Primary Schools

Úsáid na teicneolaíochta

Áireamháin

Cuidíonn áireamháin le forbairt scileanna i réiteach fadhbanna, mar ligeann siad don pháiste díriú isteach ar struchtúr faidhbe agus ar mhodhanna chun í a réiteach. Is féidir scileanna meastacháin agus scileanna trialach agus earráide i réiteach fadhbanna a fhorbairt. Cuireann sé seo ar chumas na bpáistí plé le fadhbanna ón saol a mbeadh na huimhreacha iontu rómhór le láimhsiú sa ghnáthshlí.

Cabhraíonn úsáid áireamhán go mór chun dearcadh dearfa i leith na matamaitice a fhorbairt sna páistí tríd an ríomhaireacht chasta a bhaint aisti. Dá thoradh, braitheann páistí rath ar a saothar san ábhar, agus is mór an rud é seo chun a suim agus a ndíograis ina leith a chothú. Toisc na tascanna a bheith níos fusa dóibh cuirtear lena bhféinmhuinín chun tabhairt faoi thascanna nua agus a bheith buanseasmhach faoi fhadhbanna nach féidir leo a réiteach go tapa. Is féidir iniúchadh, imscrúdú agus díospóireacht a chur chun cinn. De thoradh leas a bhaint as áireamháin, éiríonn go maith le páistí nach mothódh riamh an sásamh a ghabhann le freagra cruinn a fháil ar fhadhb toisc go mbeadh an iomad earráidí ríomhaireachta acu sa ghnáthshlí.

Is féidir ról suntasach a bheith ag an áireamhán i gclár na matamaitice ó rang 4 go rang 6. Mar sin féin, caithfidh páistí a bheith eolach ar na fíorais uimhris agus in ann iad a úsáid chun na freagraí a fritheadh le háireamhán a dhearbhú. Bíonn tuiscint mhaith ar uimhreas ag teastáil chun breithiúnas a thabhairt maidir le cathain a bheadh sé oiriúnach meastachán nó ríomhaireacht mheabhrach nó ríomhaireacht sciobtha le peann agus páipéar a dhéanamh. Bíonn an cumas cinnteoireachta maidir le cóir áireamhán a úsáid chomh tábhachtach céanna.

Glactar leis go mbeidh múinteoirí agus tuismitheoirí ann nach mbeidh cleachtach ar shlite chun áireamháin a úsáid chun scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil a fhorbairt. Ní mór na tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas go leanfaidh a bpáistí le gnóthú máistreachta ar fhíorais agus ar phróisis uimhris.

Roghnú áireamhán don seomra ranga

Beidh taithí ag an-chuid páistí ar áireamháin a thriail sa bhaile, agus beidh áireamhán ag go leor acu. Mar sin féin, má táthar chun iad a úsáid sa seomra ranga tá sé inmholta go mbeadh an saghas céanna áireamháin ag na páistí go léir.

  • Ba chóir go mbeadh eochracha na n-áireamhán ranga sách mór agus go mbeadh cniog-ghníomh sách deimhneach acu chun iontráil uimhreacha míchearta a sheachaint.
  • Ba chóir go mbeadh ocht ndigit ar a laghad ar taispeáint agus iad a bheith mór go leor go bhféadfadh beirt nó triúr páistí iad a fheiceáil ag an am céanna.
  • Bíonn feidhm chuimhne thairisí úsáideach nuair a bhítear ag tógáil patrún uimhris.

Oibríonn roinnt áireamhán de réir loighce uimhríochtúla. Ceadaíonn siad seo oibríochtaí a dhéanamh san ord ina ndéantar iad a iontráil; mar shampla, tugtar 14 mar fhreagra ar 3 + 4 x 2.

Fanann áireamháin a oibríonn de réir loighce ailgéabraí go dtí go ndéantar an hothromóid go léir a iontráil sula dtosaíonn siad ar an oibríocht; mar sin, tugtar 11 mar fhreagra ar 3 + 4 x2 toisc go ndéantar oibríocht an iolraithe ar dtús. Úsáideann loighic ailgéabrach tosaíochtaí sna seichimh oibríochta ar a nglaotar LDIRSD (lúibíní, de, iolrú, roinnt, suimiú agus dealú).

D'fhéadfaí tabhairt faoi thrialacha suimiúla trí thorthaí an dá shaghas áireamhán a chur i gcomparáid.

Áireamháin a úsáid sa seomra ranga

  • Ba chóir oiliúint a chur ar na páistí i láimhsiú agus i gcúram áireamhán.
  • Ba chóir go leor ama a thabhairt do na páistí chun trialacha a dhéanamh leis na háireamháin.
  • Ní mór go dtuigfeadh páistí an tosaíocht i measc oibríochtaí (LDIRSD) sula bhféadfaidís úsáid éifeachtach chruinn an áireamháin a fhorbairt.
  • Tá sé an-tábhachtach oiliúint a chur ar pháistí anailís a dhéanamh ar an bhfadhb chun a mheas cé acu oibríocht atá ag teastáil. Ba chóir dóibh a bheith ar a suaimhneas le meastachán i dtreo is go dtabharfaidís áireamh mícheart faoi deara.

Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC)

Dála an áireamháin, is uirlis é an ríomhaire ar féidir le páistí agus le múinteoirí feidhm a bhaint as, ach ní féidir é a úsáid in ionad na deamhúinteoireachta.

Cuireann cláir faoi dhruil agus chleachtadh obair tharraingteach ar fáil mar mhalairt ar thascanna le peann agus páipéar, obair atá an-úsáideach le páistí atá níos óige nó le foghlaimeoirí nach bhfuil chomh hábalta a bhféadfadh spreagadh nó cleachtadh breise le topaic ar leith a bheith de dhíth orthu. Tá go leor clár tairbheach ar fáil ar féidir iad a úsáid le naíonáin chun aithint patrúin, meaitseáil chruthanna agus céimeanna tosaigh uimhris a fhorbairt, ach tá úsáid seo an ríomhaire gearrthréimhseach, agus níor cheart an iomad feidhme a bhaint as nuair a bhíonn máistreacht bainte amach ag an bpáiste.

Go minic cuireann cláir eachtraíochta iachall ar pháiste fadhbanna sainiúla matamaitice a réiteach chun dul chun cinn trí chluiche, agus tugann siad taithí dóibh chomh maith sa réimse ginearálta de réiteach fadhbanna. Is féidir leibhéil éagsúla deacrachta a roghnú in a lán de na cláir seo, agus is féidir iad a úsáid le ranganna difriúla dá réir.

B'fhéidir gur ceann de na réimsí is éifeachtaí d'úsáid TEC sSome uses of ICT in mathematicsna scoileanna iad bunachair sonraí. Cuirtear torthaí suirbhéanna, cairteacha agus réamhaisnéisí inár láthair gan stad sna meáin. Tugann bunachair sonraí deis do pháistí méid beag sonraí atá bainteach leo féin (mar shampla airde, meáchan, dath na súl) a láimhsiú. Cuirfidh úsáid clár atá níos cumhachtaí chun sonraí a ionramháil ar a gcumas an coincheap seo a fhorbairt agus achair níos mó eolais á láimhsiú acu, ag leibhéal na scoile b'fhéidir; mar shampla, an bhfuil súile gorma ag gach páiste ard? cé mhéad páiste a bhfuil cat acu mar pheata? cé mhéad buachaill a bhfuil cat aige? Bíonn ionramháil sonraí tábhachtach in achair eile den churaclam chomh maith, agus is féidir í a úsáid chun treocht dhéimeagrafach nó méid an fhliuchrais a iniúchadh sa tíreolaíocht, nó chun eolas a chur i dtoll a chéile sa stair.

Tá tóir ar scarbhileoga chun uimhirphatrúin a iniúchadh agus chun sonraí uimhriúla a chlárú ag dul i méid i gcónaí. Tá scarbhileoga áisiúil do mhúinteoirí chomh maith chun tuairiscí nach mór a leasú go tráthrialta, aoiseanna léitheoireachta mar shampla, a choimeád suas chun dáta.

Is teanga ríomhaire é LOGO atá in úsáid go rathúil le páistí le blianta fada. Tá sé fíorluachmhar in obair a bhaineann le treo, línte, uillinneacha, agus cruth. Chomh maith leis sin, spreagann sé athoibriú faidhbe agus an idé gur féidir teacht ar bhreis is slí amháin chun í a réiteach. Éilíonn LOGO smaoineamh loighciúil, agus is féidir leis seo a bheith cabhrach do pháiste a bhraitheann deacracht i ndéileáil le focalfhadhbanna móra casta.

Some uses of ICT in mathematicsIs féidir leis an bpáiste a c(h)uid oibre a phleanáil ar pháipéar cearnógach, bealaí oibre féideartha a phlé, agus iad a leasú ansin. Nuair a bhíonn sé/sí sásta leis an 'bplean' is féidir é a iontráil sa ríomhaire. Ina dhiaidh sin is féidir triail a bhaint as agus leasuithe breise a dhéanamh air. Is cuid fhíorthábhachtach den phróiseas í an phleanáil seo neamhspleách ar an ríomhaire. Is fearr a éiríonn leis an gcur chuige seo nuair a oibríonn páistí i mbeirteanna agus nuair a spreagtar iad lena bplean a leagan amach, a phlé, a chlárú, agus a thástáil. Beidh an bhéim i gcónaí ar an bpróiseas seachas ar an toradh. Nuair a oibríonn páistí le chéile mar seo cothaíonn sé comhar agus beartú comhoibritheach eatarthu.

Rochtain ar an idirlíon. Is féidir an t-idirlíon a úsáid chun eolas agus sonraí a rochtain ar féidir leis na páistí iad a úsáid i réiteach fadhbanna agus i gcleachtaí ionramhála sonraí. Is féidir le múinteoirí an áis seo a úsáid chomh maith chun ábhair agus eolas a bheadh bainteach lena gcuid oibre féin a thraschóipeáil.

Dála úsáid an áireamháin, ní mór páistí a bheith tuisceanach maidir le cathain is cuí TEC a úsáid chun fadhb a réiteach agus maidir leis an ngné den teicneolaíocht sin is fearr a d'oirfeadh sa chás.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie