Primary Schools

Ábhar churaclam na matamaitice

Struchtúr an churaclaim

Snáitheanna a thugtar ar na réimsí ábhair i gcuraclam na matamaitice.
Déanann na snáitheanna mogalra d'aonaid ghaolmhara idirspleácha.
Forbairt bhreise orthu seo is ea snáithaonaid. Cuimsíonn gach snáithaonad an t-ábhar agus roinnt eiseamláirí don aonad sin. Is mó den churaclam atá tógtha suas ag Tomhais,
Cruth agus spás, Sonraí agus Ailgéabar ná mar atá ag Uimhreas, ach is comhpháirt dhílis é Uimhreas sna snáitheanna uile. Ní aonad scartha é aon snáithe díobh, agus ba chóir é seo a chur san áireamh agus clár ama á shocrú.

Mar a chuirtear an t-ábhar i láthair

  • cuirtear an t-ábhar i láthair i mblocanna de dhá bhliain, mar shampla ábhar do rang 1 ar clé agus ábhar do rang 2 ar thaobh na láimhe deise ar gach leathanach. Bíonn láimhsiú an ábhair mar an gcéanna don dá rang. Cuidíonn an cur i láthair seo leis an múinteoir le linn pleanála agus athbhreithnithe
  • bíonn an t-ábhar sna heiseamláirí i gcló iodálach. Is moltaí teoranta iad seo maidir le cur i bhfeidhm an tsnáithaonaid. Meastar go bhforbróidh agus go leathnóidh múinteoirí ar na moltaí seo de réir mar a théann siad ag oibriú leo tríd an gclár
  • taispeántar foclóir atá bainteach leis an snáithaonad i gcló trom, mar shampla fada/níos faide, gearr/níos giorra, deimhneach/diúltach
  • is é an t-ord ina gcuirtear na snáitheanna i láthair sa churaclam ná: Uimhreas, Ailgéabar, Cruth agus spás, Tomhais, agus Sonraí. Níl tosaíocht ar bith i gceist anseo. Is féidir snáitheanna a mhúineadh comhthreomhar lena chéile seachas ceann i ndiaidh a chéile, agus éascaíonn sé seo úsáid ghnéithe d'uimhreas trí churaclam na matamaitice ar fad. Tugtar nascadh mar ainm air seo; mar shampla, le linn codáin a mhúineadh is féidir nascadh a dhéanamh leis an snáithe
    Cruth agus spás
  • dírítear aire ar dheiseanna do chomhtháthú i gcuid de na snáithaonaid, ach níl iontu seo ach moltaí. Táthar ag súil go n-aithneoidh múinteoirí deiseanna eile chun matamaitic a chomhtháthú leis an gcuid eile den churaclam.

Snáitheanna ábhair

Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla

Ar theacht ar scoil dó/di, bíonn roinnt d'eolas agus de theanga na matamaitice ag gach páiste a shealbhaigh sé/sí sa bhaile agus le linn súgartha. Is trí shúgradh a fhoghlaimíonn páistí óga conas idéanna a roinnt ar a chéile agus comhoibriú lena chéile, conas bréagáin a roinnt ar a chéile agus idéanna a léiriú. Bíonn éagsúlacht an-mhór ó pháiste go páiste sa mhéid seo. Forbraíonn súgradh sa seomra ranga na scileanna seo trí shuímh struchtúrtha a chur ar fáil don pháiste lena n-iniúchadh.

Cuireann luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla treoir ar an mbuneolas seo agus soláthraíonn siad bunsraith daingean le haghaidh tuilleadh fiosruithe matamaiticiúla ar scoil agus sa bhaile araon. Táthar ag súil go ndéanfar dianchúram den snáithe seo agus sa chaoi sin go mbunófar bonn daingean don obair a thiocfaidh ina dhiaidh. Beidh an bhéim ar úsáid cheart na teanga matamaiticiúla agus ar fhorbairt na féinmhuiníne i láimhsiú ábhair chorpartha.

Uimhreas

Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúlaTá uasteorainn curtha le hobair ar uimhreas d'fhonn scóip a thabairt do láimhsiú leathan chlár na matamaitice ina iomláine agus breis ama a chur ar fáil le haghaidh forbairt coincheap. Laghdaítear an bhéim ar chleachtaí casta ríomhaireachta le slánuimhreacha agus codáin. Táthar ag súil nach mbunófar clárú ar scríbhneoireacht amháin, agus nach mbainfear úsáid as siombailí ach amháin nuair a bhíonn siad in oiriúint do leibhéal tuisceana an pháiste. Is féidir clárú a bheith nithiúil, ó bhéal, pictiúrtha nó diagramach nó is féidir déanamh mionsamhlacha a úsáid. Cuireadh úsáid áireamhán ar an gclár do pháistí ó rang 4 go dtí 6, tráth a mbeifí ag súil go mbeadh máistreacht ar na fíorais bhunúsacha uimhris bainte amach acu.

Ba chóir an obair go léir ar uimhreas a bhunú a mhéid agus is féidir ar eispéireas pearsanta na bpáistí, agus ba cheart samplaí as an ngnáthshaol a úsáid. Caithfidh páistí breathnú ar mhatamaitic mar rud atá bainteach lena saol féin. Is féidir tionscadail a bhaineann úsáid as sainchomharthaí fógraíochta sna nuachtáin nó as praghsanna i siopaí agus in ollmhargaí áitiúla a úsáid chun cuid mhaith de na snáitheanna a cheangal le chéile.

Cuirfidh obair ar chodáin agus ar dheachúlacha i gcoitinne béim níos mó ar thuiscint na gcoibhneas eatarthu. B'fhéidir gur fearr a d'éireodh leis seo ach láimhseoga agus filleadh páipéir a úsáid

I gcás suimiú agus dealú codán agus uimhreacha measctha simplí, moltar codáin choibhéiseacha a úsáid chun an ríomhaireacht a shimpliú, mar shamplaMath
Beidh taithí ar go leor samplaí de chodáin choibhéiseacha de dhíth ar pháistí, agus is í an tslí is fearr chun é seo a dhéanamh ná finte de chodáin a ghiniúint, mar shamplaMath
Is féidir an próiseas céanna a leanúint le trianta, ceathrúna agus cúigithe.
Baineann Math le tacar na gcodán coibhéiseach
Math
Baineann Math le tacar na gcodán coibhéiseach

Math

I rang 6 ba chóir méadaithe a liostú seachas géagchóras fachtóirí a thógáil chun cóimhéadaithe agus comhainmneoirí a aimsiú.

Sna chéad samplaí ba cheart cloí le codáin shimplí atá i ngnáthúsáid. Ba cheart céadaithe agus mílithe a chur i láthair trí airgead agus tomhais agus an gaol atá acu sin le codáin dheachúlacha a úsáid.


Ailgéabar

Bhí ailgéabar, réimse a chuimsíonn patrúin, seichimh agus ráitis mar 2 + () = 5, ina chuid den churaclam i gcónaí, ach anois aithnítear go foirmiúil é ag gach leibhéal. Ag leibhéal na naíonán áirítear cóipeáil agus forleathnú patrún i ndath, i gcruth, i méid agus in uimhreacha. Téann rang 1 is 2 ar aghaidh chun fíorais suimithe a iniúchadh agus a úsáid; cuimsíonn an obair do ranganna 3 agus 4 iniúchadh, forleathnú agus cur síos ar sheichimh uimhreacha. Ag leibhéal na sinsear tugtar isteach uimhreacha deimhneacha is diúltacha. Déantar cúram, freisin, de rialacha is d'airíonna lúibíní, tosaíochtaí i measc na n-oibríochtaí, cothromóidí agus athróga. Táthar ag súil leis nach n-úsáidfear ach uimhreacha beaga, i dtreo is go dtuigfidh na páistí na coincheapa a bheidh á léiriú dóibh.

Cruth agus spás

Sa snáithe seo déantar feasacht ar spásúlacht agus a feidhm iCruth agus spás ngnáthshuímh saoil a iniúchadh. Arís ní mór eispéireas an pháiste a bheith praiticiúil. Caithfidh an páiste a bheith in ann na huirlisí cearta matamaiticiúla a roghnú don fhadhb agus a bheith ábalta an foclóir cuí a úsáid chun cuntas a thabairt ar a c(h)uid oibre. Tá Cruth agus spás an-oiriúnach do chomhtháthú, agus is breá leis na páistí cruthanna agus uillinneacha a aimsiú sa timpeallacht agus patrúin teisilithe a chruthú san ealaín. Toisc uillinneacha agus teisiliú a bheith chomh gaolmhar sin le chéile beidh sé riachtanach na páistí a ghríosú chun an ceangal seo a dhéanamh le linn dóibh dromchlaí a chlúdach agus pábháil agus tíleáil a iniúchadh. Stiúrann sé seo páistí chun a fháil amach dóibh féin go ndéanann cruthanna a theisilíonn le chéile uillinn de 360° ag na pointí teagmhála.

Tomhais

TomhaisTá sé shnáithaonad sa snáithe seo.
Tugtar an-chuid deiseanna do pháistí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí praiticiúla ann. Bíonn na gníomhaíochtaí seo an-áisiúil ar fad chun nascadh laistigh de na snáithaonaid a éascú. Is féidir codáin, deachúlacha, céatadáin agus oibríochtaí a chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí tomhais.

Foghlaimíonn páistí conas na huirlisí cearta tomhais a roghnú, mar aon leis an straitéis is oiriúnaí chun tabhairt faoi fhadhb áirithe. Ba chóir na fadhbanna a chuirtear sa snáithe seo a bheith praiticiúil den chuid is mó agus réitigh orthu ar féidir iad a fhíorú go furasta le tomhas. Ar dtús oibríonn na páistí agus an t-aonad tomhais os comhair a súl, mar shampla maide méadair, tomhas leathmhéadair nó ceintiméadair. Tugann sé seo tagairt infheicthe le linn meastacháin agus cuidíonn sé le forbairt choincheap an mhéadair nó an cheintiméadair.

Ba chóir páistí a oiliúint óna n-óige meastacháin a dhéanamh ar Tomhaismheáchan, ar fhad nó ar thoilleadh ruda. Is féidir é seo a dhéanamh trí chóimheas agus rud le lipéad air agus le meáchan cileagraim amháin ann (mála siúcra, mar shampla) a úsáid. Trí mheá láimhe is féidir leis an bpáiste meáchan an ruda lipéadaithe a bhrath agus comparáid a dhéanamh idir é agus meáchan an ruda a bhíonn á mheas. Aimsítear an fíormheáchan le scálaí meá.

Ní mór do na páistí raon leathan d'ábhair laistigh de gach snáithaonad a láimhsiú agus a úsáid. Caithfidh siad toilleadh soithí arda cúnga a iniúchadh chomh maith le toilleadh soithí ísle leathana. Is féidir leo ansin a dtorthaí a phlé agus a chur i gcomparáid. Mar chuid de na gníomhaíochtaí meáchain seo, d'fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir meáchan liathróide marla atá beag agus trom agus meáchan mála mhóir de pholaistiréin.

TomhaisLe linn na foghlama faoi thoilleadh ní mór dóibh eolas a chur ar na mórmharcanna agus ar na mionmharcanna tomhais ar shoithí agus na difríochtaí sna modhanna éagsúla marcála a thabhairt faoi deara.

Ba chóir na cúiseanna a n-úsáidtear uirlisí tomhais caighdeánacha a iniúchadh ar bhealach praiticiúil leis an bpáiste: an bhfaighimis go léir an méid céanna dá gceannóimis prátaí de réir an lánbhuicéid? Tuigfidh páistí a bhfuil coincheap an tomhais chaighdeánaigh imithe i bhfeidhm orthu go bhfuil raon leathan de bhuicéid ann maidir le méid is le cruth. Tá breathnóireacht an mhúinteora ar eispéiris fhoghlama den saghas seo luachmhar le haghaidh measúnaithe ar dhul chun cinn an pháiste.

Sonraí

Bhí graif a chur i láthair agus a léirmhíniú ina ghné den churaclam Tomhaischeana féin, ach is snáithaonad ann féin anois é láimhsiú sonraí. Bailíonn ranganna na naíonán eolas pearsanta agus cuireann siad i láthair é ar phicteagram; cumann agus léirmhíníonn páistí atá níos sine barrachairteacha agus píchairteacha. Tá léirmhíniú agus tuiscint léiriúchán infheicthe riachtanach, mar ní foláir a chur ar chumas an pháiste sonraí a léirmhíniú i saol ina bhfuil teicneolaíocht ag síorfhás. Táthar ag súil go mbainfidh na páistí feidhm as teicneolaíocht an eolais, má bhíonn a leithéid ar fáil, i gcleachtaí ar shonraí a láimhsiú.

Ónár n-óige i leith ionramhálaimid sonraí chun barrachairteacha agus picteagraim shimplí a chur le chéile. Cuireann bunachair sonraí ar ár gcumas an t-eolas seo a leathnú isteach sa saol mór trí mhíreanna níos mó eolais a láimhsiú. Mar sin féin, ní foláir go dtuigfeadh na páistí cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh na sonraí a chlárófaí ábharthach agus go gcuirfí ceisteanna soiléire má tá tairbhe ar bith le bheith san eolas a bhainfí as an mbunachar. Agus eolas á bhailiú, faoi éanlaith mar shampla, ní mór do na páistí na ceannteidil faoina bhfuil an t-eolas le bailiú a chinntiú: ainm an éin, gnáthóg, líon ubh san ál, réise sciathán, príomhfhoinse bia, srl. Tá scóip do an-chuid díospóireachta faoi cad ba mhaith leo a fháil amach; mar shampla, an gcónaíonn gach éan a itheann éisc cois farraige? An mbeireann éanlaith le réise mhór sciathán níos mó uibheacha? Faoin am go mbeidh an t-eolas bailithe, na ceannteidil ceaptha, na sonraí cláraithe agus machnamh déanta ar roinnt ceisteanna, beidh tuiscint ag na páistí ar an mbealach a ngníomhaíonn bunachar. Ina dhiaidh sin, is gníomhaíocht theicniúil é an bunachar a úsáid chun teacht ar fhreagraí; ní bhíonn ann ach uirlis chun lear mór eolais a ionramháil.

Tá an-tábhacht ag baint leis an gcoincheap Sonraíseans in achair áirithe. Tá taithí againn go léir air ó bheith ag imirt cluichí cláir agus, go háirithe, ó bheith páirteach in imeachtaí spóirt. Tá sé bunúsach don chinnteoireacht i gcúrsaí mar ghnó agus thuar aimsire. Léiríonn sé matamaitic sa saol réalaíoch agus spreagann sé machnamh agus díospóireacht. Tá tuairimí míchearta nó lochtacha faoi sheans agus dhóchúlacht ag a lán páistí agus ag a lán aosach. Ceapann go leor daoine go bhfuil uimhreacha 'ámharacha' ann agus go bpioctar iad seo i gcrannchuir níos minice ná mar a phioctar uimhreacha eile. D'fhéadfaí trialacha suimiúla a bhunú air seo. Cuirtear na topaicí seo i láthair trí mheán fadhbanna, trialacha praiticiúla agus cur i gcéill -- rudaí as a mbaineann na páistí taitneamh agus a chuidíonn le forbairt bunúis iomasaigh don obair amach anseo. Is é atá i gceist gur ar bhealach praiticiúil agus le béim ar úsáid chruinn teanga a dhéanfaí réimse an tseans a iniúchadh.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie