Struchtúr agus cur i láthair
Tá ábhar an chláir cheoil do ranganna 3 agus 4 á chur i láthair in dhá roinn:
- roinn dar teideal 'Forbairt coincheap' a dhéanann cur síos ar na coincheapa ceoil ar chóir don pháiste iad a fhorbairt de réir mar a bhíonn sé/sí ag plé le gníomhaíochtaí ceoil
- trí shnáithe, a leagann amach ábhar an churaclaim. Ba chóir a thuiscint go bhfuil dlúthcheangal idir na snáitheanna sa mhéid go mbraitheann tuiscint ar cheann acu ar thuiscint ar cheann eile, go gcuireann siad le tuiscint ar a chéile agus go bhféadfadh gnéithe díobh go léir teacht i gceist laistigh den cheacht céanna. Taispeántar eiseamláirí agus moltaí sa chló iodálach ar fud na ranna ábhair.
Na snáitheanna i ranganna 3 agus 4
Le linn dó a bheith ag cur leis an eispéireas a bhí ag an bpáiste sna leibhéil go dtí seo, leathnaíonn an snáithe Éisteacht agus freagairt stór éisteachta an pháiste agus cuirtear feasacht ar fhoinsí fuaime ó chultúir eile san áireamh. Cuirtear dúshlán faoin bpáiste ó thaobh aireachtáil éisteachta de le sleachta éisteachta níos faide agus le héileamh ar fhreagraí níos cruinne ar a n-áirítear roinnt uirlisí ceolfhoirneacha agus uirlisí Gaelacha a aithint. Sa snáithe Léiriú nascann freagairt fhisiceach tuiscint do bhuille, do rithim agus do shéis le tionscnamh na seanma ar uirlisí séiseacha.
Leagann an snáithe Léiriú béim ar a thábhachtaí is atá sé an guth, an chéad uirlis cheoil ag páiste agus an ceann is gaire dó/di, a úsáid ar mhaithe leis an taitneamh a ghabhann le léiriú agus mar mheán trína ndéantar foghlaim scileanna ceoil a thionscnamh.
Trí mheán na hamhránaíochta dírítear aire an pháiste ar litearthacht sa cheol, i bhfoirm léirithe shimplithe rithime (slatnodaireacht) agus thuinairde (comharthaí láimhe agus siollaí sólfá) i dtosach báire agus, ag céim níos déanaí, i bhfoirm nodaireachta caighdeánaí (cliath chúiglíne). Déantar an dóigh a nascann na gnéithe seo le chéile a iniúchadh i mbunsraith d'amhráin agus de shéiseanna coitianta agus sa chaoi sin cuirtear saol na litearthachta ceoil i láthair an pháiste ar bhealach ceolmhar páistelárnach.
Fad a bhíonn an páiste ag leanúint leis/léi ag léiriú le huirlisí tiúnta agus neamhthiúnta cuireann sé/sí eolas ar uirlisí séiseacha chomh maith, ar an bhfeadóg stáin nó ar an bhfliúit Shasanach mar shampla, agus tugann sé seo deis dó/di a f(h)éinmhuinín agus a t(h)uiscint fhorásach ar dhéanamh ceoil a thaispeáint.
Sa snáithe Cumadóireacht tugtar deiseanna don pháiste a c(h)ruthaitheacht agus a (h)uathúlacht a chur in iúl trí raon de chnaguirlisí agus d'uirlisí séiseacha a thástáil agus cumas a fháil orthu. D'fhéadfaí uirlisí agus teicníochtaí simplí a roghnú agus iad a úsáid le seifteanna lánléiritheacha mar dhinimic agus luas chun atmaisféar, pearsa nó sraith idéanna a chur in iúl. Spreagtar an páiste chun meastóireacht a dhéanamh ar a c(h)uid oibre agus chun cur síos ar an bpróiseas cumadóireachta agus é a phlé. D'fhéadfaí an píosa cumadóireachta críochnaithe a léiriú trí shiombailí nó comharthaí a úsáid agus d'fhéadfaí é a thaifeadadh le héisteacht leis níos déanaí.
Ord, leithead agus doimhneacht
I roghnú ábhair moltar go múinfí gach snáithe agus gach snáithaonad gach bliain chun éagsúlacht, cothromaíocht agus leanúnachas sa chlár a dheimhniú. I gcoitinne ba chóir na cuspóirí ábhair sna snáithaonaid a iniúchadh san ord ina gcuirtear i láthair iad. I scéim oibre do théarma amháin ba chóir go gcuirfí an comhghaol atá idir na snáitheanna san áireamh, ach d'fhéadfaí doimhneacht na hoibre sna snáitheanna ar leith a choigeartú ó théarma go téarma nó ó bhliain go bliain.
Nascadh agus comhtháthú
I nótaí ag bun na snáithaonad sna ranna a bhaineann le hábhar dírítear aire ar roinnt ócáidí inar féidir nascadh (.i. comhtháthú laistigh den churaclam ceoil) agus comhtháthú (.i. comhcheangal traschuraclaim) a dhéanamh. Is féidir le múinteoirí na deiseanna seo a aithint le linn dóibh a bheith ag pleanáil an chláir oibre.