Leagan amach agus struchtúr an churaclaim
Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge leagtha amach ina snáitheanna agus ina snáithaonaid chun cabhrú le múinteoirí a gcuid oibre a phleanáil. Tá na snáithaonaid roinnte ar eispéiris foghlama a thugtar i gcló iodálach, ach níl iontu seo ach samplaí agus is féidir cinn a fheilfidh níos fearr don pháiste agus do chúinsí na scoile a roghnú don phleanáil ghearrthéarmach sa seomra ranga. Chomh maith leis na snáitheanna agus na snáithaonaid tugtar léargas ar na feidhmeanna teanga a d’fhéadfadh a bheith mar chuspóirí cumarsáide do cheacht faoi leith. Is féidir na heispéiris foghlama a roghnú chun na feidhmeanna teanga a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na dtéamaí. Tugtar deich dtéama as a roghnófar na suímh faoi leith a bheidh mar theideal don cheacht aonair. Is féidir na téamaí a leathnú ina dtopaicí breise, agus déanfar iarracht leanúnachas a bheith ann ó rang go rang agus éagsúlacht a bheith sna ceachtanna agus topaicí difriúla a bheith ann ó bhliain go bliain.
Na feidhmeanna teanga
Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach: é/í féin a chur in aithne nó eolas a lorg nó a thabhairt. Is féidir an fheidhm chéanna a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as eiseamláirí difriúla teanga. Tagann athrú ar na heiseamláirí freisin, ag brath ar chuspóir agus ar ról an chainteora agus ar an suíomh ina bhfuil an cainteoir. Bíonn an múinteoir á chur seo san áireamh nuair a bhíonnsé/sí ag ullmhú ceachta, agus úsáideann sé/sí na heiseamláirí teanga go neamhfhoirmiúil i rith an lae chun iad a shuíomh i gcomhthéacs réalaíoch an tseomra ranga agus chun iad a dhaingniú. Seo a leanas na catagóirí feidhmeanna teanga a bheidh i gceist:
- Caidreamh sóisialta a dhéanamh
- Soiléiriú a lorg i gcomhrá
- Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
- Dearcadh a léiriú agus a lorg
- Eolas a thabhairt agus a lorg
- Struchtúr a chur ar chomhrá.
Feidhmeanna teanga i bplean leanúnach
D’fhéadfadh an múinteoir an topaic ‘Lá breithe’ a roghnú chun suíomh a thabhairt do na feidhmeanna teanga. B’fhéidir go roghnódh an múinteoir na feidhmeanna sna catagóirí seo a leanas mar sprioc foghlama don chéad cheacht:
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- caidreamh sóisialta a dhéanamh agus
- dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile.
Ansin leanfadh sé/sí ar aghaidh chun na heiseamláirí oiriúnacha a roghnú, agus d’fhéadfadh sé/sí dul go dtí na feidhmeanna teanga do scoileanna T2 chun iad sin a fháil. Níl iontu sin ach eiseamláirí, agus is féidir iad a athrú de réir mar a oireann.
Is iad seo a leanas na cuspóirí samplacha a bheadh ag an múinteoir ag tarraingt ar na heiseamláirí atá sa churaclam:
Topaic: Lá breithe
Cuspóirí foghlama agus úsáide:
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- beannú do pháiste eile ar a lá breithe
‘Lá breithe sona duit!’ - freagra a thabhairt don bheannacht sin
‘Go raibh maith agat!’ - bronntanas a thairiscint
‘Seo duit!’ - buíochas a ghlacadh as an mbronntanas
‘Go raibh maith agat’.
Roghnóidh an múinteoir ansin as na gníomhaíochtaí agus as an ábhar teagaisc agus foghlama atá luaite sa churaclam don rang-ghrúpa sin. Ar dtús beidh an múinteoir ag smaoineamh ar chothú spéise san ábhar nua le beart mór feiceálach mar spreagthach, cuir i gcás. D’fhéadfadh sé/sí ar an lámh eile de tosú le rann nó amhrán do lá breithe. Leanfaidh ionchur teanga ansin, le béim ar an tuiscint. Ní bheidh ar an bpáiste a bheith ag caint ag an bpointe seo ach ag leanúint treoracha i gcluiche nó ag léiriú tusiceana chun go gcuirfí ar a c(h)umas páirt a ghlacadh in imirt rólanna ag cóisir lá breithe. (Féach na ceachtanna samplacha do rang-ghrúpa 1 agus 2 i Roinn 5, Forbairt na cumarsáíde, de na treoirlínte seo.)
Cur chuige comhtháite
Chomh maith leis sin déanfar comhtháthú le hábhair eile anois is arís trí na téarmaí Gaeilge a úsáid, trí na páistí a mholadh, agus trí threoracha a thabhairt le linn na gceachtanna. Moltar an Ghaeilge a úsáid mar theanga theagaisc i snáitheanna de na hábhair eile. Tugtar cúpla smaoineamh ag bun gach snáithe sa churaclam do scoileanna T2 chun cabhrú leis an múinteoir comhtháthú a dhéanamh le:
OSIE: stair, tíreolaíocht, an timpeallacht dhaonna
Corpoideachas: cluichí, damhsa, lúthchleasaíocht
Ceol: amhráin Ghaeilge, ceol
Gaelach, uirlisí ceoil
Matamaitic: uimhreas, áireamh, fadhbanna le réiteach
Amharcealaíona: péint agus dath
Drámaíocht trí Ghaeilge.
Féach na greillí samplacha ag deireadh na coda seo de na treoirlínte.
Comhtháthú na snáitheanna
Cé go bhfuil cur síos ceann ar cheann ar na snáitheanna difriúla Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht sa churaclam, déanfar iad a chomhtháthú lena chéile de ghnáth sa cheacht Gaeilge. Is féidir é sin a dhéanamh trí na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snáitheanna san ábhar teagaisc agus foghlama. Ag úsáid na topaice céanna, má thosaíonn an múinteoir ceacht le cárta lá breithe, spreagfaidh sé suim agus aithneoidh an páiste an cárta ón leagan amach agus óna (h)eolas ar an saol, dá óige é/í. Is léitheoireacht a bheidh ar siúl ag an bpointe seo. Is féidir leanúint ar aghaidh leis an léitheoireacht le cárta cuiridh chun cóisir lá breithe. Beidh spásanna fágtha ar an gcárta agus is féidir leis na páistí a insint don mhúinteoir céard ba cheart a scríobh sna spásanna. Tá sé seo ar eolas acu óna n-eolas ar an saol freisin. Is í an scríbhneoireacht a bheidh ar siúl ansin. Is féidir leis na páistí na cártaí a mhalartú ar a chéile ansin, agus léifidh siad cártaí a chéile. Ag an gcóisir féin is féidir na rólanna a imirt agus úsáid abhaint as na heiseamláirí teanga a bhí mar ionchur teanga thuas, agus beidh éisteacht agus labhairt lena chéile ar siúl ansin. Mar sin is léir gur féidir na scileanna a chomhtháthú fiú i rang 1 agus 2. Cé go bhfuil sé i gceist an phríomhbhéim a bheith ar scil amháin i dtascanna áirithe, is fearr na scileanna go léir a chomhtháthú chomh fada agus is féidir, ag brath ar leibhéal teanga an pháiste.
Eagar an ranga
Tá bealaí difriúla ag an múinteoir chun an rang a eagrú i gcomhair an cheachta Ghaeilge. Braitheann eagar an ranga ar an gcineál gníomhaíochtaí atá ar siúl agus ar an scil teanga atá á cleachtadh nó á húsáid. Go hiondúil eagraíonn an múinteoir an rang mar aonad, ina dhá leath, i ngrúpaí agus anois is arís ina mbeirteanna nó ina n-aonar.
An rang mar aonad
I ranganna na naíonán úsáidtear an t-eagar seo níos minice ná in aon rang eile. Beidh an múinteoir ag déanamh ionchuir le réimse leathan teanga chun go dtabharfadh na páistí leo an oiread Gaeilge agus is féidir ar bhealach nádúrtha. Beidh sé/sí ag léamh nó ag seinm scéalta dóibh agus ag canadh amhrán leis an rang ar fad.
Is minic na múinteoirí eile ag obair leis an rang go léir mar aonad, go háirithe nuair atá sé/sí
- ag déanamh ionchuir theanga nua ag tús an cheachta
- ag cur ceisteanna a léiríonn tuiscint na bpáistí ar fhoclóir nua nó ar choincheapa an cheachta
- ag míniú don rang cad atá le déanamh i dtasc nó i gcluiche samplach
- ag tabhairt an ranga go léir le chéile arís tar éis taisc nó cluiche éisteachta, léitheoireachta nó scríofa agus ag dul siar nó ag déanamh anailíse ar an teanga nó ag cur ceisteanna oscailte orthu faoin méid a rinne siad.
Dhá leath a dhéanamh den rang
- ag athrá dhá chuid de chomhrá taifeadta
- ag féachaint agus ag éisteacht le físeán ag an am céanna.
Grúpaí beaga i gcomhair
- cluichí boird sna meánranganna
- gníomhaíochtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta sna hardranganna
- gníomhaíochtaí nó cluichí ríomhaireachta
- tascanna teanga
- ullmhú sceitse.
Conas grúpaí a eagrú
Bealach éasca chun grúpaí a eagrú ná cártaí daite a scaipeadh agus a rá leis na páistí le cárta dearg nó buí fanacht le chéile. Is ceart ligean do chairde fanacht le chéile ó am go ham. Má bhíonn beirt os comhair beirte sa seomra ranga cheana féin is éasca a rá le beirt iompó thart, agus déanann sé sin grúpa de cheathrar. Tugtar na treoracha don ghrúpáil as Gaeilge agus úsáidtear na méara, uimhreacha nó léaráid ar an gclár dubh chun cabhrú leis an rang tuiscint a bhaint as na treoracha.
Beirteanna
Tá an t-eagar seo úsáideach
- do chluichí teanga agus tascanna
- do ghníomhaíochtaí scríbhneoireachta
- d’obair ar an ríomhaire.
Conas an rang a eagrú ina mbeirteanna
Eagraítear na páistí ina mbeirteanna don obair bheirte. Deirtear leo cén uimhir nó litir atá acu, 1 nó 2, A nó B, agus d’fhéadfaí cárta a thabhairt dóibh dá réir. Ní thugtar na pictiúir do na páistí go dtí go dtuigeann siad cad atá le déanamh acu. Má bhíonn an chaint go léir le déanamh ag an bpáiste a fhaigheann pictiúr uimhir 1, déantar deimhin de go mbeidh pictiúr uimhir 2 aige/aici an chéad lá eile.
Buntáistí na ngrúpaí beaga agus na mbeirteanna
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa ar siúl níos minice i gceacht cumarsáideach chun níos mó am teagmhála leis an nGaeilge a thabhairt don pháiste, pé acu ag éisteacht, ag léamh, ag labhairt nó ag scríobh a bhíonn sé/sí. Bíonn béim ar líofacht na cainte seachas ar ghramadach. Ag deireadh an cheachta le linn na ngníomhaíochtaí iarchumarsáide is féidir leis an múinteoir an ghramadach, na nathanna agus an foclóir a bhí mícheart i rith na ngníomhaíochtaí cumarsáide a cheartú. Braitheann fad an obair bheirte nó ghrúpa ar an múinteoir agus ar leibhéal teanga an ranga. Mar shampla, tugtar níos mo ama don ghrúpáil seo sa Ghaeltacht agus sna scoileanna lán-Ghaeilge agus sna hardranganna i gcoitinne.
Éagsúlacht cumais
Is féidir leis an múinteoir tascanna agus gníomhaíochtaí a dhearadh chun freastal ar éagsúlacht cumais na bpáistí.
- Is féidir gach páiste a chur ag déanamh an taisc chéanna ach de réir a c(h)umais féin.
- Is féidir tascanna difriúla a dhearadh chun go mbeidh na páistí ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna teanga céanna le mím, le gníomh, le teanga shimplí nó le teanga níos casta.
- Beidh na páistí éagsúla ag léiriú tuiscint na teanga go simplí trí ghníomh a dhéanamh, trí mhím nó trí phictiúr a tharraingt. Beidh siad ag léiriú ábaltacht níos sofaisticiúla in úsáid na teanga trí cheist a chur, trí thús a chur le comhrá agus é a chríochnú.
- D’fhéadfadh an múinteoir tasc nó cluiche a roghnú nach bhfuil ach cainteoir láidir amháin ag teastáil chuige. Is féidir leis an bpáiste sin na treoracha a thabhairt nó na leidchártaí a léamh agus an tasc nó an cluiche a mhíniú do na páistí eile sa ghrúpa. Ní bheidh ag teastáil uathu sin ach tuiscint na teanga agus é sin a léiriú le freagra gairid nó le gníomh.
- Is féidir an t-idirdhealú céanna idir tuiscint agus úsáid a dhéanamh in obair bheirte. D’fhéadfadh gach páiste a bheith ag comhlíonadh na feidhme céanna ach de réir a c(h)umais féin. Mar shampla, sa tasc ‘Dathaigh nó tarraing an pictiúr’ tugann an páiste is líofa na treoracha ar dtús, agus níl le déanamh ag an dara páiste ach tarraingt nó dathú. Is féidir leis/léisin na treoracha a thabhairt sa dara háit, ach ní gá abairtí fada a úsáid. Comhlíonann an eiseamláir ‘Tarraing X’ nó ‘Cuir X i do phictiúr’ an fheidhm chéanna.
- Is féidir le páistí pictiúir a léamh seachas téacs, agus is féidir éisteacht le scéalta seachas iad a léamh. Tá bealaí éagsúla ann chun go mbeidh seans ag gach páiste eolas a chur ar an nGaeilge agus ar an gcultúr.
- D’fhéadfaí clár suimiúil ar fheasacht cultúir a leanúint fiú mura leanfaí an clár iomlán teanga. Tá beannachtaí le tuiscint agus le húsáid ag cluichí Gaelacha agus ar ócáidí poiblí eile. Bíonn amhráin agus scéalta le cloisteáil ar an raidió, ar an teilifís agus i lárionaid oidhreachta, cé go mb’fhéidir go mbeidís i mBéarla uaireanta. Tá na logainmneacha áitiúla agus náisiúnta le míniú, ainmneacha baiste agus sloinnte freisin. Tá tábhacht le ceol agus leis an damhsa, cé nach mbeadh aon ghá leis an teanga labhartha ar chor ar bith seachas an ceoltóir a ghríosú le ‘Dia leat!’
Measúnú sa seomra ranga
Is próiseas ciorclach é pleanáil, múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge, agus is cuid lárnach den phróiseas sin é an measúnú. Is féidir leis an múinteoir a c(h)uid múinteoireachta a phleanáil ar bhonn an eolais a fhaigheann sé/sí ón measúnú. Is féidir eolas leanúnach a bhailiú ar bhonn rialta, ag brath ar pholasaí na scoile agus ar na huirlisí éagsúla measúnaithe atá á n-úsáid ag an múinteoir aonair nó ag an scoil.
Uirlisí measúnaithe
- Dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste
- Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
- Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
- Próifílí curaclaim
- Trialacha diagnóiseacha
- Trialacha caighdeánaithe
Fógraí Gaeilge sa seomra ranga
Tá cur síos sa churaclam sa roinn Measúnúar conas na huirlisí éagsúla a úsáid chun na ceithre scil teanga a mheasúnú. Nuair a bheidh teacht arthrialacha oibiachtiúla is féidir leis an scoil agus an múinteoir aonair na cinn is fearr a fheileann dóibh féin a roghnú agus a úsáid. Idir an dá linn is féidir measúnú neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar scileanna teanga an pháiste agus ar dhearcadh an pháiste i leith na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den cheacht Gaeilge. Tá scileanna breise comhoibrithe agus comhréitithe an pháiste in obair bheirte, in obair ghrúpa agus i dtionscadail ranga le cur san áireamh freisin. Nuair is é/í an múinteoir a chumann na tascanna agus na trialacha bíonn siad ar aon dul leis an gcur chuige atá in úsáid sa rang. Ní gá tasc nua a dhearadh don mheasúnú i gcónaí ach féachaint an bhfuil an páiste in ann an scil chumarsáide a ghinearálú go dtí suíomh nua. Mar shampla, má mhúintear don pháiste conas beannú do pháiste sa seomra ranga, féachann an múinteoir an bhfuil sé/sí in ann beannú do pháiste sa tsráid nó beannú do pháiste ar an teileafón. Is féidir leis an múinteoir samplaí d’obair an pháiste a roghnú le cur i mbailiúchán, agus beidh idir obair a roghnóidh an múinteoir agus obair a roghnóidh an páiste le fáil ann.
Leagan amach ceachta
Beidh cuspóir cumarsáideach le gach ceacht agus beidh na ceachtanna á gcur i láthair ar bhealach comhtháite, is é sin na scileanna go léir fite fuaite lena chéile. Sa phlean ceachta taispeánfar cén t-ionchur teanga a dhéanfaidh an múinteoir, cé na tascanna a shocróidh sé/sí do na páistí, agus cén idirghníomhú a bheidh ar siúl idir an múinteoir agus na páistí agus idir na páistí féin. B’inmholta na cuspóirí do gach ceacht a bheith cinnte agus ag leibhéal teanga atá oiriúnach don pháiste, mar shampla i ranganna 5 agus 6:
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- Soiléiriú a lorg i gcomhrá
Ní thuigim an focal ...
Cén Ghaeilge atá ar ...?
Conas a deir tú ...?
Solúbthacht na dtréimhsí teagaisc
Leanfaidh na tréimhsí teagaisc agus foghlama—an tréimhse réamhchumarsáide, an tréimhse cumarsáide agus an tréimhse iarchumarsáide—a chéile ó thaobh ama de in an-chuid ceachtanna, ach ní gá go leanfaidís an t-ord céanna i gcónaí.
Má tá a fhios ag an múinteoir go bhfuil na páistí in ann chuige, d’fhéadfadh sé/sí tosú gan aon tréimhse ionchuir ach le tasc ina mbeadh ar an bpáiste éisteacht le Gaeilge, í a labhairt, a léamh nó a scríobh. Mar shampla, bheadh ar an bpáiste eolas a lorg chun bearnaí eolais a líonadh ar cheistiúchán atá aige/aici nó ceisteanna a fhreagairt faoi ábhar taifeadta nó faoi fhíseán gan aon ullmhúchán leis an bhfoclóir nó na ceisteanna, mar a bhíonn go hiondúil sa tréimhse réamhchumarsáide. Ba cheart go mbeadh an múinteoir sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in ann triail a bhaint as tosú leis an tasc nó leis an ngníomhaíocht ó am go ham.
Dá ndéanfadh an páiste iarracht ar thasc a dhéanamh gan aon tréimhse ullmhúcháin nó ionchuir, b’fhéidir nach mbeadh an teanga aige/aici. Shocródh an múinteoir agus na páistí ansin cén teanga a bheadh ag teastáil chun an tasc a dhéanamh, agus d’fhéadfadh an múinteoir í a mhúineadh ar dtús. Sa tslí sin d’fheicfeadh an páiste an fáth a bhí leis an ionchur teanga agus le foghlaim an fhoclóra agus na n-eiseamláirí teanga. Dá gcuirfí tús le ceacht gan aon ionchur teanga d’fhéadfadh an múinteoir diagnóis a dhéanamh ar na bearnaí a bheadh in eolas an pháiste.
Ní gá go leanfaidh gníomhaíochtaí iarchumarsáide na gníomhaíochtaí eile gach uair. Is féidir tús a chur le ceacht le dul siar go tapa ar an teanga a foghlaimíodh an lá roimhe sin nó le tasc nua mar thús don chéad cheacht eile, nó mar mheasúnú. Feicfidh an múinteoir ar an mbealach sin an bhfuil an páiste in ann an teanga chéanna a ghinearálú agus a úsáid i suíomh nó i dtasc nua. Is mar seo a bheadh ceangal idir na ceachtanna ó lá go lá agus idir an múinteoireacht agus an measúnú.
Áiseanna teagaisc agus foghlama
Go hiondúil bíonn leabhar ag an múinteoir agus leabhar ag na páistí, chomh maith le téip nó dlúthcheirnín le scéalta, amhráin agus dánta taifeadta. Is fiú go mór úsáid a bhaint as áiseanna comhaimseartha chun go mbeidh éagsúlacht sa cheacht agus chun aire na bpáistí a choinneáil. Is iad na cinn is coitianta ná
- fístaifeadán
- scannáin
- taifeadán
- ríomhaire
- osteilgeoir agus tarraingt ar an gclár dubh
- bréagáin agus samhlacha agus bosca éadaigh i gcomhair imirt i rólanna
- pictiúir agus póstaeir
- cártaí éagsúla—luaschártaí, leidchártaí, rólchártaí
- puipéid de gach cineál.
Fístaifeadán
Áis an-éifeachtach é an fístaifeadán, ach ní hionann físeán a thaispeáint sa cheacht Gaeilge agus féachaint ar chartún nó ar scannán iomlán i rith am lóin ar lá fliuch. Nuair a úsáidtear físeán sa cheacht mar áis teagaisc agus foghlama caithfidh an múinteoir an giota den scannán nó den chartún, fad nóiméid nó dhó, a roghnú go cúramach agus é a ullmhú roimh é a thaispeáint do na páistí. Is féidir leis an múinteoir an giota a roghnú ó na cláir do pháistí atá ar TG4: quizeanna, comórtais, cartúin agus scannáin eolais faoin timpeallacht agus an nádúr. Tá físeáin curtha ar fáil ag TG4 agus ag Telegael cheana féin.
Tá cur síos ar conas físeán a úsáid sa rang i Stráitéisí éagsúla, cuid de Roinn 5 de na Treoirlínte, Forbairt na cumarsáide.
Scannáin
Ní gá ach tús aon scannáin a úsáid, agus go minic ní bhíonn aon chaint sa mhéid sin. Is féidir leis na páistí an scéal a thomhas ón tús.
- Cuireann an múinteoir ceist réamhfhéachana gach uair. Tomhaiseann na páistí an teideal.
- Seinntear cúpla nóiméad de thús an scannáin agus deirtear leis na páistí roimh ré go mbeidh orthu teideal a chur air.
- Stoptar an téip.
- Stoptar tar éis eachtra ghairid. Deirtear leis na páistí an chéad chuid eile den scéal a thuar.
‘Céard a tharlóidh ansin, meas tú?’ - Seinntear an chéad phíosa eile. Cuirtear an tomhas i gcomparáid leis an rud a tharlaíonn sa scannán.
Scannáin gan chaint
Is féidir an chaint a thomhas agus imirt i rólanna a bhunú uirthi. Is féidir seanscannáin thostacha nó scannán leithéide Mr Bean a úsáid.
Taifeadán
B’inmholta an rud é taifeadán a bheith ag gach múinteoir. Más féidir, b’fhearr ceann le huimhreacha comhairimh a cheannach. D’fhéadfaí na páistí a thaifeadadh sa rang. Is féidir imirt i rólanna, rainn á rá agus amhráin á gcanadh a thaifeadadh agus a sheinm do na páistí arís. Is féidir an taifeadadh a choinneáil le haghaidh mheasúnú an ranga freisin.
Is féidir cluasáin do cheathrar a cheannach, agus ar an gcaoi sin beidh grúpa páistí in ann éisteacht le scéal i rith am lóin nó in am spártha. Tá neart ábhair taifeadta go gairmiúil le ceannach, ach is féidir leis an múinteoir ábhar dá c(h)uid féin a thaifeadadh freisin. Féach freisin ‘Éisteacht’ i roinn 5, Forbairt na cumarsáide.
Grúpa páistí ag éisteacht leis an scéal céanna

Ríomhaire
Tá ról ag an ríomhaire pearsanta i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Is geal le páistí é, agus tá béim láidir ar úsáid an ríomhaire i ngach gné den saol. Ní gá go mbeadh páistí óga in ann clóscríobh, ach is féidir leo cnaipe a bhrú nó roghnú idir A, B agus C. Tuigfidh siad treoracha simplí mar
Lean ar aghaidh!
Bain triail eile as!
Maith thú!/Mí-ádh!
Uaireanta is féidir úsáid a bhaint as cláir Bhéarla nó cláir i dteangacha eile ach bun an scáileáin a chlúdach má tá scríbhneoireacht air. Is féidir pictiúir gan téacs a úsáid agus a chur in ord chun scéal a insint. Tá cláir ghraificí ar fáil ar féidir le páistí iad a úsáid, agus tá cluichí le himirt ar féidir caint fúthu i nGaeilge.
Tá an ríomhaire úsáideach chun eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosa scríbhneoireachta agus chun cabhrú i bpróiseas na scríbhneoireachta chun giota a dhréachtú agus a athdhréachtú.
Is bealach é an t-idirlíon agus an ríomhphost chun na páistí a spreagadh chun scríbhneoireachta. Scríobhann an páiste nóta nó litir ina c(h)óipleabhar agus clóscríobhann sé/sí é ar an ríomhaire. Ansin seolann sé/sí ar aghaidh ar an ríomhphost chuig páiste i scoil eile í. Beidh air/uirthi ansin an freagra a fhaigheann sé/sí a léamh agus brí a bhaint as agus a rá leis an múinteoir nó le páiste eile cad a bhí sa fhreagra.
Is bealach an-mhaith é an t-idirlíon chun na páistí a chur ag bailiú eolais faoi pháistí agus faoi thíortha eile. Bíonn léitheoireacht Ghaeilge i gceist nuair atá an gréasán i nGaeilge.
Is féidir Gaeilge a fhoghlaim taobh amuigh den scoil sa seomra ranga fíorúil ach a bheith ceangailte tríd an idirlíon leis an gclár sin.
Osteilgeoir
Tá dhá bhuntáiste ag an osteilgeoir:
- an t-ábhar teagaisc agus foghlama ullmhaithe roimh ré
- an múinteoir in ann súil a choimeád ar an rang.

Is féidir leis an múinteoir sleamhnáin a ullmhú roimh an gceacht. Is féidir úsáid a bhaint as
pictiúr aonair
cur síos, aidiachtaí
dhá phictiúr
aimsigh na difríochtaí
ceithre nó sé phictiúr
inis an scéal/cuir an scéal in ord
abairtí easnamhacha
ainmfhocail, aidiachtaí,
réamhfhocail, briathra sa bhearna
druileanna gramadaí
na heiseamláirí teanga riachtanach
do chluiche teanga nó do ról éigin.
Is féidir pinn dhaite a úsáid agus sleamhnáin a chur síos ceann ar cheann agus scéal nó pictiúr a iomlánú mar sin. Is féidir pictiúir mhóra a theilgean ar an scáileán agus an fheidhm chéanna acu is atá ag póstaeir. Tá sleamhnáin don osteilgeoir níos éadroime, níos so-athraithe agus níos éasca le stóráil ná póstaeir. Is iomaí buntáiste atá ag na sleamhnáin seo nuair a úsáidtear iad mar fhócas don rang go léir.
Clár dubh
Is é an clár dubh nó an clár cailce an áis is sine de na háiseanna teagaisc agus foghlama, ach is féidir an-leas a bhaint as fós. Tá sé an-áisiúil agus éasca a úsáid. Is féidir leagan amach an chláir dhuibh a réiteach mar chuid d’ullmhúchán an cheachta. Ba cheart cailc bhán nó bhuí a úsáid. Is féidir luaschártaí a ghreamadh de, ach b’fhearr póstaeir a chrochadh ar an mballa.
Is breá le páistí féachaint ar phictiúir á dtarraingt, fiú murar ealaíontóir críochnaithe an múinteoir. Is féidir pearsana agus cur síos ar dhaoine a léiriú, agus is féidir pictiúir a tharraingt chun scéal a insint.
| Leagan amach an chláir dhuibh d'ábhar an cheachta: |
| Ábhar sealadach | Ábhar buan |
- le glanadh ó am go ham
- pictiúir shoiléirithe
| - eiseamláirí teanga an cheachta
- foclóir an cheachta
|
Pictiúir ar an gclár dubh do na réamhfhocail
Bréagáin, samhlacha agus bosca éadaigh
Is féidir cairr, bábóga, troscán do theach bábóige, teileafón bréige, clog, blocanna nó Lego nó seanteilifíseán a úsáid sa rang. Tá ceangal idir na samhlacha agus na bréagáin agus an saol lasmuigh den seomra ranga, agus úsáidtear iad leis an modh díreach chun foclóir a mhúineadh. Úsáidtear iad san imirt i rólanna: ‘ar an teileafón’, mar shampla, nó i sceitse ‘ar an teilifís’. Is áis an-úsáideach é an bosca éadaigh freisin le hataí, scaifeanna daite d’fhir agus do mhná agus maisc i gcomhair sceitsí agus scéaldrámaíochta agus don imirt i rólanna.
Pictiúir agus póstaeir
Is féidir pictiúir a bhailiú ó irisí agus ó fhoinsí eile. Ba chóir cinn mhóra shoiléire a roghnú. Is féidir póstaeir a cheannach, a fháil saor in aisce go minic nó a dhéanamh as pictiúir eile: mar shampla
éadaí, bia do na béilí éagsúla, stíleanna
gruaige, seomraí an tí agus an troscán do
na seomraí éagsúla, codanna an
ríomhaire, an taifeadán agus an
teilifíseán.
Is féidir catalóga a bhailiú ó shiopaí éadaigh agus turasóireachta agus ó shiopaí físeán, agus na pictiúir a ghearradh amach agus a ghreamú de chairtchlár. Is féidir luaschártaí le haghaidh cluichí léitheoireachta luaithe agus áiseanna do thús an cheachta a dhéanamh le húsáid leis an modh closamhairc.
Cártaí éagsúla
Luaschártaí
Úsáidtear luaschártaí don léitheoireacht luath, agus tá cleachtadh maith ag múinteoirí ar a n-úsáid. Ba chabhair na briathra neamhrialta, na briathra is minice a úsáidtear, deirí na n-aimsirí agus athruithe áirithe ar bhriathra a bheith ullmhaithe roimh cheacht agus iad a choimeád lena n-úsáid arís agus arís.
Leidchártaí
Úsáidtear iad seo i gcluichí teanga agus go háirithe i ngníomhaíochtaí réamhchumarsáide chun cabhrú leis na páistí tús a chur le cumarsáid faoi threoir. Tugtar an teanga féin ar an leidchárta d’agallamh nó d’imirt i rólanna.

Rólchártaí
Tugann rólchártaí eolas do na rannpháirtithe faoin ról atá le himirt acu. Tugann siad leideanna faoi na mothúcháin, faoin dearcadh agus faoin bpearsa a bheidh ag an duine i ról áirithe. Úsáidtear iad i rith na ngníomhaíochtaí cumarsáide. Ní thugtar an teanga féin: bheadh sí sin ar leidchárta a thugtar do na páistí do na gníomhaíochtaí réamhchumarsáide. Seo thíos dhá rólchárta shamplacha do rang a sé sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Puipéid
Puipéid as mála páipéir

Puipéid déanta as páipéar, lámhainní, puipéid méar agus láimhe na cinn is coitianta a úsáidtear. Déantar ainmhithe de gach uile chineál go héasca as málaí páipéir, agus déanfaidh na páistí féin go tapa iad agus iad ag leanúint treoracha simplí. Úsáidtear spúnóga adhmaid agus seanéadach nó olla chun puipéid láimhe a dhéanamh freisin. Tá puipéid ghalánta le ceannach sna siopaí, go háirithe thart ar an Nollaig.
Tugann na puipéid éagsúlacht don cheacht, agus ligtear do na páistí a gcuid mothúchán a nochtadh tríothu.
Nuair a úsáideann an múinteoir dhá phuipéad is féidir leis/léi teanga shamplach a mhúineadh do na páistí tríd an dá phuipéad. Labhraíonn puipéad A ar dtús agus freagraíonn puipéad B ansin. De réir a chéile freagraíonn na páistí, ag déanamh aithrise ar theanga phuipéid B.
Páistí ag spraoi le puipéid

Agallamh do phuipéid
Is féidir agallamh do dhá phuipéad a bhunú ar struchtúr gramadaí nó ar eiseamláir éigin teanga. Chomh fada agus is féidir bíodh an t-agallamh gearr agus sothuigthe ón gcomhthéacs. Píosa spraoi atá san agallamh seo a chuirtear le ceacht mar thús nó mar dhaingniú. Ní gá fanacht go dtí go mbeadh sé ar eolas de ghlanmheabhair ag na páistí. Is féidir na struchtúir agus na samplaí den teanga a bhíonn in úsáid go minic (mar shampla na briathra neamhrialta) a tharraingt isteach sna hagallaimh, agus de réir a chéile tiocfaidh na páistí isteach orthu. Mar sin féin bíodh an bhéim ar bhrí na cainte agus ar theanga atá ciallmhar do pháistí.
Agallaimh le dhá phuipéad ina bhfeictear athchúrsáil na teanga
1.
Puipéad 1: A Mhicí!
Puipéad 2: An bhfuil sé fíor?
Puipéad 1: Céard é féin?
Puipéad 2: Go bhfaca tú taibhse!
Puipéad 1: Chonaic go deimhin!
Puipéad 2: Ní fhaca tú, ag rámhaille atá tú!
2.
Puipéad 1: Cad é mar atá tú?
Puipéad 2: Haigh!
Puipéad 1: An bhfaca tú an scannán aréir?
Puipéad 2: Ní fhaca.
Puipéad 1: Bhuel, bí ag féachaint ar “Star Wars” anocht!
Puipéad 2: Á, chonaic mé é sin cheana.
3.
Puipéad 1: Haigh!
Puipéad 2: Haló!
Puipéad 1: Ar chuala tú?
Puipéad 2: Céard é féin?
Puipéad 1: Tá mé ag dul chuig Funderland!
Puipéad 2: Ba cheart duit fanacht ann!
Greillí pleanála samplacha
Seo a leanas cúpla greille pleanála chun cabhrú le múinteoirí an Ghaeilge a chomhtháthú le hábhair eile, chun téama faoi leith, amhrán agus scéal a fhorbairt. Is féidir greillí a ullmhú do ranganna faoi leith bunaithe ar an leagan amach atá anseo.
Meánranganna agus ardranganna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
