Primary Schools

Modhanna múinte

Is é an modh múinte an chaoi a n-eagraíonn an múinteoir an t-ábhar teagaisc agus foghlama agus a gcuireann sé/sí i láthair na bpáistí é. Pé acu modh a úsáideann an múinteoir ag tús an cheachta, is í an Ghaeilge an teanga theagaisc chun an foclóir agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a mhíniú den chéad uair. Bíonn gá le hionchur teanga uaireanta i rith an cheachta freisin. Cuirfidh an múinteoir spéis faoi leith sna modhanna a fheileann don ábhar teagaisc agus do bhealaí foghlama an pháiste. Cuirtear béim ar chéadfaí faoi leith i modhanna áirithe agus bíonn gá ag na páistí le húsáid na gcéadfaí go léir chun cabhrú leo an teanga a fhoglaim. Ní bheidh an múinteoir taobh le haon mhodh, dá fheabhas é.

Is iad na sé mhodh is suntasaí ar féidir úsáid a bhaint astu ná:

  • an modh díreach
  • modh na sraithe
  • modh na lánfhreagartha gníomhaí
  • an modh closlabhartha
  • an modh closamhairc
  • modh na ráite.

An modh díreach

Is modh éifeachtach é an modh díreach chun cumarsáid a chur ar siúl idir an múinteoir agus na páistí. Sa tréimhse réamhchumarsáide úsáideann an múinteoir na rudaí iad féin, mar shampla bréagáin, gréithe, troscán agus pictiúir de rudaí taobh amuigh den seomra ranga. Is féidir é seo a dhéanamh aon uair a mbeadh gá leis i rith an cheachta chomh maith.

Is maith is fiú na focail a bhíonn á n-úsáid gach lá a mhúineadh go luath sa bhliain: an lón, fearas an tseomra ranga, na giuirléidí a bhíonn sa mhála scoile, áiseanna teagaisc, bréagáin, agus rudaí a bhíonn sa bhaile a bhaineann le caitheamh aimsire, cuir i gcás seinm ceoil, an ríomhaire agus cluichí de gach sórt. Is deacair agallamh a shárú mar chomhthéacs don fhoclóir, do na struchtúir agus do na feidhmeanna teanga nua. Chun Béarla a sheachaint agus an t-agallamh á chur i láthair tá teidí nó puipéad láimhe an-áisiúil, an múinteoir i bpáirt amháin agus an puipéad sa pháirt eile.

Modh na sraithe

Leathnú ar an modh díreach atá sa mhodh seo. Ceanglaítear sraith abairtí le chéile i bhfoirm scéil agus léirítear iad le pictiúir nó le gníomhartha. Úsáidtear scéal leanúnach sa tréimhse réamhchumarsáide chun cabhrú leis an bpáiste cuimhneamh ar na briathra. Ceanglaítear gníomh nó pictiúr le gach briathar chun é a mhíniú. Nuair a dhéanann an múinteoir nó an páiste an gníomh ina dhiaidh sin cuimhneoidh an páiste ar an mbriathar.

Samhlaítear an modh díreach de ghnáth le topaicí a bhaineann leis an seomra ranga, ach is féidir iad a leathnú taobh amuigh de. Mar shampla, is féidir sraith pictiúr a insíonn scéal a úsáid nó treoracha in ord chun meaisín a oibriú, glao gutháin a dhéanamh, nó sailéad a ullmhú. Ón uair nach n-úsáidtear aon Bhéarla cloiseann an páiste cuid mhaith Gaeilge san ionchur teanga. Tugann an modh seo muinín don pháiste mar go mbíonn ionchur faoi leith sa tsraith briathra. Maidir leis na feidhmeanna teanga cuireann siad ar chumas an pháiste cur síos a dhéanamh agus scéal a insint agus labhairt faoin am atá caite nó le teacht. Múintear comharthaí dioscúrsa freisin: ‘ar dtús’, ‘ansin’, agus ‘faoi dheireadh’. Má thugtar téacs do na páistí sna meánranganna nó sna hardranganna is féidir leo an téacs agus na pictiúir a mheaitseáil le cabhair na gcomharthaí seo.

Modh na lánfhreagartha gníomhaí

Gníomhartha: Tóg suas an banana. Cuir glao ar Sheán. Crom síos, seas suas! Seas ar do chos chlé. Léim ar do chos chlé síos go bun an tseomra. Cas timpeall agus fill ar ais ar do chos dheas!Tá an modh seo cosúil leis an modh díreach ach amháin go bhfuil sé teoranta do ghníomhartha fisiceacha. Déantar ceangal in intinn an pháiste idir an gníomh agus an focal nó an frása a fhreagraíonn dó. Úsáidtear an modh seo chun an brú a bhíonn ar fhoghlaimeoirí áirithe a laghdú agus chun go mbainfidís taitneamh as an gceacht teanga. Bíonn aithris agus athrá ar chaint an mhúinteora i gceist, cosúil le tús ceachta ar an modh díreach. Déanann an múinteoir iarracht speisialta smaoineamh ar threoracha a bhíonn greannmhar agus seafóideach. Nuair a bhraitheann an múinteoir go bhfuil an páiste réidh tosaíonn an páiste ag úsáid na teanga chun treoracha a thabhairt do na páistí eile. Is féidir baill choirp an pháiste a úsáid chun gníomhartha agus brí na mbriathra a mhúineadh.

Bíonn an modh seo an-úsáideach ag tús na foghlama le páistí óga agus sa tréimhse réamhchumarsáide le páistí d’aon aois. Ar an mbealach seo cloisfidh na páistí an-chuid Gaeilge, bainfidh siad taitneamh as an bhfoghlaim, beidh siad saor ó bhrú, agus méadófar ar a gcuid muiníne, mar ní bheidh orthu freagra a thabhairt ach lena gcorp. Beidh dánta agus amhráin agus ionchur de shaghsanna eile ar siúl ag an am céanna.

An modh closlabhartha

Is é an bealach a gcuirtear an modh seo i bhfeidhm ná agallamh taifeadta a sheinm nó an múinteoir a bheith á rá chun scileanna éisteachta agus cainte an pháiste a fhorbairt. Is sa tréimhse réamhchumarsáide a d’úsáidfeadh an múinteoir é, agus cheartódh sé/sí caint an pháiste de réir mar ba ghá. Ní gá mar sin féin go mbeadh an aithris agus an t-athrá foirfe nó go mbeadh focail an agallaimh de ghlanmheabhair. Ach chun an fócas a chur ar an gcumarsáid is féidir a bheith ag smaoineamh ar bhrí na cainte agus ar an úsáid is féidir a bhaint as an gcaint san agallamh i gcomhthéacs eile arís.

I gcomhthéacs na cumarsáide, má úsáideann an múinteoir téip éisteachta nó físeán ullmhaíonn sé/sí an foclóir, na frásaí nó struchtúir áirithe roimh é a sheinm. Cuireann an múinteoir ceist roimh éisteacht leis an téip chun fócas a thabhairt do na páistí. Seinneann an múinteoir an téip arís agus arís eile le ceist dhifriúil réamhéisteachta nó dhó gach uair. Is féidir an phríomhbhéim a chur ar bhrí na cainte san agallamh agus ar an úsáid is féidir a bhaint as an gcaint ann i gcomhthéacs eile arís.

An modh closamhairc

Leathnú ar an modh closlabhartha atá sa mhodh seo. Úsáidtear pictiúir, stiallscannáin, clár níolóin agus deilbhíní. Sa tréimhse réamhchumarsáide taispeántar pictiúr amháin do gach cuid d’agallamh, mar shampla, agus an múinteoir ag rá an chomhrá nó ag seinm taifeadadh de. Dála gach aon mhodh eile, is féidir an chuid is fearr den mhodh seo a úsáid chun cumarsáid a chur chun cinn.

Ar dtús déanann an rang go léir aithris agus athrá ar chaint an mhúinteora nó na téipe. Ansin bíonn dhá thaobh an ranga páirteach san agallamh, ar dtús le cabhair an mhúinteora. Roghnaítear beirteanna ó dhá thaobh an ranga ansin (beirteanna oscailte) agus ansin beirteanna in aice lena chéile (beirteanna dúnta). Nuair a bhíonn beirteanna dúnta ag cleachtadh an agallaimh bíonn an rang go léir á chleachtadh ag an am céanna. Cé go bhfuil gach duine ag cleachtadh an agallaimh chéanna glacann an múinteoir le brí na cainte seachas a bheith ag lorg na teanga céanna focal ar fhocal. Is é seo an difríocht idir cur chuige gramadúil agus cur chuige cumarsáideach.

Modh na ráite

Molann an modh seo frásaí nó ‘ráite’ úsáideacha a mhúineadh. Má fhoghlaimíonn na páistí frásaí agus nathanna beaga beidh siad in ann tarraingt orthu nuair a bheidh na nathanna sin ag teastáil uathu arís. Is fearr iad a mhúineadh i gcónaí i gcomhthéacs a thuigeann an páiste, is é sin mar chuid d’agallamh seachas ina liostaí.

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie