Leagan amach agus struchtúr
Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge leagtha amach ina shnáitheanna agus ina shnáithaonaid chun cabhrú le múinteoirí a gcuid oibre a phleanáil. Tugtar samplaí d’eispéiris foghlama sna snáithaonaid, ach is féidir cinn eile a fheileann don pháiste agus do chúinsí na scoile a roghnú freisin. Chomh maith leis na snáitheanna agus na snáithaonaid tugtar foramharc ar na feidhmeanna teanga agus ar na téamaí ar an leathanach thall.
Is iad snáitheanna an churaclaim do ranganna 5 agus 6 ná Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Tá snáithaonaid éagsúla (féach ar Foramharc) mar dhlúthchuid díobh. Ba chóir go gcothófaí dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa pháiste. Ba chóir go gcuirfí ar a c(h)umas tríd an mhuinín a chothú an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide, sa scoil go háirithe ach sa bhaile agus sa Ghaeltacht chomh maith. Ba chóir freisin go gcuirfí ar chumas an pháiste é/í féin a chur in iúl agus a c(h)uid samhlaíochta agus mothúchán a léiriú trí mheán na Gaeilge.
Tá dlúthcheangal idir na gníomhaíochtaí a luaitear sna snáithaonaid, na feidhmeanna teanga agus na téamaí. Baintear úsáid as na gníomhaíochtaí sin chun na heiseamláirí a mhúineadh i gcomhthéacs na dtéamaí.
Clár cothrom éagsúil leanúnach
Ba chóir eispéiris foghlama a chur ar fáil do na páistí le go mbeidh cothromaíocht idir Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Ba chóir féachaint chuige freisin go mbeidh gníomhaíochtaí éagsúla agus tascanna oiriúnacha le déanamh ag na páistí. Beidh an bhéim i gcónaí ar an teanga labhartha, ar dhánta, ar amhráin, ar scéalta, ar sceitsí gearra agus ar chluichí teanga. Chun deimhin a dhéanamh den leanúnachas ó rang go rang beidh sé mar aidhm ag an múinteoir féachaint chuige nach mbeidh aon bhearnaí in eispéireas teanga an pháiste.
Cur chuige comhtháite
Cé gur snáitheanna difriúla iad Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht, déanfar iad a chomhtháthú lena chéile chomh minic agus is féidir sa cheacht. Tarlaíonn comhtháthú idir na hábhair eile agus an Ghaeilge go nádúrtha trí úsáid na Gaeilge mar theanga theagaisc sna scoileanna seo, agus déantar saibhriú ar an nGaeilge, idir fhoclóir agus struchtúir, tríd an leathnú úsáide.