Modh ealaíne é ceol atá préamhaithe go domhain i nádúr an duine. Is corp discréideach eolais é, meán sainiúil cumarsáide agus dóigh trína n-eagraítear agus trína gcuirtear mothúcháin agus spéiseanna in iúl. Is réimse é a thugann eispéireas an-sásúil ag leibhéal pearsanta nó i bpáirt agus a chothaíonn mothú domhain dea-bhaile. Tugann ceol deiseanna fadsaoil do chothú samhlaíochta, íogaireachta, cruthaitheachta, fiontraíochta agus taitnimh.
Bíonn acmhainn ceoil ag páistí de gach aois agus cumas, agus ceiliúrann an t-oideachas ceoil difríochtaí aonánacha ina measc. Bíonn léiriú ceoil an pháiste agus a f(h)reagairt d'eispéireas ceoil bailí agus déantar cruthaitheacht agus nuacht ina phíosaí cumadóireachta a chothú agus a mhórluacháil. Is gné riachtanach d'fhorbairt sa cheol a bheith ábalta iniúchadh agus turgnamh faoi threoir a dhéanamh le teaglamaí d'fhuaimeanna agus dul i bhfiontar leo. San oideachas ceoil tugtar aitheantas chomh maith do chosúlachtaí idir páistí agus don taitneamh a ghabhann le heispéiris i bpáirt ina n-éilítear comhoibriú, dianmhachnamh agus smacht. Cuireann gníomhaíocht cheoil, go haonánach nó i bpáirt le páistí eile, le forbairt chruthaitheacht agus fhéinmheas forásach an pháiste.
Is cuid de churaclam cothrom é oideachas ceoil, curaclam a chuireann roimhe forbairt a dhéanamh ar gach gné d'intleacht an pháiste. Bíonn foghlaim sna príomh-réimsí eolais, scileanna, dearcaidh, mothúchán agus céadfaí i gceist ann. Dá bhrí sin cuireann sé leis an gcuraclam ina iomláine ar iliomad bealach. Mar shampla, le linn dó/di bheith ag éisteacht le ceol chun sult a bhaint as nó ar son gnéithe nó patrún sainiúil, bíonn an páiste ag forbairt scileanna grinnis, dianmhachnaimh agus athmhachnaimh atá riachtanach chun tuisceana in ábhair eile. Forbraítear cianchuimhne agus garchuimhne agus cuirtear le réasúnaíocht spásúlach de réir mar a fhoghlamaíonn an páiste conas rudaí fisiceacha a shamhlú, na fuaimeanna a dhéanann sé/sí go hinmheánach a chloisteáil agus difríochtaí eatarthu a aithint. Cuireann an cumas ar rudaí a shamhlú agus ar smaoineamh i bhfoirm theibí le scileanna fadhbréitigh in go leor achar curaclaim. Mar chuid den phróiseas déanta ceoil airíonn an páiste sásamh na gnóthachtála de réir mar a bhíonn sé/sí ag léiriú nó ag cruthú, go haonánach nó mar bhall de ghrúpa. Forbraíonn an páiste scileanna teicniúla agus ealaíne, ina dtagann comhordú matán agus grinnghluaiseacht i gceist, chomh maith le scileanna buanseasmhachta agus féinsmachta atá riachtanach chun é/í féin a chur in iúl.
Tugann oideachas ceoil eolas agus tuiscint don pháiste ar a (h)imshaol cultúrtha uathúil. Ceann de na tradisiúin bheo is láidre dá bhfuil againn is ea an ceol Gaelach agus léiríonn sé eispéireas agus uaillmhianta na nglún de cheoltóirí. I measc na n-aidhmeanna a thagann i gceist sa cheol Gaelach tá sásamh éisteachta, riachtanas an ceol a mheabhrú, agus dúil fuinneamh an damhsa a cheiliúradh agus a shaibhriú. I ngníomhaíochtaí ceoil do pháistí, bídís sin ag obair go haonánach nó i ngrúpaí, tá na cuspóirí seo uile intuigthe. Trí chúlra saibhir thraidisiúin a gceoil dhúchasaigh féin, chomh maith le cineálacha eile ceoil, a léiriú do pháistí cuireann oideachas ceoil lena n-eolas agus lena dtuiscint ar dhaoine eile, ar an am ar mhair siad, ar a gcultúir agus ar a dtradisiúin.
An curaclam ceoil
Tá trí shnáithe sa churaclam ceoil:
- Éisteacht agus freagairt
- Léiriú
- Cumadóireacht.
Éisteacht agus freagairt
Leagann an snáithe seo treise ar an tábhacht atá le héisteacht ghníomhach a bhfuil cuspóir léi chun go spreagfaí freagairt fhisiceach, bhriathartha, mhothaitheach agus chognaíoch. De réir a chéile, cuireann sé le heispéireas an pháiste sna ranganna roimhe sin trí dheiseanna a thabhairt dó/di éisteacht le raon de phíosaí ceoil, idir cheol coitianta agus cheol neamhchoitianta, trí aire a dhíriú ar raon forásach d'fhoinsí agus trí dhúshlán a thabhairt don pháiste freagairt do cheol go samhlaíoch agus le breis cruinnis agus íogaireachta.
Léiriú
I ngeall ar an bhfíorthaitneamh a ghabhann le léiriú a dhéanamh leis an nguth agus, chomh maith, i ngeall ar a thairbhe mar mheán trínar féidir scileanna ceoil a fhorbairt, luíonn an snáithe seo ar a thábhachtaí is atá úsáid an ghutha, an chéad uirlis cheoil a bhíonn ag páiste agus an ceann is gaire dó/di. Gné dhílis de luathfhorbairt cheol an pháiste is ea amhránaíocht. I dtús báire foghlaimíonn páistí conas amhráin shimplí a léiriú trí éisteacht le daoine eile agus aithris a dhéanamh orthu. Chomh maith, baineann páistí óga taitneamh as a gcantaireachtaí agus a bhfoinn féin a thobchumadh ar uirlisí a dhéantar sa bhaile, ar bhréagáin cheoil nó ar rudaí coitianta ar a dtagann siad agus ar foinsí fuaime iad. Is eispéireas fiúntach ceoil iad na píosaí luathchumadóireachta seo agus cabhraíonn siad leis an bpáiste chun teacht ar thuiscint do léiriú sa cheol. De réir mar a thagann forás ar fhéinmhuinín an pháiste ba chóir a stór píosaí a leathnú chun go mbeadh idir amhráin agus fhoinn le raon níos leithne nótaí iontu, amhráin Ghaelacha agus amhráin ó chultúir, stíleanna agus traidisiúin difriúla ann. De réir mar a thagann forbairt ar a neamhspleáchas agus ar a (h)inniúlacht bainfidh an páiste taitneamh chomh maith as bheith bainteach le páirtobair shimplí, ag dul ó 'ostinato' (patrún athráite) simplí nó dordán a léiriú go dtí an dara páirt (páirt níos airde nó níos ísle) a chur leis nuair a bhíonn sé/sí ag druidim le deireadh rang 6.
I dtús na litearthachta bíonn dlúthcheangal idir forbairt litearthachta sa cheol agus an clár amhránaíochta agus leathnaítear uirthi trí uirlisí séiseacha simplí a sheinm. Sa churaclam ceoil, déantar litearthacht a iniúchadh tríd an dá phríomh-chomhpháirt atá inti, rithim agus tuinairde. Is ceart gur mar fhreagra ar riachtanas le heispéiris áirithe ceoil -- rithimphatrúin, séis nó amhrán iomlán a chlárú nó a thabhairt chun cuimhne -- a dhéanfaí freastal ar theagasc na litearthachta in ionad í a áireamh mar bhailiúchán ar leithlis de scileanna.
Sa snáithaonad 'Seinm uirlisí' cuirtear deiseanna ar fáil chun féinmhuinín agus tuiscint fhorásach ar dhéanamh ceoil a léiriú trí úsáid a bhaint as foinsí eile ceoil. I dtosach seinneann an páiste ar chnaguirlisí tiúnta agus neamhthiúnta agus níos déanaí faigheann sé/sí taithí ar uirlisí séiseacha (mar shampla an fheadóg stáin nó an fhliúit Shasanach). Spreagtar an páiste chun léirithe ó chuimhne agus ó nodaireacht shimplí araon.
Cumadóireacht
Féachann an snáithe seo le cruthaitheacht agus uathúlacht an pháiste a fhorbairt, ar an gcéad dul síos trí bhealach a sholáthar dó/di chun é/í féin a chur in iúl. Sa snáithaonad 'Tobchumadh agus cruthú' roghnaíonn an páiste ábhar ón raon d'fhoinsí fuaime a bhíonn ar fáil agus cuireann sé/sí in ord é. Chuige sin ní mór dó/di éisteacht agus an fhoinse is fearr a oireann dá c(h)uspóir agus is fearr a léiríonn inne an ruda a theastaíonn uaidh/uaithi a chur in iúl nó a léiriú a roghnú. I ndeireadh na dála, sa snáithaonad 'Píosaí cumadóireachta a phlé agus a thaifeadadh' tugtar deiseanna don pháiste meastóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas cumadóireachta agus a c(h)uid saothair a thaifeadadh.
Gnéithe an cheoil
Laistigh de gach snáithaonad moltar gníomhaíochtaí ceoil a chuireann ar chumas an pháiste feasacht a fhorbairt ar ghnéithe comhghaolmhara an cheoil (buille, ré, luas, tuinairde, dinimic, comhdhéanamh, tondath, uigeacht agus stíl), bheith íogaireach dóibh sin agus a t(h)uiscint ar cheol a fhorbairt. Níor chóir a bheith ag súil go gcuirfeadh páistí óga eolas ar na gnéithe seo in iúl trí chaint; ina áit sin ba chóir iad a threorú chun a dtuiscint orthu a léiriú trí amhránaíocht agus i ngluaiseacht. De réir mar a théann páistí in aois agus mar a fhorbraíonn siad tiocfaidh siad ar thuiscint níos comhfhiosaí do choincheapa an cheoil; ag an bpointe sin d'fhéadfadh an múinteoir teagasc foirmiúil na dtéarmaí a thionscnamh.
Ceoldéanamh gníomhach
Tá páirt ghníomhach a ghlacadh i gcluichí ceoil agus in eispéiris thaitneamhacha eile ceoil bunúsach má tá an páiste chun eolas, tuiscint agus scil sa cheol a shealbhú. Leagann an curaclam béim ar fhreagairt agus ar cheoldéanamh gníomhach ag gach leibhéal. Sa chaoi sin sealbhaíonn an páiste tuiscint ar a mbíonn i gceist le bheith ina (h)éisteoir, ina (h)oirfideach agus ina c(h)umadóir i saol an cheoil -- tuiscint a bhíonn bunaithe ar a t(h)aithí féin.
Ord, leithead agus doimhneacht
Rianaítear ábhar curaclaim do gach ceann de na ceithre leibhéal, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí gach snáithaonad agus fo-aonad a iniúchadh gach bliain chun éagsúlacht, cothromaíocht agus leanúnachas a dheimhniú sa chlár. Cuireann na snáitheanna agus na snáithaonaid clár atá cuimsitheach agus leagtha amach in ord ar fáil do mhúinteoirí -- clár ar ar féidir teagasc agus foghlaim an cheoil sa seomra ranga a bhunú. Ceann de na prionsabail teagaisc sa churaclam ná go dtagann an fhuaim roimh an chomhartha. Prionsabail eile a dtógtar ceann díobh ná gur fearr a shealbháitear eolas sa cheol trí dhul ón rud is eol don pháiste (m.sh. fonn agus focail amhráin a bheadh ar eolas) go dtí an rud nach eol dó/di (m.sh. rithim phatrúin ar leith laistigh den amhrán a aithint agus a ainmniú), dul ón rud simplí go dtí an rud casta, agus ón eispéireas féin (m.sh. bualadh bos go rithimeach) go tuiscint chomhfhiosach ar an eispéireas (m.sh. an buille a thuiscint). Ar an gcuma seo is féidir go mbeadh foinn shimplí a foghlaimíodh trí aithris sna céimeanna tosaigh agus idir dhá nóta agus cúig nóta iontu (peinteatonach), úsáideach nuair a bheadh rithimeacha agus séiseacha á n-iniúchadh i ranganna níos sinsearaí.
Roghnú ábhair
Laistigh de na snáithaonaid agus de na fo-aonaid tugtar samplaí agus moltaí i gcló iodálach de chur chuige a d'fhéadfaí a úsáid. Is féidir le múinteoirí roghnú a dhéanamh astu siúd agus as moltaí cosúil leo as foinsí eile chun plean gníomhaíochtaí a leagan amach in Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht -- plean a dhéanfadh freastal ar riachtanais na bpáistí agus, ag an am céanna, a dheimhneodh cothromaíocht chuí idir ceol na hÉireann agus ceol ó chultúir, stíleanna agus tréimhsí eile.
Braithfidh an t-ábhar a roghnófar ar eispéiris na bpáistí go dtí seo sa cheol agus ar a riachtanais. Uaireanta d'fhéadfadh gurbh fhearr a dhéanfaí freastal ar na páistí trí ligean dóibh tabhairt faoin ábhar a mholtar d'aoisghrúpa níos sóisearaí seachas faoin ábhar a mholtar dá n-aoisghrúpa féin. Beidh difríochtaí sa luas lena ngluaisfidh na páistí trí na céimeanna tosaigh seo, ach cé go mbeadh páistí níos sine ábalta an teoiric a thuiscint níos fusa, tá sé tábhachtach cloí le hord oiriúnach forbartha. Tá sé seo fíorriachtanach i réimse na litearthachta, áit a bhfuil aistriú na 'slata' agus na 'bponcanna' ar línte agus i spásanna ina rithimeacha agus ina séiseanna ceoil chomh tábhachtach le tuiscint teoiriciúil.
Clár ceoil na scoile
Cuimseoidh an plean scoile nádúr agus fairsinge an cheoil sa scoil, ag tabhairt aitheantais don timpeallacht shóisialta agus chultúrtha, do riachtanais éagsúla na bpáistí agus do na hacmhainní atá ar fáil. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an curaclam ceoil gaolmhar go dlúth le réimsí eile na n-ealaíon agus comhtháite le hábhair eile churaclaim, is iad na múinteoirí ranga na daoine is oiriúnaí chun an clár ceoil a mhúineadh. Glacfar leis sa phlean scoile go bhfuil iliomad gníomhaíochtaí sa churaclam ceoil ar féidir iad a eagrú go rathúil gan aon ghá le scileanna saineolacha ach ag an am céanna fáilteofar roimh aon tacaíocht bhreise oiriúnach a bheadh ar fáil ó chomhghleacaithe, ó thuismitheoirí, ó ghrúpaí áitiúla ceoil agus roimh acmhainní closamhairc.
Measúnú
Is cuid lárnach de theagasc agus d'fhoghlaim an cheoil é measúnú, amhail mar is fíor sna hábhair eile churaclaim. Sa rannóg ar mheasúnú rianaítear mar is féidir cur le heispéireas foghlama an pháiste agus eolas úsáideach a sholáthar do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine nach iad trí raon de theicníochtaí measúnaithe a úsáid.
Comhtháthú
Ceann de phrionsabail thábhachtacha an churaclaim is ea an comhtháthú. Modh teagaisc éifeachtach é na páistí a bheith gafa i ngníomhaíochtaí a chuimsíonn cuspóirí as snáitheanna éagsúla nó as réimsí difriúla an churaclaim. Is féidir go mbeadh an-spreagadh do pháistí i dtéamaí comhtháite agus go mbainfidís sin an-sásamh astu. Bíonn na téamaí seo an-úsáideach i suíomh ilrangach ach go háirithe. Sa churaclam ceoil tugtar nascadh ar naisc laistigh den churaclam ceoil féin agus tugtar comhtháthú ar naisc idir an ceol agus ábhair léinn eile.
Teanga
Tá teanga ina comhchuid chomh forleitheadach sin sa phróiseas teagaisc agus foghlama ceoil nach dtugtar eiseamláirí ar leith sa churaclam ceoil den dóigh a bhféadfaí na cuspóirí éagsúla ábhair a chomhtháthú le teanga. Baineann an múinteoir leas as teanga, pé acu Gaeilge, Béarla nó nuatheanga eile (nuair is cuí sin) a bhíonn i gceist, chun eolas a chur i láthair, chun ceisteanna a chur, chun treoir a thabhairt, chun rud a léiriú, chun rud a mhíniú agus chun an páiste a spreagadh chun machnaimh. Is i bplé an cheoil agus sa fhreagairt dó a dhéanann an páiste a chuid idéanna a shoiléiriú agus é/í ag cur síos ar rudaí, ag nochtadh tuairimí, ag tairiscint míniúchán agus ag cur a chuid smaointe, mothúchán agus idéanna in iúl trí mheán cainte nó i leagan scríofa. Bíonn tábhacht le teanga chomh maith sa mhéid go gcabhraíonn sí leis an bpáiste chun eolas faoi cheol a rochtain agus a aisghabháil. Déantar teanga a fhorbairt trí mheán an cheoil agus, ar a sheal, is féidir eolas ar cheol a fhorbairt trí mheán teanga. Ba cheart mar sin go gcuirfí a mhéid is atá teanga ina cuid dhílis den phróiseas teagaisc agus foghlama san áireamh i gcónaí agus an curaclam ceoil á phleanáil agus á chur i bhfeidhm.
Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Is féidir tuiscint agus taithí an pháiste ar cheol a leathnú agus a shaibhriú ar bhealaí éagsúla trí leas a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC). Cuireann an curaclam ceoil deiseanna ollmhóra ar fáil chun coincheapa agus scileanna ceoil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trí leas a bhaint as TEC. Sa chaoi chéanna, is féidir go gcuireann go leor de na cláir a spreagann éisteacht ghníomhach, seinm ceoil agus cumadóireacht ina bhfuil brí, go gcuireann siad leis na gaolta idir na snáitheanna Éisteacht agus freagairt, Léiriú agus Cumadóireacht.
Tugann an teicneolaíocht ilmheán tacaíocht ard-teicneolaíoch do raon d'fhoinsí grafacha, téacsacha agus fuaime ar féidir leo cur go mór le tuiscint ar cheol. Trí leas a bhaint as dlúthdhioscaí nó as an idirlíon is féidir deiseanna a bheith ag páiste uirlisí ceoil éagsúla a fheiceáil agus a chloisteáil, go háirithe na huirlisí sin nach mbíonn teacht orthu go réidh ina t(h)impeallacht féin, uirlisí ceolfhoirne nó uirlisí traidisiúnta tíortha eile, mar shampla. Is féidir le páistí an gliondar a mhothú a ghabhann le hiniúchadh fuaime trí mheáin leictreonacha, le sealbhú scileanna agus coincheap de réir a ráta foghlama féin, agus a ghabhann freisin le taifeadadh a bpíosaí tobchumtha agus cumadóireachta féin, agus le hathbhreithniú a gcuid oibre go haonánach nó i gcomhar le páistí eile.
Trí láithreáin ghréasáin a úsáid tig le scoileanna, le ranganna agus le páistí aonair tuairiscí scríofa, amharcthuairiscí agus clostuairiscí ar a dtraidisiúin, ar a léirithe, ar a bpíosaí cumadóireachta agus ar a roghanna ceoil a roinnt ar a chéile. Is féidir léirithe beo a thraschur agus a ghlacadh ar bhonn comhair ó lucht éisteachta go lucht éisteachta agus sa chaoi sin is éasca éisteacht fócasaithe ar an toirt agus freagairt ghníomhach, a mbíonn cuspóir léi, a spreagadh. Is mó téama agus topaic a mbeadh ábharthacht áitiúil, réigiúnach nó domhanda ag baint leo a d'fhéadfaí a ullmhú agus a chur i láthair trí mheáin leictreonacha éagsúla agus a d'fhéadfaí a sheoladh chuig lucht éisteachta ar fud na hÉireann, ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.
Gluais
Mínítear téarmaí a úsáidtear sa churaclam agus a d'fhéadfadh bheith neamhchoitianta sa ghluais ar leathanaigh 94-96.
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna an churaclaim ceoil
- a chur ar chumas an pháiste taitneamh a bhaint as ceol, é a thuiscint agus léirmheas criticiúil a dhéanamh air
- oscailteacht, feasacht agus freagairt do raon leathan de chineálacha ceoil, ceol na hÉireann san áireamh, a fhorbairt sa pháiste
- cumas an pháiste ar idéanna, mhothúcháin agus eispéiris a chur in iúl trí cheol mar dhuine aonánach agus i gcomhair le daoine eile a fhorbairt
- a chur ar chumas an pháiste an acmhainn ceoil atá ann/innti a fhorbairt agus taithí a fháil ar an scleondar agus sásamh a bhaineann le bheith páirteach go gníomhach i gcruthú ceoil
- féinmheas agus féinmhuinín an pháiste a chothú trí bheith rannpháirteach i léiriú ceoil
- machnamh ar ardleibhéal agus foghlaim feadh saoil a chothú trí eolas, scileanna, coincheapa agus buanna ceoil a shealbhú
- cur le cáilíocht saoil an pháiste trí eispéireas aeistéitiúil ceoil.
Cuspóirí leathana
Agus a c(h)umais dhúchasacha agus tosca athraitheacha a chur san
áireamh go cuí, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam ceoil ar chumas an
pháiste
- acmhainní lánléiritheacha foinsí éagsúla fuaime a iniúchadh: an guth, uirlisí a rinneadh sa bhaile agus uirlisí saothraithe san áireamh
- éisteacht le raon leathan de cheol beo agus de cheol taifeadta ina léireofaí cineálacha agus stíleanna ceoil ó thréimhsí, ó chultúir agus ó ghrúpaí eitneacha difriúla, taitneamh a bhaint as an gceol sin agus freagairt dó
- íogaireacht do cheol a fhorbairt trí fhreagairt dó go fisiceach, leis an nguth, go mothaitheach nó go cognaíoch
- difríochtaí idir fuaimeanna agus tostanna a léiriú agus cur síos orthu, ag taispeáint tuiscint do bhuille, do luas, do ré, do thuinairde, do dhinimic, do chomhdhéanamh, do thondath, d'uigeacht agus do stíl
- ceol oiriúnach dá leibhéal ranga agus roghnaithe as raon de stíleanna agus de thradisiúin cheoil, le béim ar cheol na hÉireann, a léiriú leis an nguth agus le huirlisí
- na scileanna a chuireann le tuiscint do cheol agus atá riachtanach chun é/í féin a chur in iúl go cruthaitheach a shealbhú
- aithris chruinn a dhéanamh ar phatrúin rithimeacha shéiseacha agus feidhm á baint as an nguth, as gothaí (lámhchomharthaí), as cnagadh coirp agus as uirlisí saothraithe agus uirlisí a rinneadh sa bhaile
- frásaí agus píosaí ceoil a thabhairt chun cuimhne agus a léiriú le cnaguirlisí agus uirlisí séiseacha tiúnta agus neamhthiúnta agus sin a dhéanamh ó mheabhair nó ó nodaireacht, de réir mar a d'oirfeadh
- féinmhuinín agus neamhspleáchas a fhorbairt trí thionscnamh, trí chinnteoireacht, trí ghlacadh le freagracht as foghlaim go haonánach agus mar bhall de ghrúpa, agus trí ghníomhaíochtaí cumadóireachta a chleachtadh
- fuaimeanna a roghnú agus a struchtúrú chun a c(h)uid idéanna ceoil féin a chruthú
- patrúin rithimeacha agus séiseacha a thobchumadh mar fhreagairt do cheol, do ghluaiseacht, d'idéanna, do dhánta, do scéalta agus do shaothair ealaíne
- oiriúnacht agus éifeacht píosa ceoil a chum nó a thobchum sé/sí féin a phlé
- raon nodaireachta grafaí agus nodaireachta caighdeánaí a chumadh agus a úsáid
- píosaí a chum sé/sí féin a thaifeadadh le meáin leictreonacha.