Primary Schools

Measúnú

Measúnú: cuid dhílis de theagasc agus d'fhoghlaim

Is próiseas leantach dinimiciúil agus próiseas a bhíonn neamhfhoirmiúil go minic é measúnú. Is contanam é a shíneann ó bhreathnóireacht sa seomra ranga go trialacha caighdeánaithe. Ar aon tábhacht leo sin tá ceistiúchán agus agallaimh, obair bhaile, agus na trialacha struchtúrtha a fhorbraíonn an múinteoir. Cuireann measúnú eolas ar fáil ar féidir é a úsáid agus cinneadh á dhéanamh ag an múinteoir faoin dóigh is fearr chun freastal go réalaíoch ar riachtanais an pháiste. Ní foláir an measúnú a bheith ina chuid dhílis den phróiseas oideachais agus níor chóir é a bheith ina chuspóir ann féin. Ní mór cothromaíocht chuí a aimsiú idir an méid ama a chaitear ar mheasúnú agus an t-am a chaitear ar theagasc agus ar fhoghlaim.
Spreagann an cur chuige tógálach sa mhatamaitic cleachtadh modhanna foghlama bunaithe ar fhionnachtain faoi threoir agus ar chomhrá. Ba chóir an teagasc agus bailiú agus anailísiú eolais trí mheasúnú a bheith comhchéimneach agus go mbeadh aiseolas an mheasúnaithe ag dul i bhfeidhm ar an bpróiseas teagaisc agus foghlama. Ba chóir gur eispéireas dearfa don pháiste é an measúnú a chuirfeadh le héifeacht na foghlama.
Soláthraíonn tascanna múinteoir-bheartaithe agus trialacha a bhíonn nasctha leis an teagasc féin neart eolais. Tá ról an mhúinteora fíorthábhachtach chun cúidiú leis an bpáiste a c(h)uid foghlama féin a fhorbairt.

Rólanna an mheasúnaithe: fáthanna le measúnú

Is cabhair ar leith é measúnú sa mhatamaitic i ngeall ar nádúr anstruchtúrtha an ábhair. Tá tábhacht leis freisin in aithint na saghsanna deacrachtaí a bhíonn ag páistí i bhforbairt coincheap agus scileanna matamaiticiúla.
Bíonn ról múnlaitheach ag measúnú. Cuireann sé le héifeacht na foghlama trí aiseolas cruinn a chur ar fáil don pháiste agus don mhúinteoir araon. Tugann sé faisnéis don mhúinteoir faoi chumais agus faoi laigí an pháiste agus faoina (h)ullmhacht chun tosú le topaic nua. Cuidíonn measúnú leis an múinteoir i bpleanáil agus i ngrádú na gceachtanna agus na ngníomhaíochtaí matamaitice. Braitheann sealbhú coincheap nua matamaiticiúil ar thuiscint cheart a bheith ag an bpáiste ar gach gné de na réamhchoincheapa; mar shampla, ní féidir le páiste dul chun cinn a dhéanamh i réimse na ndeachúlacha má bhíonn a t(h)uiscint ar ionadluach neamhiomlán. Bíonn ról meastóireachta ag measúnú sa phleanáil freisin. Spreagann torthaí measúnaithe an múinteoir chun oiriúnacht ábhar an churaclaim dá rang nó dá ghrúpa féin a scrúdú mar aon le hoiriúnacht na modhanna teagaisc agus an chur chuige a chleachtar a scrúdú.
Cuidíonn measúnú diagnóiseach leis an múinteoir páistí le deacrachtaí in achair ar leith sa mhatamaitic a aithint. Cuidíonn sé leis an múinteoir páistí le riachtanais speisialta a aithint, páistí atá tréitheach go matamaiticiúil, nó páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama sa mhatamaitic acu, mar shampla, agus dá thoradh sin is féidir freastal níos oiriúnaí a dhéanamh ar riachtanais na bpáistí sin.
Sa mheasúnú suimitheach déantar clárú córasach ar fhorbairt mhatamaiticiúil an pháiste ag deireadh achair áirithe ama -- seachtain, téarma, nó bliain, mar shampla. Bíonn an t-eolas seo riachtanach chun tuairiscí a thabhairt do thuismitheoirí agus chun eolas a sholáthar do mhúinteoirí eile.

Measúnú i gcuraclam na matamaitice: cad ba cheart a mheasúnú?

Ba chóir béim an mheasúnaithe a leagan ar a fháil amach cad atá ar eolas ag páistí, cad is féidir leo a dhéanamh, agus conas a dhéanann siad é, seachas díriú ar rudaí nach féidir leo a dhéanamh. Ba chóir go mbreathnófaí ar an bpáiste ina (h)iomláine sa mheasúnú agus go ndéanfaí a p(h)róisis foghlama agus torthaí na foghlama sin araon a mheá. Ar na hachair chognaíocha agus mhothúchánacha nach mór a mheasúnú chun an t-eolas seo a chur ar fáil áirítear

  • eolas agus tuiscint choincheapúil, achar a ndéantar measúnú air i gcur i bhfeidhm coincheapa matamaiticiúla, mar shampla neamhathraitheacht faid. Ní foláir é seo a dhéanamh i gcomhthéacsanna éagsúla agus breathnú ar an dóigh a gcomhallann an páiste tasc nó a gcuireann sé/sí coincheap i bhfeidhm i ngnáthshuíomh saoil
  • cumas i réiteach fadhbanna, ar féidir é a mheasúnú trí mheastóireacht a dhéanamh ar an gcur chuige, ar na straitéisí agus na próisis a úsáideann an páiste chun déileáil le tascanna matamaiticiúla, agus ar na nascanna a dhéanann sé/sí laistigh den mhatamaitic féin agus laistigh d'ábhair léinn eile
  • oilteacht i ríomhaireacht, réimse nach mór úsáid uimhris, cur i bhfeidhm cuí na gceithre oibríocht uimhris agus cumas uimhreacha a ríomh go héifeachtach ó bhéal agus i scríbhinn a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh air
  • scileanna athmheabhraithe, a ndéantar measúnú orthu le linn na fíoraisuimhris, téarmaíocht, sainmhínithe agus foirmlí a bheith á dtabhairtchun cuimhne, agus ina n-úsáid sin go héifeachtach i suíomhceapáirithe. Is scileanna fíorthábhachtacha iad seo i réimse an mheastacháin
  • máistreacht ar achair shainiúla ábhair (uimhreas, ailgéabar, tomhais, cruth agus spás, agus sonraí, mar shampla) -- achair a ndéantar measúnú orthu agus iad á gcur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna praiticiúla laethúla
  • cumas cumarsáide faoi idéanna agus phróisis mhatamaiticiúla, agus cumas iad a chur in iúl, mar aon le cumas teanga na matamaitice a úsáid go cruinn ó bhéal agus i scríbhinn -- cumais ar féidir iad a mheasúnú trí bhreathnóireacht nuair a bhíonn na páistí gafa le tasc matamaiticiúil. Is féidir, trí dhíospóireacht, bearnaí ina gcuid eolais agus ina scileanna a nochtadh. Is féidir, freisin, tuiscint neamhiomlán ar théarmaíocht
    mhatamaiticiúil nó ar phróisis a aithint. Nuair a bhíonn páistí i mbun cláraithe ní miste dóibh iad féin a chur in iúl i bpictiúir, ó bhéal, nó i bhfoirm scríofa le focail nó le siombailí (nó an dá cheann).
  • dearcadh an pháiste i leith na matamaitice agus a f(h)éinmhuinín, a spéis, a t(h)oilteanas dul sa seans agus a t(h)uiscint ar thairbhe na matamaitice san áireamh; déantar iad seo a mheasúnú trí dhíograis an pháiste a thabhairt faoi deara agus é/í ag dul i mbun taisc. Is gnéithe de dhearcadh iad chomh maith an tsuim a léiríonn páiste i gcríochnú tascanna agus in úsáid fhéinmhuiníneach na matamaitice i réimsí eile an churaclaim agus sa ghnáthshaol. Is breathnóireacht leantach neamhfhoirmiúil a dhéanann an múinteoir ar an dearcadh a léiríonn an páiste, agus cuireann sí seo go mór le pictiúr dá f(h)orbairt mhatamaiticiúil sin a iomlánú.

Uirlisí measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh

Cé go bhfuil oilteacht sa ríomhaireacht riachtanach, ba chóir go gcuimseodh measúnú tuiscint an pháiste ar choincheapa is scileanna matamaiticiúla agus a c(h)umas an tuiscint sin a chur i bhfocail. Is cúram d'uirlisí measúnaithe é freisin an úsáid a bhaineann an páiste as teanga agus siombailí matamaiticiúla a iniúchadh.
Tá raon leathan d'uirlisí measúnaithe ar fáil le haghaidh na matamaitice, agus moltar go mbainfeadh múinteoirí úsáid as raon díobh -- as bailiúcháin ina mbeadh samplaí d'obair na bpáistí, as taifid bhreathnóireachta, as seicliostaí máistreachta, as trialacha múinteoirbheartaithe, agus as trialacha caighdeánaithe, mar shampla.

Breathnóireacht an mhúinteora
Déanann múinteoirí measúnú ar pháistí gach lá agus iad ag breathnú orthu i mbun oibre, le linn obair bhaile nó obair ranga a bheith á ceartú, agus nuair a bhunaíonn siad díospóireacht leo. Déantar an-chuid den bhreathnóireacht seo go neamhfhoirmiúil, ach tugann sí leid don mhúinteoir, i rith an teagaisc, faoin gcaoi a mbíonn an topaic áirithe ag dul i bhfeidhm ar an bpáiste.
Cuimsíonn measúnú leantach den saghas seo breathnú ar ghníomhaíocht, ar obair scríofa, ar dhíospóireacht agus ar cheistiúchán an pháiste i rith obair ranga nó obair ghrúpa. B'fhiú leabhar nótaí a bheith in aice láimhe ag an múinteoir chun aon chumais nó deacrachtaí a léireodh páiste áirithe le linn gníomhaíochta a bhreacadh síos, mar shampla páiste a roghnaíonn uirlis mhí-oiriúnach tomhais go minic nó páiste a thugann faoi thascanna suimithe i gcónaí trí na deicheanna a shuimiú ar dtús. Cuidíonn na nótaí gairide breathnóireachta seo leis na múinteoirí chun an chéad chéim eile de cheacht a phleanáil nó chun ullmhacht an pháiste do thopaic nua a mheas agus chun próifíl an pháiste a chur le chéile.
Bíonn díospóireacht le páiste faoina c(h)uid oibre an-tairbheach, go mór mór nuair a iarrtar air/uirthi cur síos ar an gcaoi ar thug sé/sí tasc chun críche, ina (h)aonar nó mar bhall de ghrúpa. Go minic nochtfaidh na freagraí bearnaí in eolas agus i scileanna, agus is féidir gníomhú dá réir ansin.
Is measúnú trí bhreathnóireacht é anailís a dhéanamh ar obair scríofa an pháiste chun saghsanna agus patrúin a c(h)uid earráidí a aithint. Is bealach úsáideach é freisin chun a fháil amach conas atá ag éirí leis/léi i gcomparáid leis na páistí eile.

Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
Ach iad a úsáid ar bhonn rialta, soláthraíonn tascanna agus trialacha múinteoir-bheartaithe eolas a bhíonn cabhrach sa phleanáil do pháistí a bhíonn difriúil ó thaobh cumais agus chun an clár agus na modhanna teagaisc a chur in oiriúint do riachtanais na bpáistí sin. Cuireann siad ar chumas múinteoirí, freisin, leibhéal dul chun cinn an uile pháiste a dhéanamh amach agus eolas a sholáthar le haghaidh athbhreithnithe agus le haghaidh mionathruithe ar an gclár matamaitice. Bíonn dlúthbhaint acu leis na cuspóirí teagaisc don rang ar leith, agus is féidir iad a úsáid chun sonraí múnlaitheacha, diagnóiseacha agus suimitheacha ar dhul chun cinn páistí a chur ar fáil. Nuair a chuireann an múinteoir na tascanna agus na trialacha a bheartaíonn sé/sí i láthair i bhfoirmeacha éagsúla, is féidir go gcuideodh sé sin chun an páiste a chur ar a s(h)uaimhneas le measúnú. Cabhraíonn raon leathan foirmeacha sa chur i láthair le páistí a bhfuil stíleanna difriúla foghlama acu.
Seo thíos roinnt samplaí den éagsúlacht is féidir a bheith sa chur i láthair:

  • trialacha ó bhéal ar scileanna meabhracha (táblaí, leanúint le patrúin uimhris)
  • trialacha scríofa ar oilteacht in uimhreas
  • cleachtaí i réiteach fadhbanna ina n-úsáidtear raon de scileanna matamaiticiúla
  • tionscadail inar gá sonraí a chnuasach, mionsamhail a thógáil, nó léaráid a tharraingt.

Agus torthaí na dtrialacha agus na dtascanna seo á scrúdú agus á gclárú ag an múinteoir, is féidir na próisis a d'úsáid an páiste i gcomhall an taisc a thabhairt faoi deara, mar shampla bileog ar leith a úsáid le haghaidh sracmheastacháin, nó an uirlis chuí a roghnú don tasc (rialóir fada, uillinntomhas nó uimhirlíne).

Bailiúcháin d'obair agus de thionscadail
Is bailiúcháin eagraithe d'obair na bpáistí iad seo, a choimeádtar i bhfillteán nó i gcomhad, agus soláthraíonn siad cuntas inbhraite ar fhorbairt an pháiste thar thréimhse théarma nó bhliana. Soláthraíonn siad bunús le haghaidh díospóireachta le páiste is le tuismitheoir araon, agus is féidir iad a chur ar fáil don chéad mhúinteoir eile. Samplaí de bhailiúcháin mar uirlisí measúnaithe iad seo a leanas: bailiúcháin bunaithe ar rogha ionadaíoch de shaothar scríofa an pháiste chun dul chun cinn a léiriú; comhaid ina gcoimeádtar an saothar scríofa go léir a bhaineann le réimse áirithe curaclaim. Ceist thábhachtach í soláimhsitheacht an bhailiúcháin agus ní foláir machnamh a chaitheamh le méid agus le fiúntas an ábhair a choimeádtar. Is féidir an páiste a bheith páirteach i gcnuasach an ábhair féin trí ligean dó/di samplaí oibre a roghnú anois is arís.

Próifílí curaclaim
Cuireann próifílí curaclaim ar chumas an mhúinteora forbhreithiúnas a dhéanamh faoi dhul chun cinn an pháiste aonair. Éascaíonn siad léirmhíniú raon leathan de thorthaí foghlama. Leagann sé seo dualgas ar an múinteoir breathnú ar chumas an pháiste ábhair agus bealaí oibre a roghnú le haghaidh tascanna matamaiticiúla ar leith agus straitéisí oiriúnacha a roghnú agus a úsáid chun tasc a chomhall nó an réiteach ar fhadhb shimplí a aithint. Déanann an múinteoir cinneadh ansin cé acu an bhfuil na scileanna seo forbartha ag an bpáiste áirithe nó an bhfuil sé/sí fós á bhforbairt.

Tástáil dhiagnóiseach
Nochtann trialacha diagnóiseacha deacrachtaí foghlama i ngnéithe áirithe matamaitice, agus is féidir na torthaí a úsáid ansin i réiteach na faidhbe. Go minic soláthraíonn na trialacha diagnóiseacha a bhíonn ar an margadh scéimeanna oibre dírithe go sonrach ar scil nó scileanna ar ghá don pháiste dul chun cinn a dhéanamh iontu. Go minic is é/í an múinteoir feabhais a thugann faoin saghas seo measúnaithe; ach is féidir leas diagnóiseach a bhaint as obair an pháiste a anailísiú, agus is féidir leis an múinteoir féin na trialacha a chumadh chuige sin. Is féidir earráidí dianseasmhacha in obair páiste a anailísiú chun réimsí deacrachta a aithint. Ach trialacha scagtha a úsáid ag leibhéal na naíonán, is féidir páistí a bhfuil fadhbanna acu sa mhatamaitic a aithint go luath, agus is féidir clár cuí feabhais a chur ar fáil ag an bpointe sin. Tugann anailísiú den saghas seo eolas faoi bhuanna páiste chomh maith, agus is féidir leis an múinteoir na torthaí a úsáid chun obair níos dúshlánaí a chur ar fáil.

Tástáil chaighdeánaithe
Cuimsíonn trialacha caighdeánaithe idir thrialacha normthagartha agus thrialacha critéarthagartha. Cuireann trialacha normthagartha na páistí i gcomparáid le páistí eile nó le caighdeáin náisiúnta. Is é atá iontu ná tascanna an-struchtúrtha agus sraith de rialacha leo le hiad a scóráil. Tagraíonn caighdeánú do chomhionannas sna nósanna imeachta a leantar i gcur i bhfeidhm trialach. Déanann na páistí go léir an triail chéanna faoi réir na dteorainneacha ama céanna agus na dtreoracha céanna. Ní foláir na rialacha seo a chomhlíonadh go beacht d'fhonn scór caighdeánach a chur ar fáil agus d'fhonn bailíocht an scóir a choinneáil. Nuair a chuirtear an triail chéanna ar na páistí go léir faoi réir na gcoinníollacha céanna is féidir na torthaí a mheas go neamhspleách ar fhachtóirí seachtracha.
Cuireann trialacha critéarthagartha eolas ar fáil ar chumas feidhmithe an pháiste, ach tá siad neamhchosúil le trialacha normthagartha sa mhéid nach ndéantar seo i gcóimheas le cumas feidhmithe daoine eile. Cuireann siad ar chumas an mhúinteora an méid den ábhar ceapáirithe atá foghlamtha ag an bpáiste aonair a mheas, agus bíonn siad bunaithe ar ghrúpaí de chuspóirí teagaisc nó ar ábhair chúrsa.
Saghas amháin trialach critéarthagartha is ea taifid mháistreachta nó seicliostaí, agus úsáidtear iad chun máistreacht i ngnéithe áirithe den churaclam a mheas ar bhealach struchtúrtha. Is féidir an saghas seo measúnaithe a bhunú ar thrialacha deartha ag an múinteoir, nó bíonn siad ar fáil mar chuid de théacsleabhar nó scéim mhatamaitice. Ní hionann agus trialacha atá níos foirmiúla, ní riartar na trialacha seo ar bhealach beacht caighdeánaithe, agus ní féidir scóir na bpáistí a léirmhíniú i gcomparáid le noirm aoise nó ranga. Mar sin féin, tá siad anúsáideach chun eolas diagnóiseach a sholáthar ar dhul chun cinn an pháiste.
Ba chóir trialacha caighdeánaithe a úsáid go cáiréiseach. Is féidir leo a bheith diagnóiseach má dhéantar anailísiú ar earráidí agus má bhaintear úsáid astu chun buanna páistí a aithint mar aon lena n-ullmhacht le haghaidh foghlama breise.

Cur chuige stuama i leith measúnaithe

Trialacha a mheas
Ní foláir trialacha a mheas maidir lena gcuspóirí agus lena n-oiriúnacht do na páistí a bhíonn á dtástáil acu. Bíonn cuspóirí agus cur i bhfeidhm difriúil ag trialacha deartha ag an múinteoir, trialacha ceannaithe, agus cleachtaí seiceála i dtéacsleabhair mhatamaitice. Ní foláir machnamh a dhéanamh ar na saghsanna éagsúla trialacha a chuirtear ar pháistí, mar shampla triail dheachtaithe a lorgaíonn freagraí gairide scríofa, trialacha inar gá don pháiste a léiriú conas a tháinig sé/sí ar an bhfreagra, agus trialacha ilroghnacha. Ní foláir freisin machnamh ar an teanga sa triail, toisc gur féidir léi cur isteach ar ghníomhú páiste a mbíonn deacracht léitheoireachta aige/aici.

Soláimhsitheacht trialacha
Ní mór go mbainfeadh soláimhsitheacht le cur i bhfeidhm trialacha. Tá trialacha a chuirtear ar an rang iomlán úsáideach le haghaidh scagtha, ach de ghnáth ní bhíonn siad diagnóiseach. Áit a nochtar réimse agus laige ann, ní foláir triail níos mine a chur ar ghrúpa níos lú nó ar pháiste aonair. Caithfidh trialacha a bheith éasca a chur i bhfeidhm, mar oibríonn an-chuid múinteoirí i suímh chomhpháirteacha nó le comhranganna.

Clárú agus cumarsáid

Tuairisciú ar thorthaí measúnaithe
Ní mór go mbeadh brí le baint as torthaí measúnaithe. Is féidir a chinneadh sa scoil ar leagan amach coiteann a úsáid le haghaidh tuairiscithe chun a dheimhniú go mbeidh an t-eolas a chuirfear ó rang go rang go cruinn beacht. Níor mhór, freisin, níos mó ná eolas faoi oilteacht in uimhreas a bheith sna torthaí measúnaithe a chuirtear ar fáil do thuismitheoirí. Tugann córas ar nós córas na mbailiúchán a chuimsíonn réimsí mar bhuanseasmhacht, chur i láthair na hoibre, agus chumas oibriú i ngrúpa, léargas iomlán cothrom ar chumas matamaiticiúil an pháiste. Tugann sé seo deis do thuismitheoirí aiseolas a thabhairt. Ag éirí as anailís na dtorthaí ag leibhéal na scoile nó an ranga, is féidir réimsí bua nó réimsí laige a nochtadh agus is féidir forbairt a dhéanamh orthusan.

Cártaí próifíle daltaí
Cuireann cártaí próifíle daltaí ar chumas an mhúinteora dul chun cinn na bpáistí a chlárú go córasach agus samplaí de na nótaí breathnóireachta a rinne sé/sí i rith na bliana a chuimsiú. Tugann na próifílí seo tuairisc iomlán ar dhul chun cinn an pháiste sa mhatamaitic agus cuirtear le chéile iad i gcaitheamh na bliana scoile. Bíonn eolas iontu a bailíodh trí shaghsanna éagsúla measúnaithe, mar shampla trí thrialacha caighdeánaithe, trí thascanna agus thrialacha deartha ag an múinteoir, agus trí bhreathnóireacht an mhúinteora. Úsáidtear ansin iad chun eolas cruinn a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaoine ábhartha eile. Ba chóir go mbeadh an córas cláraithe ina chomhlánú ar chleachtais teagaisc den scoth agus go bhfreagródh sé do raon na dtorthaí foghlama atá intuigthe sa churaclam. Ba chóir go bhforbródh gach scoil polasaí comhordaithe taifeadta a shaineodh na saghsanna eolais a bheadh le bailiú, minicíocht cnuasaithe sonraí, agus an leas a bhainfí astu.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie