Cad is ceol ann?
Ós cuid den ghnáthshaol é an ceol is annamh a scrúdaítear a nádúr agus a chuspóir. Is gníomhaíocht ilghnéitheach agus gníomhaíocht feadh saoil é a mbaineann daoine de gach aois taitneamh as. Mar chuid chomhchoiteann de gach cultúr, is iomaí foirm de cheol atá ann, is iomaí cuspóir atá leis agus is iomaí leibhéal castachta atá ann.
Meán cumarsáide neamhbhriathartha is ea an ceol inar féidir smaointe, samhlaoidí agus mothúcháin a chur in iúl trí na fuaimeanna agus trí na siombailí a roghnaítear. Foinse staire é ina léirítear comhthéacs cultúrtha agus sóisialta an ré inar cumadh é; uaireanta is féidir leis an gceol an tír, meon na ndaoine nó, fiú, smaointe duine aonair atá ina chónaí ann a léiriú.
Sa cheol bíonn daoine gafa le déanamh ceoil agus le héisteacht le ceol araon. Is slite uathúla feasa iad seo mar cuimsíonn siad tógáil patrún fuaime agus struchtúr fuaime trí léirsmaoineamh agus trí anailísiú. Gníomhaíocht chinéistéiseach is ea déanamh ceoil, freisin, a éilíonn ar an gcorp agus ar an intinn comhordú agus léirmhíniú a dhéanamh go comhuaineach.
Is é an rud is tábhachtaí ná gur ealaín é an ceol a chomhcheanglaíonn anchuid coincheap agus teicníochtaí agus a bhaineann úsáid astu chun mothúcháin a mhúscailt, a shamhlú, a chumadh agus a léiriú. Is ar na gnéithe éisteachta, freagartha, léirithe agus cumadóireachta seo atá an curaclam bunaithe.
An ceol i gcuraclam páistelárnach
Mar ghné amháin den éirim aigne ina iomláine agus mar bhealach speisialta feasa agus foghlama, is cuid riachtanach den churaclam páistelárnach é ceol. Tugann gníomhaíocht ceoil dúshlán an pháiste gníomhú ar bhealaí uathúla: éisteacht go géarchúiseach lena c(h)eol féin agus le ceol daoine eile, canadh, seinm nó léamh go híogaireach agus go cruinn, agus meastóireacht a dhéanamh go criticiúil. Trí mheán na ndúshlán seo cuireann an ceol le forbairt feasachta ar ealaín, le forbairt féinléirithe, fáis phearsanta agus féinmheasa, agus le forbairt íogaireachta ilchultúrtha agus, dá thoradh sin go léir, le forbairt fhoriomlán an pháiste.
Gné thábhachtach den cheol sa churaclam is ea an tslí ina gcuireann sé le forbairt phearsanta, shóisialta, mheabhrach agus fhisiceach an pháiste. Baintear comhordú intinne agus coirp amach trí ghníomhamhráin a chanadh, trí chluichí amhránaíochta a imirt, trí rithimí a chniogadh, trí bheith ag bogadh le ceol agus ag seinm in am, agus bheith ag éisteacht le daoine eile, ag leanúint treoracha nó ag léamh nodaireachta ag an am céanna.
Cothaítear cumas cainte trí obair a dhéanamh le fuaimeanna gutha trí chantaireacht, trí rainn agus amhráin a chanadh, trí bheith ag tástáil le fuaimeanna gutaí agus consan agus trí fhoghlaim conas an t-análú a rialú. Cuireann taithí ar raon leathan amhrán, ina mbíonn focail, cora cainte agus nathanna cainte nua, le forbairt teanga. Úsáidtear agus forleathnaítear na focail seo i bhfreagairt do cheol agus i gcur síos ar fhuaimeanna a chloistear, ar mhothúcháin a bhraitear, nó ar scéalta a insítear.
Déantar cúram ar leith d'fhorbairt na scileanna éisteachta, gné chriticiúil de gach saghas foghlama, trí iniúchadh fuaime agus trí fhuaimeanna an imshaoil a aithint agus a idirdhealú, agus déantar íogaireacht do shaothair cheoil a fhorbairt sa chaoi sin. Leagtar béim ar scileanna éisteachta, freisin, i ngníomhaíochtaí léirithe agus cumadóireachta -- gníomhaíochtaí ina ndéantar an 'éisteacht inmheánach' (nó smaointeoireacht i bhfuaim) a fhorbairt.
Is tríd an léiriú a dhéantar forbairt ar an gcuimhne fhadtéarmach agus ar an gcuimhne ghearrthéarmach araon den chuid is mó, cé go dtarlaíonn an fhorbairt seo i gcomhthéacsanna eile chomh maith. Déantar forbairt ar an gcuimhne ghearrthéarmach i ngníomhaíochtaí ceoil ar nós amhránaíochta macalla agus bualadh bos, agus is cabhair é amhráin, rainn nó cluichí a chur de ghlanmheabhair chun cumas na cuimhne fadtéarmaí a fhorbairt.
Tarlaíonn deiseanna ar an tsamhlaíocht a fhorbairt ar shlite uathúla sa churaclam ceoil -- trí bheith ag éisteacht le saothair aithnidiúla agus le saothair neamhaithnidiúla ceoil, trí bheith ag éisteacht le fuaimeanna go hinmheánach, trí phictiúir nó scéalta fuaime a chruthú, agus trí mhothúcháin a léiriú i bhfuaim. Cuireann an cineál seo oibre samhlaíche le feasacht spásúlach a fhorbairt freisin, is é sin cumas na hintinne ar an domhan amhairc a aireachtáil go cruinn, ar shamhlaoidí meabhracha de rudaí fisiceacha a chruthú agus ar éagsúlacht a aithint i rudaí.
Ós gníomhaíocht chomhoibritheach idirphearsanta é ceol leanann forbairt scileanna sóisialta ó na tionscadail léirithe agus ó na tionscadail chumadóireachta a chleachtar i ngrúpaí, tionscadail ina roinneann na páistí smaointe, uirlisí nó scileanna áirithe ar a chéile. Soláthraítear deiseanna ar scileanna feadh saoil ceannaireachta a fhorbairt freisin, agus cothaítear cumarsáid bhriathartha agus cumarsáid neamhbhriathartha. Cuireann ceol le féinmheas an pháiste trí ligean dó/di daoine a fheiceáil ag léiriú measa ar a p(h)íosaí cumadóireachta féin agus ag baint taitnimh astu. Cuireann ceol lena f(h)éinmheas, freisin, trí ligean dó/di bheith rannpháirtíoch i gcluichí amhránaíochta, in amhráin, i rincí agus i léirithe grúpa -- imeachtaí ina mbíonn an cion a chuireann gach duine leis an saothar riachtanach chun go n-éireoidh leis an ngrúpa féin.
Cuid dhílis den churaclam páistelárnach is ea an ceol, ní hamháin toisc go saibhríonn sé an fhoghlaim sna hachair léinn eile ach toisc go gcuireann sé le tuiscint an pháiste dá d(h)aonnacht féin, ag múineadh dó/di áilleacht a aithint, bheith íogair don domhan ina bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí agus meas níos mó a bheith aige/aici air.