Primary Schools

Pleanáil sa seomra ranga don mhatamaitic

Eagar an tseomra ranga

Bainisteoireacht an tseomra ranga

Is é an seomra ranga láthair oibre na múinteoirí agus na bpáistí araon. Méadaíonn láthair oibre dea-stiúrtha sásamh, agus cuireann sí leis an bpróiseas foghlama. Éascaíonn pleanáil comhar agus an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní agus spás. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an méid seo, go háirithe nuair a bhíonn matamaitic á chomhtháthú le hábhair eile léinn. Mar chuid den chomhtháthú le tíreolaíocht d'fhéadfadh go mbeadh léarscáileanna nó comhchruinneáin ag teastáil. Bheadh fearas eolaíochta ag teastáil d'obair ar thoilleadh. Tugann comhtháthú na matamaitice le gnéithe eile den churaclam deis do pháistí an mhatamaitic a úsáid go feidhmiúil.

Láthair na matamaitice

Go hidéalach is clár oibre ina shaorsheasamh ar a ndéanann páistí a gcuid trialacha agus ar a dtaispeánann siad a dtorthaí láthair na matamaitice. Chomh maith leis sin bíonn spás ar bhallaí ag teastáil chun cairteacha, luaschártaí agus torthaí obair na bpáistí a thaispeáint. D'fhéadfadh gur cófra nó seilfeanna é an clár oibre seo, agus d'fhéadfaí é a úsáid chun fearas nach mbeadh in úsáid a stóráil. Ní foláir idir thaispeántais mhatamaiticiúla agus threalamh a athrú de réir riachtanais an tsnáithe atá faoi chaibidil má táthar chun breathnú orthu mar fhíoráiseanna éifeachtacha.

Úsáid éifeachtach fearais

Is dóichí go léireoidh páistí a bheidh gafa go gníomhach le tasc struchtúrtha iompar dearfa sa seomra ranga, agus scaoilfear an múinteoir saor chun saothrú le páiste eile nó le grúpa eile de pháistí. Tá sé tábhachtach go roinnfeadh páistí freagracht ar a chéile maidir le húsáid chuí agus stóráil an trealaimh, mar forbraíonn sé seo neamhspleáchas iontu.

Ba chóir go mbeadh cairteacha a léireodh idir fhearas le lipéid air agus an téarmaíocht a bhíonn in úsáid le feiceáil acu siúd a bhíonn ag obair sa láthair. Tugann siad seo saoirse agus neamhspleáchas do na páistí oibriú leo ar thasc gan cur isteach orthu. Nuair is féidir, ba chóir go mbeadh áit taifeadta ar fáil sa chóngar nó d'fhéadfadh na páistí fáiscbhoird a úsáid le haghaidh taifeadta ar an láthair. D'fhéadfaí freisin pócaí de bhileoga oibre agus dathchód nó uimhirchód orthu a chur ar fáil chun go mbeadh ar chumas na bpáistí oibriú leo go neamhspleách.

Matamaitic sna ranganna sinsearacha

Ba chóir leanúint d'úsáid láimh seognuair a bhíonn iniúchadh matamaiticiúil ar siúl ag na hardranganna. Meastar go mbeidh béim níos mó fós ar réiteach fadhbanna agus ar úsáid samplaí bunaithe ar shuímh san fhíorshaol, mar shampla faisnéis atá ar fáil i nuachtáin nó i siopaí áitiúla a úsáid. Is féidir feidhm a bhaint as áireamháin chun déileáil le huimhreacha móra, ach ba cheart na páistí a spreagadh le cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá le hiad a úsáid sa chomhthéacs áirithe agus le bheith féinmhuiníneach á n-úsáid. Is anseo a bheidh tábhacht lena scileanna forásacha meastacháin.

Áit a mbíonn ríomhairí ar fáil is féidir an-leas a bhaint astu chun sonraí a léiriú agus a léirmhíniú nuair a bhíonn tionscadail traschuraclaim ar siúl agus chun tátail a bhaint as na sonraí a bhailítear.

Is féidir obair ar chéatadáin shimplí agus a ngaol le codáin agus le deachúlacha a chomhcheangal le samplaí dá n-úsáid go praiticiúil sa timpeallacht agus i bhfógraíocht. Is
ceart cloí le huimhreacha beaga simplí d'fhonn daingniú na gcoincheap a chur chun cinn.

Nuair is féidir é ba chóir go mbeadh láimhsiú agus ionramháil cruthanna mar chuid den obair ar chruth agus spás.

Difríocht aonair

Tá ábhar churaclam na matamaitice seicheamhach agus ag brath ar eolas a gnóthaíodh ag gach leibhéal. Bíonn pleanáil chúramach ag teastáil, mar sealbhaíonn páistí na scileanna riachtanacha i slite éagsúla agus ag a ráta pearsanta féin. I bpleanáil seichimh de cheachtanna ar thopaic caithfidh an múinteoir leibhéil ullmhachta na bpáistí a thástáil. Is féidir é seo a dhéanamh le réamhtheist nó le linn athbhreithnithe. Úsáidtear an t-eolas a bhailítear chun páistí a ghrúpáil, más gá. Leantar le tréimhsí de rangtheagasc díreach, agus glacann páistí páirt san obair ar an gclár dubh nó ar an osteilgeoir ag a leibhéil féin. Cuirtear béim ar mhianach a n-iarrachtaí, mar shampla mar a tháinig siad ar chonclúid, mar a d'úsáid páistí áirithe modhanna difriúla, achoimriú ar an méid atá déanta, nó straitéisí a aithint a bheadh áisiúil ag déileáil le tasc.

D'fhéadfadh cluichí a bheith anúsáideach sa mhatamaitic. Athdhaingníonn cluichí le cártaí agus le díslí aithint uimhris, agus cuidíonn siad le bunú straitéisí. Spreagann siad comhoibriú agus uainíocht. Ba cheart don mhúinteoir struchtúr a chur ar na gníomhaíochtaí seo, agus d'fhéadfadh sé/sí an chúis le cluiche a imirt i slí áirithe a phlé leis na páistí. Is féidir le páistí atá níos sine a gcluichí boird féin a chumadh. Tabharfaidh siad faoi deara go tapa cad a tharlaíonn má chuireann siad an iomad pionós isteach, mar shampla an iomad nathracha i gcluiche boird ar nós nathracha agus dréimirí. Tagann trá ar an sult nuair is beag an seans atá ann bua a bhaint amach.

Go minic, teipeann ar pháistí sa mhatamaitic toisc nach mbíonn máistreacht acu ar ábhar a bhain le hócáid foghlama roimhe sin, mar shampla comhfhreagras aon lena haon, sraitheanna nó neamhathraitheacht uimhris. Cuireann díth teanga nó díth léitheoireachta bac ar pháiste maidir le fadhbanna scríofa. Is féidir teacht timpeall air seo trí thascanna a chur i láthair go nithiúil, go pictiúrtha nó go diagramach nó le pictiúir mar thaca le focail. Cuireann easpa tuisceana do threo, d'am agus do choibhneasa spásúla isteach ar fhoghlaim na matamaitice agus má bhíonn easnamh sa chuimhne ní féidir leis an bpáiste fíorais uimhris a mheabhrú go héasca.

I bpleanáil sraitheanna teagaisc ní mór don mhúinteoir machnamh a dhéanamh ar na gnéithe seo agus forbairt straitéisí malartacha a chothú. Is mór an chabhair é pointí tagartha pearsanta a bhunú do thomhas, mar shampla tá leithead de thuairim is ceintiméadar i mo lúidín, má shínim mo ghéag amach tá tuairim is méadar ó bharr mo mhéire go dtí mo mhuineál. Is féidir le pointí tagartha le lipéid sa seomra ranga cabhair a thabhairt don pháiste i meastachán ar airde is ar leithead, mar shampla tá seilf leabhar áirithe méadar go leith ar airde agus táimse beagnach chomh hard leis sin; déanann ceithre thíl chairpéid méadar cearnach.

Baineann gach dalta tairbhe as straitéisí le haghaidh fíoras uimhris a úsáid. Foghlaimíonn sé/sí na fíorais uimhris 'is fusa' ar dtús (1, 2, 5, 10) agus úsáideann sé/sí iad seo chun cinn eile a thógáil agus leas á bhaint as dúbailtí, as gardhúbailtí agus as patrúin corruimhreacha agus réuimhreacha. Tá na straitéisí seo anchabhrach do pháistí le fadhbanna cuimhne.

Tá sé tábhachtach freisin machnamh a dhéanamh ar an bpáiste a bhfuil luí ar leith aige/aici leis an matamaitic. Is féidir fadhbanna níos deacra nó níos casta a thabhairt le réiteach do pháiste dá leithéid seachas é/í a bhrú ar aghaidh roimh am. Tá fadhbanna le dhá chéim nó trí chéim nó fadhbanna ceannoscailte níos deacra, agus is dúshlán iad sin. A luaithe a mbíonn tuiscint bainte amach i gcoincheap is fearr é a úsáid i ngníomhaíochtaí réitigh fadhbanna seachas í a úsáid an iomad i gcleachtaí meicniúla ríomhaireachta. Cuireann sraitheanna de chártaí oibre céimnithe ar chumas na bpáistí oibriú leo ag a ráta féin agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sínteacha.

Cuimsíonn clár comhchothrom matamaitice coincheapa, scileanna agus réiteach fadhbanna, agus ba chóir dó nirt agus laigí an pháiste a chur san áireamh. Is féidir teicneolaíocht an ríomhaire agus an áireamháin a úsáid go héifeachtach in oideachas feabhais agus i ngníomhaíochtaí sínteacha don pháiste tréitheach araon.

Measúnú ar obair páistí sa mhatamaitic

Is cuid dhílis den phróiseas teagaisc agus foghlama é measúnú. Úsáideann múinteoirí teicníochtaí measúnaithe gach lá. Bunaíonn siad a gcuid cinnteoireachta maidir le cad tá le múineadh agus conas é a mhúineadh ar thorthaí a mbreathnóireachta ar na páistí agus ar an aiseolas a fhaigheann siad ón obair a bhíonn ar siúl ag na páistí. De ghnáth, bunaítear na tuairiscí a thugtar do na tuismitheoirí ar thorthaí trialacha agus ar mheasúnú an mhúinteora ar chur chuige an pháiste don ábhar léinn féin.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie