Primary Schools

Scéalaíocht

Tá tábhacht faoi leith ag baint le scéalta mar ionchur i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Tá saibhreas teanga agus leaganacha cainte i seanscéalta na Gaeilge, agus níor chóir iad a shimpliú rómhór. Tá bailiúcháin scéalta i gcló sna trí chanúint, agus ba chóir iad a bheith ar fáil i leabharlann na scoile agus an ranga. Tá scéalta faoi shióga, faoi dhaoine fadó, faoi bhéaloideas an cheantair, scéalta idirnáisiúnta agus miotaseolaíochta ann.

Roghnú na scéalta

Na scéalta atá ar eolas cheana

Bíonn taithí ag formhór na bpáistí ar scéalta sa bhaile, agus is breá leo iad a chloisteáil nó a léamh ar scoil freisin. Má bhíonn na scéalta Béarla ar eolas ag na páistí i scoileanna T2 bainfidh siad taitneamh astu i nGaeilge agus foghlaimeoidh siad foclóir agus frásaí úsáideacha uathu. Déanfaidh an múinteoir iarracht an teanga seo a athchúrsáil arís in úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil sa rang.

Eachtraí

Go hiondúil bíonn struchtúr scéil a bhfuil tús agus deireadh cinnte leis éasca le cóiriú agus a insint do na páistí. Is minic eachtraí i lár an scéil. Is féidir na heachtraí seo a roghnú de réir mar a fheileann agus a insint idir an tús agus an lár. Tugtar eachtraí éagsúla i leaganacha difriúla de na scéalta céanna. Fágann sin an tsaoirse ag an múinteoir iad a roghnú mar a thograíonn sé/sí.

Mar shampla, sa scéal ‘Tomás na hOrdóige’ bíonn tús agus deireadh cinnte leis ach ina lár tarlaíonn a lán eachtraí do Thomás. I leaganacha eile buaileann sé le fear seó, agus díolann a athair é agus imíonn sé leis an bhfear seó. Téann sé i bhfolach san fhéar tirim nuair a éalaíonn sé ón bhfear seó agus itheann an bhó é. Buaileann sé le gandal crosta i leaganacha eile. Is féidir aon cheann de na heachtraí seo a fhágáil ar lár agus fós beidh an scéal bunúsach ‘Tomás na hOrdóige’ agat. Ní féidir an tús ná an deireadh a fhágáil ar lár, áfach.

An mhaitheas agus an t-olc

Tá sé tábhachtach go bhfágfaí na heachtraí diúltacha agus na drochrudaí a tharlaíonn sna scéalta iontu agus gan iad a shimpliú ná a ghlanadh an iomarca. Mar shampla, i leagan amháin itheann an sionnach an Buachaillí Sinséir. Sa scéal ‘Hansel agus Gretel’tréigeann an t-athair agus an mháthair na páistí sna coillte, agus maraíonn athair Chochaillín Dearg an mac tíre ach tugann sé an tseanmháthair slán. Gheobhaidh na páistí tuiscint ar choincheapa an oilc agus na maitheasa, agus is cuid thábhachtach dá bhforbairt phearsanta í seo.

Samhlaíocht agus mothúcháin

Is bealach isteach i saol na samhlaíochta agus na mothúchán iad na scéalta. Bíonn caint sna scéalta ar ghrá, ar an bhfuath, ar an olc, ar an maitheas agus mar sin de. Éalaíonn na páistí i bhfad ón ngnáthshaol ar bhrat draíochta na scéalaíochta agus cuireann sé sin lena bpléisiúr.

Scéalta agus forbairt na cumarsáide

Roghnaítear na scéalta ar na fáthanna atá luaite agus go háirithe ar son an phléisiúir. Bíonn an múinteoir ag smaoineamh freisin ar an úsáid is féidir a bhaint as na giotaí comhrá a bhíonn iontu i gcomhthéacs mhúineadh na Gaeilge go cumarsáideach. Insíonn an múinteoir scéal ag tús ceachta mar ionchur b’fhéidir agus ansin tugann sé/sí seans do na páistí an comhrá a bhí ag na pearsana a úsáid i ndráma. Chomh maith leis sin úsáidtear nathanna cainte go neamhfhoirmiúil as na scéalta i rith an lae nuair a fheileann sé.

  • Sa rang am ar bith
    ‘Cé a chabhróidh liom?’
    ‘Cabhróidh mise leat.’
    ‘Ní dhéanfaidh mise é,’ arsa an
    mhuc.
    ‘Déanfaidh mé féin é,’ arsa an
    chircín bheag rua.
  • Am lóin, nó imirt i rólanna
    ‘Cé a íosfaidh é seo?’ ‘Íosfaidh mé féin é!’
    ‘Íosfaidh mise é,’ arsa an mhuc. ‘Ní íosfaidh tú,’ arsa an chircín.

    ‘Tá sé seo te,’ arsa Cinnín Óir. ‘Tá sé seo an-te—ó, tá sé i bhfad ró-the ar fad!’
  • Cluiche ‘tag’ sa chlós
    ‘Beir orm, beir orm más féidir leat!’ arsa an buachaillín sinséir.
  • Cluiche tomhais sa rang
    Cé mise? nó
    Cén scéal ina bhfuil mé?
    Cén t-ainm atá orm?
    ‘An tú an rí?’
    ‘Ní mé.’
    ‘Is tusa Rumpelstiltskin!’

Cnuas-scéalta

Scéalta iad seo a bhfuil a lán athrá nádúrtha iontu agus tá siad go maith d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge mar dhara teanga. Tógtar an scéal de réir a chéile, agus tá athrá ar an gcuid atá inste cheana féin gach uair a chuirtear píosa nua leis. Féach, mar shampla, ‘An Teach a Thóg Seán’ thíos.

Tá cnuas-scéalta ann ón Rúis aistrithe go Gaeilge agus tá neart scéalta aistrithe ón mBéarla. Tá seanchnuasscéalta Gaeilge ann freisin ach bheadh an caighdeán ard go leor. Tá siad le fáil sna bailiúcháin bhéaloidis ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta.

Cnuas-scéal a insint

Is féidir deilbhíní de na pearsana nó de na hainmhithe a chrochadh ar an mballa ceann i ndiaidh a chéile agus an scéal a thógáil mar sin.

Cnuas-scéal samplach ‘An Teach a Thóg Seán’

Seo é an teach a thóg Seán.
Seo é an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo é an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo í an luch a d’ith an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo é an cat a mharaigh an luch a d’ith an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo é an madra a lean an cat a mharaigh an luch a d’ith an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo í an bhó a rop an madra a lean an cat a mharaigh an luch a d’ith an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.
Seo é an fear a bhligh an bhó a rop an madra a lean an cat a mharaigh an luch a d’ith an rópa a cheangail an mála a bhí sa teach a thóg Seán.

Cur chuige samplach don scéalaíocht

Cur chuige samplach don scéalaíocht

Is breá le gach uile pháiste scéal. Tugann scéalaíocht faoiseamh don pháiste ón ngnáthobair ranga agus forbraíonn sí a c(h)uid samhlaíochta agus mothúchán. Chomh maith leis sin foghlaimíonn sé/sí an-chuid Gaeilge mar bíonn athrá sna scéalta féin agus insítear go minic iad. Cuirtear ceisteanna agus tugtar freagraí, agus bíonn fadhbanna le réiteach agus a bhfuascailt le fáil. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbainfidh na páistí taitneamh as an scéal.

Tá cúpla treoir ghinearálta faoi eagar an ranga don scéalaíocht atá comónta do gach rang:

  • Más féidir is breá leis na páistí a bheith in aice leis an scéalaí. Is fearr a chloiseann siad tuin na cainte agus a fheiceann siad na pictiúir agus na geáitsí.
  • Ba chóir an scéal a insint le hatmaisféar agus le mothú, ag athrú tuin an ghlóir do na pearsana éagsúla.
  • Is féidir sainfhoclóir an scéil a ullmhú roimh ré le cabhair luaschártaí agus pictiúr do na páistí i scoileanna T2.
  • Is fearr an scéal a insint go leanúnach agus gan cur isteach air le míniú na bhfocal. Is féidir cuid mhaith focal a thuiscint ón gcomhthéacs agus le cabhair na bpictiúr sa leabhar.
  • Má thuigeann na páistí an comhthéacs roimh ré is amhlaidh is fearr.

Scéalaíocht sna bunranganna

  • Má ullmhaíonn an múinteoir pictiúir bídís soiléir sofheicthe.
  • Má bhíonn go leor pictiúr ann chun an scéal a léiriú is féidir leis na páistí na pictiúir sin a chur in ord cé nach mbeidís in ann an scéal a athinsint.
  • Ba dheas fríos balla de na pictiúir a chrochadh.
  • Is féidir le cuid de na páistí gléasadh in éadaí simplí ó bhosca drámaíochta chun an scéal a léiriú agus é á insint nó mar dhráma ina dhiaidh (Hansel agus Gretel, Cinnín Óir, Cochaillín Dearg).
  • D’fhéadfaí samhail de thithe na dTrí Mhuc, maisc de na hainmhithe is coitianta sna heachtraí agus puipéid láimhe a bheith i seomra ranga na naíonán chun cur le hinsint na scéalta.
  • Is féidir le páistí éagsúla mím de scéal a dhéanamh, agus bíonn an rang ag tomhas cén scéal atá i gceist.
 

Scéalaíocht le cabhair pictiúr sna meánranganna

  • Is féidir pictiúir d’eachtraí an scéil a ullmhú, timpeall deich gcinn.
  • Is leor tús agus deireadh an scéil agus a trí nó a ceathair d’eachtraí ina lár, agus cúpla abairt le gach pictiúr.
  • Insítear an scéal arís agus arís eile, ag baint úsáide as na pictiúir.
  • Is féidir leis na páistí na pictiúir a chur in ord chun an scéal a athchruthú agus é a insint nuair a bheidh siad réidh.
  • Daingnítear an scéal trí chomparáid a dhéanamh idir insint an pháiste agus insint an mhúinteora.
  • Déanann an páiste na pictiúir a mheascadh chun scéal nua a athchruthú. Mar shampla, d’fhéadfadh na hainmhithe sa scéal ‘Amhránaithe Bremen’ teacht i gcabhair ar na Trí Mhuc sa troid leis an mac tíre.
  • Is féidir an scéal a insint agus an téacs á mheaitseáil leis na pictiúir.
  • Má bhíonn an múinteoir ag taifeadadh an scéil do na páistí is féidir leis/léi buille beag a dhéanamh ar an micreafón le linn an taifeadta le cur in iúl go bhfuil deireadh leis an leathanach.
 

Scéalaíocht sna hardranganna

  • Anois is arís is féidir le scéalaí teacht isteach sa scoil ag insint scéalta, a scéalta féin nó scéalta béaloidis an cheantair.
  • Dá mbeadh na scéalta taifeadta bheadh an páiste nó grúpa páistí in ann an scéal a leanúint le cabhair an téacs.
  • Féadfaidh na páistí freagraí difriúla a thabhairt ar an scéal
    é a athinsint
    dráma a dhéanamh as
    comhrá an scéil a úsáid i ndráma
    na heachtraí a chur in ord
    ceisteanna cuimhne a fhreagairt
    na príomhphearsana a thabhairt chun cuimhne
    pictiúir a tharraingt
    léirmheas a scríobh
    pictiúir den scéal a mhaisiú
  • D’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir na leaganacha Béarla agus na haistriúcháin Ghaeilge nó na leaganacha ón mbéaloideas atá sa Ghaeilge le fada.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie