Primary Schools

Matamaitic

Foramharc

Cuireann an mhatamaitic an páiste ar a c(h)umas smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil agus go spásúil, fadhbanna a réiteach, cásanna a aithint nuair is féidir an mhatamaitic a úsáid, agus an teicneolaíocht chuí a úsáid chun tacú leis seo. Cuireann an Curaclam Matamaitice béim ar fhorbairt scileanna meastacháin agus scileanna fadhbréitigh an pháiste ag úsáid samplaí a bhaineann le taithí an pháiste. Spreagtar plé, eispéireas teagmhála le hábhair, agus foghlaim ghníomhach ó na naíonáin go dtí rang a sé, agus cuirtear béim chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le forbairt teanga na matamaitice chun smaointe a chur in iúl. Creidtear go bhfuil forbairt scileanna uimhearthachta lárnach do shaol an pháiste laistigh agus lasmuigh den scoil araon agus mar bhonn ratha d'oideachas níos deanaí ina saoil.

An Curaclam Matamaitice

Tá an Curaclam Matamaitice do gach páiste sa bhunscoil ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé. Cuirtear an t-ábhar i láthair i mbloic dhá bhliana ach déantar gach leibhéal ranga a dhílíneadh go soiléir. Cuirtear an Curaclam Matamaitice i láthair in dhá mhír ar leith.

Cuimsíonn sé mír d'fhorbairt scileanna a chuireann síos ar scileanna a ba chóir go mbainfeadh páistí amach iad de réir mar a fhorbraíonn siad go matamaiticiúil. Cuimsíonn na scileanna seo:

  • cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
  • cumarsáid agus cur in iúl
  • comhtháthú agus nascadh
  • réasúnaíocht
  • cur i bhfeidhm
  • tuiscint agus tabhairt chun cuimhne

Cuimsíonn sé roinnt snáitheanna chomh maith a achoimríonn ábhar atá le bheith sa chlár matamaitice ag gach leibhéal. Cuimsíonn gach snáithe roinnt snáithaonaid. Ag brath ar leibhéal an ranga, is féidir go gcuimseodh snáitheanna

  • Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla
  • Uimhreas
  • Ailgéabar
  • Cruth agus spás
  • Tomhais
  • Sonraí

Stádas reatha

Cuireadh an Curaclam Matamaitice i bhfeidhm go foirmiúil i scoileanna sa scoilbhliain 2001/2002.

Foilseacháin na CNCM a bhaineann le hábhar

Matamaitic (Curaclam na Bunscoile ar líne)
Matamaitic: Treoirlínte do Mhúinteoirí (Curaclam na Bunscoile ar líne)

Curaclam na Matamaitice (1999) (PDF, 423KB)
Matamaitic Treoirlínte do Mhúinteoirí (1999) (PDF, 1.1MB)

Foilseacháin ghaolmhara

Naisc ghaolmhara

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie