Forbairt coincheap do ranganna 5 agus 6
Coincheapa ceoil
De thoradh snáithaonaid an churaclaim cheoil a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Tuiscint do bhuille
- cuisle nó buille cothrom a léiriú
- an difríocht idir ceol le buille cothrom agus ceol gan buille cothrom a thuiscint agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu
- buillí tréana agus buillí laga a aithint
- am dhá bhuille (ar nós máirseála), am trí bhuille (ar nós válsa) agus am a sé a hocht (ar nós poirt) a aithint agus é/í ag gluaiseacht leis an gceol
Tuiscint do ré
- éisteacht le patrúin d'fhuaimeanna fada, d'fhuaimeanna gearra agus de thostanna, agus aithris is léiriú a dhéanamh orthu
Tuiscint do luas
- tapa agus mall, ag éirí níos tapúla, ag éirí níos moille, a thuiscint agus a idirdhealú i bpatrúin rithimeacha agus séiseacha
Tuiscint do thuinairde
- fuaimeanna arda agus fuaimeanna ísle a thuiscint agus a idirdhealú
- aithris a dhéanamh ar shéiseanna
- comhrian (cruth) séiseanna a aireachtáil (an cruth ginearálta de shéis ar chliath, ag gluaiseacht i gcéimeanna nó i bpreabanna)
Tuiscint do dhinimic
- fuaimeanna glóracha agus fuaimeanna boga, fuaimeanna ag éirí níos glóraí agus fuaimeanna ag éirí níos boige a thuiscint agus a idirdhealú
- leibhéil oiriúnacha ghlóir agus bhoige a roghnú le linn léirithe
Tuiscint do chomhdhéanamh
- mír chodarsnach nó mír athsheinnte a aithint
- freagairt le tuiscint do mhír cheoil (déanamh de réir na ranna nádúrtha)
- foirm shimplí a aithint (m.sh. ABA, san áit gurb ionann A agus an chéad mhír agus B agus an dara mír, i gcodarsnacht le A)
Tuiscint do thondath
- fuaimeanna agus uirlisí difriúla a iniúchadh agus a idirdhealú
- finte uirlisí a aithint
Tuiscint d'uigeacht
- fuaimeanna singile a aithint thar chomhfhuaimeanna, sa léitheoireacht (ó nodaireacht ghrafach nó chaighdeánach) nó leis an gcluas (agus é/í ag éisteacht)
Tuiscint do stíl
- éisteacht le ceol i raon leathan stíleanna agus freagairt dó
- stíleanna ar léir iad a bheith i gcodarsnacht le chéile (m.sh. seinm ceol tíre agus giotár flamenco) a idirdhealú.
Snáithe: Éisteacht agus freagairt
Snáithaonad: Iniúchadh fuaimeanna
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Fuaimeanna sa timpeallacht
- éisteacht le fuaimeanna sa timpeallacht le breis tuisceana ar an dóigh a ndéantar agus a n-eagraítear fuaimeanna
tonnta fuaime
macallaí
athshondas
aer, téad, miotal ar tonnchrith
truailliú fuaime
Fuaimeanna gutha
- raon fuaimeanna a iniúchadh ar féidir leis an nguth canta agus leis an nguth labhartha iad a dhéanamh
fuaimeanna gearra géara gutha, iad labhartha agus canta
'haigh! haigh! haigh!'
fuaimeanna canta agus iad ag teacht anuas nó ag dul suas go mall
fuaimeanna srónacha, scairt gháire, feadaíl, cogarnaíl, monabhar,
siosarnach - na raonta gutha agus na tondathanna a chloistear i bpíosa ceoil a idirdhealú agus cur síos a dhéanamh orthu
soprán, alt, teanór, dord
grágach, piachánach, neamhoilte, amh, cruinn, glinn, tanaí, saibhir
soprán gasúir (tribil), amhránaí ceoldráma, amhránaí rac-cheoil
Cnagadh coirp - raon slite a aithint chun fuaimeanna a dhéanamh i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga is móra trí chnagadh coirp a úsáid
cnagadh, bualadh bos, greadadh cos, smeach méar
seichimh níos casta a chruthú le greadadh cos, bualadh bos, smeach méar srl.
iontu agus na lámha nó na cosa clé agus deasa in úsáid gach re seach
Uirlisí
- bealaí a iniúchadh chun fuaimeanna a dhéanamh le huirlisí saothraithe agus le huirlisí a rinneadh sa bhaile
cnaguirlisí saothraithe neamhthiúnta
druma, clingmhaide, triantán
cnaguirlisí tiúnta
barra clingíní, xileafón
uirlisí séiseacha
feadóg stáin, fliúit Shasanach, giotár, méarchlár, veidhlín
uirlisí a rinneadh sa bhaile
croitheadóirí, rudaí adhmaid nó miotail, snáithíní, coirniní, píopa, kazoo círe
agus páipéir
crithchláir, drumaí a rinneadh trí thiúb rubair a shíneadh trasna soithigh
stáin
téaduirlisí a rinneadh trí chriosanna rubair a shíneadh timpeall cruthanna i
bhfoirm bosca
séideadh, stoitheadh, bualadh nó croitheadh ar bhealaí éagsúla agus le huirlisí
éagsúla
aer a scaoileadh as balún go mall
barr buidéal ina bhfuil roinnt uisce a bhualadh nó séideadh thairis, an méid
uisce sa bhuidéal a athrú
an taobh istigh de phianó, ghiotár, veidhlín, chairdín a iniúchadh - iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir tondath uirlisí cuí a úsáid chun fuaimeanna agus fuaimphictiúir éagsúla a chur in iúl
clár longadánach chun uisce nó tonnta a léiriú
croitheadóirí chun clagarnaíl báistí a léiriú
glacainspíl chun fear grinn ag damhsa a léiriú
veidhlín chun cait ag olagón a léiriú
nótaí ísle ar an bpianó chun uaimheanna a léiriú
fuaimeanna méarchláir nó leictreonacha chun siúl ar an ngealach a léiriú.
Nascadh
Cumadóireacht -- Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
Comhtháthú
Eolaíocht: Fuinneamh agus fórsaí -- Fuaim
Snáithaonad: Éisteacht le ceol agus freagairt dó
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht le raon leathan de stíleanna agus de thraidisiúin cheoil, sleachta coitianta san áireamh, feidhm agus comhthéacs staire (más cuí) an cheoil sin a aithint agus cur síos a dhéanamh air
sleachta as ceol clasaiceach
'Ah, Vous Dirai-Je, Maman' le Mozart
'Fantasia on Greensleeves' le Vaughan Williams
'An Moldau' as 'Má Vlast' le Smetana
'Young Person's Guide to the Orchestra' le Britten
ceol Gaelach, traidisiúnta agus comhaimseartha
'The Brendan Voyage' le Shaun Davey
'The Children of Lir' le Brian O'Reilly
'Swinging Tripes and Trillibubkins' as an albam 'Nua Nós' le Gerald Barry
ceol na scannán
téamaí le Ennio Morricone, John Williams
snagcheol
'Chatanooga Choo Choo' taifeadta ag Glen Miller
ceol diaga
'The Wexford Carol', taifeadtaí ó Mhainistir Ghleann Stail
ceoldráma
'Curfá na Saighdiúirí' as 'Faust' le Gounod
- éisteacht lena p(h)íosaí cumadóireachta féin agus le píosaí daoine eile (idir thaifeadtaí agus léirithe beo) agus meastóireacht a dhéanamh orthu maidir le freagairt phearsanta, roghnú uirlisí agus cáilíochtaí lánléiritheacha - freagairt go samhlaíoch do cheol i mbealaí éagsúla
gluaiseacht, damhsa, mím a chumadh
'plean' do phíosa cumadóireachta a leagan amach
dán nó scéal a scríobh agus a léiriú trí amharcealaín - finte d'uirlisí ceoil a aithint
uirlisí ceolfhoirneacha
téaduirlisí, gaothuirlisí adhmaid, na práis, cnaguirlisí
uirlisí traidisiúnta
cruit Ghaelach, feadóg stáin, píb uilleann, feadóg mhór, bodhrán, cairdín,
consairtín, fidil Ghaelach - maisíochtaí fuaime na n-uirlisí difriúla a scrúdú
'Silenzio della Terra' (Ciúnas an Domhain) le Jane O'Leary
'Also Sprach Zarathustra' le Richard Strauss
'The Typewriter' le Leroy Anderson - an phríomhuirlis a chloistear i bpíosa ceoil a aithint
dordveidhil in 'An Eala' as 'Carnabhal na nAinmhithe' le Saint-Saëns
corn sa 'Horn Concerto in E', K447, le Mozart - a aithint agus a thuiscint mar a chuireann an luas agus an dinimic a roghnaítear le lánléiritheacht an cheoil
luas mall, measartha, tapa, luas ag méadú agus luas ag laghdú
an-bhog, bog, measartha, glórach, an-ghlórach
'An Seville Suite' le Bill Whelan
'Valse Triste' as 'Kuolema', Opus 44, le Sibelius - patrúin le buillí tréana agus buillí laga a aithint agus iad a léiriú le gothaí
bualadh bos don chéad bhuille, cnagadh don dara buille agus do na buillí ina
dhiaidh - am dhá bhuille agus trí bhuille a aithint i ngluaiseacht do cheol
dhá bhuille i máirseálacha
trí bhuille i válsaí nó i gceol tíre (iartharach)
amhráin choitianta in am trí bhuille
'Báidín Fhéilimí', 'Daisy, Daisy', 'Edelweiss' - am a sé a hocht a aithint i ngluaiseacht do cheol
'Planxty Irwin'
'The Irish Washerwoman' - foirm shimplí a chinneadh agus a léiriú trí ghothaí
foirm AB (dénártha) agus ABA (trénártha) a aithint, san áit gurb ionann A
agus an chéad mhír agus B an dara mír, i gcodarsnacht le A - taithí a fháil ar rithimí poncaithe nó sioncóipiú (béim ar bhuillí ar gnách leo a bheith lag) i bhfoinn choitianta trí gheáitsí agus trí ghluaiseacht
sioncóipiú i gceol ón Chairib
'Yellow Bird', 'Junkanoo', 'Day-O'
rithimí poncaithe
'Dúlamán', 'Phil the Fluter's Ball'.
Nascadh
Cumadóireacht -- Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
Comhtháthú
Na hamharcealaíona: Líníocht, Dath; Gnéithe na healaíne -- Feasacht ar líne,ar chruth, ar
thon, ar phatrún
Corpoideachas: Damhsa -- Struchtúr damhsa (dénártha nó trénártha)
Stair: Scéalaíocht; Pobail agus sochaithe ársa; Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
Snáithe: Léiriú
Snáithaonad: Amhránaíocht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Amhránaíocht aoncheoil
- stór amhrán níos dúshlánaí a aithint agus a chanadh ó mheabhair le feasacht ar chomhthéacs sóisialta, stairiúil agus cultúrtha an cheoil
amhráin Ghaeilge
foinn agus damhsaí tíre ó thíortha eile
rothlaim nó canónacha simplí
amhráin den chineál glaoch agus freagairt
amhráin le haguisíní
iomainn agus carúil
bailéid
amhráin ó sheónna ceoil
amhráin phobail
amhráin ealaíne
ina measc ba chóir go mbeadh:
amhráin pheinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta: d, r, m, s, l)
amhráin i mórghléasanna, i mionghléasanna agus i ngléasanna módúla - canadh go neamhspleách, le breis feasachta agus smachta ar bhuille, ar luas, ar thuinairde, ar urlabhra agus ar staidiúir
buille agus luas cothrom a choinneáil, canadh i dtiúin le raon leathnaithe gutha
'Amhráinín Síodraimín' - amhráin choitianta a léiriú le breis smachta ar dhinimic, míriú agus mothú
na focail a fhuaimniú go soiléir le gutaí leathana agus consain bheoga shoiléire
análú sna háiteanna cuí
staidiúir cheart amhránaíochta a choinneáil - an stíl léirithe a chur in oiriúint d'fhocail agus do ghiúmar amhráin
leibhéal oiriúnach dinimice a roghnú chun treise a chur ar mhíreanna, ar
bharraí nó ar nótaí - na difríochtaí a chruthaítear idir mhíreanna amhráin i bhfoirmeacha éagsúla a thabhairt faoi deara
véarsa agus loinneog, glaoch agus freagairt, aonréad-cór, ceist agus freagra
amhráin le haguisíní
'Twelve Days of Christmas', 'Hole in the Bottom of the Sea' - gnéithe comhdhéanaimh in amhráin choitianta a iniúchadh
treo na séise a aithint sa nodaireacht
a rá cé acu an bhfuil toin séise ag gluaiseacht i gcéimeanna, de léimeanna nó
trí athdhéanamh
patrúin shéiseacha atá cosúil lena chéile nó i gcodarsnacht a aithint
foirm AB nó foirm ABA
AB: 'Tá na Báid', 'Greensleeves'
ABA: 'Cnocáinín Aerach Chill Mhuire', 'A Shaighdiúirín, a Chroí'
Páirtamhránaíocht shimplí
- ostinato (patrún a athdhéantar arís agus arís eile) rithimeach nó séiseach nó dordán (nótaí fada marthanacha) a léiriú agus amhrán á thionlacan
ostinato rithimeach
patrún mar
a chnagadh le linn bheith ag canadh 'Tá Dhá Ghabhairín Bhuí Agam'
ostinato nó dordán séiseach
cantaireachtaí as Taizé - páirteanna aonánacha rothlaim a idirdhealú trí chanadh, trí éisteacht, trí ghluaiseacht nó trí leideanna nodaireachta a thabhairt faoi deara
'Row Your Boat' a chanadh in aoncheol: siúlann na páistí i gciorcal, ag
coinneáil ama leis an gceol
i ngrúpaí: tosaíonn na páistí ag siúl nuair a thosaíonn an pháirt atá le canadh
acu agus stopann siad, ar uainíocht, nuair a chríochnaíonn sí - rothlaim a léiriú le héagsúlachtaí uigeachta
'Frère Jacques' a léiriú le guthanna agus
fliúiteanna Sasanacha nó glockenspiel - mar bhall de ghrúpa, dhá amhrán a léiriú, iad á gcanadh ina n-aonar agus mar amhráin i bpáirt
'This Old Man' agus 'Michael Finnigin'
d'fhéadfaí aon fhoinn pheinteatonacha le comhionannas barraí a úsáid mar
amhráin i bpáirt
'Rocky Mountain' agus 'Liza Jane' - cóirithe amhrán le contrashéiseanna nó le páirteanna armónacha simplí iontu a léiriú mar bhall de ghrúpa
- páirteanna aoncheoil (ag seinm nó ag canadh na líne céanna) agus páirteanna armónacha (dhá pháirt neamhspleácha nó níos mó le chéile) a aithint leis an tsúil (ó nodaireacht) nó leis an gcluas.
Snáithaonad: Litearthacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Rithim
- rithimphatrúin níos faide agus níos casta a aithint in amhráin agus i gcantaireachtaí coitianta

- roinnt siombailí caighdeánacha chun méadar (am) agus rithim a chlárú a aithint, a ainmniú agus a úsáid
buille amháin (croisín)
leathbhuille (camán)
sos aon bhuille (sos croisín)
dhá bhuille (minim)
ceithre bhuille (leathlán)
trí bhuille (minim poncaithe)
buille go leith (croisín poncaithe)
mar rithim phatrúin i slatnodaireacht

Tuinairde
- foinn choitianta simplí a aithint agus a chanadh ar líon forásach de bhealaí éagsúla
mar chrónán
canta mar shiolla amháin (m.sh. da da da)
ó chomharthaí láimhe
canta i sólfá tonach
an scála diatonach iomlán san áireamh: d, r, m, f, s, l, t, d'
canta ó chliathnodaireacht (cliath chúig-líne), agus treo, cruth agus struchtúr
ginearálta na séise á leanúint
'Ding Dong Dedero'

- cruth (comhrian) séise agus gluaiseacht i gcéimeanna nó i bpreabanna a aithint ó scór grafach nó ó nodaireacht

- siombailí caighdeánacha a úsáid chun séiseanna simplí* a léamh, a chanadh nó a sheinm ar a bhfeiceáil
ó shólfá tonach (peinteatonach, m.sh. r' d' l s m r d l' s')
ó chomharthaí láimhe
ó rithim-sólfá (slatnodaireacht le hainmneacha sólfá)
ó chliath mhéar (is ionann gach méar agus líne ar chliath)
ó chliathnodairecht (cliath chúig-líne)

Rithim agus tuinairde
- siombailí caighdeánacha a úsáid le breis saoráide agus le breis cruinnis chun rithim agus tuinairde shimplí a bhreacadh síos

- a aithint gur féidir séiseanna a léamh, a chanadh nó a sheinm i ngléasanna éagsúla
- foinn shimplí le doh C, doh G nó doh F a léamh, a chanadh agus a sheinm ar a bhfeiceáil
foinn pheinteatonacha (bunaithe ar chúig nóta: d, r, m, s, l)
'Ailiú Éanaí',
'Here Comes a Bluebird' - feidhm na mór-ghléaschomharthaí chun suíomh doh a chur in iúl a thuiscint

Snáithaonad: Seinm uirlisí
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- raon de theicníochtaí seanma a léiriú ar líon leathan de chnaguirlisí agus d'uirlisí séiseacha
cabasa a smeachadh, a rolladh, a ghreadadh nó a chroitheadh
xileafón a sheinm le bata amháin nó le dhá bhata
gnéithe éagsúla a úsáid ar mhéarchlár leictreonach - cnaguirlisí a úsáid le breis muiníne agus scile mar thionlacan d'fhoinn, d'amhráin agus do chantaireachtaí
ostinato (patrún athdhéanta arís agus arís eile) rithimeach nó dordán (nóta nó
nótaí fada marthanacha) mar thionlacan d'fhoinn agus d'amhráin choitianta - foinn choitianta a aithint agus a léiriú ó mheabhair nó ó nodaireacht go neamhspleách
ar na huirlisí d'áireofaí
cnaguirlisí tiúnta (m.sh. barraí clingíní, glockenspiel, xileafón)
feadóg stáin, fliúit Shasanach, méarchlár
sa stór ceoil bheadh
séiseanna simplí amhrán coitianta a foghlaimíodh sna blianta roimhe sin
rothlaim shimplí
'Frère Jacques', 'Codail, a Stóirín'
foinn as an gclár éisteachta
'Amhrán an Aoire' as Siansa Uimhir 6 le Beethoven.
Snáithe: Cumadóireacht
Snáithaonad: Tobchumadh agus cruthú
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- rogha a dhéanamh as raon leathan d'fhoinsí fuaime (guth, cnagadh coirp, cnaguirlisí tiúnta agus neamhthiúnta, uirlisí agus teicneolaíocht shéiseach) le haghaidh raon de chuspóirí sa cheol
chun amhrán, scéal, dán, tomhas, greann nó cluiche a thionlacan
chun pearsana nó sraith eachtraí a léiriú
chun giúmar nó atmaisféar a chur in iúl
chun coincheap teibí a léiriú
tine, áilleacht, creathanna talún, innealra
d'ócáid faoi leith
féasta nó féile, bronnadh duaise, ag fágáil slán, ag dul a chodladh - píosaí ina dtaispeántar feasacht agus smacht forásach ar gnéithe an cheoil a chumadh agus a léiriú
rithim, séis, luas, dinimic, uigeacht (teaglamaí fuaime) agus comhdhéanamh
simplí
tionscnaimh don bharra clingíní, ag úsáid na nótaí C, D, E, G, A
séis a chumadh, le cuisle chúig-bhuille, ag coinneál luas socair, ag seinm go
bog, go glórach nó le codarsnacht áirithe, ag seinm roinnt nótaí le chéile
agus ag leanúint plean shimplí - patrúin shéiseacha agus rithimeacha a athghairm, a fhreagairt agus a chruthú, ag úsáid guthanna, cnagadh coirp agus uirlisí
comhráite canta
múinteoir: 'm l l s m r m -- '
páiste: 'm l l s m r d -- '
uirlisí séiseacha á n-úsáid
ostinato (patrún a léirítear arís agus arís eile) rithimeach d'amhráin choitianta

a bhualadh nó a chnagadh
agus curfá 'This Ole House' a chanadh ag an am céanna.
Snáithaonad: Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léirsmaoineamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a c(h)uid oibre féin agus ar obair páistí eile
plé agus míniú:
roghnú na n-uirlisí, cáilíocht na bhfuaimeanna
na maisíochtaí fuaime a táirgíodh, úsáid gnéithe ceoil
ar éirigh leis/léi a c(h)uspóirí a bhaint amach, an gá leasuithe a
dhéanamh
an sásamh a leanann tobchumadh le fuaimeanna, ina (h)aonar nó le
daoine eile - siombailí grafacha a chumadh agus a úsáid agus/nó nodaireacht chaighdeánach a úsáid chun línte difriúla de phatrúin agus de thionscnaimh cheoil a thaifeadadh

- píosaí cumadóireachta a thaifeadadh ar mheáin leictreonacha
fearas scoile
ríomhaire
méarchlár
sintéiseoir.
Nascadh
Éisteacht agus freagairt -- Iniúchadh fuaimeanna
Léiriú -- Litearthacht, Seinm uirlisí (d'fhéadfaí patrúin a iniúchadh sa snáithaonad
Litearthacht a fhí isteach i dtobchumadh agus i bpíosaí cumadóireachta an pháiste)
Comhtháthú
Na hamharcealaíona: Líníocht, Dath; Gnéithe na healaíne -- Feasacht ar líne, ar chruth, ar
phatrún
Stair: Scéalaíocht; Staidéir áitiúla -- Féastaí agus féilte san am atá thart.