Primary Schools

Ábhar: Curaclam na Gaeilge - ranganna naíonán

Snáithe: Éisteacht

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

go neamhfhoirmiúil

  • éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach mar theanga chaidrimh agus bhainisteoireachta
    sa rang, sa scoil
    sa bhaile (TG4)

sa teagasc

  • éisteacht le daoine eile chomh maith leis an múinteoir, cé nach dtuigfeadh sé/sí gach focal b’fhéidir
    cláir oiriúnacha ar TG4
    puipéid ag caint le chéile
    masc á dhéanamh le treoracha simplí
    téipeanna éisteachta nó dlúthcheirníní
    scéalta gearra taifeadta le maisíochtaí
    fuaime

  • éisteacht gan bhrú le hábhar tarraingteach
    rainn
    ‘Buail ar an doras is féach isteach’
    ‘Taidhgín Turcaí’
    scéalta idirnáisiúnta nó dúchasacha
    ‘Cochaillín Dearg’, ‘Na Trí Mhuc’
    gníomhamhráin bhríomhara leis na
    gníomhartha
    ‘Brú is fáisc’, ‘Nigh na héadaí’.


Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go rialta gach lá chun frásaí faoi leith a dhaingniú
    ag dul amach ag am lóin
    ‘Seasaigí le chéile!’
    ag teacht isteach
    ‘Suígí síos anois!’
    moladh
    ‘Maith thú! Maith an cailín/buachaill!’

  • éisteacht le cainteoir agus cabhair a fháil ó leideanna éagsúla
    geáitsí
    taispeáint leis na méara
    an ceann a chroitheadh nó a chlaonadh
    tuin na cainte
    ceisteanna
    mothúcháin

  • cluichí éisteachta a imirt agus gníomhaíochtaí simplí a dhéanamh
    éisteacht agus aithint nó taispeáint
    cuntas ar phictiúr, méar a chur air
    éisteacht agus aimsiú
    cuntas a chloisteáil, rud a phiocadh amach
    éisteacht agus meaitseáil
    pictiúr, agus pictiúr agus focal

  • éisteacht agus leanúint treoracha
    éisteacht agus dathú
    ‘Cuir dath dearg ar an doras.’
    éisteacht agus tarraingt
    ‘Tarraing teach.’
    ‘Tarraing an fhuinneog.’
    deir Ó Grádaigh
    gluaiseacht le ceol
    ‘Sín amach do lámh chlé.’
    ‘Ardaigh do lámh dheas.

  • éisteacht le treoracha ón múinteoir agus na mothúcháin a léiriú le mím nó le pictiúr
    áthas, brón.

Comhtháthú le hábhair eile
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht
Ceol: Amhráin Ghaeilge


Snáithe: Labhairt

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

go neamhfhoirmiúil

  • tabhairt faoi labhairt na Gaeilge
    caidreamh sóisialta a dhéanamh
    ‘Dia is Muire duit!’
    ócáidí rialta i rith an lae a úsáid chun
    cumarsáid shimplí a dhéanamh
    am lóin
    am rolla
    ag teacht isteach ar maidin
    ‘Tá sé fuar!’
    ‘Tá mé mall, tá brón orm!’
    ag dul abhaile tráthnóna
    (‘Cé leis an cóta seo?’) ‘Is liomsa é.’
    ‘Slán agat, a mhúinteoir!’

sa teagasc

  • rainn le hathrá a aithris
    ‘Is maith liom bainne’
    ‘Damhán alla’

  • amhráin a chanadh
    gníomhamhráin, amhráin saothair
    ‘Buail do bhosa, buail do bhosa’
    ‘Tá mise ag rolladh na cré’

  • scéalta aitheanta a chloisteáil agus páirt a ghlacadh san athrá nó i ndrámaí simplí bunaithe orthu
    An Chircín Bheag Rua
    ‘Ní dhéanfaidh mise é.’
    ‘Déanfaidh mé féin é,’ arsa an Chircín
    Bheag Rua

  • an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
    Oíche Shamhna
    an chailleach, hata, clóca, scuab
    guí nuair a ligtear sraoth
    ‘Dia linn!’


Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • úsáid a bhaint as geáitsí agus tuin na
    cainte chun cabhrú le cumarsáid a
    dhéanamh
    an ceann a chroitheadh nó a chlaonadh mar
    fhreagra ar cheist
    méara a úsáid
    i gcomhair uimhreacha
    chun rud a thaispeáint
    tuin i gceisteanna
    ‘Mise?’

  • nuacht shimplí phearsanta a thabhairt
    faoin am atá thart
    ‘Chonaic mé carr, daoine, cat, madra, ar
    maidin.’
    ‘Fuair mé leoraí do mo lá breithe.’

  • scéalta gearra a insint ag úsáid sraith
    briathra
    Chuaigh mé abhaile. D’ith mé mo dhinnéar.
    Bhí mé ag súgradh le Brian. Bhí mé ag
    féachaint ar an teilifís.’

  • sainfhoclóir na dtéamaí a úsáid i
    gcomhthéacs le cabhair áiseanna mar
    phictiúir, bhréagáin, ábhar dílis
  • focail fhrithchiallacha a úsáid
    fada, gearr, beag, mór, fuar, te, lán, folamh
  • rólghlacadh a chleachtadh ag leibhéil
    shimplí
    sa bhaile, sa scoil, sa bhialann, sa siopa
  • cluichí teanga a imirt
    aithint
    ‘Cé mise?’
    aimsiú
    ‘Feicim le mo shúilín’
    meaitseáil
    ‘Snap!’
    liostú
    Chuaigh mé go dtí an siopa, cheannaigh mé milseáin, bainne ...
    cluiche ‘Kim’
    Bhí an leabhar ar an mbord. Tá sé ar an mála anois. Bhí an glantóir ar an mbord.
    Tá sé sa bhosca anois.
    ‘Cén t-am é, a mhac tíre?’

Comhtháthú le hábhair eile
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht: léim fhada nó ghearr
Matamaitic: Uimhreas: rainn chomhairimh
Na hamharcealaíona: Cré: Forbairt foirme i gcré
Ceol: Ag léiriú: Amhráin Ghaeilge

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie