Primary Schools

Pleanáil: Curaclam na Gaeilge - ranganna naíonán

Leagan amach agus struchtúr

Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge leagtha amach ina shnáitheanna agus ina shnáithaonaid chun cabhrú le múinteoirí a gcuid oibre a phleanáil. Tugtar samplaí d’eispéiris foghlama sna snáithaonaid ach is féidir cinn eile a fheileann don pháiste agus do chúinsí na scoile a roghnú freisin. Chomh maith leis na snáitheanna agus na snáithaonaid tugtar foramharc ar na feidhmeanna teanga agus ar na téamaí.

Is iad snáitheanna an churaclaim do ranganna na naíonán ná Éisteacht agus Labhairt. Mar dhlúthchuid de na snáitheanna sin tá snáithaonad dar teideal ‘Ag cothú spéise’. Ní hé atá i gceist go múinfí ceacht dar teideal ‘Ag cothú spéise’ ach go gcothófaí spéis i ngach gné de mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge: go neamhfhoirmiúil (an úsáid a bhainfí as an nGaeilge i ngnáthchaint an lae) agus sa teagasc.

Tá dhá shnáithaonad eile ann, ‘Ag tuiscint teanga’ agus ‘Ag úsáid teanga’. Ag tús na foghlama is leor gníomh nó mím a dhéanamh nó pictiúr a tharraingt nó a dhathú mar léiriú ar thuiscint nó ar éisteacht. De réir a chéile lorgófar úsáid na teanga (freagra labhartha) chomh maith. Pé gné den churaclam atá idir lámha ba chóir go gcothófaí dearcadh dearfach sa pháiste, go mbainfeadh sé/sí taitneamh as an nGaeilge, agus go spreagfaí é/í le hí a úsáid.

Tá dlúthcheangal idir na gníomhaíochtaí a luaitear sna snáithaonaid, na feidhmeanna teanga agus na téamaí. Baintear úsáid as na gníomhaíochtaí sin chun na heiseamláirí a mhúineadh i gcomhthéacs na dtéamaí.

Clár cothrom éagsúil leanúnach

Ba chóir eispéiris foghlama a chur ar fáil do na páistí le go mbeidh cothromaíocht idir Éisteacht agus Labhairt. Ba chóir féachaint chuige freisin go mbeidh gníomhaíochtaí éagsúla agus tascanna simplí le déanamh ag na páistí ag an leibhéal seo. Ag leibhéal na naíonán beidh an bhéim ar éisteacht agus ar thuiscint, ar an teanga labhartha, ar rainn, ar ghníomhamhráin, ar scéalta, ar sceitsí gearra agus ar chluichí simplí.

Chun deimhin a dhéanamh den leanúnachas ó rang go rang beidh sé mar aidhm ag an múinteoir féachaint chuige nach mbeidh aon bhearnaí in eispéireas teanga an pháiste.

Cur chuige comhtháite

Cé gur snáitheanna difriúla iad Éisteacht agus Labhairt, déanfar iad a chomhtháthú lena chéile chomh minic agus is féidir. Chomh maith leis sin déanfar comhtháthú le hábhair eile anois is arís trí na téarmaí Gaeilge a úsáid, trí na páistí a mholadh agus trí threoracha a thabhairt i rith na gceachtanna. Moltar an Ghaeilge a úsáid mar theanga theagaisc i snáitheanna de na hábhair eile. Tugtar cúpla smaoineamh ag bun gach snáithe chun cabhrú leis an múinteoir an comhtháthú seo a dhéanamh.

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie