Is é atá sa ghluais theoranta seo ná na sainmhínithe oibre a thuigtear go coitianta ar
roinnt téarmaí matamaitice.
| ainmneoir | an roinnteoir i gcodán |
| algartam | modh imeachta loighciúil, uimhriúil nó ríomhaireachta a dheimhneoidh réiteach ar fhadhb má chuirtear i bhfeidhm go cruinn í |
| ár | aonad achair cothrom le 100 méadar cearnacha |
| athróg | litir nó siombail a sheasann d'uimhir, m.sh. y + 7 = 12 |
| bunuimhir | uimhir a chuireann cainníocht seachas ord i dtacar in iúl |
| clog analacháide | clog ar a dtaispeántar uaireanta, nóiméid agus soicindí le snáthaidí ar dhiail |
| cóimheas | an gaol idir dhá uimhir den chineál céanna, m.sh. cóimheas 2 kg le 6 kg cothrom le 2:6 |
| cómhalartach | oibríocht a thugann an toradh céanna gan aird ar ord na míreanna, m.sh. suimiú agus iolrú: 6 + 2 = 8, 2 + 6 = 8, 5 7 = 35, 7 5 = 35 |
| comhthiomsaitheach | oibríocht mar iolrú nó suimiú nuair a aimsítear an freagra céanna gan aird ar an ord ina ngrupáltar na míreanna, m.sh. (2 +3) + 5 = 10, 2 + (3 + 5) = 10 |
| cothromóid | abairt mhatamaiticiúil agus comhartha ionannais inti |
| dáileach | aimsítear an toradh céanna nuair a dhéantar iolrú arthacar d'uimhreacha nó ar na huimhreacha aonair sa tacar, m.sh. 5 x 4 = (3 + 2) x 4 = (3 x 4) + (2 x 4) |
| dealaí | an uimhir le dealú ó uimhir eile, m.sh. 10 - 4 (is é 4 an dealaí) |
| fachtóir phríomha | fachtóir ar uimhir phríomha é |
| ga | líne dhíreach ó lárphointe ciorcail go pointe ar an imlíne; is ionann ga agus leath de thrastomhas |
| heicteár | aonad achair cothrom le 100 ár |
| imlíne | suim fhad na sleas i bhfigiúr nó i gcruth |
| inroinnt | uimhir nó cainníocht atá le roinnt ar uimhir nó ar chainníocht eile |
| líon | an toradh a fhaightear nuair a roinntear uimhir ar uimhir eile |
| orduimhir | uimhir a léiríonn suíomh coibhneasach i seicheamh, m.sh. an chéad, dara, tríú |
| roinnteoir | uimhir nó cainníocht le roinnt isteach in uimhir nó i gcainníocht eile |
| siméadracht líneach | bíonn siméadracht líneach ag cruth más féidir leath amháin den chruth a fhilleadh go cruinn ar an leath eile |
| sracfhéachaint | a insint le sracfhéachaint, gan comhaireamh, cé mhéad rud atá i dtacar |
| teisiliú | teisilíonn cruthanna má luíonn siad go cruinn lena chéile, má dhéanann siad patrún leantach, agus má dhéanann siad uillinn de 360° ag na pointí teagmhála |
| toradh | an freagra ar dhá uimhir a iolraítear faoina chéile |
| trastomhas | líne dhíreach a cheanglaíonn lárphointe ciorcail le dhá phointe ar an imlíne |
| uimhirabairt | cothromóid nó ráiteas neamhionannais, m.sh. 4 + x = 11, 4 2 < 12, nó 2 + 5 = 7 |
| uimhir ilchodach | uimhir le breis is dhá fhachtóir agus nach uimhir phríomha í, m.sh. 6, 10 |
| uimhir phríomha | slánuimhir gan ach dhá fhachtóir aici, í féin agus 1, m.sh. 2, 3, 7 |
| uimhreoir | an uimhir os cionn na líne i gcodán |
An Coiste Curaclaim don Mhatamaitic a bunaíodh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a d'ullmhaigh an curaclam seo.
| Cathaoirligh | Pádraig S. Ó Scannláin | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Fiona Poole | Cumann Múinteoirí Éireann |
| Baill an choiste | Olivia Bree | Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile |
| | Claire Breslin | Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| | Br Michael Broderick | Aontas na mBráithre/Siúracha Teagaisc Bunscoile |
| | Wyn Bryan | Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile |
| | Ena Fitzpatrick | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Patrick Hurley | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Ita McGrath | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Liam Morrissey | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Catherine Mulryan | Uachtaráin na gColáistí Oideachais |
| | Sr Áine Ní Dhíomsaigh | Aontas na Siúracha/mBráithre Teagaisc Bunscoile |
| | Paddy O'Brien (ó 1993) | Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha |
| | Sean O Cearbhaill | Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| | Noel O'Connell | Bainisteoireacht na gColáistí Oideachais |
| | Valerie O'Dowd | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Fionnbharra Ó Driscoll | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Tadhg Ó Gláimhín | Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| | Elizabeth Oldham | Bord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann |
| | Sr Veronica O'Rourke (go 1993) | Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha |
| | Maria Spring | Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha |
| | Nicola Twigg | Bord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann |
| | Eibhlín Uí Bhriain | Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí -- Bunbhrainse |
| | Eugene Wall | Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile |
| Oifigigh oideachais | Seán Close | |
| | Valerie O'Dowd | |
| | Fiona Poole | |
| | Pádraig S. Ó Scanláin (i 1996) | |
| | Nicola Twigg | |
| Cathaoirleach | Tom Gilmore | |
| Baill an choiste |
Séadhna de Blán (ó 1995) | Bord Oideachais Shionad Ginearálta
Eaglais na hÉireann |
| | Liam Ó hÉigearta
(ó 1996) | Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| | Dympna Glendenning
(ó 1995) | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Fionnuala Kilfeather
(ó 1995) | Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí - Bunbhrainse |
| | Éamonn MacAonghusa
(go 1996) | Roinn Oideachais agus Eolaíochta |
| | Ath Gearóid Mac Conmara
(ó 1995) | Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna
Caitliceacha |
| | Peadar Ó Maoláin | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Síle Ní Núnáin
(ó 1995) | Cumann Múinteoirí Éireann |
| | Eugene Wall | Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile |
| Comhordaitheoir | Caoimhe Máirtín
(go 1995) | |
| Leas-phríomhfheidmeannach | Lucy Fallon-Byrne
(ó 1995)
| |
| Príomhfheidhmeannach | Albert Ó Ceallaigh
| |