Is féidir breathnú ar mhatamaitic mar eolaíocht a bhaineann le méid,uimhreas, cruth agus spás agus leis an ngaol atá eatarthu agus freisin mar theanga uilíoch bunaithe ar shiombailí agus léaráidí. Bíonn eolas a láimhsiú (eagrú, anailísiú, ionramháil, agus cur in iúl), tuartha a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach trí úsáid teanga atá gonta agus cruinn i gceist.
Cuireann oideachas matamaiticiúil raon leathan eolais, scileanna agus gníomhaíochtaí gaolmhara ar fáil don pháiste, a chabhraíonn leis/léi tuiscint ar an domhan aiceanta agus ar idirghníomhaíochtaí sóisialta a fhorbairt. Tugann sé teanga agus córas don pháiste trínar féidir leis/léi mionscrúdú a dhéanamh agus cuntas agus míniú a thabhairt ar raon leathan d’eispéiris, tuartha a dhéanamh, agus fadhbanna a réiteach. Cothaíonn oideachas matamaiticiúil forbairt chruthaitheach agus forbairt aeistéitiúil agus cuireann sé le forás na réasúnaíochta trí úsáid teicníochtaí iniúchta i gcomhthéacs matamaiticiúil. Tá mar chúram air freisin féinmhuinín agus cumas chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí mheán na matamaitice a mhúscailt sa pháiste.
Curaclam na matamaitice
Cuimsíonn matamaitic díolaim eolais, scileanna agus cur chuige ar féidir a úsáid in an-chuid slite: chun cur síos, léiriú agus ciallú a dhéanamh; chun tuartha a dhéanamh; agus chun patrúin mar aon le coibhneasa in Uimhreas, Ailgéabar, Cruth agus spás, Tomhais agus Sonraí a mhíniú. Cuireann matamaitic brí in iúl agus soiléiríonn sí í. Soláthraíonn teanga na matamaitice uirlis chumhachtach ghonta trínar féidir eolas a eagrú, a láimhsiú agus a roinnt.
De bharr na n-airíonna seo is gléas riachtanach í an mhatamaitic don pháiste agus don duine fásta. Tugann úsáid na matamaitice i gcomhthéacsanna éagsúla cumas do dhaoine gnéithe dá dtimpeallacht fhisiceach agus dá n-idirghníomhaíochtaí sóisialta a mhíniú, a réamhinsint, agus a chlárú. Sa tslí seo saibhríonn sí a dtuiscint ar an saol ina maireann siad. Go deimhin tá tionchar an-mhór ar fhorbairt na sochaí comhaimseartha ag úsáid matamaitice atá de shíor ag éirí níos cumhachtaí i raon forásach de chomhthéacsanna eacnamaíocha, teicneolaíocha agus eolaíocha agus i gcomhthéacsanna eile fós.
Mar sin, ní mór go gcuirfidh matamaitic ar chumas an pháiste smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil agus go spásúil, fadhbanna a réiteach, suímh inar féidir matamaitic a úsáid a aithint, agus leas a bhaint as teicneolaíocht atá oiriúnach chuige sin. Má tá an páiste le bheith ina bhall eolach féinmhuiníneach sa saol mór ní mór dó/di a bheith in ann déileáil go héifeachtach le gnóthaí éagsúla an lae agus ciall a bhaint as an ollmhéid eolais agus sonraí a thagann trí na meáin.
Ní mór a mheabhrú gur gairm intleachtúil ar leith í an mhatamaitic agus gur foinse mheallta, dúshlán agus caitheamh aimsire í. Cabhraíonn iniúchadh patrún agus coibhneas, an sásamh a ghabhann le réiteach fadhbanna, léirthuiscint dearthaí agus cruthanna agus feasacht ar na tionchair chultúrtha agus stairiúla a mhúnlaigh an mhatamaitic nua-aoiseach, cabhraíonn siad sin go léir le díograis an pháiste don ábhar seo a spreagadh.
Déanann an curaclam seo iarracht oideachas matamaiticiúil atá oiriúnach ó thaobh forbartha de agus ábhartha ar bhonn sóisialta a sholáthar don pháiste. Ba cheart go mbeadh an clár matamaitice i ngach scoil sách solúbtha lena oiriúnú do pháistí ag leibhéil dhifriúla cumais agus chun freastal ar a riachtanais. Ina measc seo áirítear riachtanais páistí le heispéiris shuimiúla chiallmhara mhatamaiticiúla, a riachtanais matamaitic a chur i bhfeidhm in achair eile foghlama, a riachtanais chun leanúint le staidéar na matamaitice ag an leibhéal iar-bhunoideachais, agus a riachtanais le bheith ina mbaill den phobal a bheidh liteartha ó thaobh na matamaitice. Cuirfidh comhtháthú le gnéithe eile den churaclam peirspictíocht luachmhar eile le curaclam na matamaitice.
Struchtúr an churaclaim
Cuimsíonn an curaclam cúig shnáithe:
- Uimhreas
- Ailgéabar
- Cruth agus spás
- Tomhais
- Sonraí.
Ní réimsí aonaracha iad na snáitheanna seo, cé go gcuirtear i láthair iad i rannóga ar leith. Ba chóir breathnú orthu agus iad a mhúineadh mar aonaid ghaolmhara ina mbíonn tuiscint an ábhair i rannóg amháin ag brath ar idéanna agus coincheapa i snáitheanna eile agus tacúil leo. Tá nascadh den saghas seo laistigh den ábhar riachtanach. Cé gurb é an t-uimhreas an meán don ríomhaireacht mhatamaiticiúil, ní mór go gcuirfí a gcothrom de bhéim ar na snáitheanna eile chomh maith.
Roinntear na snáitheanna ina snáithaonaid, rud a thugann struchtúr breise don churaclam:
Glaotar Luathghíomhaíochtaí matamaiticiúla ar an gcuid tosaigh den snáithe Uimhreas, agus tá ceithre shnáithaonad inti: Rangú, Meaitseáil, Comparáid a dhéanamh, agus Cur in ord. Forbraíonn na haonaid seo ag leibhéal na naíonán chun comhaireamh agus anailísiú uimhris a chuimsiú. I ranganna 1 agus 2 tosaítear ar ionadluach, oibríochtaí agus codáin a fhoghlaim. Tugtar deachúlacha isteach i rang 3 agus céatadáin i rang 5.
Pléitear le hAilgéabar ag gach leibhéal, agus cuimsíonn sé patrúin, seichimh, uimhirabairtí, uimhreacha treocha, rialacha agus airíonna, athróga agus cothromóidí.
Faoin snáithe Cruth agus spás déantar iniúchadh ar fheasacht ar spásúlacht agus a feidhm i ngnáthchúrsaí an tsaoil. Tá aonaid ann ag déileáil le cruthanna déthoiseacha agus tríthoiseacha, siméadracht, línte, agus uillinneacha.
Tá sé aonad sa snáithe Tomhais: Fad, Achar, Meáchan, Toilleadh, Am agus Airgead.
Cothaíonn Sonraí ciallú agus tuiscint léiriúchán infheicthe. Spreagann seans smaoineamh, díospóireacht agus breithiúnas, agus faigheann páistí cleachtadh ar an gcoincheap seo i gcluichí agus in imeachtaí spóirt.
Tá na scileanna nár mhór don pháiste a fhorbairt fite fuaite leis an ábhar tríd síos:
- cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
- cumarsáid agus cur in iúl
- comhtháthú agus nascadh
- réasúnaíocht
- cur i bhfeidhm
- tuiscint agus tabhairt chun cuimhne.
Tugann an curaclam matamaitice seo deiseanna don pháiste nádúr na matamaitice a iniúchadh. Chomh maith leis sin tugann sé deis dó/di an t-eolas, na coincheapa agus na scileanna atá riachtanach i ngnáthchúrsaí na beatha, agus lena n-úsáid i ngnéithe eile léinn, a bhaint amach.
Freastal ar dhifríochtaí aonair
Bíonn páistí i rang ar bith an-éagsúil lena chéile maidir lena gcumas, a n-oilteacht, agus a stíleanna foghlama, agus tá sé deacair freastal ar a riachtanais go léir má leantar clár coiteann. Sealbhaíonn páistí tuiscint ar idéanna matamaiticiúla ar bhealaigh phearsanta éagothroma. Mar sin, tá ceist na hullmhachta thar a bheith tábhachtach agus pleanáil, múineadh agus measúnú an chláir sa mhatamaitic faoi chaibidil. Ní mór tógáil ar an eolas a bhíonn foghlamtha ag an bpáiste cheana, agus bíonn sé riachtanach tréimhsí a chaitheamh le dul siar go tráthrialta.
Measúnú
Tá fiúntas ar leith ag measúnú ar bhonn leanúnach mar uirlis dhiagnóiseach agus mar uirlis phleanála sa mhatamaitic. Ba chóir go ndíreodh sé ar an eolas, na míthuiscintí agus na straitéisí atá ag an bpáiste a aithint. Ba chóir go soláthródh sé eolas a chuirfeadh ar chumas an mhúinteora freastal ar dhifríochtaí aonair i gcumas, i réamhfhoghlaim agus i modh foghlama agus cur i gcoinne an páiste a bhrú ar aghaidh chun máistreacht anabaí mheicniúil a fháil ar fhíorais agus ar phróisis ríomhaireachta. Beidh sé riachtanach timpeallacht fhoghlama a chruthú ina mbeidh idir bhuachaillí agus chailíní in ann gach gné den mhatamaitic a fhoghlaim go héifeachtúil agus inar féidir deiseanna a chur ar fáil do pháistí atá níos cumasaí tabhairt faoi raon níos leithne oibre.
Tógálachas agus modhanna bunaithe ar fhionnachtain faoi threoir
Seolann cur chuige tógálach sa mhatamaitic an páiste isteach sa phróiseas foghlama mar rannpháirtí gníomhach. Úsáidtear na hidéanna atá ag an bpáiste cheana chun eispéiris agus suímh nua a chiallú. Míníonn na foghlaimeoirí féin an t-eolas a fhaigheann siad agus tugann siad brí dó trí cheangail idir eolas nua agus seaneolas a bhunú. Ag éirí as tástáil agus as plé idir comhghleacaithe agus idir múinteoir agus páiste d’fhéadfaí teacht ar chomhaontú ginearálta nó b’fhéidir go ndéanfaí idéanna agus gaolta matamaiticiúla a athmheas. D’fhéadfaí ansin idéanna nó coincheapa nua a bhunú. Ní mór béim a leagan ar a thábhachtaí is atá sé deiseanna struchtúrtha a chur ar fáil don pháiste chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí taighde i gcomhthéacs na matamaitice. Bíonn ról lárnach ag an múinteoir i dtreorú an pháiste chun brí a thógáil, chun straitéisí matamaiticiúla a fhorbairt d’fhonn fadhbanna a réiteach, agus chun féinspreagadh a fhorbairt i ngníomhaíochtaí matamaiticiúla.
Teanga na matamaitice
Is aidhm thábhachtach sa chlár matamaitice í a chur ar chumas na bpáistí teanga na matamaitice a úsáid go héifeachtach is go cruinn. Tá cumas éisteachta, ceistithe agus díospóireachta chomh maith le cumas léitheoireachta agus cláraithe i gceist anseo. Bíonn ról tábhachtach aige i bhforbairt thuiscint an pháiste ar choincheapa matamaiticiúla agus iad a chur in iúl do dhaoine eile. Ceann de na cúiseanna a dteipeann ar pháistí sa mhatamaitic is ea lagthuiscint ar na focail agus na frásaí a úsáidtear. Ní bheidh teagmháil ag páistí le cuid den teanga seo ach sa cheacht matamaitice amháin, agus beidh an-chuid deiseanna ag teastáil uathu í a úsáid chun go mbunófar mar chuid dá dteanga féin í. I gcásanna eile úsáidfear gnáthfhocail laethúla sa mhatamaitic ach d’fhéadfadh ciall nua a bheith leo nach dtuigfeadh an foghlaimeoir i gceart.
Tá ról suntasach ag an díospóireacht i mbunú teanga na matamaitice agus i bhforbairt coincheap matamaiticiúil. Is féidir cuidiú leis an bpáiste idéanna a shoiléiriú agus spleáchas ar an múinteoir a laghdú trí choincheapa agus phróisis a phlé le páistí eile. Is den riachtanas é go ndéanfadh an páiste díospóireacht leis an múinteoir freisin. De réir mar is gá cuirfidh an múinteoir foclóir oiriúnach matamaiticiúil ar fáil chun cuidiú leis an bpáiste idéanna a shoiléiriú nó a chur in iúl ar bhealach níos cruinne.
Toisc siombailí matamaiticiúla a bheith chomh casta sin moltar nach n-iarrfaí ar pháistí idéanna matamaiticiúla a chlárú go dtí go mbíonn siad ullamh chuige. Ba cheart forbairt chuí a bheith déanta ar choincheapa sula gcuirfí in iúl i scríbhinn iad. Ba chóir go dtiocfadh úsáid siombailí agus slonn matamaiticiúil i ndiaidh go leor cleachtaidh i dtuairisciú ó bhéal agus i ndíospóireacht.
Úsáid fearais mhatamaiticiúil
Braitheann forbairt mhatamaiticiúil an pháiste ar go leor taithí praiticiúla a bheith aige/aici chun coincheapa a bhunú agus a dhaingniú agus chun éascaíocht ina ngnáthúsáid laethúil a fhorbairt. Tógann sé/sí córas matamaitice bunaithe ar eispéiris agus ar idirghníomhaíochtaí leis an timpeallacht. Is comhpháirt riachtanach i bhforbairt coincheapa matamaiticiúla agus smaointe chruthaitheacha araon í taithí ar láimhsiú agus úsáid nithe agus fearais go héifeachtach ar fud an chláir matamaitice ar fad.
Ríomhaireacht mheabhrach
Is cuid thábhachtach d’oideachas matamaiticiúil an pháiste í forbairt a scileanna uimhríochtúla, .i. iad siúd atá bainteach le háireamh uimhriúil agus a fheidhm. Sa churaclam matamaitice seo is lú an bhéim a leagtar ar áireamh fada casta i scríbhinn ná mar a dhéantaí cheana, agus is mó an bhéim a leagtar ar ríomhaireacht ó bhéal, meastacháin agus scileanna i réiteach fadhbanna. In ainneoin dul chun cinn tapa i dteicneolaíocht an eolais agus áireamháin a bheith ar fáil go forleathan, níl aon laghdú ar an ngá leis na scileanna bunúsacha.
Ról an áireamháin
Is féidir áireamhán a úsáid chun tuiscint ar struchtúr uimhris a neartú trí scrúdú a dhéanamh ar phatrúin, ar sheichimh, agus ar ghaolta. Cuidíonn áireamhán le forbairt scileanna i réiteach fadhbanna trí dheis a thabhairt don pháiste díriú isteach ar chroí faidhbe agus ar bhealaí éagsúla lena réiteach. Is féidir an t-áireamhán a úsáid chun meastacháin a dhearbhú, chun áireamh fada casta a dhéanamh, agus chun torthaí cruinne ar fhadhbanna deacra a sholáthar. Ach ní féidir an t-áireamhán a chur in áit gníomhaíochtaí praiticiúla le háiseanna nithiúla. Thairis sin ní foláir a mheabhrú nach mór tuiscint mhaith ar uimhreas a bheith ag an bpáiste chun a mheas cathain is ceart meastachán a dhéanamh, ríomhaireacht mheabhrach a úsáid, ríomhaireacht a dhéanamh ar pháipéar, nó áireamhán a úsáid chun toradh cruinn a fháil. Ar na cúiseanna seo molann an curaclam seo go mbainfí úsáid as áireamháin sa mhatamaitic ó rang 4 go rang 6, ar an mbonn gur chóir go mbeadh máistreacht ar fhíorais bhunúsacha uimhris agus cumas ina n-úsáid ag an bpáiste faoin am sin.
Teicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide
Tá áit do ríomhairí sa churaclam matamaitice, ach ní foláir a mheabhrú nach bhfuil iontu ach uirlis eile mar áis don mhúinteoir is don pháiste. Ní féidir iad a chur in áit na dea-mhúinteoireachta ná úsáid leathan áiseanna. Cuireann ríomhairí rogha eile oibre ar fáil seachas tascanna le peann is páipéar; spreagann siad páistí atá chun deiridh; agus soláthraíonn siad obair bhreise shuimiúil ag gach leibhéal cumais. Tá raon leathan feidhmeanna ar fáil don ríomhaire. Tairgeann cláir a bhíonn bunaithe ar eachtraíocht agus a chuireann ar chumas an pháiste fadhbanna áirithe matamaiticiúla a réiteach i gcomhthéacs réadúil deiseanna chun scileanna i réiteach fadhbanna a fhorbairt. Spreagann gníomhaíochtaí i mbeirteanna nó i ngrúpaí díospóireacht agus comhoibriú i réiteach fadhbanna. Tugann cláir bunaithe ar láimhsiú sonraí deiseanna do pháistí sonraí atá cnuasaithe acu a ionramháil agus a chiallú. Ní mór an bhéim a bheith i gcónaí ar an bpróiseas: mar shampla ar eolas a bhailiú, ar bhreith a thabhairt ar ábharthacht ceisteanna, agus ar thorthaí a chiallú.
Réiteach Fadhbanna
Is gné thábhachtach i bhfoghlaim na matamaitice é cumas i réiteach fadhbanna a fhorbairt. Chomh maith leis sin cuireann réiteach fadhbanna comhthéacs ar fáil inar féidir coincheapa agus scileanna a fhoghlaim agus inar féidir díospóireacht agus obair chomhoibritheach a chleachtadh. Thairis sin is modh suntasach é réiteach fadhbanna chun na hardscileanna smaointe a fhorbairt. Ina measc seo tá an cumas anailís a dhéanamh ar shuímh mhatamaiticiúla; pleanáil, grinniú agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí; straitéisí a chur i bhfeidhm; agus cruthaitheacht agus féinmhuinín a léiriú in úsáid na matamaitice. Nuair a éiríonn go maith leis an bpáiste forbraítear a m(h)uinín ina c(h)umas matamaiticiúil agus spreagtar a f(h)iosracht agus a b(h)uanseasmhacht. Trí réiteach fadhbanna bunaithe ar thimpeallacht an pháiste is féidir suntas a thabhairt d’úsáid na matamaitice ar bhealach cruthaitheach taitneamhach.
Comhtháthú sa mhatamaitic
Bíonn an mhatamaitic fite fuaite le gnéite uile shaol an pháiste, geall leis, bidís ag breathnú ar fhoirmeacha struchtúr sa churaclam amharcealaíona agus ag freagairt dóibh nó ag ríomh conas a gcuid airgid phóca a chaitheamh. Má tá páistí le dearbhthuiscint ar mhatamaitic a shealbhú ní mór go bhfeicfidís i gcomhthéacs í—rud is féidir a bhaint amach ach a n-aire a dhíriú ar na bealaí éagsúla a n-úsáidtear an mhatamaitic laistigh de na réimsí eile curaclaim.
Cuireann OSIE go leor deiseanna ar fáil le matamaitic a úsáid: clárú torthaí turgnamh san eolaíocht, déanamh léarscáileanna sa tíreolaíocht agus is cuid dhílis den stair í tuiscint d’am agus do chróineolaíocht. Gné thábhachtach den OSIE é sonraí a chnuasach chun anailís a dhéanamh orthu, rud a thugann deis don pháiste oibriú le dearbhshamplaí. Rud an-choitianta sa chorpoideachas é tomhas, mar shampla, am-áireamh sa rásaíocht nó fad léimeanna a thomhas. Nuair a dhéantar cruthanna siméadracha agus neamhshiméadracha sa cheacht gleacaíochta bíonn coincheapa matamaiticiúla á n-úsaid go fírinneach. Úsáidtear teanga na matamaitice ar fud réimsí uile an churaclaim, mar shampla nuair a dhéantar trácht ar nótaí fada nó gearra sa cheol nó nuair a bhaintear feidhm as na téarmaí cearta chun cur síos ar chruthanna sna gníomhaíochtaí amharcealaíona. Baineann múinteoirí leas as rainn, amhráin agus cluichí chun coincheapa uimhris agus crutha a athdhaingniú, rud is féidir leo a dhéanamh i mBéarla, i nGaeilge nó i nuatheanga más cuí.