Primary Schools

Léitheoireacht

Ag léamh i gcomhair pléisiúir

Ag léamh i gcomhair pléisiúir

 

Cleachtaímid scil na léitheoireachta ar feadh ár saoil ar son pléisiúir agus chun ár gcuid eolais a leathnú. Cabhraíonn an t-eolas a bhailíonn an páiste tríd an léitheoireacht lena f(h)orbairt chognaíoch, agus leathnaítear a c(h)uid samhlaíochta trí léitheoireacht scéalta agus dánta. Ní scil ghabhchumais amháin atá i gceist leis an léitheoireacht, mar bíonn na páistí mar léitheoirí i ngleic leis an téacs ag iarraidh brí a bhaint as.

Is iad na príomhfháthanna a léann na páistí as Gaeilge ar scoil agus sa bhaile ná mar chuid dá gcuid obair scoile agus chun a saol pearsanta a shaibhriú

  • mar thacaíocht do na scileanna eile
  • i gcomhair pléisiúir
  • chun eolas a bhailiú
  • mar léitheoireacht fheidhmiúil a mbeidh toradh éigin uirthi.

Ullmhú don litearthacht

Tá iliomad bealaí ann chun cabhrú leis an bpáiste beag agus é/í ag ullmhú don litearthacht. Is iad na príomhchomhthéacsanna ina gcabhraítear leis an bpáiste ná

  • an baile
  • an scoil agus an seomra ranga.

An baile

Tá tábhacht le tacaíocht an tuismitheora sa bhaile i bhfás na litearthachta. Bíonn aithne níos fearr ag an tuismitheoir ná mar a bhíonn ag aon duine eile ar an bpáiste agus tá anchuid eispéiris le roinnt acu lena chéile. Tá cur síos ar an gcaoi agcabhraíonn an tuismitheoir leis an bpáiste anseo.

An scoil agus an seomra ranga

Conas a chabhraíonn teanga an mhúinteora leis an bpáiste

Faoi mar a dhéanann an mháthair daingniú ar theanga an pháiste sa bhaile, féachann an múinteoir leis an rud céanna a dhéanamh ar scoil. Gníomhaíocht amháin a chabhraíonn leis an bpáiste ná an múinteoir ag úsáid frásaí faoi leith ar na hócáidí céanna gach lá. De réir a chéile téann na frásaí sin ó ionchur an mhúinteora go dtí teanga labhartha an pháiste.

Déanann na páistí idirghníomhú le daoine eile trí labhairt leo as Béarla ar dtús nó as Gaeilge agus is air sin a bhunaítear an litearthacht. Is é is dóichí ná go mbeidh bunús maith faoin teanga labhartha más í máthair-theanga an pháiste í. B’fhéidir go mbeifí in ann gluaiseacht ar aghaidh leis an bhforbairt nádúrtha a tharlaíonn de ghnáth ó éisteacht agus tuiscint agus ó labhairt na teanga go dtí an litearthacht i ranganna na naíonán sna scoileanna Gaeltachta. Tógfaidh an próiseas sin níos faide sa chás nach dtosaíonn an páiste ag foghlaim na Gaeilge do dtí go dtéann sé/sí ar scoil in aois a ceathair nó a cúig.

Litearthacht sa seomra ranga

Féachann an múinteoir chuige go mbíonn cuid mhaith ábhair chlóbhuailte sa seomra ranga. Tuigeann na páistí ón tagairt a dhéanann an múinteoir dó go bhfuil teachtaireacht le léamh ann. Mar chuid den ábhar clóbhuailte sin beidh fógraí gairide faoi shaol an tseomra ranga, pictiúir as scéalta a aithníonn na páistí, póstaeir le lipéid agus leabhair. Tá eispéiris faoi leith a bhaineann le saol na scoile. Tuigeann an múinteoir agus an páiste araon é seo agus bíonn sé mar bhunús leis na scéilíní a bheidh le scríobh agus le léamh ag an bpáiste beag ar ball.

Éisteacht agus tuiscint

Liostaítear cuid mhaith gníomhaíochtaí éisteachta agus labhartha sa churaclam Gaeilge do na naíonáin. Is iad a bheidh mar bhunchloch don litearthacht a bheidh ag fás agus ag forbairt de réir a chéile roimh aon cheachtanna foirmiúla léitheoireachta nó scríbhneoireachta. Ní gá go dtuigfeadh an páiste ach an bhrí ghinearálta. Tabharfaidh an múinteoir gach cabhair agus tacaíocht do thuiscint an pháiste le pictiúir nó le geáitsí le leideanna agus le fuaimeanna.

Scéalta

Léifidh an múinteoir scéalta do na páistí go minic agus gheobhaidh siad tuiscint ar an bhfocal clóbhuailte agus ar dhíchódú cló. Más féidir roghnóidh na páistí an leabhar agus tiocfaidh siad timpeall ar an múinteoir agus é/í ag léamh. Is féidir léamh ó shraith pictiúr a insíonn scéal nó ó leabhar mór nó ó leabhar soiléir ina bhfuil pictiúir mhóra.

Tomhaiseann na páistí an scéal ón gclúdach agus labhraíonn siad faoi na pictiúir roimh an scéal a léamh. Cuireann siad an tomhas a bhí acu i gcomparáid le teideal an scéil ansin. Má tá curfá sa scéal (‘Na Trí Mhuc’, ‘An Buachaillín Sinséir’, ‘An Gabhar agus na Meannáin’) tagann na páistí isteach leis gach uair. Ligeann an múinteoir do na páistí an líne a chríochnú nó ainm na bpearsan a rá. Aithníonn siad na pearsana sna pictiúir agus labhraíonn siad fúthu. Téann páistí aonair féin siar ar an scéal nó más féidir éisteann siad le leagan taifeadta de i gcúinne na leabhar. Is féidir le grúpa páistí é sin a dhéanamh le ceithre phéire cluasán ceangailte leis an taifeadán céanna.

Nuacht phearsanta mar scéal

Sula mbíonn an páiste in ann scríobh dó/di féin scríobhann an múinteoir scéal gearr ar an gclár dubh nó ar chárta don pháiste. Scríobhann an múinteoir faoi lá breithe an pháiste, faoin séasúr, faoi ócáidí ar nós na Nollag nó na Cásca nó laethanta saoire. Fágtar cártaí ar féidir abairtí eile a bhunú orthu thuas ar an mballa nó i bpacáiste cártaí do chumadh abairtí. Is féidir leis an bpáiste focail a roghnú nuair a aithníonn sé/sí iad agus úsáid a bhaint astu ina scéal féin. Bíonn nuacht shimplí phearsanta i gcónaí ag gach páiste faoin am i láthair nó faoin am atá thart. B’fhéidir gurb é seo an chéad scéal a scríobhfaidh an páiste agus beidh suim aige/aici in athléamh scéil a scríobh sé/sí féin.

  1. Inniu lá breithe Mháire!
    Tá sí a sé.
  2. Tá sé fuar inniu.
  3. Fuair mé rothar do mo lá breithe.

Rainn agus amhráin

Tá raidhse rann agus amhrán le fáil sa Ghaeilge agus is féidir iad a úsáid mar bhunús agus mar thacaíocht don litearthacht. Taitníonn rithim na rann agus na n-amhrán le tacaíocht ó gheáitsí agus ó chnaguirlisí leis an bpáiste óg. Cabhraíonn an rithim leis/léi cuimhneamh siar ar na focail agus de réir a chéile rachaidh an foclóir nua isteach i bhfoclóir reatha an pháiste. Foghlaimeoidh sé/sí míniú na bhfocal nua ón gcomhthéacs nó ó na pictiúir agus le cabhair ón múinteoir. Cabhróidh na comhthéacsanna céanna leis an bpáiste brí a bhaint as téacs léitheoireachta ar ball. Is iad an cineál is fearr ná rainn le hathrá agus le rithim, gníomhamhráin agus amhráin saothair. Tá cuid acu nua-chumtha agus cuid eile a bailíodh ón mbéaloideas agus atá curtha ar fáil arís do pháistí an lae inniu. Is fiú don mhúinteoir na bailiúcháin seo a úsáid, agus dá mhéad acu a fhoghlaimíonn na páistí is ea is fearr.

Cluichí nó gníomhaíochtaí éisteachta

Is féidir cluichí éasca éisteachta a imirt agus gníomhaíochtaí simplí a dhéanamh a chabhróidh le tuiscint na bpáistí. Is féidir leis an múinteoir focal a ghlaoch agus roghnaíonn an páiste an pictiúr cuí. Léiríonn gníomhaíocht a dhéanann an páiste go dtuigeann nó nach dtuigeann sé/sí treoir. Glaonn an múinteoir treoracha ó bhéal sa chluiche ‘Deir Ó Grádaigh’ nó éisteann na páistí le treoracha do ghníomhartha fisiceacha. Baineann siad taitneamh as na gníomhartha agus is i ngan fhios a fhoghlaimíonn siad an teanga. Tá tuilleadh gníomhaíochtaí le fáil faoi na snáitheanna Éisteacht agus Labhairt sa churaclam do na naíonáin.

Snáithaonaid na léitheoireachta

Tá ábhar teagaisc agus foghlama an tsnáithe seo rianaithe faoi na snáithaonaid chun fonn léitheoireachta a chothú sna páistí agus chun cur ar a gcumas réimse leathan d’ábhar a léamh. Is iad na snáithaonaid éagsúla ná:

Scoileanna T2Scoileanna Gaeltachta agus lán-
Ghaeilge
  • ag cothú spéise
  • ag tuiscint teanga
  • ag úsáid teanga
  • ag cothú fonn léitheoireachta
  • ag tuiscint teanga
  • ag úsáid teanga
    Cumas agus muinín
    Samhlaíocht agus mothúcháin

Clár ullmhúcháin don litearthacht

Moltar eispéireas an pháiste ar leabhair agus ar théacs, ar a c(h)umas sa teanga labhartha agus a t(h)uiscint ar fheidhm an fhocail chlóbhuailte a úsáid mar chlár cuimsitheach ullmhúcháin don litearthacht. Tá sé i gceist go gcuirfí saghsanna éagsúla téacs ar fáil, mar shampla i dtimpeallacht an tseomra ranga agus na scoile. Tá cur síos ar na gníomhaíochtaí a oireann do thús na léitheoireachta sa churaclam do naíonáin i ngach cineál scoile.

Moltar don mhúinteoir cur leis an méid a dúradh thuas faoi scil na héisteachta agus faoin tábhacht atá le cumas tuisceana agus labhartha an pháiste a bheith forbartha. Trí ghníomhaíochtaí scríbhneoireachta a chomhtháthú leis an léitheoireacht tuigfidh an páiste gur scríobh duine éigin an téacs atá á léamh aige/aici agus gur gníomhaíocht cumarsáide í an léitheoireacht idir an scríbhneoir agus an léitheoir. Tiocfaidh an páiste isteach ar an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht trí í a chloisteáil agus a thuiscint.

Scileanna léitheoireachta

Má bhíonn an páiste in aice an mhúinteora ag éisteacht le scéal is féidir leis an múinteoir a m(h)éar a chur faoi na focail agus foghlaimeoidh an páiste treoshuíomh clé-deas agus léamh ó bharr go bun an leathanaigh. Is fearr má léann an páiste focail ó scéilín nó ó rann atá ar eolas aige/aici ná iad a léamh ina n-aonar ar luaschárta gan chomhthéacs. Cuirfidh an múinteoir stór de ghnáthfhocail inléite le chéile ó thaithí an pháiste agus aithneoidh an páiste focail le cabhair ó leideanna éagsúla:

ó phictiúir
ó chomhthéacs na bhfocal
ón gcomhréir.

Fogharluach na litreacha

Má bhíonn léitheoireacht an Bhéarla ar a t(h)oil ag an bpáiste beidh tuiscint aige/aici ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn litreacha áirithe d’fhuaim faoi leith i nGaeilge agus i mBéarla go hiondúil:

p, b, m, l, n, r

Tá fóneolaíocht na Gaeilge difriúil le fóneolaíocht an Bhéarla, áfach, agus caithfear cabhrú leis an bpáiste an ceangal atá idir litreacha agus fuaimeanna na Gaeilge a aithint:

guta: gearr agus fada
glan—slán


séimhiú ar thúschonsain
bróg—mo bhróg
téann—ní théann
siúil—shiúil


défhoghair
uan, fuar, iasc, bia

Tuiscint na léitheoireachta

Cuirtear an bhéim ar léitheoireacht fheidhmiúil trí chluichí léitheoireachta:

treoracha a léamh agus a leanúint chun cluichí boird simplí a imirt
tús, an baile
ag léamh agus ag déanamh míme le cabhair ó phictiúr
ag léamh abairt agus ag tarraingt pictiúir.

Is fearr béim a chur ar dtús ar bhrí an phíosa léitheoireachta seachas na focail a bhriseadh ina siollaí agus ina litreacha.

Céard a léann na páistí?

dóibh féin, pléisiúr

lipéid sa seomra ranga, scéal simplí a scríobh an múinteoir
leabhair ranga a scríobh páistí eile, leabhair scéalaíochta do pháistí beaga
irisí do pháistí, scéalta eile, cartúin, stiallghreannáin
scéal grinn a scríobhann an múinteoir ar chlár na bhfógraí
puzail, crosfhocail
dán, rann, téacs amhráin shimplí atá ar eolas
agallamh beirte, script dráma, úrscéalta ag leibhéal níos airde

eolas dóibh féin

nótaí, meamraim don rang ón múinteoir ar chlár na bhfógraí nó sa ríomhphost
eolas a fháil dóibh féin ar an idirlíon
fógraí ginearálta sa scoil, ar an mbus, san ollmhargadh, sa pháipéar nuachta Gaeilge, in oifig an phoist, sa bhanc
tuairiscí, cur síos, ailt shimplí sa nuachtán Gaeilge, leabhair chócaireachta, léarscáileanna de Chonamara, oileáin Árann, Contae Dhún na nGall, Contae Chiarraí

eolas a fháil ar fheidhm na léitheoireachta

treoracha i gcluichí léitheoireachta, litreacha ó pháistí i scoil eile sa ríomhphost
liosta de thithe lóistín sa Ghaeltacht, bróisiúir do na coláistí samhraidh éagsúla
fógraí, cuireadh, biachláir, billí ó BSL, Bord Gáis, Telecom Éireann, seicleabhar, foirmeacha sa bhanc agus in oifig an phoist, foclóirí (liosta ó an Gúm; foclóir Uí Dhónaill don ríomhaire).

Modhanna múinte

Cluichí agus gníomhaíochtaí léitheoireachta

Cluichí agus gníomhaíochta léitheoireachta

 

Caithfear úsáid a bhaint as na modhanna múinte léitheoireachta go léir mar go bhfuil ilchineál páiste sa rang agus bealaí difriúla acu chun foghlama. Is iad na modhanna is aithnidiúla chun tús a chur le múineadh scil na léitheoireachta ná úsáid a bhaint as

  • taithí ar an teanga
  • féach agus abair
  • abairt iomlán a léamh
  • fogharluach na litreacha.

Tá sé tábhachtach tabhairt faoin teanga labhartha mar ullmhúchán don léitheoireacht agus scileanna na léitheoireachta a fhorbairt go córasach. Mar chuid den léitheoireacht luath insíonn an múinteoir scéalta do na páistí agus tuigeann siad feidhm an leabhair. Is féidir scéalta a sheinm ar théip agus an páiste ag léamh agus ag éisteacht in éineacht leis an téip. Sna meánranganna agus sna hardrangannais féidir cúram a dhéanamh d’fhogharluach na litreacha, an síneadh fada ar ghuta, an consan lom (gan séimhiú), an consan caol (consan in aice le e nó i) agus an consan leathan (consan in aice le a, o nó u). Tagann athrú ar bhrí na bhfocal de réir mar a fhágtar síneadh fada ar lár nó má mheasctar an consan lom agus séimhithe, nó an consan caol agus leathan. Níl na codarsnachtaí seo le fáil sa Bhéarla, ach is cuid dhlúth de chóras fuaimeanna na Gaeilge iad.

I gcás mhúineadh na léitheoireachta i scoileanna T2 caithfidh an múinteoir a bheith deimhin de go bhfuil bunús éigin faoi theanga labhartha na bpáistí sula dtosóidh siad ag léamh. Beidh gá leis an aibítir, le fogharluach na litreacha Gaeilge, le han-chuid rann, scéalta, fuaimeanna seafóideacha, amhrán, rabhlóg agus agallamh simplí chun rithim, comhréir agus fuaimeanna na teanga a mhúineadh do na páistí. Sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta moltar gan tosú ar léitheoireacht fhoirmiúil na Gaeilge agus an Bhéarla ag an am céanna agus an obair ó bhéal a luadh thuas a dhéanamh leis na páistí freisin. Socrófar sa scoil cén teanga lena dtosófar ar an léitheoireacht fhoirmiúil.

Dearcadh dearfach

Má léitear do na páistí cothófar dearcadh dearfach don léitheoireacht iontu. Is féidir leis an múinteoir tosú mar seo:

  • leabhar don rang-ghrúpa agus iad thart air/uirthi, iad in ann na pictiúir a fheiceáil
  • scéal curtha le chéile ag an rang nó ag an ngrúpa
  • téacs bunaithe ar theanga na bpáistí
  • rainn agus amhráin atá ar eolas acu
  • léann an múinteoir scéal a chuala na páistí go minic. Léann sé/sí tús an scéil, tomhaiseann na páistí an deireadh
  • féachann an múinteoir ar chlúdach an leabhair. Labhraíonn na páistí faoi na pictiúir agus tomhaiseann siad an scéal.

Ceacht samplach léitheoireachta

Cur chuige

  • ullmhúchán: caint ghinearálta faoin topaic, an foclóir nua (10 faoin gcéad den ábhar léitheoireachta i gceacht amháin)
  • réamhcheisteanna chun fócas a thabhairt don pháiste
  • ceisteanna le linn na léitheoireachta (tic a chur i mbosca réamhullmhaithe)
  • ceisteanna nó cleachtaí iarléitheoireachta

Ullmhúchán

  • Déantar an topaic a phlé, deimhníonn an múinteoir go bhfuil an foclóir agus an chomhréir ar eolas ag na páistí.
  • Múintear an foclóir nua, ag úsáid na seifteanna atá á n-úsáid ag múinteoirí le fada: luaschártaí, scríobh ar an gclár dubh, cluichí dúradáin, cluichí bingo, cluichí meaitseála.
  • Téitear siar ar an sainfhoclóir a bheidh ag teastáil, ach is féidir cúpla focal a fhágáil i gcomhair tomhais ón gcomhthéacs.
  • Pléitear na pictiúir ag gach leibhéal; pléitear na ceannlínte, na fotheidil, an leagan amach agus an cineál téacs sna hardranganna.

Ceisteanna réamhléitheoireachta

Tá fócas á chur ar an mbrí sna ceisteanna seo:

  • cuirtear an cheist agus ansin ainmnítear an páiste
  • cleachtar na scileanna difriúla le linn ceisteanna a chur
    Tabhair súil thapa ar an bpictiúr agus tomhas cén t-ábhar atá sa téacs seo.
    Tabhair súil thapa ar an téacs agus abair cathain a d’fheicfeá téacs nó cárta mar seo.
    (cárta lá breithe nó Nollag)
  • eolas faoi leith atá sa téacs a lorg go tapa
    Cé mhéad atá ar an ríomhaire atá sa siopa?

Ceisteanna i rith léitheoireachta

  • tic a chur i mbosca
  • tábla a dhéanamh den eolas a bhailítear
  • graf a tharraingt
  • greille a líonadh

Ceisteanna iarléitheoireachta

  • ceisteanna cuimhne
    Féach siar ar an téacs agus inis dom an focal a chiallaíonn X.
    Cad a tharla i ndiaidh ...?
    Cén dath atá ar ...?
    Cad a dúirt Seán le ...?
  • anailís na teanga
    Féach siar agus abair cé mhéad focal a chríochnaíonn ar -faidh. Cén t-am atá i gceist?

Scileanna agus foscileanna na léitheoireachta

B’fhearr na scileanna seo a mheascadh agus úsáid a bhaint astu i rith an ullmhúcháin, i rith na léitheoireachta agus i rith na tréimhse iarléitheoireachta. Is féidir léitheoireacht leathan a chleachtadh sa bhaile nó ar scoil, agus tabharfaidh an múinteoir cabhair leis na foscileanna sa rang. Déanfar grinnléitheoireacht sna hardranganna.

  • súil thapa: chun ciall ghinearálta an téacs a thuiscint
    leagan amach an téacs agus an cineál téacs a thuiscint (cárta, litir, oideas)
    focail aithnidiúla, pictiúir, ceannlínte a chabhróidh le ciall
  • spléachadh: eolas faoi leith atá sa téacs a lorg go tapa
    cén t-ainmhí, cén áit, figiúirí; cén
    aois, cé mhéad duine
    nó cé mhéad airgid?
  • léitheoireacht leathan: brí ghinearálta, éirim an scéil a fháil (ní gá gach focal a thuiscint)
    scéal, úrscéal simplí, alt in iris, nuachtán
    focail nua a thomhas ón gcomhthéacs, le cabhair ó eolas ginearálta agus eolas faoin domhan
  • grinnléitheoireacht: an téacs a scrúdú go mion, feidhm an phíosa, gach focal, an ceangal idir na habairtí agus na hailt, feidhm na gramadaí a thuiscint
    aimsirí na mbriathra, iolra agus uatha, focail cheanglaithe (agus, ach)
    comharthaí an dioscúrsa a thuiscint
    mar shampla = sampla ag teacht, is é sin = míniú ag teacht
    ar dtús, ansin, faoi dheireadh = ord a thaispeáint

Taoiléitheoireacht

Cabhróidh an léitheoireacht chiúin aonair le forbairt na bhfoscileanna agus le dúil sa léitheoireacht a chothú. Deir an múinteoir leis an bpáiste súil thapa a thabhairt ar an téacs nó spléachadh air chun eolas faoi leith a fháil. Cabhraíonn an léitheoireacht chiúin leis/léi brí ghinearálta an téacs a fháil. Tugann an múinteoir ceisteanna agus tascanna simplí a chuireann iallach ar an bpáiste léamh go ciúin chun na freagraí a fháil. Is féidir gabháil níos tapúla thar téacs le taoiléitheoireacht ná gach páiste a bheith ag léamh os ard. Cuireann anléitheoireacht os ard isteach ar rithim na cainte uaireanta. Is féidir í a dhéanamh i ngrúpaí beaga, áfach, agus go háirithe nuair a bhíonn cleachtadh maith ag na páistí ar an teanga labhartha, ar rithim, ar thuin agus ar fhuaimeanna na Gaeilge. Is féidir an léitheoireacht os ard a thosú le rann nó le hamhrán nó le scéal gearr atá ar eolas ó bhéal ag na páistí.

Straitéisí na léitheoireachta

Is féidir iarraidh ar na páistí úsáid a bhaint as na straitéisí seo a leanas chun cabhrú leo léitheoireacht a dhéanamh as Gaeilge.

Na bunranganna
Bainfidh na páistí brí ghinearálta as

  • scéalta grinn, fógraí ón múinteoir ar na ballaí
  • focail a rangú i bhfoirne foclóra troscán, bréagáin
  • cluichí léitheoireachta, treoracha éasca
    tús, críoch, ar aghaidh, ar ais go dtí 2 (le saighead léirithe )

Na meánranganna
Beidh na straitéisí thuas ag páistí móide na cinn seo a leanas:

  • cineálacha áirithe téacs a aithint ón
    leagan amach
    cárta, litir, biachlár, oideas
  • pictiúir a chur in ord agus téacs ar
    chártaí a mheaitseáil leo
  • roghnú idir abairtí le cur le pictiúir
  • príomhphearsana an scéil a ainmniú
  • príomheachtraí an scéil a aithint
  • éisteacht le scéal, an téacs a chur in
    ord
  • éisteacht le scéal, rann, amhrán, focal in easnamh sa téacs a chur isteach
  • cluichí léitheoireachta, na treoracha a leanúint
    caith an dísle, faigh 6 le tosú, caill caith

Na hardranganna

  • an cineál téacs a aithint ón leagan amach agus ó na ceannlínte
    ailt as páipéar nuachta, fógra, scéal gearr, amchlár
  • focail mheasctha a chur san ord ceart in abairtí
  • abairtí measctha a eagrú san ord ceart in ailt
  • leathabairtí a mheaitseáil leis an leath eile
  • ceisteanna ‘fíor nó bréagach’
  • ceisteanna ilroghnacha
  • ceisteanna tuisceana
  • éisteacht le scéal agus príomhphointí an scéil a aimsiú

Dúshláin bhreise

  • alt nó scéal a ghearradh ina mhír mearaí
    píosa difriúil den téacs le fáil ag gach grúpa agus iad ag roinnt an eolais
  • nótaí a thógáil, achoimre an scéil
  • ceist a mheaitseáil le freagra
  • graf nó léaráid a tharraingt ón eolas atá sa téacs
  • cluichí léitheoireachta a bhfuil treoracha deacra leo
    pioc licín
    ná tosaigh go bhfaigheann tú 6
    caill dhá chaith den dísle
    lean ar aghaidh.
PDFTascanna samplacha léitheoireachta (PDF, 126KB)
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie