Úsáid na n-uirlisí measúnaithe
Is féidir leis an múinteoir forbairt theanga an pháiste a mheasúnú san fhadtéarma agus sa ghearrthéarma. Trí úsáid a bhaint as uirlisí cuí measúnaithe is féidir súil a choimeád ar dhul chun cinn an pháiste. Ag an am céanna úsáidfidh an múinteoir ábhar teagaisc agus foghlama agus straitéisí a sholáthróidh comhthéacsanna taitneamhacha do na páistí a chuirfidh le héifeacht a gcuid foghlama.
Dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste
Is í seo an uirlis mheasúnaithe is coitianta a úsáideann múinteoirí agus sonrú leanúnach á dhéanamh acu ar scileanna teanga an pháiste. Measúnú neamhfhoirmiúil a bhíonn ar siúl ag an múinteoir. Ar an mbealach seo coimeádann an múinteoir súil ar an bpáiste ó lá go lá—má éiríonn nó mura n-éiríonn lena c(h)uid iarrachtaí i dtuiscint agus in úsáid na teanga, a d(h)earcadh i leith na teanga agus an chaoi a n-úsáideann sé/sí í go fonnmhar nó a mhalairt. D’fhéadfadh an múinteoir nótaí gairide a dhéanamh ó am go ham faoi pháistí aonair nó díriú isteach ar ghrúpa páistí anois is arís agus mar sin dul timpeall an ranga go léir.
Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
Úsáideann an múinteoir tascanna go minic chun ábaltacht an pháiste i láimhseáil na gceithre scil teanga a mheasúnú. Sna ceachtanna éagsúla bíonn na ceithre scil comhtháite lena chéile agus go hiondúil bíonn tasc nó gníomhaíocht le déanamh nó cluiche le himirt. Is féidir leis an múinteoir díriú ar pháiste nó ar ghrúpa i measúnú an taisc nó an chluiche. Ní gá i gcónaí tascanna difriúla a dhearadh go speisialta don mheasúnú ach is féidir díriú ar chodanna den tasc, mar shampla ar thuiscint nó ar úsáid na teanga, nó ar chumas léitheoireachta nó scríbhneoireachta an pháiste, nuair a bhíonn an tasc ar siúl. Beidh an measúnú níos éifeachtaí fós má thugtar tasc breise do na páistí ina bhfeicfidh an múinteoir an bhfuil an páiste in ann an teanga a foghlaimíodh i suíomh amháin a thraschur nó a ghinearálú go suíomh nua.
Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
Tá na bailiúcháin seo an-úsáideach chun dul chun cinn agus deacrachtaí an pháiste a mheasúnú. B’fhéidir go gcoinneofaí taifeadadh de/di ag léamh os ard, ag rá dáin nó ag glacadh páirte i gcomhrá, nó píosa scríbhneoireachta nó torthaí scríofa tionscadail ina raibh na ceithre scil comhtháite. Is féidir pictiúr suimitheach d’obair an pháiste a fháil mar sin.
Próifílí curaclaim
Cabhraíonn an measúnú leanúnach leis an múinteoir pictiúr iomlán d’ábaltacht an pháiste aonair i leith na Gaeilge a chur le chéile i bpróifíl churaclaim.Coinnítear cur síos gairid ar dhearcadh agus ar iompar an pháiste i leith cuspóirí an churaclaim sa phróifíl. Trí phróifíl churaclaim gheobhaidh an múinteoir pictiúr iomlán d’ábaltacht an pháiste, óna c(h)umas i leith foghlaim na teanga go dtí a c(h)umas cumarsáide, is é sin toradh na hoibre sa rang.
Trialacha diagnóiseacha agus caighdeánaithe
Chuirfeadh raon trialacha diagnóiseacha agus caighdeánaithe gairmiúla go mór le próiseas an mheasúnaithe sna scoileanna. Ba cheart go mbeadh noirm dhifriúla sna cineálacha éagsúla scoileanna, agus bheadh an múinteoir ag súil le cumas cumarsáide níos airde dá réir sna scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Is é an príomhrud atá le tomhas ná a éifeachtaí is a éiríonn leis an bpáiste aonair cumarsáid a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh na tascanna measúnaithe i gcoitinne ar aon dul leis na tascanna foghlama a bhfuil taithí ag an bpáiste orthu, is é sin go bhfuil cur chuige na dtrialacha cumarsáideacha cosúil leis an gcur chuige sna straitéisí teagaisc agus foghlama. Ag an am céanna tá sé tábhachtach go dtaispeánfadh an córas measúnaithe gur féidir leis an bpáiste an cumas a léiríonn sé/sí i suíomh sóisialta amháin a aistriú go suíomh nó go comhthéacs eile, ag úsáid réimsí éagsúla labhartha agus scríofa.
Dá mbeadh deacrachtaí tuisceana agus foghlama léirithe ag an bpáiste ba chóir don mhúinteoir obair bhreise nó tascanna faoi leith a ullmhú dó/di. D’fhéadfadh an múinteoir trialacha dá c(h)uid féin a chumadh agus féachaint chuige go soláthróidís an t-eolas a chuirfeadh ar a c(h)umas cabhrú leis an bpáiste.
Cothromaíocht sa chóras measúnaithe
Caithfear na trialacha foirmiúla nó na tascanna neamhfhoirmiúla a dháileadh ar bhealach nach dtógfaidh rómhór ón am teagaisc. Má bhíonn ceangal soiléir idir na cuspóirí foghlama agus an cur chuige sa rang ón tús bíonn an múinteoir níos cinnte faoin toradh a bhfuil súil aige/aici leis, agus amanna is féidir an measúnú a dhéanamh le linn an taisc atá mar chuid den cheacht.