Tá sé ríthábhachtach go mbeidh múinteoirí bunscoile agus páistí araon in ann úsáid a bhaint as na deiseanna uile atá ar fáil trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide.
Na háiseanna éagsúla
Is iomaí áis atá ar fáil laistigh de theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide. Beidh na páistí in ann úsáid a bhaint as an-chuid acu ach iad a chur ar an eolas fúthu. Is iad na cinn is minice a úsáidfear i múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ná:
An ríomhaire pearsanta
- cluichí do pháistí de gach aois
cluichí matamaitice
eachtraí
scéalta idirghníomhacha - cláir speisialta pictiúr as ar féidir ‘scannáin’ a dhéanamh nó scéal leanúnach a scríobh
an scríbhneoireacht a chleachtadh sa rang
próiseas na scríbhneoireachta
ullmhú, dréachtú, ceartú agus eagarthóireacht an ghiota scríbhneoireachta
litriú agus ord aibítre a dheimhniú - graificí, pictiúir agus léarscáileanna a úsáid i scríobh scéalta nó i ndearadh cartúin nó mar léaráid i scéal nó i gcur síos
Páistí ag obair le ríomhairí
Ríomhphost
- nótaí agus teachtaireachtaí á scríobh chuig scoileanna eile agus chuig na páistí i ranganna eile sa scoil chéanna
- nótaí agus litreacha ó pháistí eile á bhfáil agus á léamh
Idirlíon
- eolas a lorg agus a fháil ó na seirbhisí atá ar fáil agus ó GaelOidNet
- úsáid a bhaint as an eolas i dtionscadail ghrúpa agus ranga
- ceachtanna Gaeilge sa seomra ranga fíorúil
páirt a ghlacadh i gceachtanna breise Gaeilge
caint le múinteoirí agus le foghlaimeoirí eile trí cheangal leis an seomra ranga fíorúil.
Achoimre
Is féidir teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Is maith le páistí í agus tá béim láidir ar úsáid an ríomhaire i ngach gné den saol. Ní gá go mbeadh páistí óga in ann clóscríobh as Gaeilge, ach is féidir leo léitheoireacht shimplí a dhéanamh agus treoracha a leanúint chun cluiche a imirt. Uaireanta is féidir úsáid a bhaint as cláir Bhéarla ach bun an scáileáin a chlúdach má tá scríbhneoireacht air. D’fhéadfaí léarscáileanna, eolas stairiúil agus ginearálta a thraschóipeáil tar éis a bheith ag scimeáil ar an idirlíon agus is féidir an t-eolas seo a aistriú go Gaeilge. Tá eolas trí Ghaeilge le fáil freisin ó ghréasáin atá curtha ar bun ag gníomhaireachtaí áirithe. Is féidir Gaeilge a fhoghlaim taobh amuigh den scoil sa seomra ranga fíorúil ach a bheith ceangailte leis an gclár sin.