Réamhrá
Glactar le matamaitic mar cheann de na heolaíochtaí agus tugtar cuntas agus sainmhíniú uirthi i mórán slite difriúla.
Is gníomhaíocht chruthaitheach í agus ceann de na ranna is úsáidí, is mealltaí agus is spreagúla de raon iomlán eolais an chine dhaonna. Is próiseas í chun eolas a láimhsiú agus a chur i láthair, a bhfuil d'inmhe inti fadhbanna praiticiúla a thuar agus a réiteach mar aon lena chur ar chumas an duine aonair réimsí nua samhlaíocha saoil a chruthú agus a iniúchadh. Úsáidimid sa ghnáthshaol laethúil í, san eolaíocht, i dtionscail, i gcúrsaí gnó, agus inár gcuid saor-ama.
Baineann oideachas matamaiticiúil le sealbhú, le tuiscint agus le cur i bhfeidhm scileanna. Tá tábhacht cheannasach ag litearthacht mhatamaiticiúil i soláthar na scileanna atá riachtanach don pháiste chun saol iomlán a chaitheamh mar pháiste agus ina dhiaidh sin mar dhuine fásta. Tá daoine ag teastáil sa tsochaí ar féidir leo smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil agus a aithníonn suímh inar féidir matamaitic a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach. Ní foláir a bheith in ann ciall a bhaint as sonraí a mbíonn teagmháil leo sna meáin chumarsáide agus a bheith cumasach maidir le litearthacht ghairmiúil mhatamaiticiúil agus teicneolaíocht oiriúnach a úsáid i dtaca leis na feidhmeanna sin. Beidh an curaclam seo ar na príomhfhachtóirí in ullmhú páistí chun déileáil le riachtanais na chéad aoise ar fhichid.
Ní mór matamaitic a chur i bhfeidhm i go leor ábhar léinn. Sa stair agus sa tíreolaíocht bíonn ábharthacht ar leith ag baint le cumas sonraí a léirmhíniú agus a láimhsiú. Tá gaol ag Tomhais agus Cruth agus spás le hoideachas ealaíon, le corpoideachas agus le tíreolaíocht. Tugann comhtháthú cúis agus spreagadh don pháiste scileanna agus coincheapa matamaiticiúla a fhorbairt ar féidir iad a úsáid sna hábhair léinn go léir. Tá uimhearthacht agus meastachán sonrach don mhatamaitic, agus úsáidtear meastóireacht ar thorthaí, aistuairisciú, tuar agus réasúnaíocht sa mhatamaitic agus tríd an gcuraclam ar fad.
Matamaitic i gcuraclam páistelárnach
Foghlaimíonn an páiste ó dhaoine agus ábhair mórthimpeall air/uirthi. Is í taithí ar an domhan sóisialta agus fisiceach an fhoinse le haghaidh coincheap, idéanna, fíoras agus scileanna. Is é comhtháthú na n-eispéireas seo an táthchuid bhunúsach. Má thugtar deis don pháiste chun rudaí a chuidíonn leis/léi tuiscint ar choincheapa a bhaint amach a láimhsiú, a fheiceáil agus a thadhall, is fearr a shealbhóidh sé/sí tuiscint ná mar a dhéanann sé/sí trí fhocail agus shiombailí amháin a úsáid mar uirlisí foghlama. Go minic ní leor foghlaim fhionnachtana inti féin. Bíonn treoir de dhíth ar an bpáiste chun teoiricí a chur i bhfocail faoi pé rud a bhíonn á aimsiú aige/aici. Bíonn cabhair ag teastáil ón bpáiste freisin, chun foclóir a fhorbairt le cuntas cruinn a thabhairt ar an ngnó a bhíonn idir lámha aige/aici. Bíonn ról bunúsach ag an múinteoir agus ag a p(h)iaraí in eispéireas oideachasúil an pháiste. Ar deireadh thiar, áfach, is é/í an páiste féin a chruthaíonn an chothromaíocht idir a c(h)uid eolais agus eolas na ndaoine mórthimpeall air/uirthi.
Tógálachas
Tá cur chuige tógálach lárnach sa churaclam matamaitice seo. Chun matamaitic a fhoghlaim ní mór do pháistí a struchtúir phearsanta inmheánacha féin a thógáil. Faoi mar a tharlaíonn sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht, cumann na páistí a mbealaí oibre féin. Glactar leis gur gá do pháistí céim an litrithe chumtha a eispéiriú sula gcuireann siad tús le coincheap de struchtúr an litrithe a fhorbairt. Is amhlaidh atá don mhatamaitic leis. Déanann páistí óga iarracht rudaí sa timpeallacht a chomhaireamh nó a chur in ord, agus forbraíonn siad rialacha mar chabhair dóibh féin. Ba chóir iad a spreagadh chun na straitéisí pearsanta seo a thástáil agus chun iad a scagadh trí dhíospóireacht agus trí pháirt a ghlacadh i raon leathan de thascanna.
Is san fhearann idirphearsanta is fearr is féidir le páistí na hidéanna a chumann siad a thástáil agus mionathruithe a dhéanamh orthu ag éirí as an idirghníomhaíocht seo. Ag obair ar bhealach tógálach dóibh gníomhaíonn páistí i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga de ghnáth chun fadhbanna a réiteach go comhoibritheach. Is féidir tascanna scríofa ar bhileog amháin a thabhairt do ghrúpaí de bheirt nó triúr páistí. Mar sin bíonn orthu dul i gcomhairle, plé agus comhoibriú le chéile. Saothraíonn páistí ag a ráta féin ach spreagtar iad chun an tasc a chomhlíonadh chomh hiomlán agus is féidir leo laistigh d'am áirithe. Bítear ag súil leis go léireoidh siad meas ar fhreagraí a chéile, nach gcaithfidh siad amhras ar réasúnaíocht páirtithe agus go bpléifidh siad an seicheamh smaoinimh a úsáideadh sa phróiseas.
Breathnaíonn an teoiric shochchultúrtha seo ar fhorbairt chognaíoch mar thoradh ar idirghníomhaíocht shóisialta idir pháirtithe a réitíonn fadhbanna le chéile. Glactar le tábhacht an teaghlaigh agus na clainne i bhfoghlaim an pháiste agus cuireann sé béim ar idirghníomhaíocht ghrúpa. Is cur chuige próisis é seachas ceann atá céimnithe méadaitheach.
Cur chuige amháin atá in úsáid is ea scaflú. Sa chás seo déanann an múinteoir mionathrú, de réir riachtanais an pháiste, ar mhéid na tacaíochta trí mhúnlú a dhéanamh ar an iompar, mar shampla, modhanna inar féidir dul i ngleic le fadhb. Briseann an múinteoir an fhadhb i gcodanna, chun cur le soláimhsitheacht an taisc don pháiste aonair, agus sa tslí sin tacaítear le forbairt a scileanna i réiteach fadhbanna.
Trí dhíospóireacht éiríonn an páiste eolach ar thréithe taisc. Ní foláir é/í a ghríosú chun an foclóir ceart atá ag teastáil don tasc áirithe a úsáid. Tá páistí óga an-fhéinspéiseach agus is trí idirghníomhaíocht shóisialta a thosaíonn siad ar thuairimí daoine eile a léirthuiscint. Cuimsíonn seichimh teagaisc idir dhíospóireacht, thaithí phearsanta agus iniúchadh praiticiúil mar chuid de theagasc leantach.
Mar dhaoine fásta bímid ag súil go n-iompróidh rudaí iad féin ar bhealach seasmhach ar féidir iad a thuar. Ní foláir do pháistí foghlaim conas na cáilíochtaí éagsúla a láimhsiú agus a úsáid i dtreo is go gcumfaidh siad a rialacha agus a struchtúir féin chun déileáil leis an saol. Tá tábhacht ar leith leis seo sa mhatamaitic.
Ní mór do pháistí a oibriú amach cathain is cóir plean áirithe a úsáid agus cad a theastaíonn uathu a bhaint amach, mar aon leis an modh oibre féin chun an tasc a chomhlíonadh. Le taithí ar go leor saghsanna difriúla fadhbanna, cuireann siad lena n-eifeacht féin. Dá leithne raon na bhfadhbanna a mbíonn teagmháil acu leo is ea is dóichí go ndéanfaidh siad ginearálú ar na rialacha agus go n-úsáidfidh siad iad i suímh nua.
Cé go bhfuil teagasc díreach antábhachtach sa mhatamaitic, ní mór do pháistí a straitéisí foghlama féin a fhorbairt chomh maith. Caithfimid na páistí a mhúineadh chun breathnú ar an gcaoi ar tháinig siad ar thoradh seachas díriú ar an bhfreagra mar chuspóir ann féin.
Bíonn traenáil i scileanna comhair agus comhoibrithe de dhíth ar pháistí chomh maith le scileanna éisteacht le tuairimí daoine eile, glacadh leo agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Tá na scileanna seo infheidhme tríd an gcuraclam ar fad. Moltar obair a dhéanamh ar fhadhbanna ceannoscailte ina leagtar béim ar úsáid scileanna agus ar dhíospóireacht seachas réiteach ar leith a lorg. Is féidir go leor modhanna a úsáid chun tasc matamaiticiúil a réiteach.