Primary Schools

Ábhar

Forbairt scileanna do ranganna naíonán

De thoradh snáithaonaid churaclam na matamaitice a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste


Cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
  • ábhair agus próisis oiriúnacha a roghnú le haghaidh tascanna matamaiticiúla
  • straitéisí oiriúnacha chun tasc a thabhairt chun críche nó chun fadhb a réiteach a roghnú agus a chur i bhfeidhm
  • réitigh ar fhadhbanna a aithint
Cumarsáid agus cur in iúl
  • gníomhaíochtaí matamaiticiúla a phlé agus a mhíniú
  • torthaí gníomhaíochtaí matamaiticiúla a chlárú go nithiúil agus léaráidí, pictiúir agus uimhreacha a úsáid chuige sin
  • fadhbanna a chuirfí i láthair go nithiúil, go pictiúrtha nó ó bhéal a phlé
Comhtháthú agus nascadh
  • idéanna matamaiticiúla a shealbhódh sé/sí go neamhfhoirmiúil a cheangal le hidéanna foirmiúla
  • matamaitic a aithint sa timpeallacht
  • an gaol idir dóigheanna ó bhéal, nithiúla, pictiúrtha agus siombalacha chun uimhreacha a léiriú a aithint
  • gníomhaíochtaí matamaiticiúla atá bainteach le gnéithe eile den churaclam a chomhall
Réasúnaíocht
  • rudaí a rangú in aicmí loighciúla
  • patrúin inbhraite a aithint agus a chruthú
  • bonn le próisis nó le torthaí gníomhaíochtaí a thabhairt
Cur i bhfeidhm
  • straitéisí meabhracha agus bealaí oibre a bheartú agus a úsáid chun tascanna matamaiticiúla a chomhall
  • láimhseoga cuí a úsáid chun tascanna agus próisis sa mhatamaitic a chomhall
Tuiscint agus tabhairt chun cuimhne
  • téarmaíocht a thabhairt chun cuimhne agus a thuiscint.

Snáithe: Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla

Ábhar do naíonáin shóisearacha

Snáithaonad: Rangú


Ba chóir go gcúirfí ar chumas an pháiste
  • rudaí a rangú ar bhonn tréithe amháin, mar shampla dath, cruth, uigeacht nó méid
    • bailiúcháin de rudaí a shórtáil
    • rudaí cosúla a shuimiú le tacar atá sonraithe go soiléir
  • comhlánú tacair a aithint (.i. baill nach bhfuil i dtacar)
    • rudaí is maith liom/nach maith liom a chur in aicmí
    • rudaí dearga/rudaí nach bhfuil dearg.

Snáithaonad: Meaitseáil


Ba chóir go gcúirfí ar chumas an pháiste

  • tacair choibhéiseacha agus neamhchoibhéiseacha a mheaitseáil, ag úsáid comhfhreagrais aon lena haon
    • péirí de rudaí comhionannacha a mheaitseáil i gcomhfhreagras aon lena haon: cipíní líreacáin, ciúbanna Unifix péirí de rudaí gaolmhara a mheaitseáil i gcomhfhreagras aon lena haon: forcanna agus sceana a leagan amach, cnaipí ar chótaí a cheangal, claibíní a chur ar phannaí tacair choibhéiseacha agus neamhchoibhéiseacha a mheaitseáil d'fhonn coincheap mar níos mó ná, níos lú ná, dóthain, cóimhéid le a bhunú.

Snáithaonad: Comparáid a dhéanamh


Ba chóir go gcúirfí ar chumas an pháiste

  • rudaí a chur i gcomparáid maidir le fad, leithead, airde, meáchan, cainníocht, tiús, méid
    • déan comparáid idir phéirí de rudaí den saghas céanna ach atá difriúil i bhfad, agus an gá le bunlíne nó túsphointe a nótáil péirí de phinn luaidhe a chur i gcomparáid cad é an difríocht idir ceann amháin agus an chéad cheann eile?
      fada/gearr, níos faide/níos giorra
  • tacair a chur i gcomparáid gan chomhaireamh
    • níos mó ná agus níos lú ná.

Snáithaonad: Cur in ord


Ba chóir go gcúirfí ar chumas an pháiste

  • rudaí a chur in ord de réir faid nó airde
    • scrúdaigh trí rud agus tabhair cuntas ar an difríocht idir gach ceann acu agus an ceann roimhe rudaí a chur in ord de réir faid nó airde, ag tosú le rud difriúil gach uair rudaí nua a chur in ord chun tacar cosúil le ceann ar leith a dhéanamh
  • tacair a chur in ord gan chomhaireamh.

Snáithe: Uimhreas

Snáithaonad: Comhaireamh


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an líon rudaí i dtacar a chomhaireamh, 1-10
    • rudaí a chomhaireamh, á gcur i leataobh lena linn
    • línte nó sraitheanna rialta a chomhaireamh roimh ghrúpaí fánacha
    • rímeanna agus scéalta uimhris a úsáid.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an líon rudaí i dtacar a chomhaireamh, 0 - 20
    • an tacar céanna a chomhaireamh go minic, ag tosú le ball difriúil gach uair
    • patrúin agus sraitheanna difriúla den uimhir chéanna a chur i láthair.

Snáithaonad: Comparáid agus ordú


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tacair choibhéiseacha agus neamhchoibhéiseacha (1-5) a chur i gcomparáid trí mheaitseáil gan siombailí a úsáid
    • eaitseáil aon lena haon a úsáid chun ionannas agus neamhionannas a aithint (níos mó ná/níos lú ná/ionann le)
    • cláraigh trí líníocht
  • tacair de rudaí a ordú de réir uimhreacha, 1-5
    • tacair de rudaí a chóiriú de réir méid
    • maidí agus uimhirstiallacha a ordú de réir faid
    • uimhirchártaí a ordú; iad a mheaitseáil le tacair agus le patrúin uimhris
  • teanga orduimhreach a úsáid: an chéad, deireanach
    • cé hé/hí an chéad duine/an duine deireanach sa líne?
    • is é dearg an chéad dath, is é gorm an dath deireanach.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tacair choibhéiseacha agus neamhchoibhéiseacha (0-10) a chur i gcomparáid trí mheaitseáil
    • an neamhionannas a ainmniú: tá dhá cheann de bhreis agam ort; tá 3 níos lú ná 5
  • tacair de rudaí a ordú de réir uimhreacha, 0 - 10
  • teanga orduimhreach a úsáid: an chéad, dara, tríú, deireanach
    • orduimhir a úsáid chun suíomh ar líne a thabhairt an teanga seo a úsáid le linn uimhreacha a ordú.

Snáithaonad: Anailís uimhris


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cónascadh

  • comhpháirteanna uimhreacha, 1-5, a iniúchadh
    • slite a aithint inar féidir na huimhreacha a léiriú le rudaí nithiúla:
      4 agus 1, 2 agus 2, 1 agus 2 agus 1
    • péirí d'fhíorais ghaolmhara a aithint: 1 agus 2 cothrom le 2 agus 1
  • tacair de rudaí a chur le chéile, iomláin go dtí 5
    • ball breise a chur le tacar ar leith
      dhá thacar a chur le chéile, an t-iomlán a thabhairt
    • clárú go pictiúrtha

Foroinnt

  • tacair de rudaí, 1-5, a fhoroinnt
    • tacair de rudaí a fhoroinnt le peann luaidhe nó le sop chun na comhpháirteanna a thaispeáint
    • clárú go pictiúrtha

Uimhriú

  • tuiscint ar neamhaithreacht uimhris, 1-5, a fhorbairt
    • sraitheanna cuspaí a athchóiriú, a chomhaireamh agus a thabhairt faoi deara nach n-athraíonn an uimhir
  • uimhreacha, 1-5, a léamh, a scríobh, agus a chur in ord
    • tacair a mheaitseálann uimhir a chur i láthair agus a mhalairt de dhóigh
    • áiritheoirí nó nithe eile a úsáid chun uimhirphatrúin a chumadh
    • uimhreacha a ghearradh as páipéar gainimh nó as cairpéad agus iad a rianú
    • uimhreacha a líniú i ngaineamh nó le crián tiubh
  • an tacar folamh agus an uimhir nialas a aithint
    • ciseán folamh a thaispeáint; cé mhéad úll ann?
    • pinn luaidhe a thógáil as próca go dtí nach bhfágtar ceann ar bith; taispeáin an uimhir
    • comhair siar go nialas
    • rainn le huimhreacha agus le comhaireamh siar
  • an líon rudaí, 1-5, i dtacar a insint le sracfhéachaint
    • an líon rudaí i dtacar a insint le sracfhéachaint
    • meastachán a dhéanamh agus tacar atá ar eolas á úsáid
    • tacair eile a rangú, gan chomhaireamh, mar níos lú ná/thart ar an méid céanna le/níos mó ná an tacar atá ar eolas
  • fadhbanna simplí ó bhéal a réiteach, 0-5
    • tá trí cheapaire agat don lón, itheann tú dhá cheann,
    • cé mhéad atá fágtha? Is féidir nialas a úsáid nuair nach mbíonn ceann ar bith fágtha
    • tá dhá chrián ag Siobhán, tá trí chrián ag Seán, cé mhéad ar fad?
    • tugann an múinteoir fadhb ó bhéal, úsáideann na páistí
    • áiritheoirí lena réiteach.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cónascadh

  • comhpháirteanna uimhreacha, 1-10, a iniúchadh
  • tacair de rudaí a chur le chéile, iomláin go dtí 10
    • straitéisí oiriúnacha a úsáid: gach rud a chomhaireamh,
    • comhaireamh ar aghaidh
      comhaireamh ar aghaidh ar an uimhirstiall
      • tosú ag 5, comhaireamh ar aghaidh 3, cá bhfuilim?
    • comhaireamh ó bhéal gan an uimhirstiall
    • a dó nó a trí de thacair a chur le chéile, an t-iomlán a thabhairt
    • clárú

Foroinnt

  • tacair de rudaí, 0-10, a fhoroinnt
    • tá ochtar ar mo fhoireann. Is cailíní seisear acu, cé mhéad buachaill uirthi?
    • clárú go pictiúrtha
  • na siombailí + agus = a úsáid chun uimhirabairtí le suimiú iontu a chumadh
    • níor cheart siombailí a thabhairt isteach go foirmiúil gan dóthain oibre ó bhéal agus iniúchta a bheith déanta
    • ní foláir ciall na siombailí a phlé go minic
    • ní fhógraíonn an comhartha 'go leanann an freagra é': is ionann 'cothrom le' agus 'mar an gcéanna' nó coibhéiseach; iniúchadh a dhéanamh agus uimhirmheá in úsáid

Uimhriú

  • tuiscint ar neamhathraitheacht uimhris, 0-10, a fhorbairt
  • uimhreacha, 0-10, a léamh, a scríobh, agus a chur in ord
  • an tacar folamh agus an uimhir nialas a aithint
  • an líon rudaí i dtacar a mheas, 2-10
    • an meastachán a dhearbhú trí chomhaireamh
  • fadhbanna simplí, ó bhéal agus i bpictiúir, a réiteach, 0-10
    • is féidir scéalfhadhbanna agus ceisteanna taighde ceannoscailte a áireamh i measc na bhfadhbanna
    • cé mhéad bealach difriúil ar féidir leat patrún a dhéanamh le sé áiritheoir?

Snáithe: Ailgéabar

Snáithaonad: Patrúin a fhorleathnú


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • patrúin i ndath, i gcruth agus i méid a aithint, a chóipeáil, agus a fhorleathnú
    • leanúint leis an bpatrún, ag úsáid raon de rudaí:
    • ciúbanna, coirníní; cad é an chéad rud eile?
    • cumann páistí a bpatrúin féin, ag úsáid cruthanna déanta de pháipéar gumaithe; dhá dhath, dhá chruth, dhá thoise
    • is féidir cláir ríomhaire a úsáid de réir mar is cuí
    • torthaí a phlé.

Comhtháthú

Na hAmharcealaíona: Déanamh priontaí

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • patrúin i ndath, i gcruth, i méid agus in uimhreacha (a trí nó a ceathair de bhaill) a aithint, a chóipeáil, agus a fhorleathnú
    • patrúin a chóipeáil agus a leathnú, ag úsáid coirníní agus blocanna, trí líníocht agus dathú;
    • m.sh. dhá cheann ghorma, trí cinn dhearga; trí chiorcal, cearnóg amháin;
    • dhá choirnín mhóra, coirnín beag amháin; dearg, gorm, buí
    • torthaí a phlé
  • sraitheanna difriúla d'uimhir amháin a fhionnachtan
    • déanann an múinteoir patrún (sraith), ag úsáid roinnt áiritheoirí; cumann an páiste sraith eile leis an líon céanna áiritheoirí
      • cé mhéad patrún difriúil de dheich gcinn ar féidir leat a dhéanamh?
      • cé mhéad uimhir ar féidir leat a rangú i bpéirí?
  • patrúin a aithint agus na chéad uimhreacha eile iontu a réamhinsint
    • aimsigh na huimhreacha atá in easnamh:
      2, 3, 4, , 6, 7
      10, 9, , , 6, 5, 4, 3, , .

Comhtháthú

Na hAmharcealaíona: Déanamh priontaí

Snáithe: Cruth agus spás

Snáithaonad: Feasacht ar spásúlacht


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an foclóir a bhaineann le coibhneasa spásúla a iniúchadh, a phlé, a fhorbairt agus a úsáid
    • suíomh: thar, faoi, suas, síos, ar, le hais
    • i treonna: ag gluaiseacht i línte díreacha/cuara, i gciorcal, ag aimsiú spáis phearsanta.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an foclóir a bhaineann le coibhneasa spásúla a iniúchadh, a phlé, a fhorbairt, agus a úsáid
    • suíomh: os cionn, faoi bhun, gar do, i bhfad ó, deas, clé,
    • stop agus inis cá bhfuil tú
    • treo: tríd an bhfonsa, laistiar den mhata
    • stop agus déan cur síos ar do ghníomh.

Snáithaonad: Cruthanna 3-T


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • cruthanna 3-T, idir rialta agus neamhrialta, a shórtáil
    • rudaí a/nach rollann, a/nach luíonn le chéile
    • tógálacha a dhéanamh le cruthanna 3-T agus iad a phlé
  • fadhbanna agus tascanna bunaithe ar chruth a réiteach.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • cruthanna 3-T a shórtáil, cuntas a thabhairt orthu, agus iad a aimniú: ciúb, ciúbóideach, sféar agus sorcóir
    • faobhar, cúinne, aghaidh, díreach, cuar, cruinn agus leibhéalta
    • cruthanna a shórtáil de réir rialacha, m.sh. rudaí le ceithre aghaidh, rudaí a rollann
  • cruthanna 3-T a chur le chéile chun cruthanna eile a dhéanamh
  • fadhbanna is tascanna bunaithe ar chruth a réiteach.

Snáithaonad: Cruthanna 2-T


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • cruthanna 2-T -- cearnóg, ciorcal, triantán, dronuilleog -- a shórtáil agus a ainmniú
    • sórtáil faoi threoir ar chruthanna déthoiseacha, ag baint feidhme as critéir éagsúla
    • m.sh. neamhchruinn, tiubh/tanaí
  • ábhair fhorganta oiriúnacha a úsáid chun pictiúir a dhéanamh
  • fadhbanna bunaithe ar chruth a réiteach
    • cé acu dhá chruth a thagann le chéile chun cearnóg a chlúdach?

Comhhtháthú

Corpoideachas: Damhsa; Gleacaíocht
Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
Na hAmharcealaíona: Tógáil

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • cruthanna 2-T -- cearnóg, ciorcal, triantán, dronuilleog -- a shórtáil, cur síos a dhéanamh orthu, agus iad a ainmniú
    • cruthanna éagsúla a bhailiú agus a shórtáil
    • m.sh. díreach, cuar, cothrom, slios, uillinn
    • cruthanna a dhéanamh le sopanna ealaíne ar gheochlár
    • cruthanna sa timpeallacht a tharraingt
  • cruthanna 2-T a chur le chéile agus a fhoroinnt chun cruthanna níos mó nó níos lú a dhéanamh
    • cruthanna páipéir a ghearradh in dhá nó i gceithre
    • phíosa agus na torthaí a phlé
  • fadhbanna bunaithe ar chruth agus spás a réiteach
    • cruth a dhéanamh le seacht mbloc
    • cé mhéad cruth éagsúil ar féidir leat a dhéanamh le cúig bhloc?
  • treoracha simplí gluaiste agus casta a thabhairt.

Comhhtháthú

Corpoideachas: Damhsa; Gleacaíocht
Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
Na hAmharcealaíona: Tógáil

Snáithe: Tomhais

Snáithaonad: Fad


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap faid a fhorbairt trí iniúchadh, trí dhíospóireacht agus trí fhoclóir oiriúnach a úsáid
    • rudaí sa timpeallacht a phlé: fada/gearr, ard/íseal, leathan/cúng, níos faide ná, níos giorra ná, níos leithne ná
    • rudaí a shórtáil ar bhonn faid
  • rudaí a chur in ord agus i gcomparáid ar bhonn faid nó airde.

Comhtháthú

Ceol: Ag cothú léirthuiscint ar ré; Litearthacht luath

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap faid a fhorbairt trí iniúchadh, trí dhíospóireacht agus trí fhoclóir oiriúnach a úsáid
  • rudaí a chur in ord agus i gcomparáid ar bhonn faid nó airde
    • chomh fada le/chomh leathan le/is faide/is giorra a thuiscint
  • fad a mheas agus a thomhas in aonaid neamhchaighdeánacha
    • meastachán a dhéanamh agus é a dhearbhú trí thomhas
    • i do thuairim cé mhéad cipín líreacáin a luífidh ar feadh an bhoird? tuairim a chaitheamh, dearbhú agus plé
  • aonaid neamhchaighdeánacha chuí a roghnú agus a úsáid chun fad, leithead nó airde a thomhas; na cúiseanna leis an rogha a phlé
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • Conas is féidir linn a fháil amach cé acu is leithne, an doras nó an bord?
    • Cé acu aonad a úsáidfimid (maide nó peann luaidhe)?

Comhtháthú

Ceol: Ag cothú léirthuiscint ar ré; Litearthacht luath

Snáithaonad: Meáchan


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap meáchain a fhorbairt trí iniúchadh, trí rudaí a láimhsiú, agus trí fhoclóir oiriúnach a úsáid
    • trom/éadrom, níos troime/níos éadroime, ar chóimheá, meá
    • rudaí a shórtáil i dtacair de rudaí atá trom nó éadrom
    • rudaí a láimhsiú agus foclóir meáchain a úsáid chun cur síos orthu
  • rudaí a chur i gcomparáid ar bhonn meáchain
    • fadhbanna simplí a chur i láthair, m.sh. meas a thabhairt (tuairim a chaitheamh) trí láimhsiú
    • cé acu rud is troime nó is éadroime?
    • dearbhú a dhéanamh le meá; plé a dhéanamh
    • péire rudaí atá dealraitheach le chéile ach atá éagsúil ó thaobh meáchain a chur i gcomparáid le chéile, m.sh. liathróid ghailf agus liathróid phlaisteach scuaise.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap meáchain a fhorbairt trí iniúchadh, trí rudaí a láimhsiú, agus trí fhoclóir oiriúnach a úsáid
  • rudaí a chur i gcomparáid agus in ord ar bhonn meáchain
    • rudaí atá éagsúil i méid, cruth agus meáchan a chur i gcomparáid trí láimhsiú
    • dearbhú a dhéanamh le meá agus plé a dhéanamh
    • rud a chur i gcomparáid le cnuasach rudaí
    • cnuasach amháin rudaí a chur i gcomparáid le cnuasach eile
    • trí rud a chur in ord de réir meáchain trí láimhsiú; dearbhú a dhéanamh le meá; plé a dhéanamh
  • meastachán agus meá a dhéanamh le haonaid neamhchaighdeánacha
    • dearbhaigh le meá
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • cé mhéad úll, i do thuairim, a chothromóidh do bhosca lóin?
  • aonaid neamhchaighdeánacha chuí a roghnú agus a úsáid chun rudaí a mheá
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • Conas is féidir linn meáchan cloiche a aimsiú?
    • Cé acu aonad a úsáidfimid (cipíní lasán nó cnónna capaill)?
    • cúiseanna leis an rogha a phlé.

Comhtháthú

Tíreolaíocht: Timpeallacht dhaonna

Snáithaonad: Toilleadh


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap toillidh a fhorbairt trí iniúchadh agus trí fhoclóir cuí a úsáid
    • lán/beagnach Ián/folamh/toilleann breis
    • ann/toilleann níos lú ann/toilleann an méid céanna iontu
    • soithigh atá éagsúil ó thaobh méid a líonadh agus a fholmhú; é a phlé
    • soithigh a úsáid chun soithigh atá níos mó ná iad féin a líonadh
  • soithigh a chur i gcomparáid lena chéile ó thaobh toillidh
    • soithigh éagsúla a úsáid; é a phlé
    • béim a chur ar gurb ionann lán agus lán go barr
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • an dóigh leat go dtoilleann níos mó gainimh sa phróca nó sa chupán?
    • an dtoillfidh an t-uisce go léir atá sa chrúsca cupán?

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap toillidh a fhorbairt trí iniúchadh agus trí fhoclóir cuí a úsáid
  • soithigh a chur i gcomparáid lena chéile agus in ord de réir toillidh
    • soitheach amháin a líonadh agus a bhfuil ann a dhoirteadh isteach i gceann eile
    • comparáid a dhéanamh idir toilleadh dhá shoitheach atá anéagsúil agus tabhairt faoi deara gur féidir leo araon an méid céanna a choimeád
    • trí shoitheach a chur i gcomparáid agus in ord de réir
    • toillidh; lipéid a chur orthu, m.sh. toilleann níos mó ann/toilleann an méid is mó ann
  • toilleadh a mheas agus a thomhas in aonaid neamhchaighdeánacha
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • déan meastachán (tuairim a chaitheamh) cé mhéad spúnóg nó ubhchupán gainimh nó pis thirim a líonfaidh an cupán
    • cé mhéad crúiscín uisce a líonfaidh an buicéad?
    • an t-aonad céanna a úsáid chun dhá shoitheach dhifriúla a líonadh, dearbhaigh trí thomhas
    • torthaí a chlárú ag úsáid áiritheora amháin do gach
    • cupán nó crúiscín a doirteadh, na páistí ag obair i mbeirteanna
  • aonaid neamhchaighdeánacha chuí a roghnú agus a úsáid chun toilleadh a thomhas
    • fadhbanna simplí a chur i láthair:
    • Conas is féidir linn toilleadh an bhuicéid a fháil?
    • Cé acu aonad a úsáidfimid (taespúnóg nó cupán)?
    • na cúiseanna leis an rogha a phlé.

Snáithaonad: Am


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap ama a fhorbairt trí úsáid a bhaint as foclóir cuí
    • maidin/tráthnóna, oíche/lá, am lóin, am codlata, moch/déanach, laethanta na seachtaine, laethanta scoile, deireadh seachtaine
    • foclóir ama a úsáid chun imeachtaí a phlé
    • an aimsir a chlárú ar chairt gach lá
  • imeachtaí laethúla agus céimeanna scéil a chur in ord leanúnach
    • cuireann na páistí imeachtaí coitianta in ord
    • pictiúir a chur in ord ama
    • imeachtaí i scéalta agus i rainn choitianta a chur in ord ama.

Comhtháthú

Stair: Mé féin agus mo theaghlach
Tíreolaíocht: An domhan fisiceach

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tuiscint ar choincheap ama a fhorbairt trí úsáid a bhaint as foclóir cuí
    • inné/inniu/amárach/séasúir/go luath/níl fós/lá breithe
    • imeachtaí suntasacha, féilte, laethanta saoire
  • imeachtaí laethúla agus seachtainiúla agus céimeanna i scéal a chur in ord leanúnach
    • tráthanna suntasacha i rith an lae a phlé
    • seicheamh ama maidir le ceithre imeacht sa lá scoile a chlárú ó bhéal agus i bpictiúir
    • leabhar gearrthóg de 'mo lá' a dhéanamh
    • tugann na páistí earráidí i seicheamh faoi deara agus pléann siad iad
  • am a léamh in achair uair an chloig.

Comhtháthú

Stair: Mé féin agus mo theaghlach
Tíreolaíocht: An domhan fisiceach

Snáithaonad: Airgead (le húsáid go dtí go dtagann an euro i bhfeidhm)


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • boinn airgid (go dtí 5p) a aithint agus a úsáid
    • boinn 1p, 2p agus 5p a shórtáil agus a ainmniú
    • boinn chuí a roghnú do ghníomhaíochtaí
    • simplí siopadóireachta
    • Foclóir cuí a úsáid: ceannaigh, díol, caith, boinn, pinginí, cé mhéad?
  • tascanna praiticiúla agus fadhbanna bunaithe ar airgead a réiteach.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • boinn airgid go dtí 20p a aithint agus boinn go dtí 10p a úsáid
    • líon áirithe de bhoinn a mhalartú ar bhonn amháin den luach céanna agus a mhalairt de dhóigh
    • boinn a úsáid i ngníomhaíochtaí siopadóirechta; na boinn airgid chuí a thairiscint agus sóinseáil a ríomh
    • foclóir cuí a úsáid: costas, praghas, saor/daor, sóinseáil, an iomad/gan go leor
  • tascanna praiticiúla agus fadhbanna bunaithe ar airgead a réiteach
    • cé na rudaí is féidir a cheannach le bonn airgid áirithe?
    • caith an tsuim chéanna airgid in dhá shlí dhifriúla.

Snáithaonad: Airgead - euro


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • boinn airgid (go dtí 5 cent) a aithint agus a úsáid
    • boinn go dtí 5 cent a shórtáil agus a ainmniú
    • boinn chuí a roghnú do ghníomhaíochtaí simplí siopadóireachta
    • Foclóir cuí a úsáid: ceannaigh, díol, caith, boinn, cé mhéad?
  • tascanna praiticiúla agus fadhbanna bunaithe ar airgead a réiteach.

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • boinn airgid go dtí 20 cent a aithint agus boinn go dtí 10 cent a úsáid
    • líon áirithe de bhoinn a mhalartú ar bhonn amháin den luach céanna agus a mhalairt de dhóigh
    • boinn a úsáid i ngníomhaíochtaí siopadóirechta; na boinn airgid chuí a thairiscint agus sóinseáil a ríomh
    • foclóir cuí a úsáid: costas, praghas, saor/daor, sóinseáil, an iomad/gan go leor
  • tascanna praiticiúla agus fadhbanna bunaithe ar airgead a réiteach
    • cé na rudaí is féidir a cheannach le bonn airgid áirithe?
    • caith an tsuim chéanna airgid in dhá shlí dhifriúla.

Snáithe: Sonraí

Snáithaonad: Sonraí a aithint agus a léirmhíniú


Ábhar do naíonáin shóisearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tacair de rudaí a shórtáil agus a rangú de réir critéir amháin
    • bailiúcháin a shórtáil ar bhonn datha, crutha, méid, uigeachta agus feidhme
  • tacair chothroma agus éagothroma a mheaitseáil
    • go leor/níos mó ná/cóimhéid le/níos lú ná
  • tacar de shonraí simplí matamaiticiúla a léiriú agus a léirmhíniú agus réada, samhla agus pictiúir in úsáid
    • léiríonn páistí an tacar roghnaithe go nithiúil agus i bpictiúir
    • aithníonn páistí an comhfhreagras uimhriúil idir pictiúir agus rudaí, m.sh. tacar na bpáistí a raibh úll acu don lón

Ábhar do naíonáin shinsearacha

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tacair de rudaí a shórtáil agus a rangú de réir critéir amháin agus de réir dhá cheann
    • sórtáil in dhá ghrúpa de réir critéir amháin: le/gan rotha, atá/nach bhfuil dearg
    • sórtáil de réir dhá chritéir: bréagáin dhearga le rotha
  • sonraí a léiriú agus a déirmhíniú in dhá shraith nó cholún agus réada, samhla agus pictiúir in úsáid
    • déanann páistí rogha idir dhá shaghas peata
    • tugtar pictiúr nó samhail de pheata don pháiste
    • cóirítear pictiúir nó samhla i gcolúin nó i sraitheanna i gcomhfhreagras aon lena haon
    • na torthaí a phlé agus comparáid a dhéanamh eatarthu an gá le bunlíne chomónta a phlé.

Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie