Tá cumarsáid i gceist le múineadh na scileanna teanga go léir. I rith an cheachta Ghaeilge cuirfear ar chumas an pháiste páirt a ghlacadh mar éisteoir nó mar chainteoir i gcomhrá faoi thopaic a bhfuil suim aige/aici féin ann. Cuirfear ar a c(h)umas freisin nóta nó teachtaireacht a scríobh chuig duine éigin agus téacsanna den chineál céanna ó dhaoine eile a léamh. Mar sin beidh na scileanna teanga comhtháite chomh minic agus is féidir sa cheacht cumarsáideach.
Caithfidh an páiste an teanga a úsáid chun í a fhoghlaim go héifeachtach. Tá cleachtadh éigin ag teastáil ó fhoghlaimeoirí, ach tá an bhéim anois ar sprioc cumarsáideach a bheith ag an gcleachtadh ón tús. Cruthaíonn an múinteoir suíomh ina mbeidh gá ag an bpáiste le húsáid na Gaeilge. Bíonn an páiste i bhfad níos gníomhaí nuair a bhíonn gá aige/aici le heolas éigin a fháil nó a thabhairt do dhuine eile. Fíorchumarsáid a bhíonn ar siúl nuair a bhíonn an páiste ag roinnt agus ag malartú eolais mar sin, agus nuair a bhíonn an chaint ar siúl bíonn sí chomh nádúrtha agus is féidir. Is iad gnéithe na cainte nádúrtha ná go mbíonn sí lán de stadanna agus d’abairtí easnamhacha agus d’fhreagraí gairide. Tá na tréithe sin den chaint nádúrtha le feiceáil sa chomhrá thíos. Ní mhúintear caint mar sin ach bíonn sí le cloisteáil nuair a labhraíonn daoine lena chéile go laethúil.
Fíorchumarsáid (caint nádúrtha)
Múinteoir: Anois, tá pictiúr de chlog ag gach duine. Cén t-am é, er, a Sheáin?
Seán: Em, a dó a chlog.
Múinteoir: Agus, eh, a Mháire?
Máire: A, a sé a chlog.
Múinteoir: Tusa, a Bhríd?...srl.
Na gnéithe is tábhachtaí de cheacht cumarsáideach
- díriú ar ghánna an pháiste: intleachtúil, fisiceach agus mothúchánach
- ábhar teagaisc agus foghlama páistelárnach
- feidhmeanna teanga réalaíocha le comhlíonadh
- comhthéacsanna atá réalaíoch do shaol an pháiste a úsáid
- an páiste a bheith gníomhach agus tascanna le déanamh aige/aice
- ionchur teanga le fáil ar bhealaí éagsúla mar ullmhúchán don fhíorchumarsáid
- bearna eolais le líonadh trí cheisteanna a chur agus a fhreagairt
- an bhéim ar úsáid chuí na teanga
- cumarsáid mar sprioc le gach ceacht a bhfuil cuspóir cinnte aige
- rogha éigin a bheith ag an bpáiste faoin ábhar foghlama
- an múinteoir ag glacadh le hidirtheanga an pháiste mar chuid den phróiseas foghlama
- gníomhaíochtaí réamhchumarsáide, tascanna agus cluichí cumarsáide agus gníomhaíochtaí iarchumarsáide a bheith sna ceachtanna
Ról an mhúinteora i bhforbairt na cumarsáide
Tá ról faoi leith ag an múinteoir nuair a mhúineann sé/sí go cumarsáideach. Spreagann sé/sí na páistí chun foghlama agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheacht. Cuireann sé/sí ábhar spreagúil ar fáil do na ceachtanna a bhfuil ceangal aige le suim, le saol agus le caitheamh aimsire na bpáistí. Coinneoidh ábhar mar sin na páistí gafa. Bíonn teanga an mhúinteora mar shampla ag na páistí, agus stiúrfaidh sé/sí iad go háirithe ag tús an cheachta. Tugann sé/sí treoracha i gcomhair obair an ranga, agus nuair a bhíonn na páistí gníomhach i mbun taisc nó cluiche beidh sé/sí mar chomhlairleoir acu. Bíonn sé/sí ag éisteacht agus ag soláthar foclóra nó freagra ar cheist nuair a bhíonn an obair bheirte ar siúl. Déanann an múinteoir nóta de na botúin is coitianta a chloisfidh sé/sí, agus is féidir páirt a ghlacadh sa ghníomh, ach ní mholtar cur isteach ar chaint agus ar chumarsáid an pháiste le ceartú botún i rith na ngníomhaíochtaí cumarsáide.
Ról an pháiste sa cheacht cumarsáideach
Bíonn an páiste gafa gníomhach chomh minic agus is féidir sa cheacht cumarsáideach. An páiste féin agus a réimse spéise a bhíonn mar thúsphointe ag an múinteoir agus ábhar an cheachta á roghnú. Ag tús an cheachta bíonn an páiste páirteach le gach duine eile sa rang ag déanamh aithrise ar theanga an mhúinteora agus ag cleachtadh na teanga chun go mbeidh sé/sí in ann úsáid a bhaint aisti ar ball. Bíonn béim ar thuiscint an pháiste le gníomhaíochtaí agus le geáitsí nó trí phictiúir a tharraingt agus trí fhreagra a thabhairt. Nuair a bhíonn gníomhaíochtaí cumarsáide ar siúl imríonn an páiste cluiche cumarsáideach nó glacann sé/sí ról i sceitsí nó i suímh ina mbeidh seans aige/aici an teanga a úsáid. Bíonn an bhéim ar dtús ar thuiscint an pháiste agus ansin ar úsáid na teanga chun tascanna sodhéanta a chur i gcrích nó chun gníomhaíochtaí taitneamhacha a dhéanamh. Is ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí a bhíonn na páistí i gcomhair na gcluichí teanga nó na dtascanna de ghnáth. Is é an buntáiste is mó atá ag obair bheirte nó obair ghrúpa ná go mbíonn seans ag gach duine sa rang ceisteanna a chur agus a fhreagairt agus an teanga a chleachtadh agus a labhairt.
Forbairt na cumarsáide
Is de réir a chéile a thiocfaidh fás agus forbairt ar an gcumas cumarsáide atá ag an bpáiste bunscoile, go háirithe más í an Ghaeilge an dara teanga. I ranganna na naíonán beidh an bhéim ar éisteacht le hionchur saibhir teanga ón múinteoir agus ó ábhar taifeadta. Beidh na páistí beaga ag súgradh as Gaeilge: ag aithris rann agus amhrán, ag athinisint scéalta, agus ag glacadh páirt i ndrámaí beaga. Sa tréimhse réamhchumarsáide seo treiseofar scileanna éisteachta agus tuisceana na bpáistí agus beidh siad ag teacht isteach ar phatrúin fuaime agus comhréire na Gaeilge.
Cé nach mbeidh an páiste beag ag caint mórán as a stuaim féin, ní hionann sin is a rá nach bhfuil foghlaim teanga ar siúl. Léireoidh sé/sí a t(h)uiscint ar bhealaí eile seachas trí fhreagra labhartha. Is féidir gníomh a dhéanamh, cluiche a imirt, nó pictiúr a tharraingt. Beidh an cur chuige cumarsáideach i ranganna na naíonán sa mhéid is go léireofar don pháiste gur féidir cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge sna drámaí do phuipéid, san idirghníomhaíocht a bheidh ar siúl ar chláir theilifíse, nó idir chuairteoirí agus an múinteoir ranga. Sa seomra ranga féin b’fhéidir go mbeadh cúinne Gaeilge, áit a labhródh an múinteoir Gaeilge mar fhreagra ar chaint an pháiste agus go mbeadh ábhar súgartha a chabhródh le forbairt na Gaeilge, na matamaitice, na healaíne, na rithime agus an cheoil.
Gaeilge neamhfhoirmiúil
Foghlaimíonn an páiste teanga sa bhaile ar bhealach neamhfhoirmiúil nádúrtha. Má úsáideann múinteoirí an Ghaeilge taobh amuigh den cheacht Gaeilge ba cheart go sealbhódh an páiste an teanga ar an mbealach céanna, mar beidh sé/sí ag éisteacht leis an gcaint agus á tuiscint ón gcomhthéacs. Tugtar ‘Gaeilge neamhfhoirmiúil’ ar úsáid na Gaeilge taobh amuigh den cheacht foirmiúil Gaeilge agus ar a húsáid sa seomra ranga mar theanga chaidrimh agus mar theanga bhainisteoireachta ranga. Bíonn an Ghaeilge á húsáid i gcaitheamh an lae ar fud an churaclaim sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Sna scoileanna eile moltar don mhúinteoir an Ghaeilge a labhairt chun treoracha a thabhairt, chun an rang a roinnt i gcomhair cluichí, chun am lóin agus am sosa a stiúradh, agus chun an rolla a ghlaoch.
Tugann úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge seans don mhúinteoir agus don pháiste araon fíorchumarsáid a dhéanamh agus fíorúsáid a bhaint as an nGaeilge chun gnáthriachtanais chumarsáide agus shóisialta a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin bíonn seans ag an bpáiste na heiseamláirí teanga a d’fhoghlaim sé/sí sa cheacht foirmiúil Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil sa chaint.
An Ghaeilge i ngnéithe eile an churaclaim
Bealach eile leis an nGaeilge a shealbhú agus a fhoghlaim ná í a úsáid i múineadh ábhar eile an churaclaim. Tarlaíonn sé seo go forleathan i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá sé á mholadh do scoileanna T2 an Ghaeilge a úsáid i snáitheanna áirithe d’ábhair eile, mar shampla corpoideachas, ceol agus ealaín, agus ábhar eile a roghnódh an scoil. Nuair a úsáidtear an Ghaeilge i ngnéithe uile an churaclaim bíonn an bhéim ar an mbrí agus ar an teachtaireacht i gcónaí. Bíonn na tascanna agus na gníomhaíochtaí réalaíoch. Bíonn bearna nádúrtha in eolas an pháiste agus bítear ag iarraidh í sin a shárú sa cheacht tíreolaíochta, staire, nó timpeallachta daonna. Tá éifeacht ar leith ag baint le múineadh ábhar eile trí mheán na Gaeilge chun cur leis an méid a dhéantar sa cheacht foirmiúil agus chun é a bhuanú. Tugtar smaointe ag bun gach snáithe sa churaclam Gaeilge do scoileanna T2 i gcomhair comhtháthú na n-ábhar eile le múineadh na Gaeilge.
Cur chuige comhtháite
Tacaíonn na scileanna teanga— éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht—lena chéile, agus is minic a úsáidtear le chéile sa ghnáthchaint iad. Mar shampla, nuair a labhraíonn duine bíonn sé/sí ag éisteacht freisin, agus is iondúil go bpléann duine téacs tar éis é a léamh. Is féidir freisin freagra ar an téacs a scríobh seachas é a phlé. Tá cur síos ar na ceithre scil teanga i snáitheanna an churaclaim Ghaeilge, ach is ar bhealach comhtháite a mhúinfear iad. Beidh na ceithre scil teanga á n-úsáid go minic chun tasc a chur i gcrích.
Comhtháthú an ábhair theagaisc i gcur chuige cumarsáideach
San ábhar teagaisc agus foghlama luaitear gníomhaíochtaí éagsúla a chabhróidh leis an bpáiste an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tá liosta téamaí ann freisin a thabharfaidh suíomh réalaíoch do na gníomhaíochtaí sin. Luaitear na catagóirí d’fheidhmeanna teanga atá riachtanach don pháiste ionas go mbeidh sé/sí in ann úsáid éifeachtach a bhaint as an teanga. Tá na trí ghné sin mar bhunchloch don churaclam seo.
Mar shampla, chun go mbeidh na páistí in ann tasc a chur i gcrích nó gníomhaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge caithfidh siad a bheith in ann eolas a thabhairt agus a lorg nó struchtúr a chur ar chomhrá (dhá chatagóir feidhmeanna). Dá mbeadh an téama ‘Sa bhaile’ i gceist d’fhéadfadh na páistí ceisteanna a chur agus a fhreagairt chun eolas a fháil faoi thithe a chéile. D’fhéadfaí tasc beag a bhunú ar an téama ansin trí dhá phictiúr den seomra suí a thabhairt amach. Bheadh an pictiúr iomlán ag páiste B agus gan ach imlíne den seomra ag páiste A. Ba é tasc pháiste A ná an pictiúr a chríochnú trí cheisteanna a chur agus na freagraí a thuiscint. Ba é tasc pháiste B ná na treoracha a thabhairt agus ceisteanna pháiste A a fhreagairt chun go mbeadh sé/sí in ann an pictiúr a chríochnú.
Tá sé soiléir mar sin go bhfuil na trí ghné sin—na tascanna, na téamaí atá suimiúil don pháiste, agus na feidhmeanna teanga—ina ndlúthchuid de cheacht ina mbeadh an múinteoir ag iarraidh cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt.
| Réamhchumarsáid | Spreagadh Múscailt suime Ionchur teanga ón múinteoir Aithris agus athrá Cleachtadh Cluichí gramadaí Gníomhaíochtaí faoi threoir |
| Cumarsáid | Tascanna le déanamh Cluichí cumarsáide Rólanna i suímh réalaíocha agus insamhlaithe Idirghníomhú sóisialta Drámaíocht, sceitsí, seiftiú Plé, díospóireachtaí Saorúsáid na teanga |
| Iarchumarsáid | Féachaint siar Cleachtaí gramadaí Anailís na teanga Traschur eolais go tascanna eile Cluiche breise Féachaint ar aghaidh |