Primary Schools

Cur chuige agus modhanna teagaisc

Cur chuige teagaisc

Tabharfaidh múinteoirí faoi deara go gcuimsíonn na hathruithe ar an gcuraclam seo idir athruithe ábhair agus athruithe sna modhanna teagaisc araon. Tugadh topaicí nua isteach agus fágadh topaicí eile ar lár, rinneadh athshuíomh orthu nó cuireadh béim nua orthu sa churaclam. Táthar ag súil leis go rachaidh na hathruithe breise seo chun feabhas a chur ar oideachas matamaiticiúil an pháiste agus go ndéanfar a t(h)aitneamh agus a s(h)uim san ábhar a mhéadú dá mbarr.

Díospóireacht faoi threoir agus scileanna díospóireachta

Cuireann an curaclam seo an-bhéim ar dhíospóireacht idir páiste agus páiste agus idir an múinteoir agus an páiste. Sa tslí seo soiléiríonn an páiste a c(h)uid smaointe agus méadaíonn ar a f(h)éinmhuinín agus ar a f(h)éinmheas. Ba chóir go mbeadh na hidirghníomhaíochtaí idir an múinteoir agus an páiste bunaithe ar dhíospóireacht seachas ar cheistiúchán amháin. Cothaíonn an straitéis seo forbairt scileanna, agus is uirlis éifeachtach i bhforbairt theanga na matamaitice í.

Ní foláir páistí a oiliúint i scileanna díospóireachta sular féidir leo iad a úsáid go héifeachach i ngrúpa. Is scileanna riachtanacha iad uainíocht, freagairt dhearfa ar thuairimí daoine eile, agus tuairim a nochtadh go féinmhuiníneach. Is scileanna iad ar féidir iad a aistriú ní hamháin ar fud an churaclaim ach go dtí an saol réalaíoch. Ní mór go mbeidh páistí cinnte go n-éistfidh daoine eile lena dtuairimí agus go mbreathnóidh siad ar na tuairimí sin go measúil.

Cur chuige bunaithe ar thaithí phraiticiúil a úsáid

Tá cur chuige bunaithe ar thaithí phraiticiúil riachtanach chun go dtuigfidh na páistí coincheapa matamaiticiúla. Tá an cur chuige seo tábhachtach tríd an scoil ar fad suas go dtí rang 6 agus caithfidh roinnt mhaith fearais a bheith ar fáil le hé a chur i bhfeidhm. Is féidir go n-oibreodh na páistí le fearas ina n-aonar, ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí, agus is féidir dáileadh an fhearais a eagrú ar bhonn ranga nó scoile.

Teanga na matamaitice

Nuair a bhaineann páistí feidhm as teanga na matamaitice caithfidh siad í a úsáid go cruinn. Cuidíonn tuiscint ar theanga na matamaitice le léirmhíniú ceart ar shiombailí matamaiticiúla agus le léamh cruinn algartam nó focalfhadhbanna a bhunú. Cabhraíonn sé seo leis an bpáiste an oibríocht cheart a roghnú don tasc. Chomh maith le bheith ina chleachtadh foghlama ann féin is túsphointe maith é siombailí sa timpeallacht a phlé agus a léirmhíniú chun siombailí matamaiticiúla a thabhairt isteach san obair. Go minic bíonn focail ar chomharthaí, ach de ghnáth is ráiteas a chuirtear i láthair go pictiúrtha í siombail, mar shampla an comhartha gan tobac a chaitheamh, comharthaí bóthair, treoracha nimhe, agus treoracha níocháin ar éadaí. Is siombailí aitheanta idirnáisiúnta iad seo agus tugann siad le fios don pháiste go bhfuil brí ag gabháil leis na siombailí seo chomh maith céanna le siombailí matamaiticiúla.

Teanga na matamaiticeLe linn teagaisc is mór an áis é cur chuige coiteann a bhunú i leith téarmaí agus i leith úsáid cheart ainmneacha siombailí. Is í an chéim dheireanach sa phróiseas foghlama ná siombailí matamaiticiúla agus uimhreacha a chur i láthair. I dteagasc ionadluacha is fearr an téarma aonaid a úsáid seachas aonta, mar d'fhéadfadh an páiste a bheith trí chéile ag cur síos ar 21 mar dhá dheich agus aon aon. Mar chuid den obair le hionadluach d'fhéadfaí uimhreacha tithe na bpáistí sa rang a bhailiú agus iad a chur in ord mar uimhreacha aon digite, dhá dhigit, nó trí dhigit.

Ní foláir an cúram agus an aire chéanna a thabhairt do dhéanamh na n-uimhreacha agus a thugtar i gcás na litreacha. Ba chóir do pháistí cruthú agus scríobh na n-uimhreacha a chleachtadh i ngaineamh, an uimhir a mhothú ar pháipéar gainimh nó ar chairpéad nó í a rianú. Ba cheart leideanna agus treoir a thabhairt dóibh maidir leis an túsphointe. Is féidir an cleachtadh seo a athdhaingniú trí chairteacha a úsáid. Tugann an múinteoir páistí faoi deara a bhfuil deacrachtaí acu le rudaí mar aisiompó uimhreacha, lag-aireachtáil spásúil, nó easpa ina lámhrialú.Teanga na matamaitice

Is smaoineamh críonna é nuair a bhíonn coincheap ionadluacha á mhúineadh agus tuiscint an pháiste air á mheasúnú an t-algartam a chur i láthair go cothrománach. Ní foláir don pháiste ansin luach gach digite a aimsiú sula scríobhann sé/sí an t-algartam go hingearach. Tá sé tábhachtach go léifeadh páistí algartaim ó chlé go deas. Tá cosúlacht anseo le cleachtaí i dtreoshuíomh clédeas sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht.

Nuair a fheiceann páistí 259 - 156 ba chóir iad a ghríosú chun é a 'léamh' mar 259 lúide, dealaigh nó bain 156. Soiléiríonn sé seo don pháiste gurb í an uimhir is lú an uimhir atá le baint. Go minic bíonn míthuiscint ar pháistí le ráitis roinnte: mar shampla d'fhéadfadh páiste 410 ÷ 7 a léamh mar 410 isteach i 7. Ba chóir é a léamh mar 410 roinnte ar nó roinnte amach idir 7.

Teanga na matamaitice

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie