Foramharc ar ábhar do ranganna naíonán go rang 2
Forbairt scileanna
Forbairt scileanna
- Cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
- Cumarsáid agus cur in iúl
- Comhtháthú agus nascadh
- Réasúnaíocht
- Cur i bhfeidhm
- Tuiscint agus tabhairt chun cuimhne
| | Ranganna naíonán | Ranganna 1 agus 2 |
|---|
| Snáitheanna | Snáithaonaid | Snáithaonaid |
| Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla | - Rangú
- Meaitseáil
- Comparáid a dhéanamh
- Cur in ord
| |
| Uimhreas | - Comhaireamh
- Comparáid agus ordú
- Anailís uimhris
| - Comhaireamh agus uimhriú
- Comparáid agus ordú
- Ionadluach
- Oibríochtaí
- Codáin
|
| Ailgéabar | | - Patrúin a iniúchadh agus a úsáid
|
| Cruth agus spás | - Feasacht ar spásúlacht
- Cruthanna tríthoiseacha (3-T)
- Cruthanna déthoiseacha (2-T)
| - Feasacht ar spásúlacht
- Cruthanna déthoiseacha
- Cruthanna tríthoiseacha
- Siméadracht
- Uillinneacha
|
| Tomhais | - Fad
- Meáchan
- Toilleadh
- Am
- Airgead
| - Fad
- Achar
- Meáchan
- Toilleadh
- Am
- Airgead
|
| Sonraí | - Sonraí a aithint agus a léirmhíniú
| - Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú
|
Foramharc ar ábhar do ranganna 3 go dtí 6
Forbairt scileanna
Forbairt scileanna
- Cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
- Cumarsáid agus cur in iúl
- Comhtháthú agus nascadh
- Réasúnaíocht
- Cur i bhfeidhm
- Tuiscint agus tabhairt chun cuimhne
| | Ranganna 3 agus 4 | Ranganna 5 agus 6 |
|---|
| Snáitheanna | Snáithaonaid | Snáithaonaid |
| Uimhreas | - Ionadluach
- Oibríochtaí
- Suimiú agus dealú
- Iolrú
- Roinnt
- Codáin
- Deachúlacha
| - Ionadluach
- Oibríochtaí
- Suimiú agus dealú
- Iolrú
- Roinnt
- Codáin
- Deachúlacha
- Céatadáin
- Teoiric uimhris
|
| Ailgéabar | - Patrúin agus seichimh uimhris
- Uimhirabairtí
| - Uimhreacha treocha
- Rialacha agus airíonna
- Athróga
- Cothromóidí
|
| Cruth agus spás | - Cruthanna déthoiseacha
- Cruthanna tríthoiseacha
- Siméadracht
- Línte agus uillinneacha
| - Cruthanna déthoiseacha (2-T)
- Cruthanna tríthoiseacha (3-T)
- Siméadracht
- Línte agus uillinneacha
|
| Tomhais | - Fad
- Achar
- Meáchan
- Toilleadh
- Am
- Airgead
| - Fad
- Achar
- Meáchan
- Toilleadh
- Am
- Airgead
|
| Sonraí | - Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú
- Seans
| - Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú
- Seans
|
| | | |
| | | |
| | | |
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna churaclam matamaitice na bunscoile ná
- dearcadh dearfa i leith na matamaitice a fhorbairt mar aon le léirthuiscint ar a gnéithe praiticiúla agus aeistéitiúla
- cumas chun fadhbanna a réiteach a fhorbairt mar aon le héascaíocht in úsáid na matamaitice sa ghnáthshaol a chur chun cinn
- a chur ar chumas an pháiste teanga na matamaitice a úsáid go héifeachtach cruinn
- a chur ar chumas an pháiste tuiscint ar choincheapa agus ar phróisis mhatamaiticiúla a d'oirfeadh dá leibhéal forbartha is ábaltachta a bhaint amach
- a chur ar chumas an pháiste máistreacht a aimsiú ar úsáid scileanna bunúsacha matamaiticiúla agus ar mheabhrú bunfhíoras uimhris.
Cuspóirí ginearálta
Ach a c(h)umais dhúchasacha agus tosca athraitheacha a chur san áireamh, ba chóir go gcuirfeadh curaclam na matamaitice ar chumas an pháiste
Forbairt scileanna
- coincheapa agus próisis mhatamaiticiúla a chur i bhfeidhm agus réitigh ar fhadhbanna a phleanáil agus a chur i gcrích i gcomhthéacsanna éagsúla
- idéanna, próisis agus torthaí matamaiticiúla a chur in iúl ó bhéal agus i bhfoirm scríofa
- naisc mhatamaiticiúla a dhéanamh laistigh den mhatamaitic féin, ar fud ábhar eile léinn agus, freisin, in úsáid na matamaitice i gcomhthéacsanna praiticiúla laethúla
- réasúnú, iniúchadh agus hipitéisiú a dhéanamh i dtaca le patrúin agus coibhneasa sa mhatamaitic
- bealaí cuí oibre, idir bhealaí caighdeánacha agus bhealaí neamhchaighdeánacha, a chur i bhfeidhm agus uirlisí agus láimhseoga éagsúla a úsáid chuige sin
- téarmaíocht, fíorais, sainmhínithe agus foirmlí matamaiticiúla a thuiscint agus a thabhairt chun cuimhne
Uimhreas
- ionadluach sa chóras deichmhear (deachúlacha san áireamh) a thuiscint, a fhorbairt, agus a chur i bhfeidhm
- airíonna uimhris a thuiscint agus a úsáid
- nádúr na gceithre oibríocht uimhris a thuiscint agus iad a chur i bhfeidhm go cuí
- sracmheastachán, meastachán agus ríomhaireacht mheabhrach a dhéanamh agus bunfhíorais uimhris a thabhairt chun cuimhne
- na naisc idir codáin, céatadáin agus deachúlacha a thuiscint agus foirmeacha coibhéiseacha a aithris
- na coincheapa, na scileanna agus na próisis atá sealbhaithe aige/aici aúsáid i réiteach fadhbanna
Ailgéabar
- patrúin agus coibhneasa in uimhreacha a iniúchadh, a thabhairt faoi deara, a úsáid, agus a léirthuiscint
- slánuimhreacha deimhneacha agus diúltacha a aithint ar an uimhirlíne
- coincheap na hathróige a thuiscint agus luachanna a chur in áit athróg i bhfoirmlí, sloinn agus cothromóidí simplí
- fadhbanna de rá béil a aithris mar shloinn ailgéabracha
- tuiscint ar airíonna agus rialacha maidir le sloinn ailgéabracha a shealbhú
- cothromóidí simplí líneacha a réiteach
- na coincheapa, na scileanna agus na próisis atá sealbhaithe aige/aici a úsáid i réiteach fadhbanna
Cruth agus spás
- feasacht ar spásúlacht a fhorbairt
- airíonna línte, uillinneacha agus cruthanna déthoiseacha is tríthoiseacha a imscrúdú, a aithint agus a rangú agus cuntas a thabhairt orthu
- coibhneasa agus rialacha maidir le cruth a dhéanamh amach go neamhfhoirmiúil
- cruthanna déthoiseacha a chur le chéile, a theisiliú agus a fhoroinnt agus cruthanna tríthoiseacha a chur le chéile agus a fhoroinnt
- cruthanna déthoiseacha is tríthoiseacha a tharraingt, a thógáil agus a láimhsiú
- siméadracht i gcruthanna a aithint agus cruth agus siméadracht sa timpeallacht a aithint
- treo agus suíomh a chur in iúl go corplárnach (clé/deas, ar aghaidh/ar gcúl) agus trí chéimseata chomhordanáideach shimplí
- na coincheapa, na scileanna agus na próisis atá sealbhaithe aige/aici a úsáid i réiteach fadhbanna
Tomhais
- uirlisí oiriúnacha tomhais a aithint, a roghnú agus a úsáid
- fad, achar, meáchan, toilleadh agus meánluas a mheas, a thomhas agus a ríomh agus aonaid chuí thomhais, idir aonaid neamhchaighdeánacha agus aonaid mhéadracha, a úsáid
- uillinneacha, am, airgead agus scála a mheas, a thomhas agus a ríomh agus aonaid neamhchaighdeánacha agus aonaid chuí thomhais a úsáid
- tomhais i ngnáthúsáid laethúil a aithint agus a léirthuiscint
- na coincheapa, na scileanna agus na próisis atá sealbhaithe aige/aici a úsáid i réiteach fadhbanna
Sonraí
- sonraí a bhailiú, a rangú, a eagrú agus a léiriú ag úsáid ábhar nithiúil agus léiriúchán diagramach, grafach nó pictiúrtha
- táblaí, léaráidí, barra-chairteacha, picteagraim, línghraif agus píchairteacha a léamh, a chiallú, agus a anailísiú
- torthaí ar phróisis fhánacha shimplí a léirthuiscint, a aithint agus a chur in iúl
- seans a mheas agus a ríomh
- na coincheapa, na scileanna agus na próisis atá sealbhaithe aige/aici a úsáid i réiteach fadhbanna.