Forbairt scileanna do ranganna 5 agus 6
De thoradh snáithaonaid churaclam na matamaitice a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
- ábhair, coincheapa agus próisis chuí le haghaidh tascanna agus feidhmeanna áirithe a roghnú
- coincheapa agus próisis a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna éagsúla
- anailísiú a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar bhealaí oibre lena réiteach a phleanáil
- straitéisí éagsúla a roghnú agus a chur i bhfeidhm chun tascanna agus tionscadail a chomhall nó chun fadhbanna a réiteach
- machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar réitigh ar fhadhbanna
Cumarsáid agus cur in iúl
- na próisis a d'úsáidfí mar aon le torthaí gníomhaíochtaí, fadhbanna agus tionscadal matamaiticiúil a phlé agus a mhíniú ar bhealach eagraithe
- éisteacht le cuntais agus míniúcháin mhatamaiticiúla de chuid páistí eile agus iad a phlé
- próisis agus torthaí oibre a phlé agus a chlárú agus modhanna éagsúla a úsáid chuige
- fabhbanna a phlé agus anailísí a chur i gcrích
Comhtháthú agus nascadh
- idéanna agus próisis mhatamaiticiúla a shealbhódh sé/sí go neamhfhoirmiúil a cheangal le hidéanna agus próisis fhoirmiúla mhatamaiticiúla
- matamaitic a aithint sa timpeallacht
- idéanna agus próisis mhatamaiticiúla a léiriú ar dhóigheanna difriúla: ó bhéal, go pictiúrtha, go diagramach agus go siombalach
- na ceangail idir bealaí oibre matamaiticiúla agus na coincheapa a úsáideann sé/sí a thuiscint
- idéanna agus próisis mhatamaiticiúla a aithint agus a chur i bhfeidhm i ngnéithe eile an churaclaim
Réasúnaíocht
- hipitéisí a cheapadh agus trialacha a dhéanamh chun iad a thástáil
- déaduchtuithe neamhfhoirmíula a dhéanamh
- patrúin agus coibhneasa matamaiticiúla a chuartú agus a iniúchadh
- réasúnú go córasach i gcomhthéacs matamaiticiúil
- boinn le próisis agus le torthaí gníomhaíochtaí, fadhbanna agus tionscadal matamaiticiúil a thabhairt
Cur i bhfeidhm
- straitéisí meabhracha agus bealaí oibre a chumadh agus a úsáid chun tascanna matamaiticiúla a chomhall
- láimhseoga cuí a úsáid chun bealaí oibre matamaiticiúla a fheidhmiú
- bealaí oibre caighdeánacha a fheidhmiú go héifeachtach le huirlisí éagsúla
Tuiscint agus tabhairt chun cuimhne
- fíorais, sainmhínithe agus foirmlí a thuiscint agus a mheabhrú.
Snáithe: Uimhreas
Snáithaonad: Ionadluach
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- slánuimhreacha agus deachúlacha a léamh, a scríobh, agus a ordú
réamhobair choincheapúil agus phraiticiúil a fhorleathnú chun uimhreacha níos mó agus deachúlacha a chuimsiú - ionadluach i slánuimhreacha agus i ndeachúlacha a aithint
réamhobair choincheapúil agus phraiticiúil a fhorleathnú chun uimhreacha níos mó agus deachúlacha a chuimsiú - slánuimhreacha agus deachúlacha a shlánú
slánuimhreacha a cheartú go dtí an deich, an céad nó an míle is gaire
deachúlacha a shlánú don slánuimhir is gaire.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- slánuimhreacha agus deachúlacha a léamh, a scríobh, agus a ordú
- ionadluach i slánuimhreacha agus i ndeachúlacha a aithint
- deachúlacha a shlánú
deachúlacha a cheartú go dtí ionad amháin, dhá ionad nó trí ionad de dheachúlacha.
Snáithaonad: Oibríochtaí
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- suimeanna, difríochtaí, torthaí agus líonta slánuimhreacha a mheas
straitéisí le haghaidh meastacháin a úsáid m.sh. é a bhunú ar na digití tosaigh, slánú, cnuasach, uimhreacha speisialta
torthaí ríomhaireachta a mheas agus freagraí a ríomh le háireamhán, m.sh. 450 x 9 = 4500 (an meastachán seo bunaithe ar 450 x 10)
meastachán a dhéanamh ar dtús agus áireamhán a úsáid ansin chun teacht ar an bhfreagra cruinn - slánuimhreacha agus deachúlacha (go dtí trí ionad de dheachúlacha) a shuimiú agus a dhealú, gan áireamhán agus le háireamhán
úsáid na n-algartam atá ar eolas ag na páistí cheana a fhorbairt agus a fhorleathnú - deachúil (go dtí trí ionad) a iolrú faoi shlánuimhir, gan áireamhán agus le háireamhán
úsáid na n-algartam atá ar eolas ag na páistí
cheana a fhorbairt agus a fhorleathnú
8.125 x 9 - uimhir trí dhigit a roinnt ar uimhir dhá dhigit, gan áireamhán agus le háireamhán
coincheap na roinnte a iniúchadh le hábhair nithiúla
algartam na roinnte fada a fhorbairt trí dhealú
leantach agus trí mhéaduithe den dealú leantach - uimhir dheachúlach a roinnt ar shlánuimhir, gan áireamhán agus le haireamhán
coincheap deachúlacha a roinnt a iniúchadh agus feidhm a bhaint as ábhair nithiúla, airgead agus tomhais
an t-algartam a fhorleathnú i gcomhcheangal le hionadluach
75.6 ÷ 4.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- suimeanna, difríochtaí, torthaí agus líonta deachúlacha a mheas
straitéisí le haghaidh meastacháin a úsáid
torthaí ríomhaireachta a mheas agus freagraí a ríomh le háireamhán - slánuimhreacha agus deachúlacha a shuimiú agus adhealú, gan áireamhán agus le háireamhán
- deachúil a iolrú faoi dheachúil, gan áireamhán agus le háireamhán
úsáid na n-algartam atá ar eolas ag na páistí cheana a fhorbairt agus a fhorleathnú
7.25 x 1.5; 13.2 x 0.75
a thuiscint nach ionann i gcónaí iolrú agus dul i méid - uimhir cheithre dhigit a roinnt ar uimhir dhá dhigit, gan áireamhán agus le háireamhán
úsáid na n-algartam atá ar eolas ag na páistí cheana a fhorbairt agus a fhorleathnú
7852 ÷ 26 - uimhir dheachúlach a roinnt ar dheachúil, gan áireamhán agus le háireamhán
coincheap roinnte ar dheachúlacha a iniúchadh agus feidhm a bhaint as ábhair nithiúla, airgead agus tomhais
36.92 ÷ 2.6; 27.6 ÷ 0.2
a thuiscint nach ionann i gcónaí roinnt agus dul i laghad.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Codáin
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- codáin a chur i gcomparáid agus in ord agus foirmeacha coibhéiseacha de chodáin le hainmneoirí 2-12 a aithint
coibhéis shimplí a iniúchadh, a chur i gcomparáid agus a chlárú, ábhair nithiúla, filleadh páipéir agus codánchairteacha á n-úsáid - leaschodáin a chur in iúl mar uimhreacha measctha agus a mhalairt de dhóigh agus iad a shuíomh ar an uimhirlíne
coibhéis a bhunú agus ábhair nithiúla a úsáid
leaschodáin shimplí agus uimhreacha measctha a iniúchadh, a chur i gcomparáid agus a chlárú go diagramach, go huimhriúil agus ar an uimhirlíne - codáin shimplí agus uimhreacha measctha simplí a shuimiú agus a dhealú
codáin choibhéiseacha a úsáid chun an t-áireamh a shimpliú - codán a iolrú faoi shlánuimhir
coincheapa a fhorbairt le hábhair nithiúla, filleadh páipéir agus codánchairteacha
cé mhéad pizza i gceithre 3/4 de pizza? - deichithe, céaduithe agus mílithe a chur in iúl i bhfoirm chodánach agus i bhfoirm dheachúlach
iniúchadh agus comparáid a dhéanamh le hábhair choincréiteacha
cur in iúl mar chodáin agus mar dheachúlacha.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- codáin a chur i gcomparáid agus in ord agus foirmeacha coibhéiseacha de chodáin a aithint
codáin choibhéiseacha a chur in ord ar an uimhirlíne agus ar chodánchairteacha - leaschodáin a chur in iúl mar uimhreacha measctha agus a mhalairt de dhóigh agus iad a shuíomh ar an uimhirlíne
- codáin shimplí agus uimhreacha measctha simplí a shuimiú agus a dhealú
níor mhór comhainmneoir a aimsiú trí mhéaduithe a liostú - codán a iolrú faoi chodán
coincheap a iniúchadh agus a fhorbairt trí ábhair nithiúla agus an uimhirlíne a úsáid agus trí léaráidí a tharraingt d'fhonn samplaí a léiriú i dtaca le forbairt algartaim - deichithe, céaduithe agus mílithe a chur in iúl i bhfoirm chodánach agus i bhfoirm dheachúlach
- slánuimhir a roinnt ar chodán a mbeadh 1 mar uimhreoir aige
cé mhéad ceathrú in 2?
2 ÷ 1/4 ; 15 ÷ 1/5 - cóimheasa simplí a thuiscint agus a chlárú;
an coibhneas idir uimhreacha aiceanta agus a n-iolruithe a iniúchadh agus a chlárú.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Deachúlacha agus céatadáin
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- tuiscint ar chéatadáin shimplí a fhorbairt agus a ngaol le codáin agus le deachúlacha a leagan síos
céatadáin a chur in iúl mar chodáin is mar dheachúlacha agus a mhalairt de dhóigh
céatadáin shimplí a ríomh, m.sh. 50%, 25%, 10% - codáin agus deachúlacha a chur i gcomparáid agus in ord
iniúchadh, comparáid agus clárú a dhéanamh le hábhair choincréiteacha is le hairgead
ordú a dhéanamh go diagramach nó ar an uimhirlíne - fadhbanna bunaithe ar oibríochtaí le slánuimhreacha, codáin, deachúlacha agus céatadáin shimplí a réiteach
léaráidí a úsáid; freagraí a mheas agus a ríomh le háireamhán
samplaí de lacáiste agus de mhéaduithe simplí a chur san áireamh
10% bainte de gach bríste géine, 20% sa bhreis saor in aisce.
Nascadh
Tomhais: Airgead
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Timpeallacht dhaonna
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- céatadáin a úsáid agus a ngaol le codáin agus le deachúlacha a leagan síos
cainníochtaí a chur in iúl mar chéatadáin - céatadáin d'uimhreacha a chur i gcomparáid agus in ord
- fadhbanna bunaithe ar shochar, dochar, lacáiste, cáin bhreisluacha (CBL), ús, méaduithe agus laghduithe a réiteach.
Nascadh
Tomhais: Airgead
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Timpeallacht dhaonna
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Teoiric uimhris
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uimhreacha príomha agus uimhreacha ilchodacha simplí a aithint
sainmhíniú ar uimhir phríomha a thabhairt: is é sin uimhir níos mó ná 1 agus gan ach dhá roinnteoir aici, í féin agus 1
uimhreacha príomha simplí a aithint trí thástáil is earráid m.sh. 2, 5, 7, 11
uimhreacha príomha a aithint agus a chlárú le criathar Eratosthenes
uimhir ilchodach a shainnhíniú, m.sh. uimhir le breis is dhá roinnteoir aici: 4, 6, 9
uimhreacha ilchodacha a aithint agus a chlárú agus fíorais uimhris nó áireamhán a úsáid chuige
coibhneasa le corruimhreacha agus ré-uimhreacha a imscrúdú - uimhreacha cearnacha agus uimhreacha dronuilleogacha simplí a aithint
léaráidí a thógáil ar gheochláir, ar phionnachláir agus ar pháipéar cearnógach mar léiriú ar uimhreacha cearnacha agus dronuilleogacha simplí
na huimhreacha seo a iniúchadh, a chur i gcomparáid agus a chlárú - fachtóirí agus iolruithe a aithint
fachtóirí agus iolruithe a aithint ó fhíorais
iolraithe bhunúsacha.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uimhreacha príomha agus uimhreacha ilchodacha simplí a aithint
- uimhreacha cearnacha agus uimhreacha dronuilleogacha simplí a aithint agus a iniúchadh
16 = 4 x 4 = 42 - fréamhacha cearnacha simplí a íniúchadh agus a aithint
léaráidí a thógáil
clárú agus comparáid a dhéanamh le huimhreacha cearnacha - comhfhachtóirí agus coimhéadaithe a aithint
fachtóirí agus iolruithe a iniúchadh agus a chlárú
d'fhonn fachtóirí agus iolruithe coitianta a aithint - slánuimhreacha a scríobh i bhfoirm easpónantúil
1000 = 10 x 10 x 10 = 103
8 = 2 x 2 x 2 = 23.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithe: Ailgeábar
Snáithaonad: Uimhreacha treocha
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uimhreacha deimhneacha is diúltacha a aithint i gcomhthéacs
cúrsaí airgid, áiritheoirí fístéipe, taispeántais áireamháin, tuairiscí spóirt, scóir ghailf, teocht, leibhéal na farraige agus ardaitheoirí a iniúchadh agus a phlé
chun a léiriú gur gá cainníochtaí os cionn nialais agus cainníochtaí faoina bhun a idirdhealú
is ceart tagairt d'uimhreacha deimhneacha agus diúltacha mar 'deimhneach a seacht' agus 'diúltach a trí'
na comharthaí crochta + nó - a úsáid agus uimhreacha deimhneacha agus diúltacha á gclárú
m.sh. +7 -3
fístéip a chasadh siar
tarraingíonn na páistí teirmiméadar, cuireann siad lipéad air agus marcálann siad an teocht air
breathnaíonn siad ar réamhaisnéisí aimsire i nuachtáin.
Comhtháthú:
Tíreolaíocht: Timpeallacht nádúrtha; Aimsir, aeráid, agus atmaisféar
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uimhreacha deimhneacha is diúltacha a aithint ar an uimhirlíne
an uimhirlíne a shiúl chun cleachtadh a fháil ar uimhreacha deimhneacha agus diúltacha a éiríonn le linn díospóireachta nó i gcomhthéacs
uimhreacha deimhneacha is diúltacha a aithint agus a mharcáil ar uimhirlínte pearsanta nó ranga - imhreacha deimhneacha agus diúltacha simplí a shuimiú ar an uimhirlíne
uimhreacha deimhneacha agus diúltacha simplí a shuimiú tríd an uimhirlíne a shiúl agus trí chomhaireamh ar an uimhirlíne ranga nó ar uimhirlíne phearsanta
+5 + -7 = (); -9 + -3 = ()
-8 + +2 = ()
uimhreacha deimhneacha is diúltacha a éiríonn sa chomhthéacs a shuimiú: m.sh. ba é scór galfaire thar cheithre bhabhta ná 6 faoi bhun an chothroim, 2 os a chionn, 3 faoina bhun agus 1 faoina bhun; cad é an scór a bhí aici/aige ar deireadh i gcoibhneas le cothrom?
Comhtháthú:
Tíreolaíocht: Timpeallacht nádúrtha; Aimsir, aeráid, agus atmaisféar
Snáithaonad: Rialacha agus airíonna
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- airíonna agus rialacha simplí maidir le lúibíní agustosaíochtaí oibríochta a iniúchadh agus a phlé
sloinn le lúibíní i suímh éagsúla a aithint, a phlé, agus a ríomh
10 + (4 + 7) = (); (10 + 4) + 7 = ()
(8 - 1) + 4 = (); 8 - (1 + 4) = ()
(3 x 4) + 5 = (); 3 x (4 + 5) = ()
8 ÷ (2 + 2) = (); (8 ÷ 2) + 2 = ()
cén tionchar atá ag suíomh na lúibíní?
sloinn agus lúibíni fágtha ar lár iontu a aithint, a phlé, agus a ríomh
4 + 3 x 5 = (); 12 x 6 + 3 = ()
2.45 ÷ 5 - 0.75 = (); 96 ÷ 8 - 12 = ()
cén tionchar atá aige oibríochtaí a thosú ag pointí difriúla? m.sh. 4 + 3 roimh 3 5
nó a mhalairt: 4 + 3 5?
luach lúibíní a bhúnú agus as sin teacht ar thosaíocht an iolraithe agus na roinnte ar shuimiú agus dhealú na hairíonna
na rialacha seo a iniúchadh gan áireamhán agus le háireamhán - coibhneasa a aithint agus rialacha i bhfocail agus rialacha siombalacha simplí a chlárú le haghaidh patrúin uimhreacha
rialacha do sheichimh shimplí uimhreach a aithint agus a phlé: 2.0, 3.5, 5.0, 6.5 ... .i. méadú de 1.5 sa seicheamh gach babhta
81, 27, 9 ... ag laghdú trí roinnt ar a 3
1, 4, 9, 16, 25, 36 ...
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- bheith eolach faoi airíonna simplí agus rialacha maidir le lúibíní agus tosaíochtaí oibríochta
áireamhán a úsáid i gcleachtaí chun digití atá in easnamh agus oibríochtaí atá in easnamh a aimsiú
e.g. 37 ? 21 ? 23 = 800
27 ? (36 ? 11) = 675 - coibhneasa a aithint agus rialacha siombalacha le haghaidh patrúin uimhreacha a chlárú
rialacha a dhéaduchtú agus a chlárú i gcás patrúin uimhreacha luaite
2, 6, 12, 20, 30 ...
4:1, 8:2, 16:4 ...
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Athróga
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- coincheap athróige a iniúchadh i gcomhthéacs patrún, táblaí agus foirmlí simplí agus luachanna a chur in áit athróg
foirmlí simplí as snáitheanna eile a aithint agus a phlé
m.sh. d = 2 x r; a = l x w
luachanna a chur isteach i bhfoirmlí agus i rialacha
siombalacha a forbraíodh as patrúin uimhreacha.
Snáithaonad: Cothromóidí
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uimhirabairtí agus fráma iontu a aistriú ina bhfocalfhadhbanna agus a mhalairt de dhóigh
uimhirscéalta a chumadh chun cur síos ar uimhirabairt áirithe
cé mhéad foireann de cheathrar is féidir leis an múinteoir a dhéanamh le haghaidh rásanna
sealaíochta as rang ina bhfuil ochtar páistí ar fhichead?
28 ÷ 4 = ()
ní mór d'fhear ocht bhfuinneog is fiche a ghlanadh;
tógann sé uair an chloig air ceithre cinn a ghlanadh;
cá fhad a thógfaidh sé don iomlán?
uimhirabairtí a chumadh chun cuntais mhatamaiticiúla a thabhairt ar fhocalfhadhb áirithe a chumadh - uimhirabairtí agus cothromóidí aon chéime a réiteach
75 - 43 = (); 3.5 x () = 14
25% de () = 15.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- focalfhadhbanna agus athróg iontu a aistriú ina n-uimhirabairtí
Ghearr Peadar píosa ribín ina chúig chuid chothroma.
Bhí gach cuid 30 cm ar fhad. Cá fhad a bhí sa ribín sular gearradh é?
x ÷ 5 = 30 - uimhirabairtí agus cothromóidí aon chéime a réiteach
-3 + +6 = (); -4 + () = +1
10 x () = 8 x 5.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithe: Cruth agus spás
Snáithaonad: Cruthanna 2-T
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- déaduchtuithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh faoi chruthanna 2-T agus a n-airíonna
- airíonna a n-uillinneacha agus a línte a úsáid chun triantáin agus ceathairshleasáin a rangú agus chun cur síos a dhéanamh orthu
raon leathan de chruthanna tríshleasacha agus ceathairshleasacha a ainmniú, a iniúchadh agus a chur i gcomparáid ó thaobh méid agus líon a n-uilleannacha agus saghas agus líon a sleasa m.sh. traipéisiam, triantán scailéanach, heicseagán rialta - airíonna an chiorcail a aithint
ciorcail agus trastomhais éagsúla acu a iniúchadh agus a chur i gcomparáid
an gaol idir trastomhas agus ga a thomhas agus a aithint
achar a scrúdú trí aonaid chearnógacha a chomhaireamh - ciorcal a thógáil agus trastomhas nó ga áirithe aige
compás a úsáid chun é a tharraingt - cnuasach de chruthanna 2-T a theisiliú
- cruthanna 2-T a rangú de réir a línte siméadrachta
línte siméadrachta i gcruthanna 2-T a iniúchadh, a chur i gcomparáid, agus a chlárú - cruthanna 2-T agus a n-airíonna a úsáid chun fadhbanna a réiteach
cruth ar leith a dhéanamh le cruthanna Tangraim.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- déaduchtuithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh faoi chruthanna 2-T agus a n-airíonna
- airíonna a n-uillinneacha agus a línte a úsáid chun triantáin agus ceathairshleasáin a rangú agus chun cur síos a dhéanamh orthu
- triantáin a thógáil nuair a thugtar a sleasa nó a n-uillinneacha
tógáil triantáin a chríochnú nuair a thugtar dhá shlios agus an uillinn eatarthu nó dhá uillinn agus an líne eatarthu - airíonna an chiorcail a aithint
trastomhas ciorcail a chur i gcomparáid lena imlíne trí thomhas imlíne ciorcail nó rud ar nós chrann fuinte nó roth a thomhas m.sh. píosa de chorda a úsáid - ciorcal agus trastomhas nó ga áirithe aige a thógáil
- cnuasach de chruthanna 2-T a theisiliú
- cruthanna 2-T a rangú de réir a línte siméadrachta
- comhordanáidí simplí a mhapáil agus a chur i bhfeidhm nuair is cuí geochláir agus páipéar cearnógach a úsáid
- cruthanna 2-T agus a n-airíonna a úsáid chun fadhbanna a réiteach.
Snáithaonad: Cruthanna 3-T
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- cruthanna 3-T, an teitrihéadrán san áireamh, a aithint agus a imscrúdú agus coibhneasa a iniúchadh (aghaidheanna, faobhair, agus reanna)
líon na n-aghaidheanna ar chruthanna 3-T a iniúchadh, a chur i gcomparáid, agus a chlárú
líon na bhfaobhar agus na reanna ar chruthanna 3-T a aithint
cruth na n-aghaidheanna a ainmniú
cruthanna 3-T a dhíthógáil ina líontáin, iad a scrúdú, agus díospóireacht a dhéanamh orthu - líontáin de chruthanna simplí 3-T a tharraingt agus na cruthanna a thógáil
liontáin shimplí, agus plapaí orthu nuair is gá, a phlé agus a tharraingt
cruthanna 3-T a thógáil ó na líontáin.
Comhtháthú
Na hAmharcealaíona: Tógáil
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- cruthanna 3-T, an t-ochtahéadrán san áireamh, a aithint agus a imscrúdú agus coibhneasa a iniúchadh(aghaidheanna, faobhair, agus reanna)
- líontáin de chruthanna simplí 3-T a tharraingt agus na cruthanna a thógáil.
Comhtháthú
Na hAmharcealaíona: Tógáil
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Línte agus uillinneacha
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uillinneacha a aithint agus a rangú, cur síos orthu, agus a ngaol le cruth agus leis an timpeallacht a thabhairt faoi deara
raon leathan d'uillinneacha agus de chruthanna a iniúchadh agus a chur i gcomparáid
uillinneacha a thomhas agus a chlárú mar ghéaruillinneacha, maoluillinneacha, uillinneacha
aisfhillteacha nó dronuillinneacha agus líon na
n-uilleannacha de na saghsanna seo i ngnáthchruthanna rialta a aimsiú - uillinneacha a aithint i dtéarmaí rothlaithe
na huillinneacha (agus an uillinn aisfhillteach san áireamh) a chruthaíonn snáthaidí an chloig ag raon d'amanna difriúla a scrúdú, a thomhas agus a chlárú
leathnú a dhéanamh le láimhseoga, m.sh. sopanna, cipíní líreacáin, Meccano, corda, uillinntomhas 360°, agus teanga ríomhaire LOGO más ann di - uillinneacha a mheas, a thomhas agus a thógáil i gcéimeanna
raon leathan d'uillinneacha a thomhas agus a chlárú agus uillinntomhas á úsáid
uillinneacha ar mhéid éagsúla a thógáil le huillinntomhas
méid uillinneacha a mheas agus dearbhú a dhéanamh le huillinntomhas - suim na n-uillinneacha i dtriantán a iniúchadh
na trí chúinne ar thriantán páipéir a bhaint agus iad a chur le chéile chun teacht ar 180°
na huillinneacha i raon de thriantáin a thomhas le huillinntomhas
suim na n-uillinneacha sin a ríomh agus a chlárú na torthaí a scrúdú agus a phlé.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uillinneacha a aithint agus a rangú, cur síos orthu, agus a ngaol le cruth a thabhairt faoi deara
saghsanna uillinneacha sa timpeallacht a aithint - uillinneacha a aithint i dtéarmaí rothlaithe
- uillinneacha a mheas, a thomhas agus a thógáil i gcéimeanna
- suim na n-uillinneacha i gceathairshleasán a iniúchadh
na ceithre chúinne de cheathairshleasán páipéir a bhaint agus iad a chur le chéile chun teacht ar 360°
na huillinneacha i raon leathan de cheathairshleasáin a thomhas agus a suim a ríomh.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithe: Tomhais
Snáithaonad: Fad
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid
rialóir do rudaí gairide
maide méadair do rúdaí nó achair atá níos faide
roth tomhais le haghaidh achair fhada - fad a mheas agus a thomhas agus aonaid mhéadracha chuí a úsáid chuige
faid raoin leathain rudaí agus áiteanna éagsúla, laistigh agus lasmuigh, a mheas agus a thomhas:
leabhair, binsí, dorchlaí, cosáin, bealaí isteach, taobhlínte páirceanna imeartha
cá fhad an féidir leat liathróid a chaitheamh?
a léim? nó a rith i 20 soicind?
aonaid chuí thomhais a úsáid
mm (rudaí gearra) cm (rudaí atá níos faide)
m (achair ghearra) km (achair fhada) - imlínte cruthanna rialta agus neamhrialta a mheas agus a thomhas.
Comhtháthú
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht; Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid
- aonaid fhaid a athainmniú
tomhais in aonaid mhéadracha chuí a athainmniú mar chodáin agus mar dheachúlacha d'aonaid mhéadracha chuí
233 m = 233/1000 km = 0.233 km
1 m 11 cm = 1 11/100 m = 1.11 m - imlínte cruthanna rialta agus neamhrialta a mheas agus a thomhas
- scálaí a úsáid ar léarscáileanna agus ar phleananna agus iad a léirmhíniú
an scála ar léarscáil nó ar phlean ar leith a aithint agus rudaí a tharraingt de réir scála níos mó nó níos lú ná sin.
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Timpeallacht nádúrtha
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht; Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
Snáithaonad: Achar
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a fhionnachtan gur ionann achar dronuilleoige agus a fad iolraithe faoina leithead
é seo a chinneadh le trialacha leantacha ag úsáid dronuilleog ar tomhaiseadh a sleasa i sláncheintiméadair agus a n-achair in aonaid chearnacha d'aon cheintiméadar cearnach - achar cruthanna 2-T, idir chruthanna rialta is chruthanna neamhrialta, a mheas agus a thomhas
raon leathan de chruthanna rialta is neamhrialta a thomhas agus aonaid chearnacha de cheintiméadar cearnach amháin agus de mhéadar cearnach amháin a úsáid chuige - achar a ríomh i gceintiméadair chearnacha agus i méadair chearnacha
aonaid chuí thomhais a roghnú:
ceintiméadair chearnacha (nithe beaga)
méadair chearnacha (nithe móra nó seomraí) - méadair chearnacha agus ceintiméadair chearnacha a chur i gcomparáid trí fhéachaint orthu.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a fhionnachtan nach sainníonn fad imlíne dronuilleoige a hachar
dronuilleoga a thógáil a bhfuil fad a n-imlínte mar an gcéanna ach a bhfuil achair éagsúla acu - achar cruthanna 2-T, idir chruthanna rialta is chruthanna neamhrialta, a ríomh
achar cruthanna a mheas agus a ríomh agus na freagraí a dhearbhú trí thomhas le haonaid de cheintiméadar cearnach - dromchla cruthanna 3-T a thomhas
na dromchlaí 3-T a thomhas trí na haghaidheanna 2-T a thomhas ceann ar cheann nó trí na cruthanna a leathnú amach ina líontáin - achar a ríomh in áir agus i heicteáir
páirceanna, faichí móra súgartha, carrchlósanna - an gaol idir méadair chearnacha agus ceintiméadair chearnacha a aithint
achair d'aon, ceithre, fiche a cúig agus aon chéad ceintiméadar cearnach a iniúchadh agus a chur i gcomparáid chun coibhneasa a léiriú - achar seomra a ríomh ó phlean de réir scála
achar cruthanna dronuilleogacha a thomhas agus a ríomh trí fhoroinnt i ndronuilleoga agus trí réimsí aonair a chur le chéile
forleathnú a dhéanamh chun achar pleananna seomraí (dronuilleogacha) a aimsiú
forleathnú a dhéanamh agus achar seomraí a aimsiú ó phleananna trí scála a úsáid.
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Meáchan
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid
uirlisí oiriúnacha tomhais le haghaidh na dtascanna áirithe a roghnú, m.sh. meá, meá cistine, meá seomra folctha, agus spriongmheá - meáchan a mheas agus a thomhas agus aonaid mhéadracha chuí a úsáid chuige
raon leathan de rudaí a mheas agus a thomhas
aonaid chuí thomhais a úsáid
graim (pinn luaidhe agus cóipleabhair)
cileagraim (málaí scoile agus daoine).
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí oiriúnacha tomhais a roghnú agus a úsáid
- tomhais mheáchain a athainmniú
tomhais in aonaid mhéadracha chuí a athainmniú
na torthaí a chur in iúl mar chodáin nó mar dheachúlacha d'aonaid mhéadracha chuí
750 g = 3/4 kg = 0.75 kg
4 kg 45 g = 4 45/1000 kg = 4.045 kg.
Snáithaonad: Toilleadh
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid
uirlisí tomhais a bheadh oiriúnach do na tascanna áirithe a roghnú
crúiscíní céimnithe, soithí lítir nó cuid de lítear - toilleadh a mheas agus a thomhas agus aonaid mhéadracha chuí a úsáid chuige
raon leathan de nithe a mheas agus a thomhas
aonaid tomhais chuí a úsáid
millilítir (cupáin), lítir (canna spréite).
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid
- tomhais toillidh a athainmniú
tomhais in aonaid mhéadracha chuí a athainmniú
na torthaí a chur in iúl mar chodáin nó mar dheachúlacha d'aonaid mhéadracha chuí
625 ml = 5/8 l = 0.625 l
8 l 253 ml = 8 253/1000 l = 8.253 l - toilleadh ciúbóidigh a aimsiú trí thriail
soitheach ciúbóideach a líonadh le huisce agus an toilleadh a thomhas i lítir
soitheach ciúbóideach a líonadh le haonaid chiúbacha agus iad a chomhaireamh.
Snáithaonad: Am
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- amchláir agus an clog 24 uair an chloig (digiteach agus analacháide) a léamh agus a léirmhíniú
bus, traein, aer, long, pictiúrlann, amharclann, scoil, rang - amanna i bhfoirm 12 uair an chloig agus 24 uair an chloig a léirmhíniú agus athrú eatarthu
10:30 i.n. = 22:30 uaire
07:50 uaire = 7:50 r.n.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- creasa ama idirnáisiúnta a iniúchadh
an gá le creasa ama a aithint agus a phlé
difríochtaí ama idir Éirinn agus tíortha eile a ríomh - an gaol idir am, fad agus meánluas a iniúchadh
an t-am a chaitear chun turasanna gairide a chríochnú nó chun achair ghearra a thaisteal a thomhas le stopuaireadóir agus bunachar eolais a chur le chéile d'fhonn meáin a scrúdú.
Nascadh
Sonraí: Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú
Comhtháthú
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithaonad: Airgead (le húsáid go dtí go dtagann an euro i bhfeidhm)
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- 'luachanna ar airgead' a chur i gcomparáid trí mhodh an aoin a úsáid
costais sé úll ar 75p agus ceithre úll ar 50p a chur i gcomparáid le chéile
tuarastal a ríomh bunaithe ar ráta uaire nó lae
iomláin ar bhillí siopa a ríomh.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- 'luach ar airgead' a iniúchadh
reic-phraghsanna a ríomh, m.sh. lacáiste 10%, cáin bhreisluacha 20% curtha leis - airgeadraí iasachta a athrú i bpuint Éireannacha agus a mhalairt de dhóigh
rátaí malairte sna nuachtáin a aithint agus a phlé
luachanna malairte sna príomhairgeadraí a ríomh le haghaidh suimeanna d'airgead Éireannach
suimeanna d'airgid iasachta a iompú i luacha d'airgead Éireannach.
Snáithaonad: Airgead - Euro
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- 'luachanna ar airgead' a chur i gcomparáid trí mhodh an aoin a úsáid
costais sé úll ar 75 cent agus ceithre úll ar 50 cent a chur i gcomparáid le chéile
tuarastal a ríomh bunaithe ar ráta uaire nó lae
iomláin ar bhillí siopa a ríomh.
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- 'luachanna ar airgead' a chur i gcomparáid
reic-phraghsanna a ríomh, m.sh. lacáiste 10%, cáin bhreisluacha 20% curtha leis - airgeadraí iasachta a athrú go euro agus a mhalairt de dhóigh
rátaí malairte sna nuachtáin a aithint agus a phlé
luachanna malairte sna príomhairgeadraí a ríomh le haghaidh suimeanna d'airgead euro
suimeanna d'airgid iasachta a iompú go euro.
Nascadh
Uimhreas: Oibríochtaí; Deachúlacha agus céatadáin
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.
Snáithe: Sonraí
Snáithaonad: Sonraí a leiriú agus a léirmhíniú
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- sonraí a bhailiú, a eagrú agus a léiriú agus picteagraim, barrachairteacha singile agus iolracha agus píchairteacha simplí a úsáid chuige
sonraí a bhailiú sa timpeallacht i bhfoirm tháblach agus iad a léiriú i gcruth cuí
dóigheanna léirithe a phlé agus a iniúchadh - picteagraim, barrachairteacha singile agus iolracha agus píchairteacha a léamh agus a léirmhíniú
samplaí ón rang a scrúdú agus a phlé chomh maith le cairteacha as nuachtáin agus as irisí, mar aon le cairteacha a ghintear ar an ríomhaire a léirmhíniú
Nascadh
Cruth agus spás: Uillinneacha
Uimhreas: Codáin
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Timpeallacht dhaonna
- tacair shimplí de shonraí a chnuasach agus a úsáid
liostaí staidrimh a chnuasach as eispéiris na bpáistí
m.sh. sonraí pearsanta (airde, aois, dath gruaige),
torthaí spóirt (buanna, cailliúintí, comhscóir)
sonraí a úsáid mar fhoinse chun fadhbanna a léiriú, a léirmhíniú agus a cheapadh - meáin tacar simplí de shonraí a iniúchadh agus a ríomh
an mhír is minice atá le fáil i dtacar de shonraí a aithint
an meán a ríomh trí na luacha uile a shuimiú agus a roinnt ar líon na míreanna (áireamhán a úsáid) - tacair shonraí a úsáid i réiteach fadhbanna
fadhbanna bunaithe ar thacair shonraí agus ar léiriúcháin atá in úsáid sa rang a réiteach
cé acu borróga ba mhó a raibh éileamh orthu ag saor-reic cácaí?
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- sonraí a bhailiú, a eagrú agus a léiriú agus píchairteacha agus treoghraif a úsáid chuige
reiceanna nó fliuchras míosa - treoghraif agus píchairteacha a léamh agus a léirmhíniú
airde nó meáchan i gcóimheas le haois
Nascadh
Cruth agus spás: Uillinneacha
Uimhreas: Codáin
Comhtháthú
Tíreolaíocht: Timpeallacht dhaonna
- tacair shimplí de shonraí a chnuasach agus a úsáid
liostaí staidrimh a chnuasach as eispéiris na bpáistí,
m.sh. sonraí pearsanta (airde, aois, dath gruaige)
torthaí spóirt (buanna, cailliúintí, comhscóir)
sonraí a úsáid mar fhoinse chun fadhbanna a léiriú, a léirmhíniú agus a cheapadh - meáin tacar simplí de shonraí a iniúchadh agus a ríomh
an mhír is minice atá le fáil i dtacar de shonraí a aithint
na meáin a ríomhtar a chur i gcomparáid leis an mír is minice atá le fáil - tacair shonraí a úsáid i réiteach fadhbanna.
Snáithaonad: Seans
Ábhar do rang 5
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- na torthaí go léir ab fhéidir a bheith ar phróisis shimplí fhánacha a aithint agus a liostú
na torthaí go léir ab fhéidir a bheith ar na próisis seo a leanas a phlé agus a liostú:
dísle a rolladh (1, 2, 3, 4, 5, 6)
dhá bhonn a chaitheamh in airde (dhá cheann, dhá eireaball, ceann agus eireaball)
ciúb a bhaint as mála ina bhfuil ciúbanna gorma, dearga agus uaine (ciúb gorm, ciúb dearg, ciúb uaine). - an chosúlacht go dtarlóidh imeachtaí ar leith a mheas
dá gcaithfimis bonn in airde céad uair cé mhéad ceann a mbeimis ag súil leo? Tá 50 seans as 100, nó 1 seans as 2, nó seans de 50% ag an gceann a bheith in uachtar; tá an seans céanna ag cinn agus ag eireabaill dá rollfaimis dísle, cá mhinice a mbeimis ag súil le 2?
(1 seans as 6). Tá gach ceann de na sé thoradh chomh dóchúil lena chéile; cothroime i gcluichí boird a phlé - cairteacha agus táblaí minicíochta a thógáil agus a úsáid chun seans a mheas
an triail (bonn a chaitheamh, dísle a rolladh, ciúb a bhaint as mála le trí chiúb ghorma agus sé chiúb uaine ann) a dhéanamh go minic (50-100 uaire)
is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh i ngrúpaí agus gach páiste nó grúpa ag caitheamh na dísle (nó an bhoinn) in airde fiche uair agus na torthaí á gcur le chéile
na torthaí a chlárú agus a úsáid chun tábla minicíochta a chur le chéile; mar shampla dá dtógfaí ciúb as mála mar a rinneadh thuas bheadh an dealramh seo ar an tábla, b'fhéidir:
dath líon uaireanta a piocadh
gorm 36
uaine 64
áirímid go bhfuil seans de 36 as 100 ann go roghnófaí ciúb gorm agus 64 as 100 go roghnófaí ciúb uaine na torthaí a phlé: an é sin a cheapamar roimh ré?
ba chabhair é dhá bhonn le dathanna difriúla a úsáid d'fhéadfaí tacair de shonraí cnuasaithe as eispéiris na bpáistí a úsáid (sonraí pearsanta, aimsir, nó spóirt);
mar shampla, d'fhéadfadh an tábla seo thíos teacht as suirbhé ar an arbhar ba rogha leis na páistí:
arbhar líon daltaí gur fearr leo é
calóga arbhair 19
leite 4
brioscáin 9
muesli 3
meastar seans de 19 as 35 a bheith ann gur fearr le páiste, a phioctar amach go fánach, calóga arbhair.
Comhtháthú
Ceol: Tobchumadh agus cruthú
Ábhar do rang 6
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- na torthaí go léir ab fhéidir a bheith ar phróisis shimplí fhánacha a aithint agus a liostú
na torthaí go léir ab fhéidir a bheith ar na próisis seo a leanas a phlé agus a liostú:
dhá dhísle a rolladh agus an t-iomlán a ríomh
(2, 3, 4 ... 12)
dhá uimhir a roghnú go fánach as na huimhreacha
1, 2, 3, 4, 5 (deich bhféidearthacht). - an chosúlacht go dtarlóidh imeachtaí ar leith a mheas agus a chur in ord ar scála ó 0 go 100%, 0 go 1
nuair a chaitear bonn in airde tá seans de 1 as 2 nó 1/2 nó 50% ag an gceann a bheith in uachtar; mar an gcéanna don eireaball
Agus dísle á rolladh, bíonn seans de 1 as 6 ag gach toradh tarlú -- mar sin tá an seans cothrom le 1/6
Nuair a thógtar ciúb as mála ina bhfuil trí chiúb dhearga agus sé chiúb ghorma tá sé sheans as naoi ann gur ciúb gorm a phiocfar, is é sin seans de 6/9 nó 2/3; is é sheans go bpiocfar ciúb dearg ná 3/9 nó 1/3
Conas a bheadh le cúig chiúb dhearga, cúig chiúb ghorma agus cúig chiúb uaine sa mhála? nó trí chiúb dhearga, sé chiúb ghorma, agus sé chiúb uaine? - cairteacha agus táblaí minicíochta a thógáil agus a úsáid chun seans a mheas
an triail (dhá bhonn a chaitheamh; ciúb a bhaint as mála ina bhfuil líon de chiúbanna le dathana difriúla) a dhéanamh go minic; is féidir líon níos mó trialacha a aimsiú trí oibriú i ngrúpaí
na torthaí a chlárú agus a úsáid chun tábla minicíochta a chur le chéile; mar shampla, dá gcaithfí dhá bhonn in airde bheadh an dealramh seo ar an tábla, b'fhéidir:
toradh minicíocht
2 cheann 20
2 eireaball 28
1 cheann/1 eireaball 52
áirímid seans de 20/100 a bheith ann go roghnófaí dhá cheann, 28/100 go roghnófaí dhá eireaball, agus 52/100 go roghnófaí ceann agus eireaball:
na torthaí a phlé; an é sin a cheapamar roimh ré?
tábla de thinreamh scoile don rang a scrúdú cad é an seans lántinreamh a bheith ann lá áirithe?
cad é an seans neamhláithreacht de bhreis ar 20% den rang a bheith ann ar aon lá faoi leith?
tugtar mála do na páistí agus deirtear leo go bhfuil deich gciúb ann de trí dhath dhifriúla; pioctar ciúb amach go leantach, 50 uaire b'fhéidir, agus cuirtear tábla minicíochta le chéile; iarrtar ar na páistí a mheas cá mhéad ciúb de gach dath atá sa mhála.
Comhtháthú
Ceol: Tobchumadh agus cruthú
Baineann na moltaí sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.