Primary Schools

Pleanáil sa scoil don mhatamaitic

Pleanáil curaclaim

Ba chóir an plean scoile a bheith cuimsitheach agus cothrom agus a bheith ina scáthán de shainriachtanais phobal na scoile. Tharlódh go mbraithfeadh cur i bhfeidhm an churaclaim matamaitice seo ar athbhreithniú ar an bplean scoile atá i bhfeidhm i scoileanna ag an am seo. D'fhéadfadh gur ghá don scoil a bheartú conas na gnéithe nua a fhí isteach sa phlean scoile atá ann faoi láthair.

Ábhair teagaisc

Beidh gá le hábhair teagaisc ag gach leibhéal ranga agus i ngach snáithe. De réir mar a fhorbraíonn páistí a stíleanna pearsanta foghlama, ní foláir dóibh taithí a fháil ar ábhair éagsúla mar aon le saoirse roghnú astu seo le linn tasc matamaiticiúil a iniúchadh.

Fearas

Ba chóir go mbeadh go leor fearais sa seomra ranga chun freastal ar ghrúpa amháin de pháistí ar a laghad. Má tá páistí chun foghlaim trí ghníomhú ní mór dóibh gníomh a dhéanamh. Tugtar liosta de roinnt fearais mhatamaiticiúil ar chúl na cáipéise seo. Is féidir le páistí rudaí a bhailiú le haghaidh comhairimh agus sórtála, agus d'fhéadfaí iad seo a choimeád ar thráidire ar bhinse lena n-úsáid ag grúpa nó ag páiste aonair de réir mar is gá.

Téacsleabhair agus bileoga oibre

Tá tábhacht ag baint le húsáid bileoga oibre a bheartaíonn an múinteoir. Spreagann sé seo múinteoirí chun a gcuid oilteachta a roinnt ar a chéile agus chun an obair a athchóiriú ar mhaithe le riachtanais ranga nó scoile áirithe. Is féidir leis an bhfoireann téacsleabhair a mheas agus a mhéid a fhreagraíonn siad do chuspóirí an churaclaim a mheá. Ba chóir go mbeadh freastal cothrom á dhéanamh ar na snáitheanna go léir, ilghnéitheacht i gcur i láthair fadhbanna agus béim ar úsáid láimhseog ar na critéir a chuirtear san áireamh agus téacsleabhar á roghnú. Ba chóir go spreagfadh téacsleabhair imscrúdú agus go gcuirfidís deiseanna le haghaidh iniúchta ar fáil don pháiste. B'fhiú raon de théacsleabhair dhifriúla a roghnú i ngeall ar an gcaoi a láimhsíonn siad snáitheanna ar leith agus iad a bheith ar fáil don rang. Chun an curaclam seo a chur i bhfeidhm ní mór obair a chur i láthair na bpáistí i raon leathan de shlite. Bheadh bailiúchán de leabhair dhifriúla mhatamaitice a bheadh ar fáil sa seomra ranga nó pócaí de bhileoga oibre grádaithe cabhrach agus obair leathnaitheach á cur ar fáil do pháistí a mbeadh máistreacht ar choincheap bainte amach acu. Cabhraíonn sé le páistí a bheith níos neamhspleáiche i mbun oibre ach 'bileoga leide' agus noda orthu faoin gcaoi le tabhairt faoi fhadhb a réiteach a thabhairt dóibh.

Áireamháin agus ríomhairí

Is féidir cur i bhfeidhm an churaclaim seo a shaibhriú trí áireamháin agus ríomhairí a úsáid. Is cuid den chlár do ranganna 4 go dtí 6 iad áireamháin. Beidh ar scoileanna polasaí coiteann a cheapadh maidir leis an saghas áireamháin a úsáidfear sa scoil, an líon díobh a bheidh ag teastáil, agus conas a dhéanfar iad a dháileadh.

Teanga agus modheolaíocht na matamaitice

Tá cur chuige coiteann teagaisc i réimsí deacrachta mar dhealú, iolrú nó chodáin an-tábhachtach chun leanúnachas agus comhsheasmhacht a dheimhniú. Is féidir le polasaí scoile sna réimsí seo cuidiú go mór le múinteoirí agus iad ag aistriú ó rang amháin go ceann eile nó le hionadaithe fadtéarmacha. Ba chóir an polasaí seo a chur in iúl do thuismitheoirí i dtreo is go gcuideoidís go héifeachtach in obair bhaile a bpáistí. Is ábhar léinn anstruchtúrtha í an mhatamaitic, agus ní foláir an bonn a leagan síos go críochnúil roimh ghluaiseacht ó leibhéal amháin oibre go leibhéal níos airde. Moltar obair shínteach ar aonad nó i roinnt snáitheanna a dhéanamh seachas dul chun cinn go hingearach amháin trí thopaic. Cuidíonn úsáid scileanna matamaiticiúla i slite éagsúla le hathdhaingniú, mar feiceann an páiste an chúis le haistriú na scileanna sin.

Is féidir breathnú ar mhatamaitic mar theanga inti féin a bhfuil foclóir agus gramadach dá cuid féin aici. Ní foláir í a labhairt sula léitear í agus í a léamh sula scríobhtar í. Bíonn ciall nua ag roinnt focal coitianta nuair a úsáidtear sa mhatamaitic iad, agus is féidir leo seo na páistí a chur trí chéile, mar shampla corr, comhair, agus difríocht. Ní mór don scoil ina hiomláine úsáid éifeachtach chruinn theanga na matamaitice a chur chun cinn.

Measúnú agus clárú

Is gnéithe tábhachtacha iad measúnú agus clárú agus tuairisc á coimeád ar leanúnachas dhul chun cinn an pháiste. Ba chóir measúnú a dhéanamh sna snáitheanna go léir sa chlár matamatice. Ba cheart do scoileanna polasaí coiteann a bheith acu maidir leis an leagan amach agus leis an téarmaíocht a úsáidfí i mbileoga taifeadta. D'fhonn déileáil le difríochtaí aonair tá polasaí scoile ar mheasúnú, ar theagasc feabhais agus ar athbhreithniú riachtanach. Ba chóir tabhairt faoi na fadhbanna a bhaineann le
soláimhsitheacht uirlisí measúnaithe agus le stóráil eolais ag leibhéal na scoile. Ní foláir aon eolas a éiríonn as measúnú a úsáid go discréideach. Ba cheart, freisin, machnamh a dhéanamh ar a mhinice a chuirtear trialacha.

Cuidíonn measúnú leis an múinteoir agus leis an bpáiste ar bhealaí éagsúla:

  • is féidir leis dul chun cinn na bpáistí i snáitheanna éagsúla churaclam na matamaitice a thaispeáint agus sa chaoi sin bunús a chur ar fáil chun an obair sna réimsí sin a phleanáil amach anseo
  • is féidir leis dul ar aghaidh tomhaiste a aimsiú san obair trí neart agus laigí in obair ghrúpa áirithe páistí a nochtadh nó trína n-ullmhacht chun tabhairt faoi thopaic nua a léiriú
  • is féidir ról fáthmheasach a bheith aige in aithint réimsí ar leith a bhfuil deacracht ag páiste leo agus ina bhfuil cabhair bhreise de dhíth air/uirthi.

Cuireann sé le taitneamh na bpáistí don mhatamaitic má spreagtar iad chun teicníochtaí féinmheasúnaithe a úsáid, agus déanann sé rannpháirtithe níos gníomhaí díobh ina gcuid foghlama. Is féidir an méid seo a aimsiú má iarrtar orthu breathnú ar a gcur chuige féin chun teacht ar réiteach agus a rá conas a d'fhéadfaidís an t-eolas sin a úsáid amach anseo.

Pleanáil eagair

Bíonn pobal iomlán na scoile gafa le pleanáil eagair don mhatamaitic. Sa phleanáil sin, ba chóir machnamh a dhéanamh ar na hacmhainní riachtanacha, ar pholasaí na scoile maidir le hobair bhaile, agus ar chaidreamh idir an baile agus an scoil, mar shampla. Ní foláir dul i gcomhairle le tuismitheoirí agus leis an mbord bainisteoireachta má táthar chun an curaclam seo a chur i bhfeidhm le tairbhe, agus ní foláir freisin saincheisteanna a éiríonn as pleanáil churaclam na matamaitice a phlé. Ba chóir go n-oibreodh an saghas seo pleanála ar mhaithe le hullmhú an mhórphlean scoile a ndéanfaidh an bord bainisteoireachta athbhreithniú air. Laistigh de raon na n-acmhainní a bheidh ar fáil dó, tabharfaidh an bord tacaíocht d'fhorbairt agus do chur i bhfeidhm an phlean scoile.

Acmhainní

Tá sé riachtanach gur féidir teacht ar sholáthar cuí d'ábhair teagaisc oiriúnacha chun cur chuige taighdeach i múineadh na matamaitice a fhorbairt. Caithfear cinneadh a dhéanamh maidir le ceannach, stóráil agus inshroichteacht fearais. Ní mór ábhair áirithe a bheith ar fáil go laethúil ag leibhéil áirithe ranganna, agus ní bheidh gá le nithe eile ach anois is arís. Tá sé tábhachtach go mbeidh polasaí leagtha síos go soiléir maidir le hinshroichteacht an fhearais seo i dtreo is go mbainfear an úsáid is mó as. Is mór an áis é, freisin, polasaí a bheith ag an scoil maidir le deisiú nó athsholáthar ábhar loite.
D'fhéadfadh an fhoireann socrú a dhéanamh chun fearas a stóráil go lárnach, ag leibhéal ranga nó de réir snáitheanna, mar shampla Tomhais nó Cruth agus spás. D'fhéadfaí, freisin, bileoga oibre úsáideacha nó saotharleabhair ar thopaic a bhailiú agus a stóráil leis an bhfearas.

Obair bhaile

Ba cheart breathnú ar obair bhaile mar athneartú, mar tugann sé deis chun eispéiris a tosaíodh sa seomra ranga a leathnú, mar shampla obair le toilleadh nó achar seomra a aimsiú. Cothaíonn sé scileanna eagraithe agus an cumas dul i mbun oibre go neamhspleách. Agus plean scoile á fhorbairt, ní foláir machnamh a dhéanamh ar pholasaí don obair bhaile. Cruthaíonn obair bhaile caidreamh idir baile agus scoil. Tá sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí maidir leis an téarmaíocht cheart agus namodhanna atá in úsáid ag na páistí, agus ba chóir na tascanna san obair bhaile a bheith réalaíoch, praiticiúil, agus ábhartha. Is féidir le múinteoirí foirmeacha malartacha den obair bhaile a thabhairt, mar shampla taighde a dhéanamh sa leabharlann áitiúil nó scileanna tomhais a úsáid i gcócaireacht.

Caidreamh idir an baile agus an scoil

Tá tábhacht le cumarsáid idir múinteoirí agus Caidreamh idir an baile agus an scoiltuismitheoirí maidir le hábhar chlár na matamaitice agus leis na modhanna teagaisc atá á n-úsáid. Is féidir gníomhaíochtaí don obair bhaile a mholadh agus tábhacht ullmhacht an pháiste do thopaicí nua a mhíniú.
Is féidir le tuismitheoirí cabhrú lena bpáistí go neamhfhoirmiúil ach iad a spreagadh le bheith cruinn in úsáid teanga matamaiticiúla agus in úsáid uimhris, meastacháin agus straitéisí meabhracha ina saol laethúil. Is féidir a threisiú a thábhachtaí is atá sé deiseanna chun iniúchta agus chun súgartha le rudaí mar ghaineamh, uisce, bhrící nó bhlocanna a bheith ag páistí óga.

Is féidir le tuismitheoirí eolas úsáideach a chur ar fáil don mhúinteoir maidir le luath-thaithí an pháiste le huimhreas nó le matamaitic. Beidh ar a gcumas freisin cur le tuiscint an mhúinteora maidir le dearcadh an pháiste i leith na matamaitice agus an úsáid a bhaineann sé/sí as matamaitic sa saol laethúil.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie