Primary Schools

Ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge

Leagan amach agus struchtúr an churaclaim

Tá an curaclam Gaeilge roinnte ina dhá chuid: an t-ábhar teagaisc agus foghlama do na scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga i dtosach na cáipéise agus an t-ábhar do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ansin. Tá sé roinnte ar cheithre rang-ghrúpa: naíonáin, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6. Tá sé eagraithe faoi cheithre shnáithe:

Éisteacht

Labhairt

Léitheoireacht

Scríbhneoireacht.

Tá na snáitheanna neamhspleách ar a chéile sa churaclam, ach sa cheacht Gaeilge bíonn siad comhtháite go minic. Is iad na trí phríomh-shnáithaonad ná:
‘Ag cothú spéise’

‘Ag tuiscint teanga’

‘Ag úsáid teanga’.

Tá foramharc le fáil ar na snáitheanna agus ar na snáithaonaid sin ag tús an ábhair theagaisc agus foghlama do gach rang-ghrúpa; féach, mar shampla, leathanach 49 den churaclam. Tugtar na catagóirí feidhmeanna agus ainmneacha na dtéamaí don rang-ghrúpa sna táblaí foramhairc freisin. Sna leathanaigh a leanann na táblaí foramhairc roinntear an t-ábhar teagaisc ar na snáithaonaid agus tugtar eispéiris foghlama— tascanna, gníomhaíochtaí, cluichí teanga, scéalta, dánta agus amhráin— lenar féidir cuspóirí foghlama an ábhair sin a chomhlíonadh.

Snáitheanna an churaclaim Ghaeilge

Éisteacht

Éisteacht ghníomhach atá i gceist le héisteacht i gcomhthéacs na cumarsáide. Múintear do na páistí conas éisteacht, agus is minic a bhíonn an t-ionchur teanga sna gníomhaíochtaí éisteachta ag leibhéal níos airde ná cumas cainte an pháiste. Bíonn cuspóir faoi leith leis an éisteacht i gcónaí. Foghlaimíonn an páiste conas éisteacht go gníomhach, is é sin léiríonn an páiste go dtuigeann sé/sí an chaint trí ghníomh a dhéanamh. Is féidir leis an múinteoir aire an pháiste a dhíriú ar ghnéithe áirithe den ábhar éisteachta, agus ansin gríosaíonn sé/sí an páiste chun tuiscint a léiriú ar bhealaí éagsúla, cuir i gcás pictiúr a tharraingt nó treoracha a leanúint. De réir a chéile léiríonn an páiste a t(h)uiscint tríd an gcaint.

Cé go bhfuil béim ar scil na héisteachta, bíonn na scileanna eile i gceist freisin, agus comhtháthaítear iad ar bhealaí éagsúla sna tascanna. Bíonn béim láidir ar éisteacht sna ranganna sóisearacha. Ní gá go dtuigfeadh an páiste gach focal i gcónaí, ach uaireanta tuigeann sé/sí cuid mhaith de bhrí na cainte sin ón gcomhthéacs agus mar gheall ar na modhanna múinte a úsáidtear. Socraíonn an múinteoir cuspóir na héisteachta le ceisteanna réamhéisteachta, ach uaireanta ní chuirtear aon cheist agus éisteann an páiste le hábhar taitneamhach ar son pléisiúir amháin.

Labhairt

Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam Gaeilge go mbeidh an páiste in ann Gaeilge a labhairt ar fhágáil na bunscoile dó/di fiú mura bhfuil ann ach labhairt go simplí. Roghnóidh múinteoirí na ranganna go léir na feidhmeanna teanga atá riachtanach don pháiste chun a c(h)uid mianta a chur in iúl agus chun a c(h)uid riachtanas teanga a chomhlíonadh ag leibhéal a oireann dá (h)aois.

LabhairtDéantar na scileanna eile, go háirithe éisteacht, a chomhtháthú le labhairt i dtascanna agus i ngníomhaíochtaí a mbeidh cuspóir cinnte leo. Sna scoileanna ina múintear an Ghaeilge mar dhara teanga (scoileanna T2) bíonn cumarsáid ar siúl sna ceachtanna Gaeilge agus le linn úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil. Luann an curaclam na bealaí a thugann seans don pháiste an Ghaeilge a labhairt, agus feictear é seo i roinn 5 de na treoirlínte seo. Mar shampla, tugtar deis don pháiste labhairt go simplí faoi/fúithi féin, faoi na topaicí a bhfuil spéis aige/aici féin iontu—a m(h)uintir, a c(h)airde agus a c(h)uid mianta. Cuirtear ar a c(h)umas cabhair agus soiléiriú a lorg nuair nach bhfuil an focal nó an frása ceart aige/aici. Múintear dó/di conas tús a chur le comhrá agus conas tuairimí simplí a nochtadh. Glacann sé/sí páirt i dtascanna teanga, i gcluichí cainte agus in imirt i rólanna agus faigheann sé/sí cleachtadh i gcomhair na cumarsáide sna gníomhaíochtaí sin mar gurb í seo an tslí is taitneamhaí chun an teanga a fhoghlaim.

I scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge bíonn fíorchumarsáid ar siúl sna ceachtanna go léir mar go n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga theagaisc. Bíonn deiseanna breise ag an bpáiste sna scoileanna sin plé agus díospóireacht a dhéanamh, páirt a ghlacadh in agallaimh bheirte agus seiftiú a chur ar siúl. Bíonn sé/sí in ann comhrá a stiúradh, an topaic a roghnú, tús a chur leis an idirghníomhú agus í a chríochnú.

Léitheoireacht

Faigheann an páiste léargas eile ar an saol trí mheán na léitheoireachta, agus is cuid an-tábhachtach den eispéaras foghlama í. Cé gur scil ghabhchumais í an léitheoireacht go bunúsach ní hionann sin agus a rá nach mbíonn an páiste gníomhach sa phróiseas. Bíonn sé/sí ag iarraidh ciall a bhaint as an téacs agus é/í i mbun léitheoireachta. Léann sé/sí téacsanna faoi ábhair a bhaineann lena s(h)aol: scéalta, rainn, dánta, téacs na n-amhrán, nótaí agus cártaí ócáide. Is féidir ceangal a dhéanamh le feasacht cultúir tríd an léitheoireacht.

De ghnáth ní thosófar ar léitheoireacht na Gaeilge go foirmiúil roimh rang 2 i scoileanna T2. Moltar gan tosú ar léitheoireacht fhoirmiúil sa dá theanga ag an am céanna i scoileanna lán- Ghaeilge agus Gaeltachta. Moltar gan tosú ar léitheoireacht na Gaeilge sula mbíonn bonn maith faoi chumas tuisceana agus cainte an pháiste. Roimh thosú ar an léitheoireacht fhoirmiúil treisítear scileanna éisteachta agus labhartha an pháiste. Éisteann sé/sí leis an múinteoir ag léamh os ard nó le taifeadadh de scéal as leabhair oiriúnacha. Imríonn na páistí beaga cluichí léitheoireachta, atá luaite sa churaclam, chun iad a ullmhú don léitheoireacht fhoirmiúil. Bíonn an bhéim ar cheol agus ar rithim na cainte ó bheith ag éisteacht le scéalta agus ag aithris rann agus amhrán.

Labhraíonn an múinteoir leis na páistí faoina muintir, a bpeataí agus a saol laethúil. Cabhraíonn sé/sí leo scéal beag a insint faoina saol féin agus éisteacht le scéalta na bpáistí eile. Léann sé/sí scéalta dóibh agus cabhraíonn sé sin leo brí a bhaint as an saol, cé nach mbeidh siad in ann é sin a phlé as Gaeilge go fóill. Ar an mbealach sin leagtar bunchloch d’fhorbairt litearthacht an pháiste.

Scríbhneoireacht

Is ar thuiscint agus ar labhairt na Gaeilge atá an phríomhbhéim sa churaclam Gaeilge, ach chun cumarsáid iomlán a dhéanamh beidh na páistí in ann a gcuid smaointe a bhreacadh síos i bhfoirm scríofa chomh maith, agus beidh páistí eile in ann iad a léamh.

Is gníomhaíocht chumarsáideach í an scríbhneoireacht, agus chun go dtuigfeadh na páistí é sin bíonn siad ag obair ina ngrúpaí agus ina mbeirteanna ag scríobh nótaí beaga nó teachtaireachtaí agus scéalta chun a chéile. Scil ghinchumais í an scríbhneoireacht, agus is eispéaras sásaimh do na páistí é an scríbhneoireacht ranga nuair a roinneann siad a gcuid smaointe ar a chéile.

Bíonn comhtháthú le labhairt na teanga agus le scil na héisteachta go háirithe san obair seo, sa phlé agus san athdhréachtú a leanann é. Tosaítear le scileanna ealaíne agus scrábadh an pháiste agus le hiarrachtaí luatha an pháiste chun é/í féin a chur in iúl tríd an scríbhneoireacht.

Sna meánranganna agus sna hardranganna bíonn béim ar théacsanna gairide atá gaolmhar do shaol an pháiste agus in oiriúint dá (h)aois. Beidh idirdhealú á dhéanamh freisin idir na cineálacha téacs:

  • scríbhneoireacht fheidhmiúil
    lipéad do phictiúr nó do scéal
    nóta, litir ríomhphoist
    tuairisc, cur síos
  • scríbhneoireacht chruthaitheach
    scéal, scéal grinn, tomhas
    cluichí don ríomhaire
    téacs scéil don ríomhaire, go
    mór mór sna scoileanna lán-
    Ghaeilge agus Gaeltachta.

Comhtháthú na snáitheanna

Cé go bhfuil cur síos ar na snáitheanna Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht ceann i ndiaidh a chéile sa churaclam, is ar bhealach comhtháite a mhúintear iad sna ceachtanna Gaeilge. Mar shampla, sa ghníomhaíocht ‘Tarraing an pictiúr’ is féidir le páiste amháin na treoracha a léamh os ard nó a thabhairt ó bhéal in obair bheirte, fad is atá an páiste eile ag éisteacht agus ag tarraingt. Is léir go bhfuil labhairt, léitheoireacht agus éisteacht ar siúl le chéile sa ghníomhaíocht sin. Is cuid den scríbhneoireacht í an tarraingt do pháistí óga, agus mar sin tá na ceithre scil comhtháite. Léifidh páiste fógra a scríobhadh don pháipéar nuachta, agus scríobhfaidh sé/sí litir nó cuirfidh sé/sí glao gutháin mar fhreagra. Is léir mar sin gur féidir na scileanna teanga a chomhtháthú go minic sna ceachtanna Gaeilge agus sna rang-ghrúpaí difriúla.

Na snáithaonaid

‘Ag cothú spéise’

Scríbhneoireacht an pháiste bhigIs féidir leis an múinteoir spéis an pháiste a chothú tríd an snáithaonad seo, pé acu ag éisteacht, ag labhairt, ag léamh nó ag scríobh a bhíonn sé/sí. Is é an sprioc atá leis an snáithaonad seo ná an páiste a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus chun taitneamh a bhaint aisti. Bíonn an cothú spéise seo ar siúl i rith an cheachta go léir agus go tánaisteach ag amanna eile. Ag tús an cheachta cuireann an múinteoir ceisteanna agus toghann sé/sí gníomhaíocht nó cluiche chun suim an pháiste a spreagadh sa topaic. Cothaíonn sé/sí spéis an pháiste ansin i rith an cheachta má bhíonn an t-ábhar foghlama taobh istigh de réimse spéise agus taithí an pháiste, simplí ó thaobh na teanga de, agus spreagúil ó thaobh na ngníomhaíochtaí de.

‘Ag tuiscint teanga’

Sa snáithaonad seo léiríonn na páistí ar bhealach éigin go dtuigeann siad an méid a chuala siad nó a léigh siad. Mar a léireofar ar ball, beidh an snáithaonad seo mar dhlúthchuid de thús an cheachta. Cruthóidh an múinteoir suímh agus comhthéacsanna ina léireoidh na páistí a dtuiscint tríd an idirghníomhaíocht a bhíonn ar siúl. Beidh tuiscint i gceist go háirithe sna freagraí a thabharfaidh an páiste nuair a bhíonn cumarsáid ar siúl.

‘Ag úsáid teanga’

Is ionann úsáid na teanga agus cumarsáid a bheith ar siúl sna hidirghníomhaíochtaí éisteachta nó labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a bhíonn ar siúl ag an bpáiste. Is sa snáithaonad seo a thaispeánfaidh an páiste cumas sa teanga. Tá cuid mhaith gníomhaíochtaí luaite i gceachtanna samplacha i roinn 5 (Forbairt na cumarsáide) de na treoirlínte seo a chabhróidh leis an bpáiste a c(h)umas cumarsáide a fhorbairt.

‘Cumas agus muinín, samhlaíocht agus mothúcháin’

Beidh sé tábhachtach deis a thabhairt do na páistí i ngach cineál scoile a bheith chomh muiníneach agus is féidir as a gcumas Gaeilge. Sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bíonn an múinteoir ag súil le breis cumais agus muiníne a chabhróidh leis an bpáiste tabhairt faoi ábhar éisteachta agus labhartha níos dúshlánaí ar na meáin agus sa timpeallacht. Is fearr a léiríonnan páiste sin a m(h)uinín chun tabhairt faoi ábhar cainte agus chun an comhrá a oscailt, a stiúradh agus a dhúnadh.

I ngach cineál scoile léann an múinteoir scéalta agus dánta a théann chun sochair d’fhorbairt shamhlaíoch agus mhothúchánach an pháiste. Spreagtar an páiste chun páirt a ghlacadh i ndrámaíocht chruthaitheach agus i seiftiú, ag brath ar a c(h)umas teanga, agus is sna réimsí seo a gheobhaidh sé/sí scóip dá c(h)uid samhlaíochta.

Tá dhá ghné eile an-tábhachtach i múineadh, agus foghlaim teangacha: feasacht teanga, agus feasacht cultúir.

Feasacht teanga

Is é is brí le feasacht teanga ná aire an pháiste a dhíriú ar an teanga agus ar struchtúir nó ar phatrúin éagsúla inti, ar phatrúin sa Ghaeilge féin agus ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí atá idir an Ghaeilge agus an Béarla agus teangacha eile. Mar sin is féidir géarchúis an pháiste i leith na teanga a dhúiseacht agus é/í a spreagadh chun smaoineamh níos doimhne fúithi.

Spreagfaidh an múinteoir na páistí le ceisteanna ar ghnéithe éagsúla den teanga agus de theangacha eile: ord na bhfocal san abairt Ghaeilge, go háirithe áit an bhriathair, agus ord an ainmfhocail agus na haidiachta. Tá focail Bhéarla agus focail iasachta sa Ghaeilge agus focail Ghaeilge i mBéarla na hÉireann ar féidir tagairt a dhéanamh dóibh agus iad a thabhairt faoi deara nuair a sheoltar isteach sa chaint iad. Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste an Ghaeilge thart timpeall air/uirthi i logainmneacha agus i sloinnte na ndaoine a thuiscint agus a bheith bródúil astu. Sa bhreis air sin is féidir díriú ar an nGaeilge mar a labhraítear í sa Ghaeltacht.

Feasacht cultúir

Is í an Ghaeilge an ghné is sainiúla den chultúr Gaelach, ach tá tábhacht faoi leith freisin ag baint le gnéithe d’fheasacht cultúir na hÉireann nach mbaineann go díreach leis an teanga. Is féidir an dá ghné a chur i láthair an pháiste sa bhunscoil. B’inmholta an rud é na páistí a ghríosú chun páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaelacha taobh amuigh agus taobh istigh den scoil: cluichí, damhsaí, ceol agus an drámaíocht. Cuirfear san áireamh oidhreacht na tíre, idir nádúrtha agus tógtha, agus cultúr comhaimseartha na hÉireann, a bhaineann le saol an pháiste i ngach cineál scoile. Sa tslí seo tugtar comhthéacs níos leithne agus níos réalaíche do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge.

Cineálacha scoileanna

B’inmholta an rud é páistí a ghríosú chun páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrthaFéachann an curaclam le freastal a dhéanamh ar thrí chineál scoile: scoileanna na Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge, agus na scoileanna ina múintear an Ghaeilge mar dhara teanga. Sa Ghaeltacht agus sna scoileanna lán-Ghaeilge beidh an Ghaeilge in úsáid ar fud an churaclaim mar theanga theagaisc agus mar mheán cumarsáide. Sna scoileanna eile (T2) bíonn an múinteoir ag iarraidh cumarsáid a chur ar siúl sa cheacht Gaeilge trí roghnú tascanna agus cluichí teanga a chruthóidh gá d’úsáid na teanga. Bíonn cumarsáid ar siúl freisin in úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil i rith an lae. Déanann an fhoireann iarracht atmaisféar fabhrach don teanga a chruthú sa scoil agus sa seomra ranga, mar má bhaineann an páiste taitneamh as an gceacht agus má bhíonn sé/sí saor ó bhrú agus ó strus is fearr a fhoghlaimeoidh sé/sí an Ghaeilge.

Cur chuige cumarsáideach

Déantar iarracht sa cheacht Gaeilge cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt ar chontanam ó ionchur theanga an mhúinteora go dtí idirghníomhú sóisialta an pháiste. Roinntear an ceacht ar thrí thréimhse teagaisc agus foghlama:

  • an tréimhse réamhchumarsáide
  • an tréimhse cumarsáide
  • an tréimhse iarchumarsáide.

Ciallaíonn ‘réamhchumarsáid’ go bhfuil an teanga socraithe cuid mhaith ag an múinteoir ach go bhfuil sé/sí ag iarraidh an páiste a réiteach chun na cumarsáide. Bíonn ceangal díreach idir an teanga a mhúintear sa tréimhse seo agus an teanga a bhíonn le húsáid ag an bpáiste sa chéad tréimhse eile, an tréimhse cumarsáide. Téann an múinteoir araghaidh chomh tapa agus is féidir go dtí an tréimhse cumarsáide chun go bhfeicfidh an páiste gur féidir úsáid a bhaint as an teanga. Is féidir tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh sa tréimhse iarchumarsáide más gá.

Ag tús an cheachta is féidir leis an múinteoir an t-ionchur teanga a dhéanamh taitneamhach agus spreagúil le gníomhaíochtaí nó cluiche. Ní gá don mhúinteoir a bheith ag déanamh na cainte go léir, fiú sa tréimhse seo. Déantar gníomhaíochtaí freisin cosúil leis na cinn a bhí ar siúl riamh sa cheacht teanga—foghlaim foclóra nua trí scéal, trí agallamh taifeadta nó i bhfoirm dráma agus trí imirt cluichí struchtúrtha. Is iondúil go mbíonn an tréimhse réamhchumarsáide ag tús an cheachta, ach ar ndóigh b’fhéidir go gcaithfeadh an múinteoir ionchur teanga a dhéanamh go minic i rith an cheachta. Tá modhanna múinte difriúla ann, agus moltar gan cloí le haon cheann amháin ach éagsúlacht a bheith sa chaoi a dtugann an múinteoir faoi na ceachtanna. Is féidir leis an múinteoir an modh díreach le bréagáin nó an modh closlabhartha le téip nó scéal le pictiúir a úsáid chun an t-ábhar nua a mhúineadh do na páistí.

Ansin, gan rómhoill, cruthaíonn an múinteoir gá le húsáid na teanga chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt agus chun seans a thabhairt dó/di teanga nua a chruthú dó/di féin. Déantar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáide—tascanna, fadhbanna le réiteach, cluichí cumarsáide, bearna a líonadh in agallamh taifeadta, imirt i rólanna, déanamh drámaí agus ábhar eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Nuair a bhíonn an páiste tar éis bheith ag éisteacht agus ag labhairt le páiste nó le páistí eile i rith na tréimhse cumarsáide, tugtar seans dó/di dul siar ar theanga an cheachta trí ghníomhaíochtaí iarchumarsáide. Déantar anailís ar an teanga i gceacht ar fheasacht teanga, cleachtaítear gramadach a bheadh úsáideach arís, déantar tasc eile chun traschur scileanna agus eolais a thaispeáint, úsáidtear an teanga chéanna i suíomh nua, cantar amhrán nó tugtar tomhas ina bhfuil cuid den teanga chéanna.

Níl sna liostaí gníomhaíochtaí a mholtar anseo ach samplaí, agus taispeántar conas ceann nó dhó acu a fhí isteach i gceacht amháin sna ceachtanna samplacha i roinn 5 (Forbairt na cumarsáide) de na treoirlínte seo.

Déantar cur síos ar shaintréithe gach tréimhse foghlama agus ar na modhanna múinte agus na straitéisí foghlama is fearr a fheileann do gach ceann acu i bhfráma tagartha ar leathanach 63. Is féidir iad a léiriú ar chontanam cumarsáide, mar atá thíos; ach cé go bhfuil siad léirithe i gcontanam leanúnach anseo ní gá go mbeadh na trí thréimhse ar siúl as a chéile gach lá.

Forbairt na cumarsáide

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie