Forbairt coincheap do ranganna naíonán
Coincheapa ceoil
De thoradh snáithaonaid an churaclaim cheoil a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Tuiscint do bhuille
- cuisle nó buille cothrom a léiriú (m.sh. máirseáil, cnagadh, bualadh bos)
Tuiscint do ré
- éisteacht le patrúin d'fhuaimeanna fada agus gearra agus aithris a dhéanamh orthu
Tuiscint do luas
- an difríocht idir patrúin rithimeacha agus séiseacha tapa agus patrúin rithimeacha agus séiseacha malla a thuiscint agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu
Tuiscint do thuinairde
- fuaimeanna arda agus fuaimeanna ísle a thuiscint agus iad a idirdhealú
- aithris a dhéanamh ar shéiseanna
Tuiscint do dhinimic
- fuaimeanna glóracha agus fuaimeanna boga a thuiscint agus iad a idirdhealú
Tuiscint do chomhdhéanamh
- 'tosaigh' agus 'stop' a thuiscint
Tuiscint do thondath
- súgradh le raon d'ábhair a dhéanann fuaim agus iad a iniúchadh
- fuaimeanna a rangú de réir na dóighe ina dtáirgítear iad
Tuiscint d'uigeacht
- éisteacht le fuaimeanna ó fhoinse amháin nó ó níos mó ná foinse amháin agus freagairt dóibh
Tuiscint do stíl
- éisteacht le ceol i stíleanna éagsúla agus freagairt dó.
Snáithe: Éisteacht agus freagairt
Snáithaonad: Iniúchadh fuaimeanna
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Fuaimeanna sa timpeallacht
- éisteacht le fuaimeanna coitianta ó fhoinsí éagsúla sa gharthimpeallacht, iad a aithint agus aithris a dhéanamh orthu
báisteach ag titim, adharca gluaisteáin ag séideadh, madraí ag tafann, leanaí ag caoineadh, ciúnas - cur síos a dhéanamh ar fhuaimeanna agus iad a rangú i bhfinte fuaime
innil, aimsir, ainmhithe, daoine
Fuaimeanna gutha
- an difríocht idir an guth labhartha agus an guth canta a aithint agus na guthanna seo a úsáid ar bhealaí éagsúla
cogarnach, labhairt, béicíl
ag rá áááá, ag canadh ááá, óóó - guthanna difriúla a aithint
guthanna páiste agus guthanna duine fhásta a idirdhealú
guthanna in imshaol na scoile
fógraí ar an raidió - fuaimfhocail agus fuaimfhrásaí a úsáid chun cur síos agus aithris a dhéanamh ar fhuaimeanna roghnaithe
vrúm! vrúm! (inneall)
trup trup (capall)
Cnagadh coirp
- bealaí éagsúla a aimsiú chun fuaimeanna a dhéanamh trí chnagadh coirp
cnagadh, bualadh bos, greadadh cos
Uirlisí
- bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna a dhéanamh ag úsáid uirlisí saothraithe agus uirlisí a rinneadh sa bhaile
uirlisí saothraithe
triantán, tambóirín, druma, barraí clingíní, xileafón
uirlisí a rinneadh sa bhaile
croitheadóirí, rudaí adhmaid nó miotail - triail a bhaint as raon de theicníochtaí éagsúla a úsáid le huirlisí saothraithe agus le huirlisí a rinneadh sa bhaile
bealaí éagsúla chun fuaimeanna a dhéanamh le druma: ag baint úsáid as
buailteoirí éagsúla; ag bualadh go glórach, go bog; ag seinm ar choda éagsúla
den druma (m.sh. imeall, lár, cliathán).
Snáithaonad: Éisteacht le ceol agus freagairt dó
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht le raon de phíosaí gearra ceoil nó le sleachta ceoil
sleachta de cheol clasaiceach
'Damhsa Shióg na Milseán' as 'Sraith an Chnóire' le Tchaikovsky
'Sleigh Ride' le Leroy Anderson
sleachta as 'Carnabhal na nAinmhithe' le Saint-Saëns
taifeadtaí de rainn agus d'amhráin do pháistí le hoirfidigh éagsúla
Pádraigín Ní Uallacháin, Eric Nagler, Danny Kaye
ceol na hÉireann
'Trup, Trup a Chapaillín; 'A Stór 's a Stóirín'
'Each Little Thing', taifeadadh le Sharon Shannon
ceol pobail
'Yellow Submarine' le Lennon agus McCartney
'Popcorn' le Gershon Kingsley - freagairt go samhlaíoch do phíosaí gearra ceoil trí ghluaiseacht
bualadh bos, scipeáil, máirséail, croitheadh
'Hello, Dolly' á léiriú ag Louis Armstrong
'Golliwog's Cakewalk' as 'Sraith Chúinne na bPáistí' le Claude Debussy - labhairt faoi phíosaí ceoil, tosaíochtaí a lua agus freagraí a léiriú ar bhealaí éagsúla
tá an ceol seo preabach, scanrúil, greannmhar
cuireann sé áthas, eagla, fonn léime orm
líníocht, péintéireacht - an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le píosaí éagsúla de cheol beo nó de cheol taifeadta
máirseáil, greadadh bos, ag cnagadh an bhuille
'Portsmouth' le Mike Oldfield - an difríocht idir luas tapa agus luas mall a aithint agus a léiriú
rith, siúl, scipeáil
ag aithris rainn go tapa, go mall
ag freagairt do cheol taifeadta tapa nó mall
ceol tapa: 'Eitilt na Bumbóige' le Rimsky-Korsakov
ceol mall: 'Maidin' as 'Sraith Peer Gynt ' le Grieg - an difríocht idir fuaimeanna glóracha agus fuaimeanna boga a aithint agus a thaispeáint
an doras a phlabadh, an doras a dhúnadh go réidh
guthanna glóracha, guthanna boga
rialaitheoir fuaime ar théipthaifeadán a choigeartú
ceol taifeadta, glórach nó bog
glórach agus bog:
Máirseáil 'Pomp and Circumstance' Uimhir 1 le Elgar
'Amhrán Báid an Eilein Sgitheanaich', amhrán traidisiúnta Albanach - an difríocht idir fuaimeanna arda agus fuaimeanna ísle a aithint agus a thaispeáint
fuaimeanna gutha, amhráin
na nótaí ag an dá fhoirceann de mhéarchlár - éisteacht le patrúin d'fhuaimeanna fada agus d'fhuaimeanna gearra agus freagairt dóibh
greadadh bos mar mhacalla, cnagadh patrún rithimeacha.
Nascadh
Cumadóireacht -- Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
Comhtháthú
Na hamharcealaíona: Líníocht; Dath; Gnéithe na healaíne -- Feasacht ar líne, patrún, cruth
Corpoideachas: Damhsa -- Damhsa a iniúchadh, a chruthú agus a dhéanamh
Eolaíocht: Fuinneamh agus fórsaí -- Fuaim
Snáithe: Léiriú
Snáithaonad: Amhránaíocht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- amhráin agus séiseanna aithnidiúla ó fhoinsí eile a aithint agus a chanadh
rainn agus amhráin do pháistí
rainn Ghaeilge
gníomhamhráin
cluichí agus amhráin chlóis nó sráide
foinn phobail ón teilifís agus ón raidió - séiseanna gearra a aithint agus aithris a dhéanamh orthu mar mhacalla, tuiscint do thuinairde a fhorbairt
foinn shimplí dhá-nóta nó trínóta agus cluichí amhránaíochta, a foghlaimíodh
trí aithris, gan bheith feasach ar na hainmneacha sólfá
'Suas, Síos', 'Cherry Pie' (s, m)
'Suí, Sá, Marjorie Daw', 'Ring-a-Ring-a-Rosaí' (1, s, m)
'Little Sally Saucer' (1, s , m) - an buille cothrom a thaispeáint agus é/í ag éisteacht le hamhráin nó le cantaireachtaí rithimeacha nó á dtionlacan
ag máirseáil, ag greadadh bos, ag cnagadh an bhuille - a thaispeáint, agus é/í ag canadh, cé acu an bhfuil fuaimeanna ag gluaiseacht ó ard go híseal nó ó íseal go hard
cromadh d'fhuaim íseal, síneadh suas d'fhuaim ard
léiriú le luailí géag - amhráin agus rainn a léiriú le tuiscint do rialú dinimice (glórach/bog) nuair a oireann sé
amhránaíocht bhog shéimh do shuantraí
amhránaíocht ghlórach fhuinniúil d'fhonn máirseála nó do ghníomhamhrán.
Snáithaonad: Tús na litearthachta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- fuaimeanna roghnaithe a chur leis na pictiúir a fhreagraíonn dóibh
déanann an múinteoir dordán ar 'Tá Leoraí Mór ag Teacht' nó 'Buail do Bhosa'
agus roghnaíonn an páiste pictiúr de leoraí nó de lámha mar an tsiombail a
fhreagraíonn dó - patrúin shimplí rithime a aithint ó shiombailí pictiúrtha agus iad a léiriú
buaileann an múinteoir patrún simplí rithime as bailiúchán de phatrúin atá ar
eolas ag na páistí agus atá comhdhéanta de 'leon' (buille singil) agus 'coileáin'
(dhá leathbhuille); déanann na páistí aithris ar an rithim.

Snáithaonad: Seinm uirlisí
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- cnaguirlisí simplí a sheinm
agus greim aige/aici ar thriantán crochta, é a bhualadh le bata
tambóirín a chroitheadh
druma a bhualadh
seinm go haonarach nó i mbeirteanna ar shealaíocht - uirlisí simplí a rinneadh sa bhaile agus uirlisí saothraithe simplí a úsáid mar thionlacan d'amhráin, do rainn pháistí nó do chantaireachtaí rithimeacha
agus iad ag canadh foinn (m.sh. 'Ceithre rón thuas ar an gcloch, léim rón
amháin isteach sa loch') d'fhéadfadh na páistí druma a bhualadh don fhocal
'gcloch' agus nóta a sheinm ar uirlis shéiseach ar an bhfocal 'loch'.
Snáithe: Cumadóireacht
Snáithaonad: Tobchumadh agus cruthú
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- agus é/í ag obair ina (h)aonar nó mar bhall de ghrúpa, fuaimeanna a roghnú ó fhoinsí éagsúla chun idéanna simplí fuaime a chruthú
fuaimeanna gutha, cnagadh coirp, uirlisí saothraithe, uirlisí a rinneadh sa
bhaile
béar, frog, sióg a léiriú
maisíochtaí fuaime a úsáid mar thionlacan do chluichí, scéalta, dánta - píosaí gearra simplí ceoil a chumadh agus a léiriú le smacht áirithe ar gnéithe an cheoil
tapa/mall (luas), glórach/bog (dinimic),
fada/gearr (rithim), fios a bheith aige/aici
cathain is ceart tosú/stopadh (comhdhéanamh)
fuaimeanna boga malla ar an druma
'Tá capall is cairt ag Seán Ó hAirt ...'
capall (leatha cnó cócó) -- fuaimeanna tapa gearra
uain (fuaimeanna gutha) -- bog
bó (ceolán bó) -- fuaimeanna fada - freagraí nua a thobchumadh do phatrúin shéiseacha a thugtar
comhráite canta
'Conas atá tú?' -- 'Táim go maith!'
'Cad is ainm duit?' -- 'Pád-raig'
véarsaí nua d'amhráin agus rainn choitianta
'Luascadar, luascadar, luch, rith (an cat) suas i gclog'
'Buail do (ghlúine)'.
Snáithaonad: Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a c(h)uid oibre féin agus obair pháistí eile a phlé
conas a roghnaíodh na huirlisí
conas a rinneadh na fuaimeanna
conas a thaitin sé leis/léi iad a dhéanamh
an rud ab fhearr leis/léi - siombailí grafacha a chumadh d'fhuaimeanna singil agus do mhaisíochtaí fuaime

- píosaí cumadóireachta a thaifeadadh ar mheáin leictreonacha
fearas scoile nó téipthaifeadán simplí páiste a úsáid.
Nascadh
Éisteacht agus freagairt -- Ag iniúchadh fuaimeanna
Léiriú -- Ag seinm uirlisí
Comhtháthú
Na hamharcealaíona: Líníocht