléir cheoláin aige, agus bíonn ton difriúil ag an dá cheolán.
Clingmhaidí agus clingchloig
Bíonn lámh adhmaid ag clingmhaide agus dhá cheolán nó níos mó feistithe den dá cheann. Is féidir é a sheinm trína chroitheadh nó, chun rithim níos géire a dhéanamh, trína chniogadh go gasta in aghaidh na láimhe. Uirlis cosúil le clingmhaide is ea sistrum ach go mbíonn níos mó ceolán air. Bíonn cruth leathchiorclach ar cheoláin chairr shleamhnáin agus is féidir iadsan a sheinm chomh maith trí ghreim a bhreith ar an lámh agus an uirlis a chroitheadh go réidh.
Cabasa
Is féidir cabasa a sheinm trína chroitheadh. Os a choinne sin, agus is é seo an rud is gnáthaí, seinntear é trí na coirníní a imchasadh in aghaidh an tsorcóra lárnaigh mhiotalaigh chun fuaim dhíoscánach a dhéanamh.
Bloc adhmaid
Bloc dronuilleach d’adhmad crua is ea an bloc adhmaid aontonach. Coimeádtar greim air le lámh amháin agus buailtear le buailteoir é. É a sheinm le péire bataí drumaí an modh is éifeachtaí.
Bloc adhmaid déthonach
Mar a thugann an t-ainm le fios, is féidir leis an uirlis seo dhá thon éagsúla a ghiniúint. Beirtear greim ar an lámh agus buailtear an dá thaobh le buailteoir adhmaid. Bloc tiúilipe Cruth tiúilipe ar a bhfuil ceann cuasach a bhíonn ar bhloc tiúilipe. Coimeádtar i lámh amháin é agus seinntear é le maide a choimeádtar sa lámh eile. Is féidir fuaimeanna éagsúla a dhéanamh trí chodanna difriúla den cheann a bhualadh.
Guiro
Uirlis ubhchruthach ar a bhfuil dromchla rocach is ea guiro. D’fhéadfadh poill mhéire a bheith ann mar chabhair chun greim a choinneáil air. Coimeádtar greim air i lámh amháin agus scríobtar é le maide sa lámh eile, chun fuaim dhíoscáin a chruthú. Déantar guironna as ábhair éagsúla, miotal agus adhmad ina measc. Is minic a bhíonn níos mó ná dromchla fiaclach amháin ar ghuironna miotalacha, agus dá bharr sin is féidir raon níos mó d’fhuaimeanna éagsúla a dhéanamh orthu.
Agogo adhmaid
Is féidir an t-agogo adhmaid a bhualadh ar nós an bhloic adhmaid dhéthonaigh nó é a scríobadh ar nós an guiro.
Clabhaí
Bataí d’adhmad crua iad seo. Is féidir iad a bheith éagsúil ó thaobh túis de. Coimeádtar maide amháin i gcuas láimhe amháin agus buailtear leis an maide eile é.
Castainéid
Is furasta greim a choinneáil ar chastainéid a bhfuil lámh adhmaid orthu agus gineann siad rithim shoiléir. Is féidir leis na páistí an uirlis a choinneáil i lámh amháin agus é a bhualadh ar bhos na láimhe eile. Uaireanta úsáidtear banda de leaistic láidir chun péire caistainéad a cheangal. Coimeádtar na huirlisí idir na méara, agus déantar iad a smeachadh le chéile de luail mhiotóige.
Maracaí
Coimeádtar maracas sa dá lámh, agus croitear iad chun an toradh atá a theastáil a chruthú. Is leor maraca amháin an duine do pháistí óga. Is féidir maisíochtaí fuaime éagsúla a chruthú trí dhéine nó luas na croitheadóireachta a athrú.
Tambór
Go bunúsach, is tambóirín gan gligíní é tambór. Is féidir an tambór a bhualadh leis an lámh, ach de ghnáth úsáidtear buailteoir bog feilte chuige. Oireann an tambór go han-mhaith lena úsáid in ionad druma agus tá na cinn mhóra, a chruthaíonn toin níos ísle, go han-mhaith chun buille aiceanta a sheinm.
Tambóirín
Tá an tambóirín cosúil leis an tambór, ach amháin go mbíonn gligíní timpeall an chinn aige. Is féidir é a sheinm ar roinnt bealaí chun maisíochtaí fuaime difriúla a bhaint amach. Is féidir greim a choinneáil ar a fhaobhar agus é a chroitheadh chun fuaim ghligíneach tremolo a mbíonn déine agus luas athraíoch aici a chruthú. Is féidir greim a choinneáil air le lámh amháin freisin agus é a bhualadh nó a chniogadh leis an lámh eile, agus barra na méar, na hailt agus na bosa a úsáid chun leibhéil dhifriúla láine a chruthú. Tá go leor saghsanna éagsúla de thambóiríní ar fáil—le craiceann nó gan é agus ar chruthanna suimiúla, ar nós an tambóirín leathchiorcligh.
Drumaí bongo
Drumaí décheannacha iad seo, a sheinntear leis na bosa oscailte, nó le barra na méar, ag brath ar cén mhaisíocht fuaime atá ag teastáil. De ghnáth coimeádtar iad idir na glúine, ach beidh sé níos fusa do pháistí óga iad a chur ar dhromchla bog (tuáille fillte), suí síos os comhair na huirlise amach agus seinm lena lámha. Is féidir drumaí níos daoire a chur ar sheastáin.
Glockenspiel, xíleafón agus miotalafón
Uirlis is ea an glockenspiel ar a bhfuil eochracha cruach de mhéideanna éagsúla. Bíonn ton soiléir, cosúil leceolán, aici agus bíonn athshondas maith aici. Bíonn na nótaí in eagar ar nós eagar nótaí an phianó agus buailtear iad le buailteoir nó le dhá bhuailteoir. Tá an xíleafón cosúil leis an nglockenspiel, ach amháin go bhfuil eochracha adhmaid air, agus iad ar bhosca athshondach. Bíonn ré níos giorra ag na nótaí ná mar a bhíonn ag notaí an glockenspiel agus bíonn tondath níos ‘tirime’ acu. Déantar barraí an mhiotalafóin as cóimhiotal alúmanaim, agus bíonn ré athshondais an-fhada acu.
Barraí clingíní
Is féidir iad seo a cheannach ceann ar cheann agus bíonn a bhuailteoir féin ag gach ceann acu. Bíonn méideanna éagsúla ag na barraí agus de ghnáth bíonn lipéid lena gcliathainmneacha ar na nótaí; is é an leagan litreach a úsáidtear, m.sh. C, D, E, F, srl.
Lámhchomharthaí

Seicheamh a mholtar i rithim

Seicheamh a mholtar i séis
