Primary Schools

Scríbhneoireacht

Cuirimid muid féin in iúl tríd an scríbhneoireacht. Is tríd an scríbhneoireacht a bhreacaimid síos ár gcuid smaointe agus a roinnimid iad. Is féidir linn freisin daoine eile a ghríosú agus mothúcháin a spreagadh iontu tríd an scríbhneoireacht.

Is féidir teacht ar smaointe, iad a eagrú agus iad a chur i bhfocail ar bhealach atá teoranta do scil na scríbhneoireachta amháin.

Ceisteanna

  • Cén fáth a scríobhann páistí?
  • Cé dó a scríobhann siad? Céard a scríobhann siad?
  • Conas a scríobhann siad?

Cén fáth a scríobhann páistí?

Mar chuid dá gcuid obair scoile agus dá saol pearsanta
obair ranga, obair bhaile
scríbhneoireacht chruthaitheach

Cé chuige a scríobhann páistí, agus céard a scríobhann siad?

Dóibh féin
nótaí, meamraim, dialann, dán,
cartúin, iarratais

Don mhúinteoir
tascanna scríofa: cur síos,
tuairisciú, in alt nó aiste ghairid,
dán, scéal, agallamh beirte, dráma

Dá dtuismitheoirí
cárta ócáide, cártaí poist,
litreacha, nótaí buíochais,
teachtaireacht ghutháin

Dá gcairde
nótaí, scéal grinn, cárta ócáide,
cuireadh, cárta buíochais, oideas,
treoracha

Do pháistí i rang eile nó i scoil eile
nótaí pearsanta, litreacha, cártaí
poist, nótaí eolais, fógraí, puzail,
crosfhocail, achainní (ceisteanna),
cuireadh chuig coirm cheoil,
dráma, ríomhphost

Conas a scríobhann páistí?

Déantar cleachtadh faoi threoir ar dtús, agus téitear i dtreo na cruthaíochta faoi mar a dhéantar le múineadh agus foghlaim na teanga labhartha.

Cleachtaí faoi threoir sna bunranganna

  • Cóipeáil
    ábhar simplí ón gcaint nó ón léitheoireacht
    peataí, cluichí, rann, amhrán
  • Meaitseáil
    pictiúir agus téacs
    abairt amháin a thoghadh as
    cúpla ceann agus meaitseáil le
    pictiúr
  • Eagrú agus cóipeáil
    frásachártaí a roghnú agus a chóipeáil
  • Cóipleabhar cóipeála a bheith ag na páistí
  • Foclóir nua, agallamh beag, fógraí, scéal, dán
  • Deachtú (ardleibhéal)
    teanga shimplí aitheanta
    abairtí gairide

Cleachtaí faoi threoir sna meánranganna agus sna hardranganna

  • Líonadh bearnaí
    focail aonair in amhrán nó dán, fócas ar fhoclóir ar dtús, ansin ar réamhfhocail nó ar ghramadach na mbriathra
  • Deachtú thús na habairte
    críochnaíonn na páistí an abairt iad féin
  • Cárta poist, litir, cuireadh chuig páistí eile a fhorlíonadh
    béim ar neamhfhoirmiúlacht agus ar scríbhneoireacht fheidhmiúil
  • Freagraí dearfacha nó diúltacha a fhorlíonadh
    úsáid na n-eiseamláirí teanga
    Go raibh míle maith agat faoi ...
    Tá aiféala orm ach ní féidir liom, mar ...

Saorscríbhneoireacht sna meánranganna agus sna hardranganna

  • Tá gá le pleanáil d’fhorbairt scil na scríbhneoireachta.
  • Caithfidh an múinteoir saoirse a thabhairt don pháiste ábhar scríbhneoireachta a roghnú dó/di féin.
  • Tá am i gceist le roghnú smaointe, cruth agus caoi a chur orthu. Tá sé tábhachtach mar sin pleanáil chúramach a dhéanamh nuair atá píosa scríbhneoireachta le déanamh ag na páistí.
  • Tá sé inmholta seans a thabhairt do pháistí saor-scríbhneoireacht a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Plean cuimsitheach do phróiseas na scríbhneoireachta

Cleachtaí réamhscríbhneoireachta

  • giniúint smaointe
    smaointe a bhailiú ón múinteoir, ó na páistí
    an clár dubh, an t-osteilgeoir, póstaer mór
    ceisteanna éagsúla chun teacht ar eolas
    nótaí neamhstruchtúrtha nó struchtúrtha a dhéanamh
    úsáid pictiúr as irisí, sraith pictiúr
    agus cartúin mar spreagthaigh
    léarscáileanna, pleananna
  • díriú ar an ábhar
    cén fáth a bhfuil duine ag scríobh?
    litir chuig páipéar nuachta faoi tharlúint éigin
    tuairisc faoin tarlúint chéanna
    roghnú agus diúltú ábhair, ag smaoineamh ar an lucht léitheoireachta
    fáthanna difriúla do lucht léitheoireachta difriúla
    an réimse scríbhneoireachta de réir an chineál téacs
    na páistí a spreagadh le
    téacsanna difriúla as páipéar
    nuachta, fógraí, litreacha,
    eagarfhocal, ailt eolais nó
    nuachta, oideas,
    stiallghreannáin, cártaí d’ócáidí
    difriúla bailithe ag an
    múinteoir
    foirmiúlacht a athrú mar chleachtadh
    litir chuig cara, litir chuig an bpáipéar nuachta
    scéal a scríobh i ndialann, an
    scéal céanna don pháipéar
    áitiúil nó do nuachtán
    náisiúnta
  • struchtúrú
    smaointe a ghrúpáil
    ag glacadh le leideanna ón múinteoir, ó théacsanna eile
    ag cur smaointe in ord tábhachta
    ag baint trialach as oird éagsúla
    ag ceangal an struchtúir leis an bpríomhsmaoineamh

Cleachtaí scríbhneoireachta

  • dréachtú

Cleachtaí iarscríbhneoireachta

  • meastóireacht
  • athbhreithniú
  • athscríobh

An bhéim

  • Is chun féinmhuinín a chothú agus an féinmheas a fhorbairt a bheidh na páistí ag scríobh.
  • Beidh an bhéim ar bhrí an phíosa scríbhneoireachta seachas ar an ngramadach.
  • Tá oscailteacht i gceist. Freagraíonn an múinteoir téacs an pháiste seachas é a cheartú.
  • Bíonn an scríbhneoireacht comhtháite leis na scileanna eile, an cleachtadh scríbhneoireachta bunaithe go díreach ar an topaic atá faoi chaibidil sa cheacht Gaeilge.
  • Beidh idirdhealú á dhéanamh idir réimsí éagsúla scríbhneoireachta.
  • Tuigtear go dtagann forbairt ar an scríbhneoireacht de réir a chéile agus gur chuid den phróiseas iad na hearráidí. Is féidir a bheith ag súil lehearráidí litrithe agus comhréire, go háirithe nuair a bhíonn scríbhneoireacht chruthaitheach i gceist. Is de réir a chéile a dhíbreofar na hearráidí seo. Bíonn neart cleachtaidh sa chaint agus sa léitheoireacht ag teastáil chun slacht a chur ar an scríbhneoireacht.
  • Bíonn na páistí ag obair ina ngrúpaí agus ina mbeirteanna más féidir. Bíonn caint, comhoibriú agus plé i gceist sa réamhobair. Is eispéireas cumarsáideach mar sin í an scríbhneoireacht ranga.
  • Bíonn éagsúlacht téacs le scríobh ag na páistí. Tá liosta téacsanna luaite anseo seachas an t-alt agus an aiste.
  • Tosófar ar an scríbhneoireacht fhoirmiúil i rang 2 i scoileanna T2. Bíonn cleachtaí scríbhneoireachta luaithe agus peannaireachta ar siúl i mBéarla nó i nGaeilge roimh thosú ar an scríbhneoireacht fhoirmiúil i ngach cineál scoile.

Cleachtaí scríbhneoireachta

Dréachtú

Grianghraf mar spreagadhTuiscint a thabhairt don pháiste gur céim nua í seo.
Tá an fócas anois ar an léitheoir: cén chaoi a (h)aire a fháil agus a choimeád.
Baintear triail as tosaigh éagsúla agus críocha éagsúla le cabhair an mhúinteora.
Déantar iarracht aire an léitheora a spreagadh ag an tús agus í a choimeád síos trí théacs aontaithe struchtúrtha.
Má úsáidtear an ríomhaire is féidir cur leis an téacs, baint de, é a athrú, é a athstruchtúrú.
Is féidir leis an rang nó le grúpa téacs iomlán a scríobh—scéal gairid, cuntas nó tuairisc.

Cleachtaí iarscríbhneoireachta

Meastóireacht

An scríbhneoir féin ag breathnú siar
ar an dréacht féachaint cá bhfuil athruithe le déanamh

iarracht á déanamh na hathruithe nó na ceartúcháin a dhéanamh é/í féin

Freagairt don téacs tar éis an téacs a léamh
an múinteoir nó grúpa páistí leis an scríbhneoir
páiste leis an scríbhneoir

Comhchomhairle
leis an múinteoir faoin bhfeabhas ar féidir a chur ar an téacs
an múinteoir ag freagairt d’fhéinbhreith an pháiste

Athbhreithniú

an ceangal a dhearbhú idir smaointe, idir ailt
an ríomhaire a úsáid: gearradh, bogadh timpeall
an príomhsmaoineamh a threisiú
an stíl a bheith de réir chuspóir an téacs
cárta poist—neamhfhoirmiúil
litir ghnó—foirmiúil

Eagarthóireacht, ceartú agus marcáil

an teanga a cheartú nuair is gá
míniú a thabhairt
eagarthóireacht a dhéanamh agus profaí a léamh.

Buntáistí na scríbhneoireachta

Is é an fáth a ndéantar scríbhneoireacht sa rang ná go dtacaíonn scil na scríbhneoireachta leis na scileanna eile. Tugann an lámh tacaíocht don tsúil, don bhéal agus don chluas. Caithfidh na páistí a bheith níos pointeáilte faoi úsáid foclóra agus comhréire, mar beidh na páistí eile nó cuairteoirí chuig an rang á léamh. Is gníomh poiblí í cuid den scríbhneoireacht. Bíonn am ag na páistí dul siar agus focail a cheartú nó a athrú ar bhealach nach mbíonn acu nuair a bhíonn siad ag labhairt. Mar sin bíonn seans acu snas a chur ar phíosa scríbhneoireachta, rud nach bhfuil fíor faoin gcaint.

Úsáid an ríomhaire

Obair aonair nó grúpa
na páistí ag scríobh chuig a chéile ar ríomhphost
litreacha agus nótaí á scríobh chuig a chéile
eolas á roinnt eatarthu féin faoi scoileanna, faoi cheantair, faoi thíortha a chéile

Obair ghrúpa
Bíonn sraith pictiúr i gcomhair scéil ar fáil i gcláir speisialta, agus ní bhíonn siad teoranta d’aon teanga faoi leith.
Bíonn ar na páistí teacht ar réiteach faoin scéal ón rogha pictiúr atá ar fáil sa chlár.
Na páistí ag cur na bpictiúr in ord agus an scéal á phlé ar dtús agus ansin á scríobh.

Tascanna scríbhneoireachta do na hardranganna

Nótaí, cártaí poist, litreacha gearra:

  • Bhí do chara as láthair inniu. Scríobh nóta ag tabhairt treoracha faoin obair bhaile matamaitice: leathanach, uimhir, agus cén uair a bheidh sí le bheith déanta.
  • Scríobh nóta chuig do chara. Abair leis/léi bualadh leat sa Cybercafé ag … ar an …
  • Scríobh nóta chuig do mháthair. Tá sé a cúig a chlog agus tá tú imithe go dtí ... Tá … ar siúl agat. Beidh tú ar ais ag a … Thug máthair do charad do dhinnéar duit.
  • Scríobh cárta poist abhaile ón nGaeltacht, áit a bhfuil tú ar chúrsa. Déan cur síos gairid ar an aimsir agus ar an gcúrsa Gaeilge.
  • Scríobh litir iarratais chuig Raidió na Gaeltachta ag iarraidh amhráin do do mháthair dá lá breithe. Ainmnigh an t-amhránaí, an lá agus ainm agus seoladh do mháthar.
  • Scríobh litir ghearr iarratais chuig TG4 ag iarraidh go ndéanfaí athchraoladh ar ‘Charts i gCeart’. Tabhair d’ainm agus do sheoladh agus an fáth ar mhaith leat an t-athchraoladh.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie