Primary Schools

An Ghaeilge sa bhunscoil

An Ghaeilge—treo nua

Is ar chumarsáid agus ar úsáid na teanga mar ghnáth-theanga bheo a leagtar béim sa churaclam Gaeilge. Tá béim ann ar líofacht cainte agus ar leathnú chumas cumarsáide an pháiste i gcoitinne. Cuirfidh foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste cumarsáid a dhéanamh in dhá theanga.

Ciallaíonn ‘cumarsáid’ daoine ag caint agus ag éisteacht lena chéile, ag scríobh teachtaireachtaí chuig a chéile agus á léamh. Cruthaíonn an múinteoir na suímh agus na comhthéacsanna sa seomra ranga agus sa scoil ina mbeidh gá ag an bpáiste le cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge. Bíonn tascanna nó cluichí éisteachta agus labhartha ar siúl ag an bpáiste i rith an cheachta chun úsáid a bhaint as an nGaeilge i gcomhthéacs an tseomra ranga. Bíonn cluichí boird agus tascanna scríofa ar siúl freisin chun go mbeidh an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht ní hamháin pléisiúrtha ach feidhmiúil chomh maith.

Cur chuige cumarsáideach

Is ar an bpáiste féin agus ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbhéim sa chur chuige a úsáideann an múinteoir. Cuirtear béim ar thaitneamhacht an ábhair theagaisc agus ar an gcaoi a gcoinneoidh sé seo an páiste gafa le linn na foghlama. Tugtar aird faoi leith ar úsáid na teanga chun cumarsáid a dhéanamh, agus cruthóidh an múinteoir comhthéacsanna ina mbeidh gá ag an bpáiste an Ghaeilge a úsáid chun tasc a chur i gcrích. Cuireann cur chuige cumarsáideach béim ar úsáid na teanga chomh luath agus chomh minic agus is féidir i rith an cheachta. Cuireann tascanna, cluichí teanga agus comhthéacsanna taitneamhacha a chruthaíonn an múinteoir ar chumas an pháiste cumarsáid a dhéanamh ag baint úsáide as na ceithre scil teanga: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht. Bíonn an bhéim ar sprioc cumarsáideach a bheith ag gach cuid den cheacht; agus cé go mbíonn athrá agus druileanna ar siúl ag na páistí bíonn a fhios acu go bhfuil siad ag cleachtadh chun cumarsáid a dhéanamh ina dhiaidh sin sa cheacht. Chomh fada agus is féidir bíonn cumarsáid ar siúl idir na páistí i ngach ceacht Gaeilge, cé gur cumarsáid faoi threoir a bhíonn ar siúl cuid mhaith sa bhunscoil. Mar sin féin bíonn sprioc na fíorchumarsáide ag an múinteoir do na páistí i gcónaí.

Caint nádúrtha

Nuair a labhraíonn daoine lena chéile go nádúrtha agus fíorchumarsáid ar siúl acu ní bhíonn an seans céanna acu an teanga a ullmhú is a bhíonn nuair a bhíonn siad ag scríobh. Is iad gnéithe na cainte sin ná leathabairtí agus stopanna fad is atá an duine ag smaoineamh. Ligtear don pháiste caint mar sin a chloisteáil ar théipeanna agus ar fhíseáin agus í a thabhairt faoi deara. Bíonn caint nádúrtha le léamh freisin i gcomhráití samplacha agus i scéalta agus le sonrú ar theanga an tseomra ranga freisin. Beidh saoirse ag an bpáiste an abairt a thosú arís más gá, agus tuigtear go n-úsáidfidh sé/sí leathabairt nó frása agus stopanna mar a dhéantar sa ghnáthchaint. Gné thábhachtach eile den chaint nádúrtha ná an freagra gairid, agus nuair a bhíonn an teanga labhartha á múineadh lorgaítear é i gcónaí. Faigheann an páiste cleachtadh ar an abairt iomlán le linn ceist a chur, le linn na léitheoireachta agus sa scríbhneoireacht fhoirmiúil freisin. Is ar úsáid na teanga nádúrtha a bhíonn an bhéim sa churaclam Gaeilge.

‘Idirtheanga’ an pháiste a thugtar ar an teanga a bhíonn ag fás agus ag forbairt le linn na foghlama. Tá difríochtaí idir an chaint nádúrtha thuas agus idirtheanga an pháiste. Go hiondúil bíonn gramadach na cainte nádúrtha cruinn go leor ach ní bhíonn comhréir na hidirtheanga ceart i gcónaí. Nuair a bhíonn cluiche nó tasc cumarsáideach ar siúl úsáideann an páiste an teanga a bhíonn ar a c(h)umas ag an am, agus má bhíonn an teachtaireacht soiléir ní cheartaítear an teanga.

Na feidhmeanna teanga

Tá difríochtaí idir teanga an pháiste agus teanga an duine fhásta ach tá gánna cumarsáide acu araon. Bíonn gach duine ag iarraidh é/í féin a chur in iúl trí rudaí a rá agus trí éisteacht le daoine eile. Tugtar ‘feidhm teanga’ ar an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, mar shampla chun é/í féin a chur in aithne do dhuine eile nó chun ceist a chur air/uirthi nó chun freagra a thabhairt. Bíonn duine ag comhlíonadh feidhmeanna teanga nuair a bhíonn an chumarsáid sin ar siúl.

Is féidir feidhm amháin a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as eiseamláirí difriúla teanga, mar shampla ‘Ní maith liom borgaire!’‘Is fuath liom borgaire!’ nó ‘Tá an ghráin agam ar bhorgaire!’ Úsáidtear eiseamláirí éagsúla freisin ag brath ar chuspóir agus ar ról an chainteora agus ar an suíomh ina bhfuil sé/sí. Labhraíonn páiste le cara ar bhealach neamhfhoirmiúil cairdiúil, ach bíonn sé/sí i bhfad níos foirmiúla le duine fásta. De réir a chéile tagann na páistí isteach ar úsáid chuí na teanga, is é sin an úsáid a oireann don ócáid agus don ról atá acu sa suíomh.

Is féidir leis an bpáiste na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh ní hamháin i suímh réalaíocha sa seomra ranga ach freisin i suímh insamhlaithe, cuir i gcás i rólanna difriúla agus i ndrámaíocht. Tá roghnú an-ghinearálta déanta de na heiseamláirí teanga a bhíonn in úsáid ag páistí, agus tá liostaí feidhmeanna le fáil sa churaclam.

An Ghaeilge i gcuraclam páistelárnach

Déanann an curaclam freastal ar an bpáiste sa bhunscoil ag baint úsáide as iliomad seifteanna chun é/í a fhorbairt ina (h)iomláine, ag aithint na ndifríochtaí atá idir pháistí. Chun an freastal seo a dhéanamh tá an curaclam Gaeilge páistelárnach agus é intuigthe go mbainfear cuspóirí an churaclaim amach ag leibhéal a oireann don pháiste. Caithfear a bheith réalaíoch faoin méid a bhfuiltear ag súil leis ón bpáiste, ag cur san áireamh cúinsí ar leith an pháiste aonair agus nach ionann an éirim ó thaobh foghlaim teanga de atá ag gach páiste. Cuirtear an cineál scoile san áireamh freisin.

Cuirfear béim ar leith ar thuiscint na teanga agus ar léiriú na tuisceana sin mar chéim thábhachtach i bhfoghlaim na teanga. Ar dtús léireoidh an páiste tuiscint ar an teanga sula mbeidh sé ar a c(h)umas í a úsáid. Nuair a bheidh an múinteoir ag roghnú an ábhair theagaisc agus foghlama beidh saoirse aige/aici freastal ar ghánna uile an pháiste, ar bhealaí agus ar ráta foghlama an pháiste aonair. Beidh an t-ábhar taitneamhach chun go mbeidh dearcadh dearfach ag an bpáiste ina leith.

Dearcadh na scoile i leith na Gaeilge

Is fearr a chuirfear an curaclam Gaeilge i bhfeidhm má bhíonn an uile dhuine i bpobal na scoile báúil. Is fearr má bhíonn gach duine—an príomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta—ar aon intinn faoi chur chuige na scoile i leith na Gaeilge. Beidh siad aontaithe faoi na straitéisí a úsáidfear chun na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge. Tabharfaidh pobal uile na scoile tacaíocht dá chéile chun go bhfeicfidh na páistí gur féidir an Ghaeilge a úsáid chun labhairt faoi ghnáth-tharlúintí an lae inniu. Spreagfaidh fearas nua-aimseartha na páistí agus beidh éagsúlacht gníomhaíochtaí ar siúl. Déanfar ceangal idir saol an lae inniu agus an Ghaeilge sna tascanna agus sna gníomhaíochtaí teanga, agus bainfidh na páistí taitneamh as comhthéacsanna nua-aimseartha i bhforbairt na gceithre scil teanga.

Chomh maith leis an gceacht Gaeilge ba chóir go mbeadh atmaisféar na scoile fabhrach don Ghaeilge agus go mbeadh an teanga le feiceáil ar fhógraí agus ar pháipéarachas na scoile agus le cloisteáil ag na páistí agus í á labhairt ag na múinteoirí ina measc féin agus idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí ó am go ham. B’inmholta don scoil tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí Gaeilge an cheantair, do na féilte agus do na comórtais áitiúla agus náisiúnta, agus glacfaidh na páistí páirt ghníomhach sna himeachtaí sin nuair a fheileann sé.

Is sa bhaile, i ranganna na naíonán agus i ranganna eile na bunscoile a leagfar bunchloch dhearcadh an pháiste i leith na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha. Is mór an chabhair í tacaíocht na dtuismitheoirí chun an plean scoile a chur i gcrích. Tacaíonn an scoil le dearfacht na dtuismitheoirí go háirithe má bhíonn an fhoireann go léir ar aon fhocal faoi úsáid na Gaeilge sa scoil.

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie