Baineann an múinteoir úsáid as straitéisí difriúla agus as comhthéacsanna éagsúla chun suim na bpáistí a choinneáil sa cheacht Gaeilge. Is é an cuspóir a bhíonn ag an múinteoir do gach ceacht ná go mbeidh na páistí in ann úsáid éigin a bhaint as an nGaeilge i gcomhthéacs a thaitníonn leo, is é sin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fíorchumarsáide chomh minic agus is féidir. Is iad na straitéisí is coitianta a úsáidtear chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt ná:
- agallaimh mar ionchur d’imirt i rólanna
- cluichí teanga
- tascanna agus fadhbanna
- druileanna
- drámaíocht
- físeáin
- scéalaíocht
- filíocht: rainn, dánta agus amhráin, rabhlóga, tomhais, seanfhocail agus tréanna.
Agallamh mar ionchur
Cuspóir an agallaimh faoi threoir
Is mar ionchur teanga a úsáidtear an cineál seo agallaimh chun tús a chur le cumarsáid faoi threoir agus leis an bhfíorchumarsáid níos déanaí más féidir. Is ag tús an cheachta go hiondúil a úsáidtear an t-agallamh samplach. Beidh gá le tuiscint ar bhrí an agallaimh, agus beidh cleachtadh riachtanach chun gur féidir tógáil air agus an teanga chéanna a úsáid arís i suíomh nua.
Nuair a bhíonn an múinteoir ag úsáid an agallaimh thíos agus na gcomhráití beaga go léir a eascróidh as, beidh na cuspóirí do na ceachtanna go léir scríofa i bhfoirm mionfheidhmeanna teanga, mar seo a leanas:
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- beannú do pháiste eile
- freagra a thabhairt ar an mbeannacht
- fiafraí cá bhfuil duine eile ag dul
- a rá cá bhfuil sé/sí féin ag dul.
Agallamh do ranganna 1 agus 2
Is féidir agallamh simplí a cheapadh do ranganna 1 agus 2 agus é a leathnú. Bíonn an teanga go léir ullmhaithe agus le foghlaim sa tréimhse réamhchumarsáide den cheacht. Ní féidir leidchártaí a thabhairt do na páistí, mar níl siad in ann léamh, ach is féidir póstaeir nó pictiúir a úsáid. Is féidir an teanga sa chló trom—Go rang 2—a athrú le linn cleachtaidh i rith an ionchuir teanga agus í a úsáid sa tréimhse cumarsáide i rólanna. Is féidir na hathruithe a dhéanamh mar dhruil leis na páistí agus a thaispeáint dóibh gur féidir teanga a foghlaimíodh san agallamh faoi threoir a leathnú san úsáid agus sa chumarsáid.
Agallamh do na meánranganna nó na hardranganna
Nuair a bhíonn an múinteoir ag úsáid an Agallaimh mar ionchur a leanann thíos agus na gcomhráití beaga go léir a eascróidh as beidh na cuspóirí do na ceachtanna go léir scríofa i bhfoirm mionfheidhmeanna teanga, mar seo a leanas:
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- beannú do pháiste eile
- freagra a thabhairt ar an mbeannacht sin
- a rá cá bhfuil sé/sí ag dul anois
- a rá cá mbeidh sé/sí ag dul amárach
- iarraidh ar pháiste eile rud a cheannach
- úsáid a bhaint as an bhfoclóir seo a leanas i gcomhthéacs rud atá le ceannach:
téip, leabhar, dlúthcheirnín, cluiche
don ríomhaire - na bailte móra atá thart ar an gceantar a ainmniú
cuir i gcás Baile Átha Luain, Gaillimh.
Agallamh mar ionchur Áine: Haigh! Conas atá tú? Brian: Haló! Go breá, agus tú féin? Áine: Ar chuala tú? Beidh mé ag dul go Corcaigh amárach. Brian: Faigh cluiche nua don ríomhaire! Áine: Níl mo dhóthain airgid agam. |
Ionchur d’imirt i rólanna
Is ionchur an-mhaith é an t-agallamh d’imirt i rólanna ar ball. Moltar gan an modh múinte céanna a úsáid i gcónaí chun an t-agallamh a chur i láthair. Is féidir an modh closlabhartha nó an modh closamhairc, le cabhair bhreise ó fhíseán, a úsáid. Ba cheart an t-agallamh a choimeád gearr. Déanfaidh ceithre nó sé líne an chúis agus bíodh sé bunaithe ar théama a bhfuil spéis ag an bpáiste ann. Ba chóir an teanga a bheith úsáideach do thimpeallacht na scoile agus d’úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil sa seomra ranga. Beidh sé mar aidhm ag an múinteoir go mbeidh an páiste féin in ann labhairt gan tacaíocht an agallaimh tar éis tamaill.
Tréimhse réamhchumarsáide
Déanann an múinteoir comhrá gearr leis an rang chun a fháil amach cé mhéad den teanga a bheidh le múineadh as an nua.
Nó
Cluiche réamhchumarsáide:
Cluiche tomhais chun spéis an pháiste a spreagadh san ábhar. Mar shampla tomhas:
Múinteoir: Tosaíonn sé le ‘c’ agus is féidir leat é a imirt. Cad é?
Freagra: Cluiche.
Múinteoir: Is ea. Ceist eile. Is féidir leat dul ann, is cathair é agus tosaíonn sé le ‘c’. Cad é?
Freagra: Corcaigh.
Múinteoir: Go maith. Anois bíonn ceann acu seo sa bhaile ag a lán daoine. Tosaíonn sé le ‘r’ agus is féidir leat cluichí a imirt air. Cad é?
Freagra: Ríomhaire.
Múinteoir: Go maith.
Ionchur teanga nua
Má úsáideann an múinteoir téip éisteachta nó físeán ullmhaíonn sé/sí an sainfhoclóir agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga roimh é a sheinm. Sula n-éistear leis an téip cuireann an múinteoir ceist chun fócas a thabhairt do na páistí. Seinneann an múinteoir an téip faoi dhó nó faoi thrí agus cuireann sé/sí ceist dhifriúil nó dhó roimh gach tréimhse éisteachta.
(a) Éist agus abair liom cé mhéad duine atá ag caint.
(b) Éist arís agus abair conas atá Brian.
(c) Éist arís agus abair liom cá bhfuil Áine ag dul.
(d) Éist arís agus abair liom an bhfuil airgead aici.
Cleachtadh
Athchruthaíonn an múinteoir an comhrá le cabhair na bpáistí.
Cad a dúirt Áine ar dtús?
Cad a dúirt Brian ansin?
Tugann an múinteoir leideanna nó tús na bhfocal do na páistí mura mbíonn siad in ann cuimhneamh ar an agallamh mar a bhí sé. Má thugann na páistí abairtí a bhfuil brí leo agus atá intuigthe is féidir leis an múinteoir glacadh leo.
Athchruthú
Ansin athchruthaíonn dhá thaobh an ranga an t-agallamh le cabhair an mhúinteora. Déanann beirt ar dtús é, duine ó dhá thaobh an ranga (beirteanna oscailte). Ina dhiaidh sin cleachtann beirteanna in aice lena chéile an t-agallamh ag an am céanna (beirteanna dúnta).
Leathnú a dhéanamh ar an agallamh
Is féidir an duine, an bheannacht, an áit, an t-am agus an rud atá le ceannach a athrú chun leathnú a dhéanamh ar an Agallamh mar ionchur thuas. Is iad sin coincheapa an agallaimh agus is féidir eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a athrú freisin. Druil atá sa mhéid seo i ndáiríre agus tabharfaidh sí cleachtadh breise do na páistí, ach ní bheidh sí tuirsiúil agus amanna ní aithneoidh na páistí gurb é an t-agallamh bunúsach céanna é. Is féidir é a dhéanamh ó bhéal leis na meánranganna, ach má tá na páistí in ann is féidir leidchártaí a úsáid chun éagsúlacht a thabhairt dóibh.
Is féidir cártaí mar iad san thíos a úsáid chun leideanna a thabhairt don pháiste atá in ann léamh. Le cabhair na leidchártaí seo tugann an múinteoir agallamh difriúil do na páistí, mar ní bheidh le hathrú ach focal anseo is ansiúd. Nuair a bhíonn an t-agallamh go léir ar aon chárta amháin ní bhíonn aon bhearna san eolas, mar feiceann an bheirt chainteoirí an teanga go léir. Le dhá chárta bíonn rogha bheag ag na páistí má athraíonn siad na focail atá sa chló trom, agus tá cuma na cumarsáide ar an gcaint.
Leidchártaí a thugann saoirse áirithe cainte
Sna hardranganna fiú is féidir agallamh a dhéanamh faoi threoir. Bíonn gá le leidchártaí le heiseamláirí den teanga orthu mar atá sa chéad dá chárta thíos ar dtús, go háirithe i scoileanna T2. Is féidir iad a úsáid mar ullmhúchán d’úsáid an dá chárta thíos.
Tá an dá chárta thíos níos deacra agus tá na páistí fós faoi threoir ag leideanna an mhúinteora. Mar sin féin bíonn saoirse cainte acu mar ní fheiceann siad cártaí a chéile. Tá an t-agallamh ag dul i dtreo na fíorchumarsáide agus tá sé le húsáid sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus sna hardranganna i scoileanna T2 b’fhéidir.
Cárta A
Áine: Haló!Conas atá tú?
Áine: _____
Áine: Ar chuala tú? Beidh mé ag dul go
Dún Dealgan amárach.
Áine: _____
Áine: Níl mo dhóthain airgid agam.
Cárta B
Brian: _____
Brian: Dia duit! Go breá, agus tú féin?
Brian: _____
Brian: Faigh dlúthcheirnín nua!
Brian: _____
Brian: Slán leat!
Amárach an Satharn. Tá comhrá ar siúl idir bheirt pháistí faoi cad a bheidh ar siúl acu.
Cárta A
———–—————————
1. Beannaigh do B!
2. _______
3. Abair cad a bheidh ar siúl agat amárach.
4. _______
5. Abair nach bhfuil do dhóthain airgid agat.
Amárach an Satharn. Tá comhrá ar siúl idir bheirt pháistí faoi cad a bheidh ar siúl acu.
Cárta B
———–—————————
1. _______
2. Freagair do bheannacht A.
3. _______
4. Iarr ar A rud éigin a cheannach.
5. _______
6. Abair cá bhfuil tusa ag dul, agus fág slán ag A.
Gníomhaíochtaí iarchumarsáide
Leanann tréimhse anailíse an cleachtadh agus na gníomhaíochtaí sin go léir. Pléann na páistí na rólanna a d’imir siad agus malartaíonn siad iad uaireanta. Is féidir leis an múinteoir frásaí a bhí ag teastáil agus a bheidh úsáideach a athrá agus a chleachtadh arís. Ansin is féidir gníomhaíochtaí a bhunú ar thabhairt faoi deara na bpáistí. Tugann an múinteoir an téacs don rang agus cuireann na páistí líne faoi beidh (-fidh i gceacht eile) agus amárach agus b’fhéidir go bhfeicfidh siad an ceangal idir amárach agus foirceann an bhriathair. Tabharfaidh páistí as Cúige Uladh faoi deara nach Cad é mar atá tú? atá i gCúige Mumhan.
Braitheann an cleachtadh agus an dul siar ar na laigí a chuala an múinteoir agus é/í ag éisteacht i rith chleachtadh an agallaimh.
Imirt i rólanna
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an dá fhocal ‘ról’ agus ‘imirt’ anseo. Nuair a ghlacann an páiste ról air/uirthi féin lena c(h)airde sa bhaile nó nuair a thugtar ról dó/di ar scoil is ag súgradh nó ag imirt a bhíonn sé/sí go bunúsach. Ar scoil tugtar ról don pháiste agus gníomhaíonn sé mar é/í féin nó mar dhuine eile sa suíomh drámatúil a chumann an múinteoir. Soláthraíonn an ról agus an suíomh deis don pháiste triail a bhaint as a c(h)uid Gaeilge. Samhlaítear dó/di go bhfuil comhthéacs an tsuímh sábháilte agus nach bhfuil aon duine chun gearán faoi na hearráidí teanga a dhéanfaidh sé/sí. Ar aon nós má tá sé/sí i ról ní hé/í féin atá ag caint ach an phearsa a tugadh dó/di! Mar sin cabhraíonn an imirt i rólanna le páiste atá cúthail nó amhrasach faoina c(h)umas Gaeilge, agus is minic a labhraíonn sé/sí go fonnmhar i ról.
Tosú le gníomhaíochtaí cumarsáide mar mhalairt
Dá mbeadh caighdeán an ranga sách ard b’fhearr an ceacht a thosú le treoracha don imirt i rólanna agus an ról agus an suíomh a thabhairt don pháiste. Sna hardranganna socraíonn an múinteoir ar shuíomh don imirt i rólanna agus insíonn sé/sí an t-eolas atá riachtanach do gach duine. Feiceann an páiste ról samplach idir an múinteoir agus páiste eile ar dtús, go háirithe i scoileanna T2.
Is fiú leanúint ar aghaidh leis an imirt ar feadh deich nóiméad nó mar sin agus ansin í a stopadh agus plé a dhéanamh leis an rang faoi na deacrachtaí teanga a bhí acu agus faoin bhfoclóir agus na frásaí a bhí in easnamh orthu.
Buntáistí an chur chuige seo
Bíonn saoirse cainte ag na páistí san imirt i rólanna, is é sin nuair nach mbíonn a fhios ag páiste amháin cad a déarfaidh an páiste eile sa ról. Bíonn freagra B ag brath ar cheist A agus mar sin ar aghaidh. Tugtar saoirse don pháiste chun go mbeidh an t-idirghníomhú fíorchumarsáideach. Fágtar an oiread saoirse agus is féidir ag an bpáiste i ngach rang. Cuireann an páiste ceisteanna chomh maith le freagraí a thabhairt. Úsáideann sé/sí an chéad phearsa agus an dara pearsa den bhriathar. Bíonn tábhacht le gnéithe mar thuin na cainte, béim, na súile, an aghaidh agus geáitsí chun cabhrú le brí na cainte a chur in iúl.
Cluichí teanga
Tá tábhacht ar leith ag baint le cluichí teanga freisin chun cleachtadh a thabhairt do na páistí ar úsáid na teanga. Bíonn trí ghné ag teastáil chun ‘cluiche’ a thabhairt ar ghníomhaíocht:
- spraoi
- sprioc le baint amach
- rialacha le coinneáil.
Samhlaítear cluichí le spórt agus le spraoi agus tugann siad seans do na páistí an teanga a labhairt agus éisteacht léi, nó í a léamh nó a scríobh de réir aidhmeanna an chluiche. Tá cluichí ann ina gcomhoibríonn na páistí i bhfoirne le chéile agus cluichí ina mbíonn siad in iomaíocht lena chéile. Úsáidtear eagar difriúil—foirne, grúpaí beaga nó beirteanna—agus cineálacha difriúla cluichí chun suim na bpáistí a spreagadh agus a choinneáil. Is féidir na snáitheanna a chomhtháthú go héasca. Éisteann na páistí le chéile in obair bheirte agus is minic a bhíonn leidchárta le léamh agus nóta le scríobh i gcluiche teanga. Is iad na cineálacha is coitianta a úsáidtear i múineadh teanga ná
- cluichí struchtúrtha
- cluichí cumarsáide.
Cluichí struchtúrtha samplacha
Is féidir na cluichí teanga seo a imirt ag gach leibhéal má oireann. Is féidir iad a imirt ar a son féin nó chun cur le ceacht comhrá mar dhruil. Tá éagsúlacht ag baint le cluiche teanga, cé go bhfuil athrá sa struchtúr nó san abairt shamplach. Go minic ní thugann na páistí faoi deara go bhfuil athrá i gceist, mar go bhfuil siad ag imirt cluiche agus go bhfuil suim acu ann. Tá samplaí thíos ina gcleachtar aithint na n-ainmfhocal, aimsirí na mbriathra, na réamhfhocail, aidiachtaí, suíomh agus mar sin de.
1. Cluiche Kim: Naíonáin Cuireann an múinteoir rudaí amach in áit a bhfeiceann na páistí iad. Féachann na páistí orthu agus ansin dúnann siad a súile. Tógann an múinteoir amach rud nó dhó. Osclaíonn na páistí a súile agus déanann siad iarracht cuimhneamh ar cad a tógadh amach.
Eagar: an múinteoir nó páiste agus an rang |
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | rudaí a aithint agus a ainmniú |
Foclóir:
| bréagáin gnáthrudaí sa seomra ranga |
| Eiseamláirí: | Cad a thóg mé amach? |
Freagra gairid:
| Teidí cupán, leoraí mála, úll, bainne, cailc, leabhar, bosca lóin, liathróid. |
| | |
2. Cluiche cuimhne: Naíonáin/ranganna 1 agus 2 Cuireann an múinteoir rudaí aithnidiúla ar an mbinse. Tugtar nóiméad do na páistí le breathnú orthu. Clúdaítear ansin iad. Liostaíonn na páistí na rudaí a chonaic siad: leoraí, bábóg, carr, teidí. Eagar: an múinteoir nó páiste agus an rang
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | rudaí a aithint agus a ainmniú ceist agus freagra |
| Foclóir: | bréagáin agus gnáthrudaí sa seomra ranga |
Eiseamláirí: 1.
2. | Cad a chonaic tú? Carr. Bábóg.
Cad a chonaic tú ar an mbord? Chonaic mé cóipleabhar. Agus chonaic mise liathróid.
|
| Leibhéal níos deacra: | Cá raibh na rudaí go léir? Bhí carr agus leoraí ar an mbord. Bhí an peann ar an leabhar. Bhí an chailc ar an nglantóir. |
| | |
3. Leathnú ar chluiche Kim: Ranganna éagsúla Cuireann an múinteoir rudaí aithnidiúla in áit a bhfeiceann na páistí iad. Dúnann na páistí a súile. Athraíonn an múinteoir na rudaí thart. Osclaíonn na páistí a súile agus déanann siad iarracht cuimhneamh cá raibh na rudaí roimhe sin. Eagar: an múinteoir nó páiste agus an rang
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | rudaí a aithint agus a ainmniú ceist agus freagra |
| Foclóir: | bréagáin agus gnáthrudaí sa seomra ranga |
Eiseamláirí:
1.
2.
3.
| Cad a thóg mé amach? An spúnóg An cupán Cad a rinne mé? Thóg tú amach an cóipleabhar. Cad a tharla? Bhí leabhar ar an tseilf ach anois tá sé ar an bhfuinneog. Bhí spúnóg sa chupán ach anois tá sí ar an bpláta. |
| | |
4. Cad atá sa mhála? : Naíonáin/ranganna 1 agus 2 Tá na páistí ag iarraidh a thomhas cad atá sa mhála trí na rudaí atá ann a láimhseáil. Is féidir cluiche a dhéanamh as an ngníomhaíocht seo trí iomaíocht a chur ar bun idir fhoirne nó idir ghrúpaí. Eagar: grúpaí agus páiste amháin nó an rang go léir agus páiste amháin
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Scileanna eile: | cruth agus ábhar a aithint |
| Feidhmeanna teanga: | Rudaí a aithint agus a ainmniú |
| Foclóir: | bia agus na gnáthrudaí a bhíonn ag páistí scoile: an bosca lóin, leabhar, peann, banana, úll, oráiste, cáis, brioscáin, buidéal bainne mór, beag, fada, gearr, bog, crua
|
| Eiseamláirí: | An bhfuil ... i do mhála? An bhfuil ... sa mhála? Tá. Níl. |
| | |
5. Mím: Ranganna éagsúla 1. Tugann an múinteoir leid don pháiste faoi mhím a dhéanfaidh sé/sí. Bíonn na páistí eile ag tomhas cén ghníomhaíocht atá ar siúl ag an bpáiste. nó
2. Tugann an múinteoir cárta le pictiúr de ghníomhaíocht do pháiste amháin agus deir sé/sí: Déan é seo. Féachann an páiste ar an bpictiúr agus déanann sé/sí mím. Bíonn na páistí eile ag tomhas.
nó
3. Tugann an múinteoir cárta le treoir air do pháiste amháin agus deir sé/sí: Léigh an cárta agus déan é seo. Léann sé/sí an cárta, déanann sé/sí an gníomh agus bíonn an rang ag tomhas.
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt nó léamh agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceisteanna agus freagraí |
| Foclóir: | na gnáthbhriathra |
Eiseamláirí:
1.
2.
3.
| Tá tú ag ithe. Tá tú ag rith. Tá tú ag léim. Tá mé. Níl mé. An bhfuil tú ag ól? An bhfuil tú ag damhsa? An bhfuil tú ag ní do lámh? An bhfuil tú ag triomú do lámh? Tá. Níl. An ag cócaireacht atá tú? An ag iarnáil atá tú? Is ea. Ní hea. |
| | |
6. Cad a rinne tú? : Ranganna 3 agus 4 Téann páiste taobh thiar den bhord nó isteach sa leithreas. Athraíonn sé/sí a c(h)uid éadaigh beagán. Tagann sé/sí ar ais arís agus bíonn na páistí ag tomhas cad a rinne sé/sí. Eagar: páiste (le leideanna ón múinteoir) agus an rang
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | rudaí a aithint agus a ainmniú ceist agus freagra |
| Foclóir: | éadaí |
Eiseamláirí: 1. 2. | Cad a rinne mé? Bhain tú díot do gheansaí/do bhróg chlé. Chuir tú ort do chóta. D’oscail tú do bhróg dheas/do charbhat. Ar oscail tú do bhróg chlé? Ar bhain tú díot do chóta? Ar athraigh tú do chuid gruaige? |
Freagra gairid:
| Bhain. Chuir. D’oscail. D’athraigh. |
| | |
7. Cá bhfuil sé? : Ranganna 3 agus 4 Míníonn an múinteoir an cluiche agus cuireann sé/sí rud éigin i bhfolach. Cuireann na páistí ceisteanna ar an múinteoir le fáil amach cár chuir sé/sí é. An páiste a fhaigheann an freagra ceart bíonn sé/sí sa suíochán te ansin, agus cuireann na páistí ceisteanna air/uirthi. Eagar: an múinteoir nó páiste agus an rang
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceist a chur faoi shuíomh freagra a thabhairt |
| Foclóir: | troscán an tseomra ranga; seilf, bord, cófra, doirteal, fuinneog, doras, cathaoir, pictiúr, póstaer, bosca bruscair, glantóir, bosca lóin, cailc, leabhar, cupán, peann, buidéal |
Eiseamláirí: 1. 2. 3. 4. | An bhfuil sé sa bhosca? An bhfuil sé sa mhála? An bhfuil sé sa doirteal?
An bhfuil sí (focal baininscneach) ar an tseilf? ... ar an mbord, ar an gcathaoir, ar an urlár ...? An bhfuil sé idir na cathaoireacha? An bhfuil sé thuas ag barr an tseomra? Tá. Níl.
|
Dúshlán breise
Is féidir an cluiche ‘Cá bhfuil sé?’ nó aon chluiche a athrú agus a dhéanamh níos deacra do rang áirithe. Mar shampla, d’fhéadfadh an múinteoir na réamhfhocail a mhúineadh agus na rialacha a ghabhann leo agus ansin an cluiche a úsáid chun iad a chleachtadh. Is féidir leibhéal níos airde a lorg sna ceisteanna agus sna freagraí freisin má tá an rang in ann chuige.
Na páistí ag tomhas:
Déarfainn go bhfuil sé sa chófra. An bhfuil?
Is dóigh liom gur chuir tú sa bhosca é. Ar chuir?
8. Cá bhfuil tú?: Ranganna 5 agus 6 Ligeann an múinteoir air/uirthi go bhfuil sé/sí imithe in áit éigin. Bíonn an rang ag tomhas cá bhfuil sé/sí imithe. Ansin is féidir le páiste éigin teacht aníos go barr an tseomra. Tugann an múinteoir leid dó/di ó bhéal nó scríofa ar chárta. Bíonn na páistí eile ag tomhas.
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt nó léamh agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceist a chur faoi shuíomh agus faoi áit freagra a thabhairt |
| Foclóir: | ainmneacha na dtíortha coitianta sa nuacht áiteanna éagsúla inar féidir le daoine a bheith, mar shampla ag an siopa |
Eiseamláirí: 1. 2. 3. | An bhfuil tú ar an trá? An bhfuil tú sa bhaile? An bhfuil tú sa phictiúrlann? Tá./Níl. An bhfuil tú in Éirinn? An bhfuil tú i Meiriceá? An bhfuil tú san Iodáil?
An bhfuil tú ar muir nó ar tír? An bhfuil tú ar saoire nó ag obair?
|
| | |
9. Cé leis é?: Ranganna 5 agus 6 Cuireann an múinteoir nó páistí éagsúla ceist agus iad ag taispeáint rud éigin nó pictiúr don rang. Is féidir rudaí nó éadaí le pop-ghrúpa nó foireann sacair nó peile a úsáid. Tomhaiseann an rang cé leis é.
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceist agus freagra rudaí éagsúla a aithint agus a ainmniú |
| Foclóir: | éadaí, dathanna, rudaí éagsúla |
| Eiseamláirí: | Cé leis é? Is le Máire é. Is léi é. Is liomsa é. Is le Man United é. Is leo é. |
| | |
10. Cá bhfuil tú ag dul? Ranganna 5 agus 6 Bíonn páiste nó an múinteoir ag ligean air/uirthi go bhfuil sé ag dul in áit éigin. Bíonn an rang ag tomhas. |
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceisteanna agus freagraí |
| Foclóir: | áiteanna éagsúla bia, éadaí, uirlisí ceoil, ticéad |
| Eiseamláirí in úsáid sa chluiche: | A. Cá bhfuil tú ag dul? B. Go dtí an siopa. A. Cén fáth? B. Tomhais. |
| (an t-ainm briathartha á chleachtadh) | A. Chun úll a cheannach. B. Ní hea. Tomhais arís. A. Chun seacláid a cheannach. |
| | |
11. Cluiche Bingo: Ranganna éagsúla Bíonn greille folamh ag gach páiste. Glaotar amach na huimhreacha 1–10. Líonann gach duine a cúig nó a sé d’uimhreacha isteach sa ghreille, a rogha féin as deich gcinn. Ansin imrítear an cluiche mar is gnách. Coinnítear luas tapa go leor faoin gcluiche chun na páistí a choinneáil ag éisteacht. Cuireann na páistí líne tríd an uimhir nuair a ghlaotar í. |
| Scileanna teanga: | éisteacht agus aithint |
| Feidhmeanna teanga: | aithint |
| Foclóir: | uimhreacha |
| Eiseamláirí: | Fuair mé líne. Tá mé críochnaithe. |
| | |
12. Cluiche Bingo: Ranganna éagsúla Bíonn greille folamh ag gach páiste. Scríobhann an múinteoir fiche focal as an gceacht reatha ar an gclár dubh. Líonann gach duine a cúig nó a sé d’fhocail isteach sa ghreille, a rogha féin. Ansin imrítear an cluiche mar is gnách. Coinnítear luas tapa go leor faoin gcluiche chun na páistí a choinneáil ag éisteacht. Cuireann na páistí líne tríd an bhfocal nuair a ghlaotar é. |
| Scileanna teanga: | éisteacht agus aithint |
| Feidhmeanna teanga: | aithint |
| Foclóir: | foclóir an cheachta reatha |
| Eiseamláirí: | Fuair mé líne. Tá mé críochnaithe. |
Dúshlán breise
Is féidir aimsirí na mbriathra a chleachtadh le bingo freisin. Bíonn cárta difriúil ag gach páiste leis na briathra san aimsir fháistineach sa ghreille. Glaonn an múinteoir amach fréamh an bhriathair, mar shampla ‘faigh’ agus clúdaíonn an páiste ‘gheobhaidh’. Glaotar ‘bí’ agus clúdaítear ‘beidh’. Is féidir an aimsir chaite de na briathra a chur ar na cártaí agus na cártaí céanna leis na fréamhacha orthu a úsáid. Glaotar ‘faigh’ agus clúdaítear ‘fuair’.
Dul siar agus deimhniú: Glaonn an buaiteoir amach na briathra san aimsir fháistineach agus an fhréamh freisin. Bíonn an rang ag éisteacht agus ag deimhniú in éineacht leis an múinteoir.
Cluichí struchtúrtha agus an chumarsáid
Mar a fheictear, tá na cluichí seo an-struchtúrtha ach is féidir leis na páistí a lán Gaeilge a chleachtadh agus an spraoi a bheith acu ag an am céanna. Ní fíorchumarsáid atá ar siúl mar go bhfuil an teanga socraithe roimh ré ag an múinteoir ach mar sin féin tá na páistí ag roinnt agus ag tabhairt eolais trí na ceisteanna a chuireann siad agus trí na freagraí a fhaigheann siad.
13. Fiche ceist: Ranganna 5 agus 6 Smaoiníonn an múinteoir ar rud éigin. Cuireann na páistí ceisteanna chun an rud sin a thomhas, ceisteanna an-simplí ar dtús. Tá cead ag na páistí fiche ceist a chur. Mura dtomhaiseann siad an rud ceart bíonn an bua ag an múinteoir. Bíonn ar na páistí éisteacht lena chéile nó beidh siad ag cur na ceiste céanna agus caillfidh siad seans. Grádaíonn an múinteoir na ceisteanna. Eagar: an múinteoir nó páiste agus an rang agus duine amháin ag coimeád an scóir
|
| Scileanna teanga: | éisteacht agus labhairt |
| Feidhmeanna teanga: | ceisteanna agus freagraí tomhas |
| Foclóir: | rudaí atá i bhfoclóir reatha na bpáisti i mBéarla nó i nGaeilge |
Eiseamláirí: 1.
| An bhfuil sé sa seomra seo? An bhfuil sé sa scoil seo? An bhfuil sé sa bhaile mór seo? An bhfuil sé mór? An bhfuil sé beag/fada/gearr/bog/crua? Tá. Níl. |
| 2. | An féidir é a ithe? An féidir é a ól? An féidir é a fheiceáil? An féidir é a bhriseadh? An féidir é a léamh? (a stróiceadh, a ghearradh, a ghlanadh, a líonadh) Is féidir. Ní féidir |
| 3. | An féidir suí air? An féidir seasamh air? An féidir scríobh air? An féidir luí air? |
| 4. | An féidir ól as? An féidir rudaí a chur isteach ann? |
Cluichí cumarsáide
Bíonn an cluiche socraithe ag an múinteoir i dtreo is go mbeidh fíorchumarsáid ar siúl idir na rannpháirtithe. Is é an rud is lárnaí ná an bhearna eolais. Bíonn eolas ag A nach bhfuil ag B, agus caithfidh B ceist a chur ar A chun an t-eolas sin a fháil. Bíonn orthu an t-eolas atá ag an mbeirt acu a roinnt nó a mhalartú uaireanta chun an bhearna san eolas a líonadh freisin. Ullmhaítear leidchártaí chun go mbeidh eolas difriúil ag na páistí, agus tá sé tábhachtach nach bhfeicfeadh na páistí cártaí ná pictiúir a chéile.
Caithfear na cluichí seo a imirt i mbeirteanna nó i ngrúpaí, agus is fearr a fheileann an t-eagar seo do chumarsáid i measc na bpáistí. Faigheann na páistí i bhfad níos mó ama chun an Ghaeilge a labhairt ná mar a gheobhaidís in eagar ranga agus le slua-aithris.

Tarraing an pictiúr
Níl mórán difríochtaí idir cluichí cumarsáide agus tascanna nó gníomhaíochtaí. Sa tasc nó sa ghníomhaíocht bíonn súil le toradh éigin agus bíonn rud éigin le déanamh: eolas le fáil amach nó pictiúr le tarraingt nó le forlíonadh. Bíonn sprioc le baint amach sna cluichí freisin ach bíonn an bhéim ar an spraoi agus ar an iomaíocht nó ar an gcomhoibriú idir na beirteanna nó idir na grúpaí. Le húsáid leidchártaí agus téipeanna éisteachta beidh na ceithre shnáithe fite fuaite le chéile.
1. Aimsigh na difríochtaí: Ranganna 5 agus 6 Sa chluiche seo bíonn beirt pháistí ag iarraidh na difríochtaí idir dhá phictiúr a aimsiú. Déanann siad é seo trí cheisteanna a chur ar a chéile agus iad a fhreagairt. Eagar: beirteanna
|
| Scileanna teanga: | éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh |
Feidhmeanna teanga:
| eolas a roinnt agus a mhalartú ceisteanna a chur agus a fhreagairt |
| Sainfhoclóir: | Ag brath ar na pictiúir |
| Eiseamláirí: | An bhfuil X i do phictiúr? Tá. Níl. Cá bhfuil an X? Ar an taobh deas nó ar an taobh clé? An bhfuil an X idir an buachaill agus an cailín? An bhfuil an doras ar oscailt nó dúnta? |
Tréimhse réamhchumarsáide
ullmhúchán
Múineann an múinteoir an foclóir, na ceisteanna agus na freagraí a bheidh ag teastáil i gcomhair an chluiche. Úsáideann sé/sí an modh díreach nó an modh closamhairc le pictiúir. Cleachtann na páistí na ceisteanna leis an múinteoir agus tar éis cúig nóiméad déag nó mar sin roinneann an múinteoir an rang ina mbeirteanna agus téann siad ar aghaidh chun an cluiche a imirt.
Tréimhse cumarsáide
cumarsáid
- Bíonn dhá phictiúr atá beagnach mar a chéile ag gach beirt. Cuireann páiste A ceist chun difríocht áirithe a aimsiú. Freagraíonn páiste B agus ansin cuireann sé/sí ceist eile.
- Cuireann na páistí tic ar na difríochtaí nó scríobhann siad síos iad. Má dhéantar é sin beidh éisteacht, labhairt agus scríobh comhtháite go nádúrtha sa chluiche.
- Bíonn an múinteoir mar chomhairleoir ag éisteacht agus uaireanta is féidir leis/léi páirt a ghlacadh sa chluiche.
Tréimhse iarchumarsáide
dul siar, anailís
- Cuireann an bheirt pháistí an dá phictiúr síos ar an mbinse agus féachann siad ar na difríochtaí atá eatarthu. Labhraíonn siad fúthu eatarthu féin ar dtús.
- Seasann cúpla beirt suas ansin agus insíonn siad na difríochtaí don rang:
I mo phichtiúrsa tá ... ach ina p(h)ictiúrsa tá ...
Bhuel, i bpictiúr 1 tá dhá fhuinneog ach i bpictiúr 2 níl ach fuinneog amháin. - Is féidir béim a chur ar ghnéithe áirithe gramadaí, cé gur cluiche cumarsáide é: mar shampla na réamhfhocail (suíomh), comhaireamh daoine agus rudaí agus an foclóir i gcomhair topaicí áirithe.
- Ag deireadh an chluiche is féidir féachaint siar ar na laigí cumarsáide is mó a chuala an múinteoir agus iad a cheartú le cleachtadh arís.
Tascanna
Is é is ciall le tasc ná gníomhaíocht éigin a choinníonn an páiste gafa go pearsanta le fadhb bheag, nó gníomhaíocht éigin a bhfuil cuspóir cinnte aici. Tá cur síos sa churaclam ar thascanna, ar ghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga. Bíonn gnéithe na fíorchumarsáide le sonrú ar an tasc: bearna eolais, malartú eolais idir na hidirghníomhaithe. Bíonn na hidirghníomhaíochtaí ar siúl idir bheirt pháistí nó idir ghrúpa páistí. Mar athrú, faigheann na páistí seans ceisteanna a chur chomh maith le hiad a fhreagairt.
Tá réiteach na faidhbe agus toradh an taisc chomh tábhachtach céanna leis an toradh ó thaobh na teanga de. Bíonn an cur chuige iomlánaíoch. Bíonn na ceithre scil teanga i gceist le gach tasc más féidir, na scileanna ginchumais, labhairt agus scríobh, agus na scileanna gabhchumais, éisteacht agus léamh. Bíonn meascán de dhá cheann nó trí cinn acu i gceist murar féidir na ceithre cinn a éileamh, mar shampla sna bunranganna.
Níl aon mhodh ná teicníocht nua ag teastáil chun tasc a dhéanamh. Is féidir malartú idir na modhanna éagsúla múinte chun an foclóir agus na ceisteanna atá riachtanach don tasc a mhúineadh. Déantar athrá agus cleachtadh leis an rang ar dtús agus ansin sampla le páiste nó le grúpa amháin. Ansin déanann an múinteoir sampla le beirt oscailte (nach bhfuil in aice lena chéile). Faoi dheireadh nuair atá an múinteoir cinnte go dtuigeann na páistí céard atá le déanamh acu roinneann sé/sí an rang ina mbeirteanna dúnta nó ina ngrúpaí. Deimhnítear go bhfuil a fhios acu cad atá le déanamh acu agus socraítear teorainn ama.
Cad atá le déanamh agat, a Sheáin?
Is féidir na treoracha d’imirt cluiche teanga a leanúint.
Tascanna samplacha
Tugtar trí thasc shamplacha anseo agus tá siad le cur i láthair i dtrí thréimhse teagaisc:
- Cé mhéad?
- Críochnaigh an pictiúr.
- Lean an bealach tríd an mbaile mór.
1. Cé mhéad?: Ranganna 5 agus 6 Tá dhá phictiúr le cur i gcomparáid lena chéile—dhá phictiúr de chistin le gréithe agus sceanra ar na seilfeanna, sna cófraí agus ar na boird. Bíonn pictiúr amháin ag páiste A agus an ceann eile ag páiste B. Bíonn A agus B ag iarraidh na rudaí atá sna pictiúir atá acu a chomhaireamh agus a chur i gcomparáid, gan féachaint ar phictiúr a chéile. Cuireann A agus B gach dara ceist ar a chéile, A ag cur ceist ar B agus a mhalairt. Mar shampla: A: Cé mhéad plátaí beaga atá i do phictiúr? B: Trí cinn déag. Cé mhéad gloine atá ar na seilfeanna i do phictiúrsa?
Eagar: beirteanna
|
| Scileanna teanga: | éisteacht, labhairt agus scríobh |
| Scileanna eile: | comhaireamh agus cur i gcomparáid |
| Feidhmeanna teanga: | eolas a roinnt ceisteanna a chur agus a fhreagairt |
| Eiseamláirí: | An bhfuil ... agat? Cé mhéad ... atá agat? Tá. Níl. |
| Sainfhoclóir: | scian, forc, spúnóg bheag |
| sceanra: | cupán, fochupán, pláta, plátaí, crúiscín |
| gréithe: | seilf, ar an tseilf, ar an gcéad seilf |
| ionad: | ar an tseilf is airde, sa chófra ar clé, sa chófra mór, sa chófra beag ar clé. |
Cé mhéad?
Tréimhse réamhchumarsáide
gníomhaíocht
Múintear an sainfhoclóir ar an modh díreach ar dtús. Chun an foclóir nua a dhaingniú agus gan a bheith ag brath ar aithris agus athrá amháin déantar gníomhaíocht, mar shampla cluiche Kim, nó is féidir modh na lánfhreagartha gníomhaí a úsáid chun é a dhearbhú:
Tóg an scian.
Cuir an spúnóg sa chupán.
Chomh maith leis sin is féidir iarraidh ar na páistí pictiúir a tharraingt den sceanra nó de na gréithe lena dtuiscint a thaispeáint. Is féidir eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a chleachtadh agus a scríobh ar an gclár dubh nó ar luaschártaí, agus beidh na páistí in ann breathnú orthu le linn na cumarsáide.
Is féidir cupa, muigín, sásar, pláitín agus spiúnóg a úsáid sna ceantair Ghaeltachta ina n-úsáidtear na focail sin.
Tréimhse cumarsáide
an tasc
Tugtar na pictiúir don phríomhthasc do na páistí. Tugtar treoracha chun an tasc a dhéanamh dóibh ansin. Cuireann na páistí na ceisteanna agus bíonn siad ag caint faoin tasc, ag iarraidh é a dhéanamh. Má bhíonn cumarsáid ar siúl idir na páistí beidh an múinteoir breá sásta. Bíonn an múinteoir ag éisteacht agus ag déanamh nótaí den teanga a bheidh le ceartú san iarchumarsáid.
Tréimhse iarchumarsáide
Déanann an múinteoir cúram den teanga a bhí lochtach nó lag agus a chuir isteach ar an gcumarsáid nuair a bhí an tasc ar siúl. Mar shampla, tá an dá uimhir dhá agus ceithre deacair, mar foghlaimíonn na páistí dó agus ceathair ar dtús. B’fhéidir go dtabharfadh na páistí an úsáid seo faoi deara, ach ní gá míniú gramadúil a thabhairt. Sna hardranganna is féidir cup + án, fo = faoi + cupán, plát + a, spún + óg agus mar sin a phlé mar cheacht beag ar fheasacht teanga.


Críochnaigh an pictiúr
2. Críochnaigh an pictiúr: Ranganna 5 agus 6 Dhá phictiúr: pictiúr den chistin leis an troscán inti ag páiste B agus pictiúr den chistin chéanna ach í folamh ag páiste A. Bíonn páiste A ag cur ceisteanna ar B chun a fháil amach cá gcuirfidh sé/sí na baill troscáin chun an pictiúr a iomlánú. Bíonn páiste B ag tabhairt treoracha do A chun na rudaí a tharraingt san imlíne. Bíonn A ag dearbhú le B go bhfuil sé/sí ag tarraingt mar is cóir, ach ní fheiceann sé/sí an pictiúr iomlán. Bíonn cead ag B féachaint ar an bpictiúr atá á tharraingt ag A agus na treoracha á dtabhairt dó/di.
Eagar an ranga: beirteanna
|
| Scileanna teanga: | éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh |
| Scileanna eile: | tarraingt mar léiriú ar an tuiscint |
| Feidhmeanna teanga: | ag tabhairt treoracha ag aistriú eolais |
| Eiseamláirí: | Tarraing ... Cuir ... sa ... Cuir ... in aice ... ar an taobh deas. Cuir ... thuas ag barr/thíos ag bun an phictiúir. |
| Sainfhoclóir: | cistin, cófra, fuinneog, sorn, seilf, sáspan, cupán, fochupán, citeal, forc, scian, scuab, vása, taephota |
Críochnaigh an pictiúr
Tréimhse réamhchumarsáide
Múintear an sainfhoclóir agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga i bhfoirm ceisteanna agus freagraí sa tréimhse seo. Mínítear aidhm an taisc.
Tréimhse cumarsáide
Tosaíonn na páistí ag cur na gceisteanna agus ag caint lena chéile chun an tasc a dhéanamh. Ní chuireann an múinteoir isteach ar an gcumarsáid idir na páistí.
Tréimhse iarchumarsáide
Feicfidh na páistí gur féidir an teanga chéanna a athchúrsáil agus a úsáid arís. Is féidir í a úsáid arís agus arís i dtascanna agus i gcluichí teanga eile.
3. Lean na treoracha tríd an mbaile mór: Ranganna 5 agus 6 Sampla: Inis conas a théann duine ón scoil go dtí an lárionad spóirt. Bíonn an léarscáil chéanna ag an mbeirt pháistí nó ag gach duine sa ghrúpa. Cuirtear an áit a dtosaítear, mar shampla an scoil, isteach ar dtús ar son na soiléireachta. Bíonn an múinteoir nó páiste A ag glaoch na dtreoracha faoi cén chaoi a dtéann tú ó áit amháin go háit eile. Bíonn páiste B nó an ceathrar páistí eile sa ghrúpa ag tarraingt an bhealaigh ar an léarscáil, ag leanúint na dtreoracha.
Eagar: an rang go léir, grúpaí nó beirteanna
|
| Scileanna teanga: | léamh, labhairt, éisteacht agus scríobh |
| Scileanna eile: | treoracha a thuiscint agus a leanúint |
| Feidhmeanna teanga: | ceisteanna a chur agus a fhreagairt eolas a lorg agus a roinnt |
| Eiseamláirí: | Téigh ar aghaidh díreach. Cas ar clé/dheis. Téigh síos go bun na sráide. |
| Sainfhoclóir: | an tsráid, an bóthar, an cosán oifig an phoist, an banc an t-óstán, an scoil, na soilse tráchta |

Lean na treoracha tríd an mbaile mór
Roinntear an tasc seo ar na gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus cumarsáide mar a rinneadh do na tascanna eile thuas.
Fadhb shamplach ag ardleibhéal
Téama: Ag campáil Tugann an múinteoir na treoracha seo a leanas ó bhéal: Tá ceathrar agaibh ag iarraidh dul ag campáil. Caithfidh sibh liosta a scríobh agus teacht ar chomhréiteach faoi na rudaí a thabharfaidh sibh libh.
Roghnaigh na rudaí ón liosta seo a leanas: siosúr, dréimire, puball, bagún, lampa, scian, sáspan, cipíní solais, arán, buidéal fíona, mála codlata, rothar, bainne, im, gual, ríomhaire, bindealán, capall, feadóg, giotár.
1. Obair aonair: Ar dtús roghnaigh trí rud an duine ón liosta agus scríobh síos iad. Abair cén fáth ar thogh tú iad.
2. Obair ghrúpa: Ansin tar le chéile sa ghrúpa agus scríobh liosta nua de dheich rud a bheidh riachtanach chun dul ag campáil (comhréiteach).
3. Cumarsáid: Labhair faoi na rudaí atá roghnaithe agaibh agus abair cén fáth ar roghnaigh sibh iad.
feidhmeanna teanga: argóint, comhréiteach, mianta a léiriú, a rá cén fáth a bhfuil rud éigin riachtanach
|
Fadhbanna
Má bhíonn an páiste ag iarraidh fadhb a réiteach as Gaeilge ní bheidh sé/sí ag smaoineamh ar an teanga ach ar an bhfadhb. Beidh sé/sí níos mó ar a s(h)uaimhneas faoin nGaeilge agus beidh sé/sí dírithe ar an bhfadhb. Caithfidh an teanga a bheith ag leibhéal teanga an pháiste chun go mbeidh sé/sí in ann an fhadhb a fhuascailt i ndáiríre.
Fadhb shamplach: Ag campáil
Tugtar fadhb chomónta do ghrúpa páistí agus léann an grúpa an t-eolas atá ar an gcárta thuas ar dtús.
Seans go mb’fhearr le páistí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tabhairt faoin bhfadhb sin gan ullmhúchán rófhada. Mar sin féin tá scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta, éisteachta agus cainte i gceist, agus dá mbeadh an iomarca cabhrach ag teastáil ó pháistí aonair le linn na gníomhaíochta chuirfeadh sé sin isteach ar eagar an ranga. D’fheicfeadh na páistí féin sa chás sin go raibh tréimhse ullmhúcháin ag teastáil uathu.
Dá mbeadh a fhios ag an múinteoir go raibh foclóir agus feidhmeanna teanga áirithe ar eolas ag an rang d’fhéadfadh sé/sí fadhb a bhunú ar an eolas sin. Is bealach maith é le hathchúrsáil a dhéanamh ar eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga agus ar fhoclóir, tús a chur le ceacht le tasc nó fadhb atá sodhéanta agus soréitithe.
Tomhais mar fhadhbanna
Is féidir tomhas a thabhairt do na páistí agus beidh fadhb le réiteach freisin. Féach ‘Tomhais’ sa leathanach ar Filíocht.
Gé roimh dhá ghé,
Gé idir dhá ghé,
Gé i ndiaidh dhá ghé,
Cé mhéad gé é sin?
Druileanna
Tá druileanna agus cleachtadh patrún úsáideach chun struchtúir áirithe a dhaingniú ach ní cóir dul thar fóir leo. Níl áit lárnach ag druileanna i gcur chuige cumarsáideach ach tá siad úsáideach sa tréimhse iarchumarsáide. Is fiú an teanga a chleachtadh i gcomhthéacs más féidir nó i gluichí struchtúrtha. Is fearr freisin an cleachtadh a choinneáil simplí agus rialta, mar shampla gan ainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha a mheascadh, ná focail ag tosú le consan a mheascadh le focail ag tosú le guta.
Tá cleachtadh ag múinteoirí cheana ar chineálacha áirithe druileanna agus is iad na cinn is coitianta ná:
- druil mhalartúcháin
- athsholáthar focal
- athrú crutha.
Druil mhalartúcháin
An múinteoir: Chonaic mé dhá bhád.
Na páistí: Chonaic mé dhá bhád.
An múinteoir:Bosca …
Na páistí: Chonaic mé dhá bhosca.
An múinteoir: Bus …
Na páistí:Chonaic mé dhá bhus.
An múinteoir: Fuair mé dhá phunt. Pingin …
Na páistí: Fuair mé dhá phingin.
An múinteoir:Píosa páipéir …
Na páistí: Fuair mé dhá phíosa páipéir.
Leanann séimhiú dhá, agus mar sin ní fiú druileáil a dhéanamh ar fhocail a thosaíonn le l-, n- nó r- mar ní chuirtear séimhiú ar na litreacha sin. Is féidir ainmfhocal a mhalartú le hainmfhocal eile mar atá thuas. Is féidir liosta a ullmhú mar seo a leanas de na focail ar féidir iad a mhalartú:
- ainmfhocail: uatha, iolra, comhaireamh, tuiseal ginideach
- aidiachtaí: uatha, iolra, firinscneach, baininscneach
- briathra: aimsir, modh, uatha, iolra, dearfach, diúltach
- dobhriathra: iad a chumadh ó na haidiachtaí
- forainmneacha réamhfhoclacha a cheangal sa druil leis na forainmneacha pearsanta mé, tú, sé, sí agus i rólanna.
Athsholáthar focal
An múinteoir: An bhfaca aon duine an cailín sin? Máire …
Na páistí: An bhfaca aon duine Máire?
An múinteoir: Í …
Na páistí:An bhfaca aon duine í?
An múinteoir: An bhfaca aon duine an madra? Bran …
Na páistí: An bhfaca aon duine Bran?
An múinteoir: É …
Na páistí: An bhfaca aon duine é?
Athrú crutha
Aimsirí na mbriathra
An múinteoir:D’éirigh mé go moch inné. An tseachtain seo chugainn …
Na páistí: Éireoidh mé go moch an tseachtain seo chugainn.
An múinteoir: D’imigh mé abhaile go luath aréir. Anocht …
Na páistí: Imeoidh mé abhaile go luath anocht.
An múinteoir: Chas mé air an teilifíseán. Anocht.
Na páistí: Casfaidh …
Aimsirí agus modh na lánfhreagartha gníomhaí
An múinteoir: Téigh go dtí an doras.
Na páistí: Tá go maith.
An múinteoir: Fan, cad a dhéanfaidh tú?
Na páistí: Rachaidh mé go dtí an doras.
An múinteoir: Maith thú! Anois inis dom cad a rinne tú.
Na páistí: Chuaigh mé go dtí an doras.
An múinteoir: A Sheáin, inis dom cad a rinne Pól.
Seán: Chuaigh sé go dtí an doras.
Dearfach agus diúltach
An múinteoir: An éireoidh tú go moch amárach? (Comhartha cinn ón múinteoir)
Na páistí: Ní éireoidh. Nó Éireoidh mé.
An múinteoir: An gcasfaidh tú é sin dom, le do thoil?
Na páistí: Casfaidh agus fáilte.
Ainmfhocail uathu agus iolra
An múinteoir:Bhí na páistí ag siúl síos an bóthar. An páiste …
Na páistí: Bhí an páiste ag siúl síos an bóthar.
An múinteoir: Beidh na mná anseo anocht. An bhean …
Na páistí: Beidh an bhean anseo anocht.
An múinteoir: Bíonn na báid ar an bhfarraige sa samhradh. Ceann amháin …
Na páistí: Beidh an bád ar an bhfarraige sa samhradh.
An múinteoir: Bíonn na scoileanna dúnta ar an Domhnach. Ceann amháin …
Na páistí: Bíonn an scoil dúnta ar an Domhnach.
Aidiacht fhirinscneach agus bhaininscneach
Bhí an madra mór ag rith.
beag/dubh/bán/gleoite
coileán
cat
capall
beag/dubh/bán/gleoite
Tá fuinneog mhór sa seomra.
beag/briste/gleoite
bábóg
beag/mór/daor/gleoite
Drámaíocht
Is áis an-éifeachtach í an drámaíocht, ar nós cruthú suíomh drámatúla, imirt i rólanna, sceitsí agus seiftiú, agus is féidir í a úsáid i gcur chuige cumarsáideach, go háirithe i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Bíonn an Ghaeilge á húsáid go fíorchumarsáideach sna suímh dhrámatúla agus bíonn saoirse cainte ag na páistí taobh istigh den ról nó den suíomh. Is féidir agallaimh faoi threoir, drámaí agus sceitsí don stáitse a úsáid níos minice i scoileanna T2 ach dul i dtreo na fíorchumarsáide agus na saoirse cainte go luath.
Suíomh drámatúil
Tá an múinteoir agus na páistí páirteach sa suíomh cumtha seo a chruthaíonn an múinteoir do na páistí agus níl ag teastáil ar leibhéal amháin ach mím. Ar leibhéal eile is féidir leo a gcuid mothúchán a thaispeáint agus iad a phlé tar éis an phróisis dhrámatúil.
‘Tá an lá go deas, tá gaoth bhog ag séideadh, táimid ag siúl sa choill, agus níl aon fhuaim eile le cloisteáil ach an ghaoth sna crainn. Ó, céard é sin? Tá sé taobh thiar den chrann dara thall ansin. Fia mór atá ann, féach na beanna fada láidre atá air. Tá faitíos air freisin. Ná téigí in aice leis nó scanróidh sibh é. Imeoimid abhaile go ciúin, ar ár mbarraicíní.’
Pearsa agus rólanna
Cabhróidh na cártaí seo a leanas leis an bpáiste pearsa agus ról a fhorbairt chun ceangal a dhéanamh leis an gcuraclam drámaíochta trí Ghaeilge. Feictear gur féidir eiseamláirí do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna teanga a chleachtadh trí na rólanna agus gur fíorchumarsáid a bhíonn ar siúl nuair a bhíonn an páiste gafa go hiomlán lena p(h)earsa agus leis na pearsana eile sa suíomh drámatúil.
1. Ag gearán agus ag gabháil leithscéil
Cárta A
Is duine fásta thú. Tá d’iníon tar éis teacht isteach déanach tar éis na bpictiúr agus tá tú ar buile. Bhí imní ort nuair nár tháinig sí abhaile.
Buaileann tú léi ag an doras.
Tá sé a haon déag san oíche.
Cárta B
Is cailín óg thú. Tá tú aon bhliain déag d’aois. Chuaigh tú chuig na pictiúir agus tá tú ag teacht isteach anois.
Tá do mháthair ar buile leat, ach tá leithscéal maith agat.
2. Ag lorg agus ag tabhairt eolais
Cárta A
Is buachaill óg thú agus tá tú ag lorg an cheirnín is nua ó ghrúpa X. Cuir glao gutháin ar an siopa agus fiafraigh an bhfuil sé acu. Má tá, abair leo é a chur chugat agus cá gcónaíonn tú.
Cárta B
Tá tú ag obair i gCeirníní na Mara. Tá buachaill ar an nguthán. Ba mhaith leis ceirnín éigin a fháil uait ach tá an líne an-lag agus níl tú in ann é a chloisteáil rómhaith.
3. Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
Cárta A
Tá tú féin agus cúpla cara amuigh ar an tsráid. Tá sibh ag argóint faoi cá rachaidh sibh. Ba mhaith leatsa dul isteach go ‘Ollbhorgaire’. Tá tú ag éirí fuar.
Cárta B
Tá tú amuigh ar an tsráid le do chairde. Tá argóint ar siúl faoi cá rachaidh sibh. Ba mhaith leat dul go dtí na pictiúir. Níor mhaith leat dul go ‘Ollbhorgaire’ mar bhí do dhinnéar agat.
Cárta C
Is cuma leat cá rachaidh tú féin agus do chairde anocht. Tá neart airgid agat agus is féidir leat íoc as duine de do chairde mura bhfuil an t-airgead aige/aici.
Cárta D
Dúirt d’athair leat bheith sa bhaile ag a naoi a chlog. Caithfidh sibh dul go dtí na pictiúir ag a sé mar sin. Is feoilséantóir thú agus ní rachaidh tú isteach in ‘Ollbhorgaire’.
Drámaíocht stáitse
Tá buntáistí áirithe ag an gcineál seo léiriúcháin, go háirithe má bhíonn gach duine sa rang páirteach. Ba chóir iarracht a dhéanamh gach páiste a bheith páirteach nó ní bheidh aon rud le déanamh ag na páistí eile fad is atá an cleachtadh don chomórtas nó don choirm cheoil ar siúl. D’fhéadfaí dráma simplí a ullmhú go pointe áirithe agus dráma raidió a léiriú agus na páistí ag léamh na bpáirteanna, agus é a thaifeadadh. D’fhéadfaí an taifeadadh a choimeád i mbailiúchán d’obair an pháiste nó é a sheinm do rang eile nó do na tuismitheoirí.
Scéaldrámaíocht
Is féidir leis na páistí dul isteach i ndomhan na fantaisíochta tríd an scéaldrámaíocht. Insítear na seanscéalta agus na miotais dóibh, agus ní gá go dtuigfidís gach focal. D’fhéadfadh an múinteoir an scéal taifeadta a sheinm sa chúlra, na páistí ag déanamh míme nó ag baint a mbrí féin as de réir mar a chloiseann siad é nó tar éis é a chloisteáil. Chuirfeadh damhsa cruthaitheach go mór leis chun crainn agus bláthanna a chruthú agus glórtha na bpáistí a úsáid chun an ghaoth, an fharraige, na héin, na beacha agus mar sin de a chruthú. D’fhéadfaí puipéid mhóra nó bheaga agus maisc a úsáid. Dhéanfadh ceol Gaelach comhaimseartha nó ceol comhaimseartha ar bith an gnó mar thionlacan don mhím.
An curaclam drámaíochta
Tá curaclam faoi leith leagtha amach don drámaíocht agus forbairt déanta ann ar an drámaíocht mar phróiseas. Féach an curaclam sin, áit a dtugtar smaointe do dhéanamh na drámaíochta as Gaeilge sna ranganna éagsúla ar bhealaí difriúla cruthaitheacha.
Físeáin
Tugtar anseo cur chuige samplach d’úsáid físeán mar go bhfuil an oiread sin úsáide ar féidir a bhaint astu. Roghnaigh giota gairid d’fhíseán don cheacht Gaeilge. Is do ghiota gearr dhá nó trí nóiméad na straitéisí seo a leanas. Féachann an múinteoir ar an bhfíseán cúpla uair agus ullmhaíonn sé/sí na ceisteanna réamhfhéachana.
Ceisteanna réamhfhéachana
- Roimh fhéachaint ar an bhfíseán ullmhaigh an t-ábhar, an foclóir agus na frásaí a bheidh ag teastáil agus cuir ceist réamhfhéachana i gcónaí.
Féach ar an bhfíseán agus abair cé mhéad rud atá ar an mbord. - Déan deimhin de go bhfuil an cheist ar eolas acu.
A Mháire, cad í an cheist? - Seinn an téip agus ansin stop í agus faigh na freagraí. Pléigh iad.
- Cuir ceisteanna réamhfhéachana eile roimh fhéachaint arís, an t-am seo ag lorg eolas níos deacra.
- Déan deimhin arís. Seinn an téip. Stop agus lorg na freagraí sin. Pléigh.
Ceisteanna le linn féachana
- Tarraing greille chun nach mbeidh le déanamh ach tic a chur sa bhosca nó focal a roghnú. Tá sé deacair féachaint ar fhíseán agus scríobh.
Ceisteanna iarfhéachana
Cuirtear ceisteanna iarfhéachana chun daoine agus tarlúintí a thabhairt chun cuimhne agus a mheasúnú.
Céard a tharla tar éis …?
Cé a dúirt?
Cén dath a bhí ar an ...?
Céard a tharlóidh ansin, meas tú?
Úsáid an chnaipe sosa
- Tabhair ceist do na páistí roimh fhéachaint ar phíosa gearr de scannán nó sraithscéal. Brúigh an cnaipe sosa ag pointe oiriúnach, agus déanadh na páistí an chéad chuid eile den scéal a thomhas.
Meas tú, cad atá á rá acu lena chéile anois?
Meas tú, cad a tharlóidh anois?
Féachaint gan éisteacht
- Inis do na páistí go bhfuil orthu féachaint ar an bhfíseán gan éisteacht leis agus an comhrá a thomhas.
- Seinn giota beag. Stop an téip. Tabhair seans do na páistí labhairt le chéile chun an comhrá a thomhas. Tabhair leideanna dóibh maidir le hord an scéil agus leis an gcineál comhrá a bheadh idir na daoine atá sa scannán.
Cé a tháinig isteach ina dhiaidh sin?
Céard a déarfadh duine agus é/í ag teacht isteach an doras? - Tar éis an tomhais déan an comhrá a imirt i rólanna.
- Seinn an giota céanna arís, agus an uair seo cuir an fhuaim leis. Éisteann na páistí agus cuireann siad an comhrá atá sa scannán i gcomparáid leis an gcomhrá a thomhais siad féin roimhe sin.
Éisteacht gan féachaint
- Clúdaigh an scáileán. Togh scannán le fuaimeanna soiléire so-aitheanta. Abair leis na páistí go bhfuil orthu éisteacht leis an scannán agus an scéal nó an téama a thuar.
- Bíonn orthu dul trí na fuaimeanna a chuala siad agus ansin teideal a chur ar an scannán. Tugtar na frásaí riachtanacha do na páistí.
Chuala mé ... ar dtús, agus ansin chuala mé ...
Is é an teideal atá ar an scannán ná ... - Féachann an rang ar an scannán ansin agus déanann siad comparáid idir an méid a dúirt siad féin níos luaithe agus an scannán féin. Tugann an chomparáid seo fócas an-mhaith do na páistí, agus éisteann siad go géar leis an gcomhrá chun an chomparáid a dhéanamh.
Dhá ghrúpa ag an am céanna
- Bíonn grúpa amháin ag féachaint agus ag éisteacht agus an ceann eile ag éisteacht gan féachaint (taobh thiar den teilifíseán).
- Roinntear an rang ina dhá ghrúpa.
- Tugtar treoracha don dá ghrúpa.
A ghrúpa 1, beidh sibhse ag féachaint agus ag éisteacht.
Beidh grúpa 2 ag éisteacht gan féachaint.
Ina dhiaidh sin tagann siad le chéile ina mbeirteanna, duine amháin ón ngrúpa a bhí ag éisteacht agus duine amháin ón ngrúpa a bhí ag féachaint. Beidh an duine a chonaic agus a chuala ag cabhrú leis an duine nach bhfaca ach a chuala an scannán. Pléann siad na fuaimeanna agus an comhrá a chuala siad. Na páistí go léir ag tomhas topaic an scannáin.