Primary Schools

Measúnú

Measúnú: cuid dhílis den teagasc agus den fhoghlaim

Is rud lárnach é measúnú i dteagasc agus i bhfoghlaim éifeachtach an cheoil. Cuimsíonn sé an iliomad ócáidí éagsúla ina dtugann an múinteoir rannpháirtíocht an pháiste i ngníomhaíochtaí ceoil agus i gcur i bhfeidhm eolais, scileanna agus tuisceana faoi deara. Tagann na deiseanna measúnaithe seo i gceist nuair a chumann an páiste rud éigin nua, nuair a sheinneann sé/sí uirlis, nuair a chanann sé/sí, nuair a éisteann sé/sí le ceol beo nó taifeadta, nó nuair a bhíonn sé/sí páirteach i malartú freagraí agus tuairimí i ndíospóireacht ranga.

Tá coibhneas idir measúnú sa cheol agus an t-ord ina sealbhaíonn an páiste eolas agus tuiscint ar cheol. Ní shealbhóidh an páiste coincheapa nua mura mbíonn tuiscint aige/aici ar na coincheapa a chuaigh rompu: mar shampla, is gá don pháiste foghlaim faoi luachanna nótaí sula n-iarrtar air/uirthi rithimphatrúin áirithe a léamh ar a bhfeiceáil. Trí riachtanais foghlama an pháiste sa cheol a aithint is féidir leis an múinteoir an teagasc a chur in oiriúint dó/di agus gníomhaíochtaí níos oiriúnaí a phleanáil.

Rólanna an mheasúnaithe: cad chuige measúnú?

Is féidir feidhmeanna difriúla a bheith ag measúnú, feidhmeanna a thagann i gceist ag céimeanna difriúla den phróiseas teagaisc agus foghlama. Sa cheol, déanann measúnú deimhin de go bhfreastalaíonn na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an múinteoir ar riachtanais na bpáistí, ag cur lena saineolas agus lena dtuiscint fhorásach. Nuair a bhaintear úsáid éifeachtach as an measúnú tig leis lánacmhainn gach páiste a aithint, cuma cén aois é/í nó cén cumas atá ann/inti. Ó tharla, áfach, gurb é tús a (h)óige an t-am is fearr chun cumas an pháiste sa cheol a fhorbairt, tá sé den riachtanas go n-aithneofaí a lánacmhainn go luath ina s(h)aol bunscoile agus go ndéanfaí forbairt air. Tig le measúnú achair laigí nó bearnaí i bhfoghlaim páistí a aithint freisin agus eolas a chur ar fáil faoin dóigh ar cheart mionathruithe a dhéanamh sa teagasc.

Trí léirsmaoineamh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim ó lá go lá tig le múinteoir pictiúr cruinn a shamhlú den chéad rud eile is gá don pháiste a fhoghlaim. Is féidir measúnú múnlaitheach a thabhairt ar mheasúnú leantach den chineál seo, a fhéachann i dtreo obair sa todhchaí. Tá sé éifeachtach chun spriocanna agus cuspóirí gearrthréimhse sa teagasc leantach a bhaint amach.

Is féidir measúnú suimitheach a thabhairt ar mheasúnú a thugann achoimre ar an méid atá bainte amach ag an bpáiste go dtí seo sa cheol. Baintear úsáid as de ghnáth ag amanna ceapáirithe, nuair a bhíonn aonad oibre críochnaithe, mar shampla. Bíonn measúnú suimitheach úsáideach nuair a theastaíonn ón múinteoir eolas a chlárú ar bhealach structúrtha nó córasach, nó chun tuairisc ar dhul chun cinn an pháiste sa cheol a thabhairt do thuismitheoirí nó do dhaoine gairmiúla eile.

I gcúinsí áirithe teastóidh ón múinteoir cabhair shonrach atá de dhíth ar an bpáiste a aithint. Comhlíonann measúnú oibiachtúil den chineál seo ról diagnóiseach agus tá uirlisí meastóireachta nach bhfuil goilliúnach don pháiste riachtanach chuige.

Mar chríoch, is féidir ról pleanála agus meastóireachta a bheith ag measúnú nuair a dhéanann an múinteoir athbhreithniú ar éifeacht an teagaisc agus ar na modhanna measúnaithe agus nuair a dhéantar cinneadh ar an dóigh ar chóir don obair sa seomra ranga dul ar aghaidh, laistigh de chomhthéacs an phlean scoile sa cheol.

I gcásanna eisceachtúla d'fhéadfadh go mba mhian le múinteoir a t(h)uairim go bhfuil bua thar an gcoitiantacht sa cheol ag páiste áirithe a dheimhniú, bua ar chóir é a chothú go cúramach. D'fhéadfaí an tuairim seo a thástáil trí thuairimí comhghleacaithe a lorg nó trí thriail shimplí amhránaíochta nó éisteachta nó triail chaighdeánaithe chumais agus acmhainneachta sa cheol a chur.

Measúnú sa cheol: cad ba chóir a mheasúnú?

Ba chóir go mbeadh na gníomhaíochtaí measúnaithe ina n-íomhá ar na próisis agus ar na torthaí coitianta a leagtar amach i ráiteas ábhar an churaclaim cheoil. Cuimsíonn siad seo dhá réimse leathana: na snáitheanna comhghaolmhara Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht, agus gnéithe comhtháite an cheoil.

Snáitheanna agus snáithaonaid

Sa chéad ghné den mheasúnú beifear gafa leis an eolas, na scileanna, an tuiscint agus an dearcadh a rianaítear sna snáitheanna --

Éisteacht agus freagairt
Léiriú
Cumadóireacht.

Sa snáithe Éisteacht agus freagairt, déanfaidh measúnú an dá shnáithaonad 'Iniúchadh fuaimeanna' agus 'Éisteacht le ceol agus freagairt dó' a nascadh trí dhíriú ar na bealaí ina ndéanann an páiste freagairt don cheol. Ina measc seo tá úsáid fuaimeanna gutha, focal, gluaiseachtaí móra nó beaga agus meáin eile chun gnéithe ceoil a léirmhíniú. D'fhéadfaí forbairt íogaireacht agus oscailteacht an pháiste i leith genre agus stíleanna éagsúla ceoil ó réanna, cultúir agus grúpaí eitneacha difriúla a thabhairt faoi deara de réir mar a léiríonn an páiste conas a chuaigh an ceol i bhfeidhm go mothúchánach air/uirthi.

Sa phróiseas Léiriú, áit a mbíonn amhránaíocht agus seinm uirlisí i gceist, léireoidh an páiste i ranganna naíonán na scileanna agus an diongbháilteacht is gá chun tuiscint do chuisle a thaispeáint, chun aithris a dhéanamh ar rithimí agus chun séiseanna simplí a chanadh nó a sheinm. De réir mar a fhásann a f(h)éinmhuinín, tabharfaidh dinimic agus míriú ciall agus mothú breise d'amhránaíocht agus do sheinm an pháiste. I ranganna 1 go 6 d'fhéadfaí suntas a thabhairt freisin do thuiscint fhorásach an pháiste ar nodaireacht thionscantach nó chaighdeánach sa cheol. Sna hardranganna go háirithe d'fhéadfaí léiriú aonréadach an pháiste agus a léiriú mar bhall de ghrúpa nó de rang a idirdhealú.

Sa mheasúnú ar an snáithe Cumadóireacht déanfar scrúdú ar an bpróiseas: m.sh. iarrachtaí an pháiste, ina (h)aonar nó le páistí eile, idéanna nua ceoil a thaispeáint trí thobchumadh, trí chumadóireacht agus trí chóiriú fuaimeanna ar bhealaí a thugann samhlaíocht, tionscnamh agus fiontraíocht i gceist agus a léiríonn smacht ar ábhair cheoil agus ar úsáid gnéithe an cheoil. Sa mheasúnú tógtar ceann chomh maith de thoradh na cumadóireachta, rud a chuimsíonn meastóireacht an pháiste ar an bpróiseas cumadóireachta, eolas ar mheáin leictreonacha, agus ar úsáid nodaireachta caighdeánaí agus neamhchaighdeánaí chun idéanna a chlárú.

Gnéithe an cheoil

Ba chóir go mbeadh forbairt tuisceana ar ghnéithe an cheoil (buille, ré, luas, tuinairde, dinimic, comhdhéanamh, tondath, uigeacht agus stíl) ina ngné chomh tábhachtach céanna de mheasúnú, ó tharla iad a bheith fite fuaite leis na snáithaonaid mar atá siad leagtha amach sa ráiteas curaclaim.

Uirlisí measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh

Is é an t-am is fusa chun measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim sa cheol ná nuair a bhíonn páistí gafa i ndéanamh ceoil. De réir mar a bhíonn obair an ranga ar siúl déanann múinteoirí agus páistí measúnú go minic mar chuid den phróiseas foghlama. Ar an ábhar sin is mó a bhraitheann measúnú sa cheol ar shoiléire cuspóra ná ar phróisis chasta mheasúnaithe nó ar bhreis ama agus acmhainní. Tarlaíonn an measúnú is éifeachtaí nuair a bhíonn an ceol ar siúl agus nuair a iarrann an múinteoir ar an bpáiste freagairt dó go samhlaíoch ar bhealaí éagsúla.

Sa rannóg seo, déantar cur síos ar bhreathnóireacht an mhúinteora mar phríomhuirlis mheasúnaithe sa cheol. Ar na modhanna eile a mholtar a úsáid tá:

tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
samplaí oibre agus bailiúcháin
tionscadail
próifílí curaclaim.

Breathnóireacht an mhúinteora

Trí bhreathnóireacht a dhéanamh ar na páistí agus iad i mbun gníomhaíochtaí ceoil agus trí thorthaí na breathnóireachta sin a thaifeadadh, cuirfear ar chumas an mhúinteora tuairimí ar shaintréithe shaothar na bpáistí a cheapadh agus a chur in iúl, monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar riachtanais an uile pháiste.

Agus breathnóireacht á húsáid mar uirlis mheasúnaithe ag múinteoir ba chóir dó/di bheith soiléir ina (h)aigne féin roimh ré faoin ngné d'iompar sa cheol a mbeadh sé/sí ag brath ar na páistí í a léiriú agus faoi na torthaí foghlama a mbeadh sé/sí ag súil leo. Cuireann ceistiúchán leantach neamhfhoirmiúil agus díospóireacht ranga le breathnóireacht an mhúinteora agus cabhraíonn comhdhálacha gearra chun díospóireacht a spreagadh faoi ghnéithe ar leith den obair agus den fhorbairt fhoriomlán in eolas, scileanna agus dearcadh na bpáistí. Déanfar go leor breathnóireachta agus na páistí ag obair i gcomhar i mbun tascanna grúpa, ach freisin, d'fhéadfadh an múinteoir na páistí a spreagadh chun léirithe ina mbeirteanna nó ina dtriúir chun a dheimhniú go mbíonn gach páiste rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ceoil.

D'fhéadfaí breathnóireacht a dhéanamh ar pháistí ag obair i ngrúpaí nó ina n-aonar agus iad

  • ag éisteacht go haireach le ceol
  • ag caint faoinar chuala siad mar chuid de dhíospóireacht ranga
  • ag léiriú nó ag scríobh faoinar chuala siad
  • ag éisteacht le freagraí páistí eile
  • ag gluaisteacht le ceol
  • ag canadh a rogha amhráin
  • ag seinm uirlise
  • ag léamh rithimphatrúin shimplí nó shéisigh
  • ag malartú idéanna le haghaidh gníomhaíochta cumadóireachta
  • ag roghnú agus ag eagrú uirlisí
  • ag cleachtadh le haghaidh léirithe ceoil
  • ag iarraidh píosaí cumadóireachta a thaifeadadh, ar téip nó trí nodaireacht ghrafach thionscanta, nodaireacht shimplithe nó nodaireacht chaighdeánach.

Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir

Modh díreach agus modh éifeachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar ghrúpaí páistí sa cheol is ea tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir. Orthu seo tá raon de thascanna scríofa, ó scríobh faoi phíosa ceoil nó rithim shimplí a bhreacadh ó dheachtú, go tascanna léirithe, mar shampla fonn nó amhrán a chanadh de mheabhair. I measúnú léirithe d'fhéadfadh sé a bheith i gceist measúnú a dhéanamh ar thorthaí (mar shampla, píosa cumadóireachta grúpa a taifeadadh); ar phróiseas (mar shampla, mar a roghnaíodh na huirlisí); agus ar an bpróiseas is ar an toradh le chéile (mar shampla, mar a roghnaigh, a mhalartaigh agus a shocraigh an grúpa na huirlisí agus mar a d'oibrigh siad i gcomhar le chéile chun léiriú ceoil a chruthú). Ní gá aon bhreis ama nó acmhainní chun measúnú léirithe a dhéanamh agus tugann sé don mhúinteoir modh intaofa measúnaithe a chomhlánaíonn cuspóirí agus oideolaíocht an churaclaim.

Samplaí oibre agus bailiúcháin

Agus samplaí oibre agus bailiúcháin á n-úsáid aige/aici mar uirlisí measúnaithe, is féidir leis an múinteoir cuid mhór a fhoghlaim faoi fhorbairt an pháiste mar cheoltóir agus tig leis/léi an t-eolas a chnuasaíonn sé/sí a úsáid sa teagasc ina dhiaidh sin.

Nuair a chuimsíonn bailiúchán samplaí dá s(h)aothar a bailíodh thar thréimhse ama is féidir go léireofar go glé inti doimhneacht chomh maith le leithead fhoghlaim an pháiste i gceol. Mar uirlis mheasúnaithe, is féidir í a úsáid thar achar ama réasúnta gairid, téarma scoile amháin mar shampla, nó thar achar ama níos faide, mar shampla tréimhse dhá bhliain. Ba chóir go léireodh na nithe i mbailiúchán d'obair an pháiste raon gníomhaíochtaí ar fud na dtrí shnáithe: Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht; d'fheadfadh rudaí mar nodaireacht thionscantach, dréachtaí de phíosaí cumadóireachta, sonraí faoi thionscadal éisteachta, taifead de léiriú píosa cumadóireachta, nótaí ar fhéinmheasúnú agus tuairimí páistí eile nó tuairimí an mhúinteora bheith inti. I ndeireadh báire, braithfidh dearadh an bhailiúcháin ar an úsáid a bhainfear as: mar thaisceadán do lámhdhéantúsáin atá gaolmhar le ceol, mar fhianaise ar fhorbairt thar thréimhse ama, nó mar thaispeántas den chuid is fearr d'obair an pháiste.

Gléas a bhfuil dlúth-cheangal aige le bailiúchán oibre agus uirlisí eile measúnaithe is ea féinmheasúnú an pháiste agus is uirlis éifeachtach é chun a p(h)róiseas foghlama a nochtadh. Sa snáithe cumadóireachta bíonn tábhacht ar leith le féinmheasúnú sa phróiseas cruthaitheach agus leagtar béim air seo sa snáithaonad 'Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh'. Is féidir é a úsáid chun léirsmaoineamh, idir bhriathartha agus neamhbhriathartha, a spreagadh agus chun machnamh ar leibhéal níos airde a chothú, agus, chomh maith, is féidir leis léargas úr a sholáthar ar an bpróiseas teagaisc agus foghlama sa cheol. Is féidir cur go mór le tábhacht fhéinmheasúnú an pháiste agus le tábhacht a léirsmaoinimh ar a c(h)nuasach de shamplaí oibre agus ar a bhailiúchán oibre ach leas a bhaint as tuairisc foghlama. Freisin, d'fhéadfadh tuairisc foghlama cuntas a sholáthar ar thuiscint fhorásach an pháiste mar aon le léargas a thabhairt ar a d(h)earcadh forásach i leith ceoil agus ceoltóirí ó chultúir agus réanna difriúla.

Amhail na tascanna a dhearann an múinteoir, éilíonn measúnú na mbailiúchán oibre soiléire cuspóra seachas breis ama nó acmhainní; tá sé éifeachtach, áfach, chun bainisteoireacht agus measúnú a dhéanamh ar eispéireas foghlama an pháiste thar thréimhse áirithe ama.

Tionscadail

Faoi mar a thugann bailiúcháin d'obair pháistí aonair chun suntais, tugann tionscadail caoi do pháistí comhoibriú go rannpháirteach le chéile in eispéireas ceoil. Agus é/í ag dáileadh tascanna ar ghrúpaí éagsúla sa rang ba chóir don mhúinteoir cuspóir an tionscadail agus an tairbhe a bhfuiltear ag dréim léi do gach duine sna grúpaí a shoiléiriú roimh ré; mar aon leis sin, ba choír dó/di critéir mheasúnaithe, idir theicniúil agus ealaíonta, a shocrú. Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn cúraimí á ndaileadh laistigh de ghrúpaí, tá sé tábhachtach, ó thaobh measúnaithe de, go roinntear ualach na hoibre go cothrom chomh fada agus is féidir. Anseo a leanas samplaí de thionscadail ghrúpa:

  • ceol chun scéal a insint nó mar thionlacan dó a chumadh
  • séis a sheinm de mheabhair
  • uirlis cheoil nó fine uirlisí a dhearadh
  • amhrán a chumadh
  • foirm nodaireachta a thionscnamh
  • seicheamh damhsa a cheapadh
  • roinnt píosaí ceoil a roghnú agus éisteacht leo lena gcur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile.

Is cuid de mheasúnú suimitheach iad samplaí oibre, bailiúcháin oibre agus tionscadail, ó tharla gur féidir le múinteoirí leas a bhaint astu agus as a gcuntais féin chun teacht ar ghrád nó ar scór foriomlán do pháiste.

Próifílí curaclaim

Cuntais ar dhul chun cinn atá bunaithe go príomha ar thuairimí an mhúinteora ar a bhfuil bainte amach ag páistí i leith bhunchuspóirí an churaclaim is ea próifílí curaclaim. Dealraíonn sé go bhfuil próifílí thar a bheith oiriúnach do cheol, ó tharla nach mbíonn slata tomhais caighdeánaithe eile ar fáil de ghnáth.

Is iad príomh-shaintréithe próifílí curaclaim ná táscairí gnóthachtála, leibhéil (nó bandaí) agus tascanna nó comhthéacsanna measúnaithe. Ráitis gnóthachtála a dhéanann cur síos ar a bhfuil bainte amach ag an bpáiste aonair is ea táscairí agus, de ghnáth, bíonn siad nasctha le cuspóirí an churaclaim. Samplaí de tháscairí gnóthachtála i gceol is ea 'aithníonn sé/sí ceol a bheith glórach nó bog' agus 'seinneann sé/sí raon de shéiseanna ar uirlis shéiseach'. Nuair a chuirtear tacair de tháscairí le chéile cruthaítear leibhéil (nó bandaí). D'fhéadfadh an múinteoir, agus forbhreithiúnas ar ghnóthachtáil páiste á cheapadh aige/aici, tagairt don dóigh ar éirigh leis an bpáiste i dtascanna measúnaithe éagsúla, iad siúd a ndéantar cur síos orthu sa mhír 'Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir', do bhailiúcháin oibre, do thionscadail, do thuairiscí foghlama pearsanta nó d'fhianaise scéaltach a dhéanfaí a thaifeadadh i rith ceachtanna ranga nó ina ndiaidh.

Ag druidim le deireadh na bliana scoile is féidir leis an múinteoir measúnú atá neamhfhoirmiúil ach bailí agus iontaofa a dhéanamh ar ghnóthachtáil an pháiste sa cheol trí leas a bhaint as a p(h)róifíl churaclaim.

Cur chuige cothrom i leith an mheasúnaithe

Cé gur leagadh béim ar raon leathan d'uirlisí measúnaithe a bheadh oiriúnach don cheol, ba chóir a thuiscint nach mbeadh sé inmhianaithe nó praiticiúil na huirlisí seo uile a úsáid go leanúnach. Mar chuid de chur chuige ar bhonn scoile iomláine, d'fhéadfadh múinteoirí agus foireann scoile tús áite a thabhairt d'uirlisí áirithe a bheadh ag teacht le cur chuige sonrach don cheol -- á gcur in oiriúint do shuímh dhifriúla foghlama nó d'achair ama éagsúla. Ar an gcéad dul síos braitheann bainisteoireacht measúnaithe ar chur chuige dea-eagraithe, buanseasmhach a bheith ann don teagasc, mar aon le tuiscint léir ar chuspóirí foghlama. Ó tharla measúnú sa cheol a bheith bunaithe go príomha ar an bhfoghlaim a bhíonn ar siúl, níor chóir de ghnáth gur ghá breis uirlisí nó breis ama chuige.

Clárú agus cumarsáid

Soláthraíonn an raon d'uirlisí measúnaithe, idir bhreathnóireacht an mhúinteora, na tascanna agus na trialacha a dhearann an múinteoir, na samplaí oibre, na bailiúcháin oibre, na tionscadail agus na próifílí curaclaim, córas cuimsitheach chun leibhéal rannpháirtíochta, thuisceana, eolais agus scile gach páiste i ngach gné den churaclam ceoil a mheasúnú agus a thaifeadadh. Is féidir an lear mór eolais seo a úsáid i gcumarsáid le tuismitheoirí, le múinteoirí agus le daoine gairmiúla eile chun pictiúr grinn a chruthú de ghnóthachtáil an pháiste agus dá iachtanais foghlama i gceol amach anseo freisin.

Cárta próifíle an dalta

Ba chóir achoimre de ghnóthachtáil gach páiste sa cheol a chlárú ar chárta próifíle an pháiste agus an cárta sin a choinneáil i gcomhad sa scoil. Ba cheart go gcuimseofaí, mar chuid dhílis den eolas ar an gcárta sin, eolas i leith na dtrí shnáithaonad den churaclam ceoil mar aon le gearrthuairisc ar raon eispéireas éisteachta an pháiste, ar a (h)inniúlacht in amhránaíocht agus chun uirlisí a sheinm, ar a (h)oilteacht i léamh ceoil agus ar a (h)iarrachtaí cumadóireachta.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie