Primary Schools

Struchtúr do chur chuige cumarsáideach

Is é atá á mholadh ná go mbeidh struchtúr áirithe ar gach ceacht a fheilfidh d’fhoghlaim, do thuiscint agus d’úsáid na teanga.

Is féidir an ceacht a roinnt ina thrí thréimhse, mar seo a leanas, agus tá saintréithe áirithe ag baint leo:

  • an tréimhse réamhchumarsáide
  • an tréimhse cumarsáide
  • an tréimhse iarchumarsáide.

Ní gá cloí go docht leis na tréimhsí sin. Is é an rud atá nua ná an chumarsáid a bheith mar sprioc ag gach ceacht chomh fada agus is féidir gach lá. Is féidir an struchtúr a léiriú mar chontanam cumarsáide, mar atá thíos. Leagtar an bhéim ar fhoghlaim na teanga don tasc nó don chluiche ag tús an chontanaim agus ar úsáid na teanga nó ar an gcumarsáid ina dhiaidh sin agus ar fhéachaint siar nó an ceacht a phlé ag a dheireadh.

An contanam cumarsáide

Tréimhse réamhchumarsáide

Ag cothú spéise le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide

Is sa tréimhse seo a spreagann an múinteoir spéis na bpáistí san ábhar nó sa topaic le ceisteanna agus le comhrá ginearálta, nó is féidir tasc beag a dhéanamh nó cluiche a imirt. Mar shampla, d’fhéadfadh an múinteoir a rá leis na páistí cártaí a bhfuil pictiúir orthu a roinnt ina ngrúpaí—ainmhithe allta nó peataí, éin na hÉireann nó cinn a d’fheicfeá sa zú nó thar lear. Is féidir tascanna difriúla a shocrú don rang ag scagadh na bpictiúr céanna: ainmhithe a itheann feoil agus ainmhithe a itheann glasraí a scaradh óna chéile, éisc, éin nó mamaigh agus mar sin de. Beidh na páistí in ann na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh ón eolas ginearálta atá acu, ach spreagfar iad chun suim a chur sa cheacht atá ag teacht. Is féidir na tascanna difriúla seo a bhunú ar chártaí léitheoireachta nó ar ghníomhaíocht bheag scríbhneoireachta freisin. Beidh obair ullmhúcháin faoi leith ag teastáil roimh éisteacht le taifeadadh de chomhrá nó de scéal nó dán.

Is i rith na tréimhse seo a úsáideann na páistí an teanga atá acu

  • chun ceist a chur agus freagraí a thabhairt
  • chun eolas a lorg ón múinteoir agus a thabhairt dó/di:

    Cén Ghaeilge ar X?
    Níl a fhios agam, a mhúinteoir.
    Cá gcuirfidh mé é seo?

Ionchur

Éilíonn an múinteoir an teanga agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a bheidh ag teastáil ó na páistí don tasc a bheidh le déanamh. Mura bhfuil an teanga ar eolas ag an rang múineann sé/sí an foclóir agus na frásaí nua, ag úsáid raon de na modhanna múinte de réir mar a oireann.

Úsáideann an múinteoir pé áiseanna atá riachtanach agus go leor aithrise agus athrá. Níor ghá go mbeadh an t-athrá sa chomhthéacs céanna i gcónaí. Bíonn an bhéim ar thuiscint na teanga ag an bpointe seo, agus cuireann an múinteoir béim ar an léiriú tuisceana roimh iarraidh ar na páistí an teanga a labhairt astu féin. Taispeánann an páiste go dtuigeann sé/sí an teanga nua trí ghníomhartha nó le geáitsí.

Cuir do lámh chlé ar do ghualainn dheas.

Faigh an glantóir agus glan an clár dubh, le do thoil!

Cleachtadh

Tá neart cleachtaidh ag teastáil ó na páistí, ach ní gá iad a thuirsiú leis na samplaí agus na comhthéacsanna céanna i gcónaí. Is féidir úsáid a bhaint as druileanna, as agallaimh faoi threoir, as cluichí struchtúrtha agus as drámaí gearra ag an bpointe seo. Tugann an múinteoir cabhair don pháiste an teanga atá foghlamtha cheana a úsáid i gcomhthéacsanna difriúla. Roghnaíonn an múinteoir cuid den teanga a bheidh á húsáid ag an bpáiste, nó toghann sé/sí suíomh nó ról ina gcleachtóidh an páiste an teanga ar bhealach nua. Nuair a bhíonn an páiste in ann léamh tagann an treoir seo i bhfoirm pictiúr, leidchártaí agus cluichí struchtúrtha. Bíonn na suímh agus na gníomhaíochtaí chomh cumarsáideach agus is féidir, ach ní féidir a rá fós gur fíorchumarsáid atá ann. Bíonn treoir faoi úsáid na teanga le fáil fós ón múinteoir nó ó riachtanais an taisc, ach tugann an cleachtadh muinín don pháiste máistreacht a fháil ar struchtúir agus ar fhrásaí áirithe. Bíonn an bhéim sa tréimhse seo ar úsáid cheart na teanga, agus ceartaíonn an múinteoir na páistí nuair is gá.

B’fhéidir go mbeadh níos lú cleachtaidh sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ná mar a bheadh i scoileanna T2.

Tréimhse cumarsáide

Gníomhaíochtaí cumarsáide agus úsáid na teanga

Cabhróidh an tréimhse seo leis na páistí an teanga a shealbhú trína húsáid. Bíonn seans ag na páistí an teanga a d’fhoghlaim siad i rith an ionchuir theanga a úsáid chun tasc éigin a chur i gcrích nó chun ról a ghlacadh i suíomh faoi leith. Bíonn saoirse ag na páistí anseo an teanga a úsáid go cruthaitheach, ach bíonn an tasc nó an suíomh faoi threoir an mhúinteora chun go mbeidh ceangal leis an ullmhúchán a rinneadh ag tús an cheachta. Sa scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ní gá an smacht céanna a choimeád ar theanga na bpáistí, mar beidh líofacht áirithe acu.

Sa tréimhse cumarsáide bíonn cluichí cumarsáide, sceitsí agus drámaíocht ar siúl i ngach cineál scoile. Sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bíonn seiftiú, plé agus díospóireachtaí ar siúl.

Déanann an múinteoir iarracht idirghníomhú sóisialta a eagrú i rith gach ceachta chun go mbeidh seans ag na páistí úsáid a bhaint as an teanga gach lá. Beidh seans ag na páistí oibriú le chéile ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí agus an múinteoir mar chomhairleoir, ag éisteacht agus ag tógáil nótaí den teanga a bhíonn fós lag. Nuair a bhíonn cumarsáid ar siúl ag na páistí sa rang ní chuireann an múinteoir isteach ar líofacht na bpáistí, ach ceartaíonn sé/sí na hearráidí tar éis na ngníomhaíochtaí cumarsáide. Tá an bhéim sa tréimhse cumarsáide ar bhrí na teanga agus ar an teachtaireacht. Má bhíonn an chaint soiléir ní chuirtear isteach ar líofacht an pháiste.

Tréimhse iarchumarsáide

Leathnú ar an gcumarsáid

Cinntíonn an múinteoir go dtuigeann an páiste an teanga nua agus go bhfuil sé/sí in ann forleathnú a dhéanamh uirthi go suímh eile le gníomhaíochtaí iarchumarsáide.

Sna hísealranganna téann an múinteoir siar ar an teanga a bhí lag i bhfoirm aithrise, athrá agus cleachtaidh mar dhruileanna breise gramadaí arís. Is féidir rann nó dán gearr a dhéanamh a bhfuil na frásaí nó an foclóir céanna ann. Is féidir tasc cosúil leis an gceann a rinneadh roimhe sin a dhéanamh arís mar dhaingniú ar na scileanna a úsáideadh cheana. Beidh seans ag an bpáiste an teanga a úsáid arís, féachaint ar tháinig aon fheabhas uirthi ón gcéad uair a trialadh í.

Sna hardranganna beidh gá le cleachtadh arís nó le traschur na teanga a múineadh sa cheacht go dtí tasc nó gníomhaíocht eile. Is féidir anailís a dhéanamh ar an teanga mar cheacht ar fheasacht teanga. Tugann an páiste faoi deara go bhfuil brí éigin le -(a)í nó -(e)anna nó le -f(a)idh ag deireadh focail, go bhfuil brí le consan séimhithe agus le d’ roimh ghuta nó roimh fh-. Is féidir cabhrú leis na páistí na gnéithe seo a thabhairt faoi deara trí cheisteanna a chur chun iad a threorú.

Próiseas ciorclach

Déantar iarracht leanúnachas a bheith ann ó cheacht go ceacht, agus beidh a fhios ag an múinteoir cén t-ionchur teanga atá ag teastáil nó cén teanga ar féidir úsáid a bhaint aisti i dtasc ag tús an chéad cheachta eile. Is próiseas ciorclach é cur i láthair ábhar teagaisc agus foghlama an cheachta, agus ní féidir cloí le tréimhse faoi leith go hiomlán. Ní gá go leanfadh na tréimhsí teagaisc agus foghlama a chéile san ord céanna i gcónaí.

Solúbthacht na dtréimhsí teagaisc

Mar a dúradh i roinn 4, Pleanáil sa seomra ranga, tá solúbthacht ag baint le leanúnachas na dtréimhsí teagaisc agus cumarsáide. Má tá a fhios ag an múinteoir go bhfuil na páistí in ann chuige, d’fhéadfadh sé/sí tosú gan aon ionchur teanga ach le tasc cumarsáide gan aon ullmhúchán leis an bhfoclóir nó na ceisteanna. Ba cheart go mbeadh an múinteoir sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in ann triail a bhaint as tosú leis an tasc nó leis an ngníomhaíocht ó am go ham.

Nuair a thosaítear le gníomhaíochtaí cumarsáide gan aon ullmhúchán, b’fhéidir go bhfeicfeadh na páistí iad féin nach bhfuil an teanga chuí acu. Shocródh an múinteoir agus na páistí le chéile ansin cén teanga a bheadh ag teastáil chun an tasc a dhéanamh, agus d’fhéadfadh an múinteoir í a mhúineadh. Sa tslí sin bheadh an páiste freagrach as a c(h)uid foghlama féin agus neamhspleách ar an múinteoir go pointe áirithe.

Fráma tagartha

An múinteoir mar mhonatóirIs fráma tagartha é an tábla thíos a thaispeánann na modhanna múinte agus na straitéisí éagsúla a fheileann do thréimhsí an cheachta. Tugtar léargas ar eagar an tseomra agus ar an idirghníomhú a bhíonn ar siúl idir an múinteoir agus an páiste sna tréimhsí den cheacht cumarsáideach. Taispeántar cé na modhanna múinte a fheileann don ionchur teanga sa tréimhse réamhchumarsáide go háirithe. Ansin sa tréimhse cumarsáide caithfear úsáid a bhaint as straitéisí éagsúla chun na páistí a chur ag úsáid na teanga. Ar deireadh b’fhéidir go gcaithfeadh an múinteoir dul siar ar fhoclóir nó é a mhúineadh nó eiseamláirí teanga a thabhairt chun cuimhne i rith na ngníomhaíochtaí iarchumarsáide, agus bheadh an modh díreach nó an modh closamhairc á úsáid arís chun an foclóir a mhúineadh.

Eagar an ranga

Ag tús an cheachta is ina n-aonad a bhíonn na páistí go hiondúil don ionchur teanga mura mbíonn gníomhaíocht éigin ag an múinteoir dóibh. I rith na ngníomhaíochtaí cumarsáide is minic a bhíonn beirteanna nó grúpaí ag obair le chéile, agus tagann an rang le chéile arís ag deireadh an cheachta. Téitear ó idirghníomhú idir an múinteoir agusna páistí go dtí idirghníomhú i measc na bpáistí de réir mar a théann an ceacht ar aghaidh. (Féach freisin Pleanáil sa seomra ranga.)

Fráma tagartha

TréimhseSaintréitheModh múinte nó straitéisí

Modh na lánfhreagartha
gníomhaí
An modh díreach
An modh closamhairc
An modh closlabhartha
Modh na ráite
Modh na sraithe



Agallaimh le bearnaí
Tascanna
Cluichí cumarsáide
Drámaí
Sceitsí
Gníomhaíochtaí
Plé, díospóireachtaí

Tascanna anailíse
Cluichí gramadaí
Ceartú botún a rinneadh le
linn na cumarsáide trí
dhruileanna
Eagar an rangaIdirghníomhú
Tréimhse réamhchumarsáide
(Spéis sa teanga agus tuiscint na teanga á gcothú)
1. Spreagadh
Múscailt suime
2. Ionchur teanga
3. Cleachtadh

foclóir
ceisteanna agus freagraí
aithris agus athrá
druileanna
agallaimh faoi threoir
cluichí struchtúrtha
cumarsáid faoi threoir
scéal
An rang go léir


Dhá thaobh an ranga
Beirteanna oscailte
Grúpaí beaga
Múinteoir agus na páistí
Páistí agus an múinteoir

Páistí agus páistí

Páiste agus páiste
Tréimhse cumarsáide
(Úsáid na teanga á cothú)
4. Úsáid na teanga
Comhlíonadh na
bhfeidhmeanna teanga
Cumarsáid faoi threoir áirithe
ach saoirse úsáide chomh
fada agus is féidir
Gníomhaíochtaí
chun an bhearna eolais a
shárú agus chun eolas a
roinnt ar a chéile
Obair bheirte
Beirteanna dúnta
Obair ghrúpa
Páiste agus páiste

Páiste agus páistí
Tréimhse iarchumarsáide
(Tuiscint á daingniú agus an teanga á húsáid)
5. Féachaint siar agus ar
aghaidh

Cleachtaí gramadaí bunaithe
ar an téacs labhartha nó
scríofa
Aithris agus athrá fuaimeanna
nó focail dheacra
Traschur eolais le tasc nó
cluiche nua i suíomh eile
Féachaint ar aghaidh
Obair ranga

Obair
ghrúpa
Obair bheirte
Múinteoir agus páistí

Páiste agus páistí
Páiste agus páiste
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie