Primary Schools

Curaclam na Bunscoile

Cúlra an Churaclaim

Ba í an CNCM a d'fhorbair Curaclam na Bunscoile agus seoladh é sa bhliain 1999. Nótáltar sa réamhrá leis Curaclam na Bunscoile gur thosaigh an próiseas athbhreithnithe ar an gcuraclam le hobair an Chomhlachta Athbhreithnithe ar Churaclam na Bunscoile, a d'fhoilsigh a thuarascáil (Tuarascáil Quinlan) sa bhliain 1990. Is éard a bhí sa tuarascáil seo ná measúnú mionsonraithe ar churaclam 1971 agus sholáthair sé an bunús don athdhearadh agus an athstruchtúrú atá curtha i láthair sa churaclam seo (Réamhrá, leathanach 2).

Foramharc ar an gCuraclam

Sa churaclam seo tá na prionsabail leanbhlárnacha atá le fáil sa churaclam roimhe seo Curaclam na Bunscoile (1971). Aithníonn sé trí aidhm oideachais bhunscoile:

  • an leanbh a chumasú chun saol iomlán a leanúint agus a p(h)oitéinseal féin a bhaint amach mar dhuine ann nó inti féin
  • an leanbh a chumasú chun forbairt a dhéanamh mar neach sóisialta ag maireachtáil agus ag comhoibriú le daoine eile chun chur le leas na sochaí uile
  • chun an leanbh a ullmhú d’oideachas breise agus d'fhoghlaim ar feadh an saoil.

Tá an curaclam foghlaimeoir-lárnaithe. Leagtar béim ann ar litearthacht, ar uimhríocht agus teanga agus san am céanna freagraíonn sé ar na riachtanais síorathraithe san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, san oideachas sóisialta pearsanta agus sláinte agus sa tsaorántacht.

Cuirtear an curaclam i láthair i sé réimse ábhar agus is ionann sin agus 11 ábhar. Is ar na húdaráis phatrúnachta ar leith atá an fhreagracht i gcónaí as an gcuraclam in oideachas reiligiúnach do bhunscoileanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Curaclam na Bunscoile
RéimsíÁbhair
TeangaBéarla, Gaeilge
Matamaitic 
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)Stair, Tíreolaíocht, Eolaíocht
Oideachas EalaíonNa hAmharcealaíona,Drámaíocht,Ceol
Corpoideachas 
Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) 

Mínítear na príomhaidhmeanna, prionsabail agus gnéithe den churaclam sa Réamhrá agus tá siad ina gcúltaca ar an múinteoireacht agus an fhoghlaim i ngach ábhar den churaclam. Cuirtear cáipéisí curaclaim (ina bhfuil spriocanna ábhar agus snáithe nó snáithaonaid) agus treoirlínte do mhúinteoirí ar fáil do gach ábhar den churaclam. Tá sé d'aidhm san iomlán ag Curaclam na Bunscoile na leanaí a chumasú chun déileáil le héilimh an tsaoil le muinín agus le cinnteacht anois agus sa todhchaí (Réamhrá, lch.6)

Cur i bhfeidhm an Churaclaim

Seoladh Curaclam na Bunscoile sa bhliain 1999, agus ina dhiaidh sin ghlac na múinteoirí bunscoile uile páirt i gclár náisiúnta inseirbhíse. Thacaigh an clár seo le múinteoirí, agus iad ag obair leis an gcuraclam i ngach ceann de na haon ábhar déag. An tSeirbhís Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (STCB) agus an tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile, Bunscoileanna (SPFS) a chuir an clár tacaíochta ar fáil, clár a tugadh chun críche sa scoilbhliain 2006/2007.  Déanann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna (SFGB), a bunaíodh in 2008, comhchuimsiú agus forbairt ar an obair a bhí ar bun cheana ag an STCB agus ag an SPFS. Is é móraidhm na seirbhíse scoileanna a fhorbairt mar phobail ghairmiúla léinn ina mbíonn forbairt ghairmiúil na múinteoirí ceangailte go dlúth le forbairt agus feabhsú scoile agus le dul chun cinn daltaí.  Féach ar shuíomh an SFGB chun tuilleadh eolais a fháil.

Athbhreithniú an Churaclaim

I Méan Fómhair na bliana 2003, chuir an CNCM tús le clár athbhreithnithe curaclaim sa bhunscoil a dhírigh ar an gcéad trí ábhar a bhfuair na múinteoirí tacaíocht in-seirbhíse dóibh, sin iad an Béarla, na hAmharcealaíona agus an Mhatamaitic. D'fhoilsigh an CNCM tuarascáil ar an gcéad chéim den athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile i Mí na Bealtaine 2005. Rinne an chéad chéim den athbhreithniú iniúchadh ar éifeachtaí a bhíonn ag an gcuraclam sa Bhéarla, sna hamharcealaíona agus sa mhatamaitic ar chumas na múinteoirí éispéiris foghlama ar ardchaighdeán a sholáthar do leanaí sna bunscoileanna.

Rochtain agus Íoslódáil an Churaclaim

Cuirtear leabhar curaclaim ar fáil do gach ceann de na 11 ábhar churaclaim le leabhair Threoirlínte do Mhúinteoirí in éineacht leo agus réamhrá ginearálta. Féadfar leaganacha leictreonacha de na cáipéisí seo a íoslódáil anseo.

Comhaid PDF

Tá na comhaid seo an-mhór agus seans go mbeidh siad mall le híoslódáil, mar coinnítear an leagan amach agus na híomhánna ar fad a bhí sna leabhair curaclaim. Tá Adobe Reader ag teastáil daoibh seo.


Tá Curaclam na Bunscoile ar fáil le ceannach mar chóip chrua nó ar CD-ROM ó Oifig na bhFoilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag: + 3531-6476000.

Mar fhreagairt ar an dúshlán de fhorualach curaclaim a tuairiscíodh sa dhá chéim d'athbhreithniú ar an gcuraclam, rinneamar cuid de na hábhair a athleagan amach i bhformáid a bheadh níos éasca le húsáid do mhúinteoirí. Féach ar na hábhair atá athleagtha amach.

Tá tuilleadh eolais faoi obair na CNCM don Luath-Óige agus don Bhunscoil ar fáil sna foilseacháin thíos.

Doiciméadú

Curaclam na Bunscoile (1999)
Dréacht-Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí atá faoi Lagbhac  Ginearálta Foghlama (2002)
Dréacht-Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí atá faoi Bhacmeasartha Foghlama (2002)
Dréacht-Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí atá faoi Dhianbhac nó faoi Thrombhac Ginearálta Foghlama (2002)
Athbhreithniú ar an gCuraclam Bunscoile Scoile, Céim 1. Review of the Primary School Curriculum Phase 1: Final Report (2005)
Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide sa Churaclam Bunscoile. Information and Communications Technology in the Primary School Curriculum: Guidelines for Teachers(2004)
Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil:Treoirlinte do scoileanna (2005)
Measúnú sa Bhunscoil

Naisc ghaolmhara

An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie