Primary Schools

Aguisín

Gluais
Ballraíocht an Choiste Curaclaim don Oideachas Ealaíon
Ballraíocht an Choiste Curaclaim don Oideachas Ealaíon

Gluais

Glactar go coitianta leis na sainmhínithe laistíos mar shainmhínithe inoibrithe lena n-úsáid le curaclam na bunscoile agus leis na treoirlínte do mhúinteoirí.

aiceannan bhéim ar bhuille nó buillí i mbarra ar leith
armóindhá fhuaim nó níos mó a sheinntear nó a chantar le chéile
buillean chuisle chothrom leanúnach sa cheol
cabasacnaguirlis, cruth sorcóireach uirthi agus í clúdaithe le sreanganna de choirníní miotail a chasann gan bac ar a dromchla cuarach chun díoscán a dhéanamh
chomhartha amaan comhartha suite ag tús an cheoil a chuireann líon na mbuillí i ngach barra in iúl
cliathnodaireachtnótaí scríofa ar chliath chúig líne
cnagadh coirpúsáid a bhaint as codanna éagsúla an choirp chun fuaimeanna agus rithimí éagsúla a chruthú, m.sh. greadadh bos, satailt srl
cnaguirlisíuirlisí a bhuailtear nó a chroitear, m.sh. tambóirín, triantán; tugtar nóta sonrach ag tuinairde ceolchoirme do chnaguirlisí tiúnta; ní thugtar nóta sonrach do chnaguirlisí neamhthiúnta
comhdhéanamhplean iomlán píosa ceoil, m.sh. AB: dhá roinn i gcodarsnacht
cuislean 'chuisle' bhunúsach sa cheol
diatonachbunaithe ar na nótaí d, r, m, f, s, l, t, d'
dinimicglór nó boige píosa ceoil, m.sh. suantraí -- bog (p), máirseáil -- glórach (f)
dordánnóta nó nótaí fada marthanacha
eochair na tribile nóGan buanchomhartha tuinairde ag tús na cleithe chun an tuinairde bhuan darb ainm G a aithint
forshéispáirt bhreise taobh thuas de líne na séise in eochair na tribile
gléaschomharthaag tús píosa ceoil taispeánann sé suíomh doh
idirchéiman fad idir dhá nóta atá éagsúíl ó thaobh tuinairde
lámhchomharthaígothaí a úsáidtear chun tuinairde i sólfá a chur in iúl
luasluas na cuisle bunúsaí
méadaran bunchnuasach de bhuillí i ngach barra ceoil, mar a léirítear sa chomhartha ama
mionscálascála bunaithe ar na nótaí l, t, d, r, m, f, si, l', ag tosú ar lah in ionad doh, agus an seachtú nóta géaraithe (si)
mírroinn nádúrtha sa líne shéiseach; cosúil le habairt nó cuid d'abairt
mórscálascála bunaithe ar na nótaí d, r, m, f, s, l, t, d' - ainm eile ar an scála diatonach
mothúchánan cineál mothúcháin a chruthaítear trí cheol, m.sh. áthasach, brónach
ochtachan fad idir nótaí den ainm céanna, ocht nóta níos airde nó níos ísle: m.sh. D, E, F, G, A, B, C, D
ostinatopatrún ceoil a athdhéantar go leantach -- é rithimeach nó séiseach
rithimréanna éagsúla fuaime, fada agus gearr
rothlamséis amháin a ndéantar aithris bheacht uirthi ó thaobh tuinairde agus rithime líon ar bith de bhuillí níos déanaí; de ghnáth bíonn dhá mhír, trí mhír nó ceithre mhír inti agus athdhéantar í líon ar bith uaireanta.
scála módúilscála bunaithe ar na nótaí den mhórscála ach ag tosú agus ag críochnú ar nóta seachas doh; m.sh. mód re: r, m, f, s, l, t, d', r'
scála peinteatonachscála chúig nóta: d, r, m, s l, ata in úsáid go foirleathan i gceol tíre. Tig le scálaí peinteatonach tosnú ar nóta ar bith: m.sh. is iad na nótaí m, s, l, d, r, atá i scála peinteatonach mi. Is féidir scála peinteatonach a sheinm ar nótaí dubha an phianó: m.sh. ag tosú ar F is iad na trí nótaí tosaigh le chéile ná d, r, m, agus an chéad dá nóta dubha eile ná s agus l
siollaí rithimefocail nó siollaí a úsáidtear chun ré a léiriú sa rithim
sioncóipiúteagmhais aiceann nach bhfuiltear ag súil leo i gceol méadrach
slatnodaireachtcineál luathscríbhneoireachta a úsáidtear chun rithim a bhreacadh síos go tapa agus go héasca; m.sh. léirítear croisín mar: | agus camán mar:
sólfá tonachainmneacha tuinairde inaistrithe: d, r, m, f, s, l, t, d'
sos

easpa fuaime ar feadh achair shonraigh, de réir an chomhartha ceoil, m.sh.

sos

stíltagraíonn sí do theaglam de luas, tondath agus dinimic
tondathan fhuaim shainiúil thréitheach a thugann uirlisí éagsúla ceoil, m.sh. trumpa, veidhlín
tremolóathrá nóta amhaín nó iomlaoid dhá nóta go tapa
tuinairdetéarma a thagraíonn do cháilíocht airde-ísleachta d'fhuaim cheoil
uigeachttagraíonn sí do theaglamaí fuaimeanna: fuaimeanna singile nó fuaimeanna le chéile

Ballraíocht an Choiste Curaclaim don Oideachas Ealaíon

Ullmhaíodh an curaclam seo ag an gCoiste Curaclaim don Oideachas Ealaíon a bhunaighan Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

CathaoirlighKieran GriffinCumann Múinteoirí Éireann
 Michael O'ReillyCumann Múinteoirí Éireann
Baill an choisteEibhlín de Ceannt (ó 1995)Roinn Oideachais agus Eolaíochta
 Evelyn Dunne-Lynch (go 1995)Comhairle Náisúnta na dTuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Sarah Gormley (ó 1995)Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Michelle Griffin (go 1996)Cumann Múinteoirí Éireann
 Sr Maria HylandAontas na Siúracha/mBráithre Teagaisc Bunscoileanna
 Maureen Lally-O'DonoghueCumann Múinteoirí Éireann
 Pádraig Mac SitricRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Dympna MulkerrinsCumann Múinteoirí Éireann
 Emer Nic Aogáin (go 1995)Roinn Oideachais agus Eolaíochta
 Páilín Nic AogáinCumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha
 Kay O'BrienBainisteoireacht na gColáistí Oideachais
 Noel Ó CeallaighCónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
 Ruairí Ó CillínRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Colum Ó CléirighCónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
 Br Padraig Ó Riain (go 1995)Aontas na mBráithre/Siúracha Teagaisc Bunscoileanna
 Gilllian Perdue (go 1993)Bord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 Joy ShepherdBord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 Máire Uí RinnCumann Múinteoirí Éireann
 Goretti Uí ThnúthailCumann Múinteoirí Éireann
Oifigigh oideachaisRíona Ní Mhurchú 
 Catherine Walsh 

Ballraíocht an Choiste Comhordaithe Bunscolaíochta

Chun obair na gCoistí Curaclaim a chomhordú is ea a bunaíodh an Coiste Comhordaithe Bunscolaíochta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

CathaoirleachTom Gilmore 
Baill an choisteSéadhna de Blán (ó 1995)Bord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 Liam Ó hÉigearta (ó 1996)Roinn Oideachais agus Eolaíochta
 Dympna Glendenning
(ó 1995)
Cumann Múinteoirí Éireann
 Fionnuala Kilfeather
(ó 1995)
Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Bunbhrainse
 Ath Gearóid Mac Conmara (ó 1995)Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha
 Peadar Ó MaoláinCumann Múinteoirí Éireann
 Síle Ní Núnáin (ó 1995)Cumann Múinteoirí Éireann
 Eugene WallCónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
ComhordaitheoirCaoimhe Máirtín (go 1995) 
LeasphríomhfheidhmeannachLucy Fallon-Byrne (ó 1995) 
PríomhfheidhmeannachAlbert Ó Ceallaigh 

Cathaoirligh na Comhairle: Dr Tom Murphy (go 1996), Dr Caroline Hussey (ó 1996)

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie