Primary Schools

Pleanáil sa mhatamaitic

Tá ábhar churaclam na matamaitice á chur i láthair i líon de shnáitheanna agus de shnáithaonaid. Tugtar eiseamláirí i gcló iodálach ar fud gach snáithe. Níl iontu seo ach moltaí teoranta. Baineann na moltaí a dhéantar sna heiseamláirí faoi láimhsiú an ábhair leis an dá rang.

Le linn pleanála níor mhiste do mhúinteoirí na rudaí seo a leanas a mheabhrú:

  • nach réimsí leithliseacha iad snáitheanna an chláir. Níor mhór breathnú orthu agus iad a mhúineadh mar aonaid a bhfuil gaol eatarthu agus ina bhfuil tuiscint i réimse amháin ag brath ar choincheapa agus idéanna i snáitheanna eile agus tacúil leo.
  • go mbainfidh páistí úsáid as a n-eolas i réimse amháin den mhatamaitic chun réimse eile a iniúchadh. D'fhéadfaidís an t-eolas atá acu ar fhíorais uimhris a chleachtadh le linn gníomhaíochtaí tomhais, agus d'fhéadfadh go mbeadh coincheapa céimseatan ag teastáil chun sonraí a chur i láthair. Tugtar nascadh air seo.
  • gur cheart deiseanna breise a aithint d'fhonn coincheapa agus scileanna matamaiticiúla a chomhtháthú le gnéithe eile den churaclam, toisc nach bhfuil iontu siúd a léirítear san ábhar ach treoracha amháin
  • gur chóir cothromaíocht chuí a bheith idir ghnéithe difriúla na matamaitice. Cé go bhfuil uimhreas tábhachtach, níor cheart go ndéanfaí faillí ar shnáitheanna eile chun cúram a dhéanamh de, agus ba chóir leanúnachas agus dul chun cinn a dheimhniú sa chlár
  • gur cheart athbhreithniú ar choincheapa agus ar scileanna a dhéanamh go críochnúil sula dtosófaí ar ábhar nua a iniúchadh
  • gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar idéanna agus ar choincheapa matamaiticiúla le hilchnuasach fearais roimh chlárú scríofa d'aon chineál a dhéanamh sa mhatamaitic
  • nár mhór béim a leagan ar dhíospóireacht, idir na páistí féin agus idir an múinteoir agus na páistí. Ba chóir go mbeadh sí seo ina cuid dhílis den obair i ngach snáithe
  • gur chóir difríochtaí aonair i gcumas, i ngnóthachtáil agus i stíl foghlama a chur san áireamh le linn pleanála
  • nach mór féachaint ar mheasúnú mar chuid dhílis den phróiseas teagaisc agus foghlama
  • go bhfuil sé tábhachtach go nglacfadh páistí le matamaitic mar rud praiticiúil ábharthach. Ní mór deiseanna a chur ar fáil dóibh a dtuiscint agus a scileanna sa mhatamaitic a thógáil agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna a thagann óna n-eispéiris agus a dtimpeallacht féin.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie