Primary Schools

Filíocht

Is cuid an-tábhachtach d’fhorbairt aeistéitiúil agus shamhlaíoch an pháiste í an fhilíocht. Is breá le páistí fuaimeanna, tuin, rithim agus imeartas focal na filíochta. Is breá leo rainn, rímeanna agus amhráin shimplí rithimiúla le curfá éasca. De réir a chéile fásann meas ar dhánta ina bhfuil úsáid teanga fhileata, íomhánna agus samhlacha.

Is é an phríomhaidhm atá le múineadh agus foghlaim na filíochta ná go mbainfeadh na páistí pléisiúr agus taitneamh aisti. Is go tánaisteach a fhoghlaimeoidh na páistí Gaeilge trí mheán na filíochta. Mar sin féin tosaíonn siad ag smaoineamh ar an teanga agus ar bhrí na bhfocal agus ar imeartas focal taobh amuigh d’úsáid laethúil na teanga. Chuige sin beidh stór leathan filíochta ag teastáil chun go mbeidh seans ag na páistí freagra a thabhairt ar shlite difriúla a shásaíonn a gcuid samhlaíochta agus mothúchán.

Stór filíochta

Tá stór mór rann, dánta agus amhrán a bhfuil teacht air go héasca i dtraidisiún na Gaeilge. Tá idir fhilíocht na ndaoine agus na bhfilí gairmiúla, rainn sheafóideacha, thréanna, sheanfhocail, thomhais agus rabhlóga sa stór filíochta ar cheart tarraingt air i gcomhair múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. Tá na rainn rithimiúla ann don pháiste ar an nglúin, rainn dhíbeartha do chluichí, rainn chomhairimh, rainn le fuaimeanna na n-ainmhithe, rainn faoi éin, faoi fheithidí agus faoin aimsir ann. Tá dánta greannmhara ann, dánta dáiríre faoi mhothúcháin an fhile, agus cuid acu insíonn siad scéal. Áirítear amhráin dhiaga, shaothair, ghrá, stairiúla agus cheol tíre, gníomhamhráin agus amhráin a insíonn scéal ar na hamhráin is coitianta. Tá rithim agus fuaimeanna na Gaeilge le fáil chomh maith le greann agus seafóid sna rabhlóga. Cabhraíonn tomhais leis na páistí smaoineamh as Gaeilge, agus is scáil iad na tréanna, na seanfhocail agus paidreacha na ndaoine ar chreideamh na ndaoine agus ar shaíocht na hÉireann.

Cur chuige do mhúineadh na filíochta

Is gníomhaíocht éisteachta thar aon rud eile í éisteacht le filíocht. Is féidir leis na páistí éisteacht le taifeadadh den rann nó den dán nó éisteacht le léamh drámatúil an mhúinteora. Déantar tionlacan rithimiúil le bualadh bos, le cnaguirlisí nó le damhsa cruthaitheach. Tagann na páistí isteach leis an gcurfá nó le deireadh na líne de réir a chéile, le cabhair geáitsí nó pictiúr. Má léann na páistí téacs an dáin (rang 4 go rang 6) is tar éis é a chloisteáil an-mhinic a dhéantar é. Is ceacht léitheoireachta é má léitear an dán, agus caithfear an réamhobair chéanna a dhéanamh is a dhéanfaí do cheacht léitheoireachta. B’fhearr do na páistí éisteacht leis an dán agus é a aithris.

Rann samplach: Naíonáin

Taidhgín Turcaí

Gogal-gogal-gogal,
Gogal-gogal-gog!
Mise Taidhgín Turcaí
Gogal-gogal gog!
Ní labhraímse os íseal,
Ní labhraímse go bog,
Gogal-gogal gogal,
Gogal-gogal gog!


(Gabriel Rosenstock)

Tá an rann seo rithimiúil greannmhar, le fuaimeanna a thaitneodh le páistí.

Baineann na páistí spraoi as an rann agus as rithim na cainte trí aithris.

Bíonn teanga an pháiste ar na fiacla nuair atá an t- tosaigh sna focail ‘Taidhgín’ agus
‘Turcaí’ á rá. Deir an múinteoir leis na páistí barr a dteangacha a thaispeáint dó/di.

Cur chuige samplach
Réamhobair




Súgradh leis na fuaimeanna a dhéanann ainmhithe feirme agus clóis.
Deir an bhó mú-mú. Deir an t-asal hí-há.
Deir an madra bhuf-bhuf.
Deir an cat míáú.
Deir an capall ... an chearc ... an turcaí ...
Gníomhaíocht




Taifeadadh d’ainmhithe nó d’éin a sheinm agus na páistí ag tomhas cad iad. An foclóir a thabhairt dóibh
de réir mar a theastaíonn sé.
Cloisim cearc.
Chuala mé cat.
Sin í an fhuaim a dhéanann cat.
Réamhcheist

Éist agus abair cén t-ainmhí atá sa rann.
Éist agus déan an fhuaim a dhéanann an t-ainmhí sa rann.
Ceist le linn éisteachta
Éist agus tarraing pictiúr den ainmhí atá sa rann.
Cuir lipéad air.
Labhraítear faoi na pictiúir tar éis éisteachta.
Éisteacht leis an taifeadadh den rann




Seinntear an téip cúpla uair agus na páistí ag teacht isteach de réir a chéile. Seinntear an rann mar aonad
agus é á aithris ag an rang go léir. Ansin is féidir le grúpaí agus beirteanna é a aithris.
Is fearr fanacht go dtí go mbíonn na páistí réidh chun aithris aonair a dhéanamh.
  

Dán samplach:
Meánranganna agus ardranganna

Dumpysaurus agus an Chearc
Bhuail Dumpysaurus
le circín bheag lá,
‘Tá brón orm,’ a dúirt sé
‘agus seo é an fáth.

Tá ubh agam im’ nead,
Ach tá sí uafásach mór
Ní féidir liom suí uirthi
Is tá sí ag éirí fuar.’

Bhuel, fuair an chircín dréimire
Agus chuaigh sí in airde ar an ubh,
Is d’fhan sí thuas ina suí
Gur tháinig an oíche dhubh.

Rinne sí a dícheall
Agus ar deireadh tháinig an t-am.
Bhí pléasc faoina tóinín,
Agus thit sí ar a ceann.

Ansin d’fhéach sí suas
Le bród is le háthas,
Ina sheasamh os a comhair
An chéad Chearcosaurus.


(Seán Ó hEachthigheirn)

Tá an dán seo éadrom seafóideach agus taobh istigh de réimse spéise na bpáistí.
Tá an foclóir éasca. Is féidir na coincheapa a phlé: cearc ar gor, sicín as ubh.

Cluiche roimh éisteacht ‘ainmhí aisteach’


Tá a mhuineál cosúil le sioráf agus a chorp cosúil le capall.
Cad é?
Freagra: Siorapall.
Samplaí eile: catarú (cangarú, cat)
bócaí (moncaí, bó)
eilicap (eilifint, capall).
Réamhphlé


Plé faoi na coincheapa atá sa dán roimh éisteacht leis:
ubh agus sicín as ubh
tyrannosaurus rex, dinosaur
Réamhcheist

Cén saghas páiste a bheadh ag cearc agus ag dinosaur le chéile?
Freagra: Cearcosaurus.
Gníomhaíocht



Na páistí ag tarraingt pictiúir den chearcosaurus ó threoracha an mhúinteora. Taispeánann siad an pictiúr don duine in aice leo.
Cuireann siad lipéad air.

Tascanna le linn éisteachta

1.

2.

3.



Bíonn ar na páistí pictiúr den dán a tharraingt agus iad ag éisteacht leis á aithris.

Nead agus ubh, dréimire suas le taobh na huibhe.

Is féidir leis an múinteoir pictiúr a tharraingt ar an gclár dubh mar athrú.

An dán a léamh nó a sheinm trí nó ceithre huaire, ag déanamh geáitsí nuair is féidir:

mór, ní féidir liom, chuaigh, d’fhéach sí suas, d’fhan sí thuas, tháinig an t-am, bhí pléasc faoina tóinín, thit sí ar a ceann.

Freagraí éagsúla tar éis éisteachta

  • mím
  • imirt i rólanna

  • aithris
  • tarraingt

 

Páiste a roghnú le páirt an Dumpysaurus a rá agus cearc ag déanamh míme.
Daoine difriúla a roghnú, agus gheobhaidh an rang seans éisteacht leis an
dán cúpla uair.
Beirteanna dúnta ag déanamh dráma eatarthu féin bunaithe ar an dán. Cúpla beirt a roghnú lena dhéanamh os comhair an ranga.
An dán a rá mar aonad arís agus is cuma mura bhfuil sé ar eolas. Is féidir dul siar air arís lá eile. Is de réir a chéile a fhoghlaimítear dán.
Pictiúr a tharraingt d’ainmhí aisteach a roghnaíonn an páiste agus cur síos gairid a scríobh faoi.

 

Amhráin Ghaeilge

Is breá le gach páiste amhráin a chloisteáil agus a chanadh ina (h)aonar nó mar chuid de ghrúpa sa rang. Tá réimse leathan amhrán le fáil as Gaeilge do gach aoisghrúpa, idir shean-nós, amhráin thraidisiúnta athchóirithe agus amhráin cheol tíre. Seo a leanas cúpla taifeadadh samplach:

  • do naíonáin

    Amhráin do Pháistí agus
    Damhsa na gCoiníní ón gComhchoiste Réamhscolaíochta
    Trup, Trup a Chapaillín le Cantairí Óga Átha Cliath
    An tAmhránaí Óg le Treasa Ní Cheannaigh agus Aidan O’Hara
    Canaimis le Chéile le Joyce agus Aidan O’Hara
    Stór Amhrán le Nóirín Ní Riain

  • do na meánranganna agus na hardranganna

    A Stór ’s a Stóirín le Pádraigín Ní Uallacháin
    Bliain na nAmhrán le Futa Fata Féasóg
    Solas Gorm le Tadhg Mac Dhonnagáin
    Fuaireas-sa Cuireadh le Cantairí Óga Átha Cliath
    Oíche Chiúin le Maria Ní Chumhaill
    Bridget’s Kiss le Lá Lúgh
    Óró na Casaidigh leis na Casaidigh

An curaclam ceoil

Tá cur síos i dtreoirlínte an churaclaim cheoil don bhunscoil ar conas amhrán a mhúineadh ag úsáid na cluaise agus uirlise ceoil nó an chluas agus na nótaí ceoil. Tá trácht ar úsáid an taifeadáin freisin. Is féidir na modhanna seo a úsáid chun amhrán Gaeilge a mhúineadh, cé go mbeadh obair bhreise ag teastáil le focail na n-amhrán uaireanta.

Is féidir an phleanáil d’amhrán Gaeilge a leagan amach i ngreille (PDF, 131KB) mar atá don amhrán ‘An bhFaca Tú Mo Shéamaisín?’sa roinn Pleanáil sa seomra ranga de na treoirlínte seo. Feictear ansin na gníomhaíochtaí ar féidir iad a cheangal leis an amhrán.

Amhrán samplach: Naíonáin

Buail bos, gread cos
Buail bos
Gread cos
Cas timpeall
Is glac sos.


(Treasa Ní Ailpín)

Amhrán simplí rithimiúil. Múintear é trí gheáitsí agus aithris.

Amhráin eile atá cosúil leis:
‘Buail do bhosa, buail do bhosa’
‘Brúigh is fáisc, brúigh is fáisc’
‘Timpeall timpeall rothaí an chairr’
‘Tá leoraí mór ag teacht’
‘Smidín beag an seilide’

Cur chuige samplach

Na páistí ina seasamhRoimh an t-amhrán a rá is féidir leis na páistí bosa a bhualadh chun an rithim a fhoghlaim.
Seinntear an téipBuaileann siad an rithim arís agus iad ag éisteacht leis an téip.
Aithris



Má bhíonn spás timpeall ar gach páiste is féidir leo na geáitsí a dhéanamh agus an t-amhrán a chanadh. Deirtear an t-amhrán cúpla uair ag bualadh bos, ag greadadh cos agus ag casadh timpeall de réir mar a oireannn.

Roghnú na n-amhrán

Is fearr amhráin aeracha ina bhfuil athrá (trí líne mar a chéile) agus curfá a roghnú do na bunranganna agus do na meánranganna más féidir.
‘Bhí Máirín Bhán ina Cailín Deas.’
‘Is é an Trua gan Peata an Mhaoir Agam.’
‘Tairse Abhaile, a Mháirín Ó’
‘Nead na Lachan’
‘Beidh Aonach Amárach i gContae an Chláir’
‘Haigh Didil Dum, an Cat is a Mháthair’

Tá lúibíní mar ‘Lúibín Ó Lú’, ‘Láirín Ó Lúrtha’ agus ‘Is Umbó Aerá’ simplí agus athrá iontu freisin.

Amhrán samplach: Ardranganna

Dioscó na mBó

Ó, d’éirigh mé ar maidin is chuaigh mé ag bleán na bó, Ó, d’éirigh mé ar maidin is chuaigh mé ag bleán na bó, Chuaigh mé ag bleán na bó.

Amhrán ar an sean-nós a chasainn chuile mhaidin don bhó, Tháladh sí an bainne is bhínnse sásta go leor, oh yeah, Bhínnse sásta go leor.

Ach ansin tháinig athrú, athrú an-aisteach ar an mbó.
Thosaigh sí ag cartadh is ní thálfadh sí aon bhainne níos mó,
oh no
Níor thaitin an sean-nós léi níos mó.

Smaoinigh mé ar phlean—ó, chasfainn di rock ’n roll, B’fhéidir nár thaitin an sean-nós léi níos mó, oh no, Níor thaitin an sean-nós léi níos mó.

Ó, anois a bhíonns an chraic a’m is mé ag bleán na bó, Tosaíonn sí ag pramsáil is tálann sí bainne gan stró, oh yeah, Tálann sí bainne gan stró.

Ó, nach iontach is nach aisteach an rud é an rock ‘n roll,
Murach go bhfuil sé aisteach ní bheadh sé á dhaimsiú (damhsa)
ag bó, oh no,
Ní bheadh sé á dhaimsiú ag bó.

Véarsa 1 arís

(Tomás Mac Eoin)

Coincheapa le deimhniú
Réamhphlé
Réamhobair ar an bhfoclóir
Tasc le linn éisteachta
Gníomhaíocht
Tasc iaréisteachta
Freagraí eile ar an amhrán
Gníomhaíochtaí agus damhsa mar a oireann d’aois agus d’eagar an ranga.

Déantar deimhin go dtuigeann na páistí go dtálann an bhó bainne.
Mínítear an téarma ‘sean-nós’ trí amhrán sean-nóis a sheinm.

Rithim a phlé: amhrán rock and roll, rap, ceol tíre
Ag bleán na bó = ag fáil bainne ón mbó
tháladh = thugadh
ag cartadh = doirteadh
pramsáil = léimneach
aisteach = ait

Deirtear leis an rang go mbeidh orthu éisteacht le taifeadadh den amhrán faoi thrí agus pictiúr de gach véarsa a tharraingt (sé phictiúr).

Bíonn beirteanna ag taispeáint na bpictiúr dá chéile agus ag iarraidh na focail a thabhairt chun cuimhne agus iad ag úsáid na bpictiúr.

Bíonn na páistí ag iarraidh na focail a thabhairt chun cuimhne agus á scríobh.
Éisteann siad arís agus déanann siad comparáid idir na focail atá acu agus na focail atá ar an téip.

Gníomhaíochtaí eile le déanamh

  • le linn éisteachta: focail an amhráin a bheith ar bhileog agus focal a bheith fágtha ar lár anseo is ansiúd. Bíonn na páistí ag éisteacht leis an taifeadadh agus ag líonadh isteach na bhfocal agus iad ag éisteacht. Déanann siad comparáid idir na focail ar an téip agus na focail a bhí acu féin. Insíonn páistí samplacha na difríochtaí a bhí idir a dtomhas agus focail an amhráin.
  • an taifeadadh a sheinm arís agus gach duine ag teacht isteach nuair is féidir. Seinntear an t-amhrán ina aonad agus go minic.

Amhráin do na hardranganna

‘Bog Braon don Seanduine’
‘Tá Dhá Ghabhairín Buí Agam’
‘Dúlamán na Binne Buí’
‘Peigín Leitir Móir’
‘Nóra Bheag’
‘Carúl na Nollag’
‘Gabham Molta Bríde’
‘Amhrán na Cuiginne’

Rabhlóga

Cabhraíonn rabhlóga le haclaíocht na bhfiacla agus na mbeola agus le fuaimniú na bhfuaimeanna nach bhfuil sa Bhéarla. Is féidir t agus d, c agus ch leathan agus caol agus an consan séimhithe i gcodarsnacht leis an gconsan lom a chleachtadh, móide an guta gearr agus fada. Níl na codarsnachtaí sin i gcóras fuaimeanna an Bhéarla, agus is fiú iad a chleachtadh i gcomhthéacs na rabhlóg.

Tá samplaí anseo thíos:

Rabhlóga samplacha

  • Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.
  • Is deacair stoca a stracadh trasna.
  • Tá tuí ar thaobh an tí tuí atá thíos sa toinn.
  • Rug rón liath ar roc leathan rua.
  • Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.
  • Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid.
  • Ní péint dhearg a rinne dearg an deargadaol.

Cur chuige don rabhlóg

Sna meánranganna agus sna hardranganna is féidir rabhlóga a rá mar phíosa spraoi. Bíonn an rabhlóg ar eolas ag an múinteoir agus deirtear í cúpla uair. Iarrtar ar na páistí éisteacht ar dtús. Deir an rang go léir í agus ansin de réir a chéile deir grúpaí agus daoine aonair í, go mall ar dtús agus ansin go tapa.

Tomhais shamplacha:
Ranganna éagsúla

  • Céard a ritheann gan chosa?
    Freagra: Abhainn
  • Céard a shiúlann ar a cheann?
    Freagra: Tairne i mbróg.
  • Céard a bhíonn salach nuair a bhíonn sé bán agus glan nuair a bhíonn sé dubh?
    Freagra: An clár dubh.
  • Chomh bán le sneachta, chomh dearg le fuil, chomh hard leis an mballa, chomh milis le mil. Céard é?
    Freagra: Úll.
  • Tá sí ann ó thús an tsaoil agus ní raibh sí riamh ach mí d’aois. Céard é?
    Freagra: An ghealach.
  • Dá mhéad a thógann tú as is ea is mó a bhíonn sé.
    Freagra: Poll.

Tomhais

Tá na tomhais cosúil le fadhbanna atá le réiteach ag an bpáiste, agus bíonn sé/sí ag smaoineamh as Gaeilge nuair atá sé/sí ag lorg an fhreagra. Ní thugann an páiste faoi deara go bhfuil ceacht Gaeilge ar siúl aige/aice, mar bíonn sé/sí tógtha suas leis an bhfadhb atá le réiteach. Ní bhíonn sé/sí buartha faoin gcruinneas, mar bíonn a (h)aire dírithe ar bhrí na teanga. Is í an phríomhaidhm atá le húsáid na dtomhas ná na páistí a chur ag smaoineamh trí Ghaeilge agus chun píosa spraoi a bheith acu.

 

Cur chuige don tomhas

  • Bíodh an múinteoir cinnte nach bhfuil aon choincheap sa tomhas nach dtuigfeadh páistí an lae inniu.
    Sampla maith: Póca folamh ach rud éigin ann. (Poll.) Drochshampla: Lár a chroí ina cheann agus seasann sé ar chos amháin. (Gas cabáiste.)
  • Mínítear aon fhocal deacair roimh an cheist a chur. Bíonn na páistí ag cur is ag cúiteamh trí Ghaeilge agus b’fhéidir go mbeadh ar an múinteoir leid a thabhairt nó cabhrú leis na páistí tríd an cheist a chur ar bhealach eile.
  • B’fhéidir go gcumfadh na páistí tomhas dá gcuid féin.

Seanfhocail

Tá seanchas agus creideamh na ndaoine le fáil sna seanfhocail. Is féidir iad a shuíomh taobh istigh de staidéar arfheasacht cultúir na hÉireann, gan dul thar fóir leo. Is iad na seanfhocail atá oiriúnach d’aois agus do spéis na bpáistí ba cheart a roghnú. D’fhéadfaí iad a chur i gcomparáid le seanfhocail an Bhéarla agus cinn bhreise a bhailiú sa bhaile le cabhair na dtuismitheoirí.

Sna hardranganna d’fhéadfaí díospóireacht faoi ocras in áiteanna in Éirinn agus ar fud an domhain a chur ar siúl leis an seanfhocal:
Ní thuigeann súch sách anró an ocrais.

Seanfhocail shamplacha: Ranganna éagsúla

  • Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
  • An té a bhíonn amuigh fuaraíonn a chuid.
  • Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
  • Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

Samplaí eile le plé:

  • Is minic a bhris béal duine a shrón.
  • Giorraíonn beirt bóthar.
  • Má bhíonn tú ag lorg cara gan locht beidh tú gan chara go deo.

Seafóid: Ardranganna

  • Cé mhéad ubh is féidir a ithe ar bholg folamh? (Ceann amháin: ansin ní bhíonn an bolg folamh!)
  • Céard a dhéanann péire bróg? (Dhá bhróg!)

Tréanna

Cineál tomhais is ea an tré.
Céard iad na trí rud is géire amuigh?
Céard iad na trí rud is measa i dteach?

Tá na tréanna sa traidisiún Gaelach le fada an lá. Is uimhir dhraíochta í an uimhir trí, agus thaitin sí leis na Gaeil agus le dreamanna eile. Tá an uimhir trí le feiceáil sna síscéalta sa mhiotaseolaíocht agus sa Bhíobla. Is féidir a bheith ag faire amach don uimhir trí, naoi (3 fá 3), dó dhéag, tríocha, srl.

Cur chuige

Mar a chéile le tomhas ag an tús, ach ansin is gá an freagra a thabhairt don rang. Is féidir na tréanna a fhoghlaim mar chuid d’fheasacht cultúir na hÉireann agus iad a phlé. Feictear go bhfuil cuid acu diúltach amanna agus gur gá na smaointe iontu a phlé. Is do na hardranganna iad seo.

Samplaí: Ardranganna

  • Na trí rud is fusa a ghortú: an tsúil, an ghlúin agus an uillinn.
  • Trí rud a thagann gan iarraidh: eagla, éad agus grá.
  • Trí phéire nach n-aontaíonn riamh: beirt bhan phósta in aon teach amháin, dhá chat i ndiaidh aon luch amháin, agus beirt bhaitsiléirí i ndiaidh aon bhean amháin.
  • Trí shaghas fear nach féidir leo mná a thuiscint: fir óga, fir aosta, agus fir mheánaosta.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie