Primary Schools

Ábhar: ranganna naíonán (T1)

Snáithe: Éisteacht

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga chumarsáide an ranga agus na scoile

  • éisteacht le cuairteoirí chuig an rang
    ag beannú, ag tabhairt teachtaireachtaí

  • éisteacht le hábhar tarraingteach agus é a thuiscint ag leibhéal bunúsach
    rainn thaitneamhacha, scéalta,
    gníomhamhráin, amhráin saothair


  • éisteacht le guthanna eile chomh maith leis an múinteoir
    téipeanna éisteachta, dlúthcheirníní
    scéalta áitiúla dúchasacha agus
    idirnáisiúnta
    teilifís, físeáin
    cláir le puipéid, cartúin
    sceitsí gearra


  • rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar éisteachta.

Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • éisteacht leis an nGaeilge á labhairt i rith an lae go léir agus éisteacht le frásaí faoi leith a úsáidtear go rialta
    ag dul amach ag am lóin
    ‘Cé leis an bosca lóin seo?’
    ag teacht isteach
    ‘Is féidir libh suí síos. Tógaigí amach …
    Cuirigí isteach …’


  • éisteacht go muiníneach agus cabhair a fháil ó leideanna éagsúla
    geáitsí: na méara, an ceann, na súile
    tuin: ceisteanna nó léiriú mothúchán


  • cluichí éisteachta a imirt
    éisteacht agus aithint nó taispeáint
    éisteacht agus aimsiú
    cur síos ar dhuine nó rud agus é a aimsiú i
    bpictiúr
    éisteacht agus meaitseáil
    snap agus bingo le pictiúir


  • éisteacht agus treoracha an mhúinteora a leanúint
    éisteacht agus dathú
    éisteacht agus tarraingt
    deir Ó Grádaigh
    ‘Sín amach do lámh’
    gluaiseacht le ceol
    na méara, na lámha, na cosa

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • éisteacht le treoracha ón múinteoir agus mím a dhéanamh chun na mothúcháin a léiriú
    eagla, fearg, áthas, brón, grá, fuacht, teas

  • éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
    scéalta gearra traidisiúnta
    rainn dhúchasacha le blas an cheantair
    Ghaeltachta
    amhráin Ghaeilge
    Oíche Shamhna
    traidisiúin na háite
    Lá Fhéile Pádraig.

Snáithe: Labhairt

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tabhairt faoi labhairt na Gaeilge i rith an lae sa rang agus ar fud na scoile chun gnáthriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh
    caidreamh sóisialta a dhéanamh
    beannú, slán, aird a lorg, glaoch ar
    dhuine,
    buíochas a ghabháil
    frásaí faoi leith ag am lóin, am rolla, ag
    teacht isteach ar maidin, ag dul abhaile
    tráthnóna


  • an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
    rainn agus rímeanna ón traidisiún
    daoine a roghnú i gcomhair cluichí
    rainn scipeála
    Oíche Shamhna
    an chailleach, hata, clóca, scuab
    tumadh don úll
    guí nuair a ligtear sraoth
    ‘Dia linn!’

Is féidir spéis na bpáistí a chothú freisin trí rainn, amhráin, sceitsí agus drámaí. Féach Ag úsáid teanga: Samhlaíocht agus mothúcháin thíos.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • úsáid a bhaint as geáitsí agus tuin na cainte chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach
    an ceann a chroitheadh, a chlaonadh
    mar fhreagra ar cheist dhiúltach nó
    dhearfach
    méara a úsáid
    i gcomhair uimhreacha
    chun rud a thaispeáint
    tuin i gceisteanna agus i bhfreagraí
    Mise? (suas). Is ea, tusa! (anuas)


  • nuacht shimplí a thabhairt
    ag tarraingt ar thaithí phearsanta
    tarlúintí sa bhaile agus go háitiúil


  • sainfhoclóir na dtéamaí a úsáid le cabhair áiseanna mar phictiúir, bréagáin agus ábhar dílis

  • focail fhrithchiallacha a thomhas le mím
    beag, mór, fuar, te, lán, folamh, fada, gearr,
    bog, crua, sean, óg, gortaithe, lúfar


  • cluichí teanga a imirt
    aithint agus labhairt
    ‘Cé mise?’
    aimsiú agus labhairt
    ‘Feicim le mo shúilín’
    aimsiú na ndifríochtaí
    difríochtaí móra idir dhá phictiúr shimplí
    meaitseáil agus labhairt
    snap!
    pictiúir a chur in ord agus scéal a chumadh
    gníomhú agus labhairt
    mím agus tomhas ó dhaoine eile
    liostú
    éadaí, bréagáin, sceanra, gréithe
    ‘Faigh an focal corr’


  • abairtí a chumadh agus abairtí simplí a cheangal trí úsáid a bhaint as focail cheanglaitheacha
    agus, nó, ach

  • daoine agus rudaí a chomhaireamh

  • páirt a ghlacadh i gcleachtaí teanga agus foghraíochta a chabhraíonn leis an líofacht
    rainn, focail sheafóideacha, rabhlóga ansimplí

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • caint faoi mhothúcháin agus faoi mhianta
    breith linbh, lá breithe, saoire

  • rainn le hathrá agus rithim chinnte a aithris

  • amhráin a chanadh
    gníomhamhráin, amhráin saothair le curfá

  • scéalta aitheanta a chloisteáil agus páirt a ghlacadh san athrá nó i ndrámaí simplí bunaithe orthu
    ‘an Buachaillín Sinséir’, ‘an Tornapa Mór’,
    ‘Cochaillín Dearg’


  • súgradh agus spraoi leis an teanga
    fuaimeanna ón timpeallacht áitiúil a aithint
    agus a athchruthú
    ‘Deir an bhó … deir an chaora ...’


  • rólghlacadh a chleachtadh ag leibhéil shimplí i suímh shamhlaíocha
    sa bhaile, ar scoil, sa bhialann, sa siopa.

Snáithe: Léitheoireacht

Snáithaonad: Ag cothú fonn léitheoireachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht le scéalta agus dánta tarraingteacha á léamh os ard ag an múinteoir

  • feidhmiú mar léitheoir trí leabhair a láimhseáil agus féachaint tríothu
    pictiúrleabhair, cartúin, páipéir ghrinn

  • taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga, agus a thuiscint go bhfuil brí leis
    fógraí sa seomra ranga
    lipéid le haghaidh rudaí sa seomra ranga
    lipéid ar shaothair ealaíne.

Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • a thuiscint gur gníomhaíocht í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile

  • a thuiscint go bhfuil teachtaireacht i dtéacs

  • stór de ghnáthfhocail inléite a chur le chéile óna t(h)aithí ar théacs sa timpeallacht agus ar leabhair

  • a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint
    mím, ceisteanna, freagraí

  • an téarmaíocht ar leith a bhaineann le léitheoireacht agus le leabhair a chloisteáil agus a thuiscint
    ‘Féach/amharc ar an bpictiúr ar leathanach
    a dó!’
    teideal, clúdach, leathanach, líne, focal
    clé/deas, barr/bun, tús/deireadh


  • téacs a aithint ón leagan amach
    ticéad, leabhar, cartún, cárta lá breithe

  • clár cuimsitheach réamhléitheoireachta a leanúint
    pictiúrleabhair
    cluichí meaitseála
    pictiúr le pictiúr
    pictiúr le pictiúr agus focal
    focal le focal
    pictiúir a chur in ord
    luaschártaí
    frásachártaí, abairtchártaí


  • cumas géaréisteachta i leith fuaimeanna na Gaeilge a chothú
    túslitreacha
    b-ord, b-uachaill, b-osca
    an chuid d’fhocal a dhéanann rím leis an
    gcuid chéanna d’fhocail eile
    b-án, l-án, sl-án


  • aird a dhíriú ar na fuaimeanna difriúla atá ag gutaí gearra agus ag gutaí fada i bhfocail
    na—ná, do—dó, muc—múch, le—mé, i—í

  • an ceangal idir na fuaimeanna agus litreacha scríofa a aithint

  • litreacha na haibítre a aithint agus a ainmniú.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • a (h)ainm féin a aithint agus a léamh

  • léitheoireacht a chleachtadh trí ‘leabhair mhóra’ a léamh in éineacht leis an múinteoir

  • léamh i gcomhpháirt le duine eile
    páiste eile, an múinteoir, tuismitheoir

  • páirt a ghlacadh i gcluichí léitheoireachta
    snap, dúradáin

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • éisteacht le scéalta agus rainn shimplí á léamh ag an múinteoir

  • ábhar simplí samhlaíoch léitheoireachta a léamh
    pictiúir, scéal simplí, rann,
    sraith pictiúr ag insint scéil


  • léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
    cártaí d’ócáidí áirithe a aithint ó na pictiúir
    Lá Fhéile Pádraig
    an Nollaig
    Lá Fhéile Vailintín.

Snáithe: Scríbhneoireacht

Snáithaonad: Ag cothú fonn scríbhneoireachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • a thuiscint gur féidir cumarsáid a dhéanamh trí phictiúir a tharraingt agus trí mheán na scríbhneoireachta

  • taithí a fháil ar réimse leathan téacsanna sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga
    leabhair shimplí
    lipéid ar rudaí sa seomra ranga
    póstaeir


  • taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
    obair an pháiste ar taispeáint

  • aischothú dearfach a fháil ar obair phearsanta
    ón múinteoir, ó pháistí eile, ó chuairteoirí

  • an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • tuiscint a fháil ar ‘clé/deas’ agus ar ‘barr/bun’
    scrábadh, patrún a leanúint agus a
    chríochnú


  • cabhair a lorg ón múinteoir

  • cleachtaí peannaireachta a dhéanamh le huirlisí scríbhneoireachta
    suí i gceart
    greim sásúil ar uirlisí scríbhneoireachta a
    fhorbairt
    litirphatrúin ar pháipéar agus i ngaineamh
    litreacha, uimhreacha agus focail


  • na litreacha aonair a ainmniú agus cabhair a fháil chun iad a scríobh
    litreacha réamhdhéanta, marla, gaineamh

  • scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
    é/í féin, múinteoir, páistí eile, an teaghlach,
    cuairteoirí


  • a (h)ainm féin a scríobh

  • lipéid, comharthaí agus fógraí a chóipeáil agus a scríobh
    don bhord dúlra, ón timpeallacht, ainm na
    scoile


  • cleachtaí a bhaineann le tús na scríbhneoireachta a dhéanamh
    ag meaitseáil abairt le pictiúr agus á scríobh
    ag cumadh abairtí as focalchártaí nó as
    frásachártaí agus á scríobh


  • liosta focal a scríobh
    liosta siopadóireachta
    bréagáin don Nollaig


  • tuiscint a fháil ar cheannlitreacha, ar chás beag agus ar an lánstad

  • abairtí a chóipeáil, a iomlánú agus a scríobh
    focal in easnamh ó abairt iomlán
    bolgáin chainte a líonadh


  • nuacht shimplí a chóipeáil agus a scríobh

  • scríobh faoi phictiúir
    lipéid, abairtí a chóipeáil

  • scríbhneoireacht fheidhmiúil a chleachtadh agus cumarsáid a dhéanamh
    cártaí d’ócáidí áirithe a chóipeáil

  • focail a scríobh ó chuimhne

  • tús a chur le litriú focal simplí

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • pictiúir a tharraingt de rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leis/léi agus lipéid a chur orthu

  • pictiúir a tharraingt a léiríonn mothúcháin agus na céadfaí agus lipéid a chur orthu
    áthas, brón, grá
    radharc, éisteacht, tart, fuacht


  • scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
    Oíche Shamhna
    pictiúir agus lipéid dóibh.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie