Bunstruchtúr agus téarmaíocht
Leibhéil
Tá ábhar an churaclaim cheoil leagtha amach ina cheithre leibhéal: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6.
Snáitheanna ábhair
Cuirtear an t-ábhar i láthair ina thrí shnáithe ag gach leibhéal:
- Éisteacht agus freagairt
- Léiriú
- Cumadóireacht.
Snáithaonaid
Laistigh de gach snáithe eagraítear an t-ábhar ina shnáithaonaid, a chuireann deis ar fáil ar bheith ag éisteacht le ceol agus ag freagairt dó, ar bheith ag canadh agus ag casadh ceoil, ar bheith ag léamh agus ag scríobh ceoil, agus ar bheith ag déanamh ceoil nua.
Na gnéithe ceoil
Cuirtear na gnéithe ceoil i láthair go céimnithe ag gach ceann de na ceithre leibhéal. Tugann siad deis don mhúinteoir agus don pháiste araon ar bheith ag smaoineamh agus á n-iompar féin go ceolmhar le linn dóibh bheith i mbun snáitheanna an churaclaim.
Nádúr comhtháite an cheoil
Cé go dtugtar Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht mar thrí achar sa churaclam, ní réimsí ar leith iad. Is gníomhaíocht riachtanach í an éisteacht sa léiriú agus sa chumadóireacht araon, agus, cinnte, is féidir go spreagfaidh an fhreagairt éisteachta féin léiriú nó cumadóireacht ag céim eile. Mar an gcéanna, agus é/í ag seinm, éistfidh an t-oirfideach leis an gceol a bhíonn á sheinm aige/aici agus déanfaidh sé/sí cáilíochtaí lanléiritheacha agus teicneolaíocha an cheoil agus comhdhéanamh na cumadóireachta a mheas. Níos faide anonn, is féidir go nglacfaidh sé/sí le cur chuige den saghas céanna agus é/í ag tobchumadh, ag cóiriú nó ag cumadh píosa nua ceoil.
Na snáitheanna ábhair agus na snáithaonaid
Éisteacht agus freagairt
Is follasach an bhéim nua atá sa snáithe Éisteacht agus freagairt ar raon agus ar dhoimhneacht na n-eispéireas éisteachta a mholtar ag gach leibhéal ranga, agus ar raon na héagsúlachta sa fhreagairt. Spreagtar an páiste le raon d'fhoinsí fuaime a iniúchadh agus le bheith ag éisteacht leo -- idir ghnáthfhuaimeanna tí, raon de chnaguirlisí agus d'uirlisí séiseacha, agus cheol a bhaineann le stíleanna agus le traidisiúin ar nósanna éagsúla. Tá tús áite ina measc seo ag ceol na hÉireann agus ag ceol tíre ó chultúir eile, chomh maith le ceol clasaiceach agus le ceol pobail. Cé go bhfuil sé de réir nádúr na bpáistí is óige freagairt do cheol tríd an ngluaiseacht agus sin a dhéanamh gan smaoineamh air, cuirtear béim ar thábhacht na freagartha trí ghluaiseacht ag gach leibhéal ranga. Tugtar roinnt mhaith eiseamláirí a léiríonn slite éagsúla chun tabhairt faoi éisteacht agus faoi fhreagairt, agus leathann cuid acu seo isteach sna gníomhaíochta léirithe agus cumadóireachta -- gníomhaíochtaí ina spreagtar an páiste le bheith ina (h)éisteoir gníomhach agus é/í ag seinm a c(h)eoil féin, á thobchumadh, nó á chóiriú.
Is féidir go dtabharfaidh an múinteoir spriocanna don pháiste chun a (h)éisteacht a dhíriú go sainiúil ar an dá shnáithaonad 'Iniúchadh fuaimeanna' agus 'Éisteacht le ceol agus freagairt dó'. Uaireanta ciallaíonn 'éisteacht le' go mbíonn an páiste ag faire amach do struchtúr, do ghné áirithe nó d'idé ghaolmhar agus is féidir an saghas seo éisteachta a áireamh mar éisteacht atá níos gníomhaí ná 'éisteacht le' sa ghnáthchiall, ar féidir é a mheas mar rud atá níos éigníomhaí.
Sa snáithaonad 'Éisteacht le ceol agus freagairt dó', d'fhéadfadh an múinteoir leas a bhaint as ceol taifeadta mar sprioc éisteachta don pháiste, ach ní miste a mheabhrú go mbainfeadh an páiste an-leas as éisteacht le ceol beo chomh minic agus ab fhéidir. Cuirfidh raon na mbealaí inar féidir leis an bpáiste freagairt don cheol (trí ghotha, trí ghluaiseacht, trí chaint, agus trí fhoirmeacha scríofa nó grafacha, mar shampla) ar a c(h)umas gaol gníomhach a bhunú leis agus spreagfar é/í chun lán aire a dhíriú ar an gceol i rith na tréimhse éisteachta.
Léiriú
Sa snáithe Léiriú leagtar béim ar a thábhachtaí agus atá sé ceol a dhéanamh go gníomhach mar mhodh chun tuiscint ar cheol a fhorbairt, ag tosú leis an nguth agus níos faide anonn ag cur uirlisí san áireamh. Leagtar béim sa snáithe seo, chomh maith, ar thábhacht taithí ar raon leathan de ghníomhaíochtaí ceoil a bheith ag an bpáiste sula dtionscnaítear litearthacht sa cheol. Sa dá shnáithaonad: 'Amhránaíocht' agus 'Seinm uirlisí' cuirfear deiseanna ar fáil do na páistí ar cheol a dhéanamh -- duine ar dhuine, mar bhaill de ghrúpa, nó sa rang iomlán.
Is é cuspóir an chur chuige a nglactar leis sa churaclam ceoil ná tógáil ar bhealaí éagsúla ar an amhránaíocht -- an ghné is coitianta de dhéanamh ceoil. I dtosach, déantar na gnéithe ceoil a fhorbairt trí raon leathan de ghníomhaíochtaí -- buille cothrom a chniogadh in éineacht leis an amhránaíocht, an tuinairde ag dul ó ard go híseal nó a mhalairt a thaispeáint, an luas a aireachtáil a bheith tapa nó mall, nó an leibhéal dinimice a aireachtáil a bheith glórach nó bog. Ba chóir go mbeadh na gníomhaíochtaí sin ag éirí níos deacrade réir a chéile. Sa dara háit, déantar cianullmhú chun páirtamhránaíocht shimplí a thionscnamh i ranganna 3 agus 4 trí ghníomhaíochtaí simplí a chleachtadh sna ranganna sóisearacha -- gníomhaíochtaí a chuimsíonn gnéithe mar bhuille, rithim, dhinimic, luas agus mar sin de. Faoin am a bheidh na páistí i ranganna 5 agus 6 beidh taithí acu ar an amhránaíocht in an-chuid bealaí spreagúla agus bainfidh siad taitneamh as dúshláin bhreise na páirtamhránaíochta fad a bheidh siad ag iarraidh cáilíocht níos lanléirithí a aimsiú ina gcuid amhránaíochta.
Is é an tríú tionscnamh nua agus an tionscnamh is tábhachtaí i snáithe an léirithe ná litearthacht an cheoil a bheith á háireamh mar chuid dhílis den amhránaíocht. Tugtar ciall nua do na foinn shimplí a d'fhoghlaim agus a chleacht na páistí sna ranganna sóisearacha nuair a threoraítear iad, i ranganna níos sinsearaí, chun gnéithe mar rithim agus mar shéis na bhfonn seo a fhionnadh. Cé nach sonraítear idirchéimeanna ar leith, tugtar go leor eiseamláirí de phatrúin shéiseacha ar féidir iad a úsáid chun cur chuige comhtháite i dteagasc na n-idirchéimeanna a fhorbairt. Ní bhraitheann rannpháirtíocht i ndéanamh ceoil ag gach leibhéal, áfach, ar eolas ar litearthacht an cheoil nó ar líofacht inti, agus d'fhéadfadh an múinteoir clár litearthachta a reáchtáil go rathúil lámh ar láimh le cur chuige éistitheach.
Faoi mar a tharlaíonn sa snáithe Éisteacht agu freagairt, cuirtear tús le seinm uirlisí i ranganna naíonán le cnagadh simplí (le bloic adhmaid, le drumaí nó le triantáin, nó le hábhair cheoil a rinneadh sa bhaile ar nós croitheadóirí, mar shamplaí) chun tacú le gnéithe rithimeacha. Anuas air sin, déantar úsáid cnaguirlisí tiúnta (mar shampla, barraí clingíní nó xíleafóin) a thionscnamh lena thaispeáint conas amhrán simplí a chur in iúl i meáindhifriúla. De réir mar a fhorbraítear scileanna éisteachta agus scileanna amhránaíochta, cuirfear ar chumas na bpáistí foinn choitianta a sheinm ar uirlis shéiseach (mar an bhfliúit Shasanach nó an fheadóg stáin) agus faoi rang 5 nó 6 beidh go leor feasa agus scile sealbhaithe acu chun tabhairt faoi fhoinn shimplí a sheinm ar a bhfeiceáil.
Cumadóireacht
Is cuid lárnach den snáithe Cumadóireacht í an bhéim a leagtar ar fhorbairt chruthaitheacht an pháiste féin trí cheol a dhéanamh. Ar an-chuid bealaí d'fhéadfaí a mheas gurbh é snáithe na cumadóireachta an fhreagairt ab idéalaí ar phíosa ceoil a chloisfí agus an bealach ab fhearr chun tuiscint ar ghníomhaíochtaí léirithe a shealbhú. Chomh maith leis sin, sa phróiseas cumadóireachta tugtar deiseanna don pháiste cuspóir taifeadta agus nodaireachta ceoil a thuiscint: chun patrúin fhuaime a chur i dtaisce chun iad a leasú nó chun iad a aisghabháil am éigin ina dhiaidh sin, agus chun a chur ar chumas daoine eile píosaí ceoil a cumadh cheana féin a léamh agus a léirmhíniú.
Tá an-chuid tascanna simplí ann ar féidir leas a bhaint astu go héasca agus go tairbheach sa chlár ceoil chun cumadóireacht a thionscnamh. I ranganna naíonán, is féidir tobchumadh 'freagraí' rithimeacha nó séiseacha ar 'cheisteanna' a chleachtadh mar leathnú nádúrtha ar an amhránaíocht; is féidir roghnú uirlisí iomchuí chun maisíochtaí fuaime a chruthú a nascadh go rathúil le hamhráin agus le cluichí coitianta. Amhail mar a tharlaíonn i dteanga agus in achair eile ealaíne, tiocfaidh gá an pháiste lena c(h)uid smaointe a chur in iúl go neamhspleách chun cinn, céim ar chéim le forás a f(h)éinmhuiníne. Fásfaidh gníomhaíocht chumadóireachta go nádúrtha as bheith ag éisteacht le raon leathan destíleanna agus de thradisiúin cheoil, agus as bheith ag canadh agus ag seinm. Is féidir úsáid a bhaint as nodaireacht ghrafach, as nodaireacht thionscantach, as nodaireacht shimplithe nó as nodaireacht chaighdeánach, chomh maith le taifeadadh leictreonach chun smaointe a thaifeadadh.
Na gnéithe ceoil
Rianaítear forbairt na gcoincheap ceoil ag gach leibhéal curaclaim san aonad dar teideal 'Forbairt coincheap'. Tá na coincheapa ceoil bunaithe ar na gnéithe ceoil. Is iad na gnéithe seo bloic thógála an cheoil agus bíonn siad comhtháite lena chéile i ngach gníomhaíocht cheoil. Ní bheidh ar pháistí na gnéithe seo a chur de ghlanmheabhair, ach is fiú gach ceann acu a aonrú lena mhúineadh agus ansin teacht i dtaithí orthu ar bhealach iomlánaíoch i gcomhthéacs na héisteachta agus na freagartha, an léirithe agus na cumadóireachta.
Buille
Is é is buille ann ná an bunbhuille nó 'cuisle' i gceol, ar féidir é a bhrath i rith aon phíosa ceoil a bhfuil buille láidir aige, i máirseáil nó i bport mar shampla. D'fhéadfadh an buille a bheith láidir nó lag, nó d'fhéadfadh buillí a bheith cruinnithe le chéile, mar shampla ina dtríonna nó ina gceathaireanna.
Ré
Baineann ré le fad fuaime, bíodh an fad sin fada nó gearr. Déanann uirlis athshondach, ar nós ganga, fuaim fhada ach déanann bloic adhmaid fuaimeanna gearra. Is féidir fuaimeanna fada agus fuaimeanna gearra (agus, fiú, tostanna fada agus tostanna gearra) a chur le chéile i bpatrún chun rithim a chruthú.
Luas
Is iad nádúr an cheoil, deaslámhaí an oirfidigh agus castacht na n-uirlisí a shocraíonn luas an cheoil. Is féidir mothúcháin ar nós eagla, scleondair nó suaimhnis a chur in iúl ach luas iomchuí a roghnú. Tuinairde Baineann tuinairde le hairde agus le doimhneacht fuaime agus le cóiriú fuaimeanna chun séis a dhéanamh. Is coincheapa iad 'tuinairde', 'níos airde ná' agus 'níos ísle ná' a thógann roinnt ama lena sealbhú.
Dinimic
Baineann dinimic leis an leibhéal fuaime, bíodh sé glórach nó bog. Braitheann sí ar líon na n-oirfideach a bhíonn ag glacadh páirte agus ar an bhfuinneamh á úsáidtear. Is féidir cur go mór le héifeacht na seanma trí dhinimic iomchuí a roghnú ach ní mór í a rialú go cúramach chun a raon iomlán a úsáid i gceart.
Comhdhéanamh
Tagraíonn comhdhéanamh don tslí ina n-eagraítear píosa ceoil. Faigheann páistí óga taithí ar chomhdhéanamh agus iad an-óg trí bheith ag éisteacht le scéalta, trí bheith ag réiteach fadhbanna matamaitice nó, ag leibhéal níos simplí, trí ord a chur ar a gcuid bréagán. Bunaítear comhdhéanamh sa cheol ar úsáid a bhaint as athdhéanamh, as patrún agus as codarsnacht.
Tondath
Tagraíonn tondath do cháilíocht agus d'inathraitheacht fuaime. Déanann uirlisí ceoil fuaimeanna éagsúla agus ní bhíonn an fhuaim chéanna ag guthanna, fiú nuair a bhíonn na focail chéanna á rá nó á gcanadh. Téann an dóigh ina n-úsáidtear guth nó uirlis i bhfeidhm ar thondath tréitheach píosa ceoil agus spreagtar freagairt dhifriúil sa lucht éisteachta.
Uigeacht
Baineann uigeacht le sraitheanna fuaime agus leis an gcaoi a gcuirtear fuaimeanna le chéile, ó uirlis aonréadach go líon mór foinsí fuaime ag léiriú le chéile.
Stíl
Is é an rud atá i gceist le stíl ná cur i bhfeidhm na ngnéithe eile ceoil eile ar fad: an rogha uirlisí (tondath), an teaglaim fuaimeanna (uigeacht), an méid ina bhfuil sé tapa nó mall (luas) agus an leibhéal glóir (dinimic) lena seinntear iad, na patrúin shéiseacha (tuinairde) agus na patrúin rithimeacha (ré, buille) agus an tslí ina n-eagraítear an ceol (comhdhéanamh).
Teagasc agus foghlaim trí na gnéithe ceoil
Ag gach leibhéal, tógann an múinteoir ar ghníomhaíochtaí éisteachta agus freagartha, léirithe agus cumadóireachta na mblianta roimhe sin, ag cuimhneamh dó/di ar na gnéithe ceoil. Mar shampla, déantar tuiscint do bhuille a fhorbairt tríd an mbuille a choinneáil trí mháirseáil nó trí chniogadh a dhéanamh, go dtí go sroichtear an pointe ag a seinneann nó ag a gcanann an páiste le buille cothrom inmheánach. Cuirtear le tuiscint an pháiste do ré trí aithris a dhéanamh ar phatrúin rithimeacha i gcantaireachtaí agus in amhráin, nó trína n-aithint nó a léiriú; chun a t(h)uisicint do luas a fhorbairt is cabhair dó/di éisteacht le ceol ina n-athraítear an luas agus freagairt dó. Is é aithris a dhéanamh ar amhráin shimplí an modh is éifeachtaí don pháiste óg chun tuiscint do thuinairde a fhorbairt. Cuidíonn sé seo leis an bpáiste tuiscint do bhuille, do ré agus do luas a fhorbairt freisin, agus is cabhair é don pháiste leibhéil iomchuí glóir agus boige a roghnú le linn dó/di na hamhráin seo a léiriú chun mothú ar dhinimic a fhorbairt. D'fhéadfaí tuiscint do chomhdhéanamh a fhorbairt trí chodanna atá i gcodarsnacht le chéile a aithint in amhrán simplí nó trí chuid a athdhéantar a aithint, mar shampla na véarsaí agus an curfá. Is é atá i gceist le tuiscint an pháiste do thondath a fhorbairt ná a chur ar a c(h)umas fuaimeanna a bhfuil difríocht shoiléir eatarthu, ar nós druma agus glockenspiel, a aithint agus iad a úsáid leo féin nó le chéile chun maisíocht áirithe fuaime a bhaint amach.
Mar thoradh ar bheith ag éisteacht le raon leathan de genres éagsúla ceoil agus bheith ag freagairt dóibh, agus ar bheith ag léiriú agus ag cumadh ceoil nua, treorófar an páiste chun a thuiscint phearsanta ar cheol agus a spéis phearsanta ann a fhorbairt; treorófar é/í, freisin, chun feasacht ar dhéanamh ceoil a fhorbairt agus chun taitneamh níos mó a bhaint as.