Primary Schools

Ábhar: ranganna 5 agus 6 (T1)

Snáithe: Éisteacht

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga chumarsáide an ranga agus na scoile

  • éisteacht le cuairteoirí chuig an rang
    ag caint faoi ábhair ghinearálta
    seanchas
    eolas faoin gceantar


  • éisteacht gan bhrú le hábhar tarraingteach
    dánta, rabhlóga, scéalta, amhráin
    ábhar dúchasach (ón gceantar áitiúil
    Gaeltachta)


  • éisteacht le guthanna eile chomh maith leis an múinteoir agus iad a thuiscint
    cláir oiriúnacha ar TG4 agus ar RTÉ
    físeáin d’ábhair éagsúla
    irischláir, cláir spóirt agus staire, nuacht
    agus aimsir, fógraí
    tráth na gceist, drámaí
    clár cócaireachta, míreanna as cláir eolais
    téipeanna éisteachta agus dlúthcheirníní
    rockamhráin agus ceol tíre Gaeilge


  • rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar éisteachta.

Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • éisteacht go muiníneach agus an chaint a thuiscint le cabhair leideanna éagsúla
    geáitsí
    na súile, an aghaidh
    béim agus tuin na cainte
    guthanna difriúla a chloisteáil


  • na canúintí éagsúla a aithint

  • cluichí éisteachta a imirt
    éisteacht agus tomhas
    tráth na gceist


  • páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta a léiríonn tuiscint
    éisteacht agus clárú eolais
    éisteacht agus breacadh nóta
    éisteacht agus leanúint treoracha
    cluichí páirce agus clóis
    gluaiseacht le ceol
    aithint agus idirdhealú a dhéanamh ó
    chur síos taifeadta
    scéal a insint ó shraith fuaimeanna


  • éisteacht aireach ghníomhach a chothú trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar cheist
    réamhcheisteanna, ceisteanna le linn
    éisteachta, iarcheisteanna


  • éisteacht le foghraíocht cheart i gcleachtaí struchtúrtha, i ndánta agus in amhráin
    idirdhealú a dhéanamh idir fuaimeanna na
    Gaeilge agus fuaimeanna an Bhéarla
    fuaimeanna an cheantair agus canúintí eile



Samhlaíocht agus mothúcháin

  • taitneamh a bhaint as rithim agus as fuaimeanna i ndánta, in amhráin agus i gceol
    cnaguirlisí, damhsa cruthaitheach, mím

  • éisteacht le treoracha ón múinteoir chun na mothúcháin agus na céadfaí a léiriú le mím nó le pictiúr

  • éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
    féile drámaíochta scoile nó áitiúil
    freastal ar sceitsí agus ar dhrámaí
    ceol na hÉireann, sean agus nua
    scéalta áitiúla béaloidis
    cora cainte
    samhlacha dúchasacha
    féilte na bliana—lá an phátrúin
    .

Snáithe: Labhairt

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil sa seomra ranga, sa scoil agus chun gnáthriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh

  • plé ag leibhéal simplí faoi ghnéithe d’fheasacht teanga
    comparáid a dhéanamh idir na canúintí
    comparáid a dhéanamh le comhréir an
    Bhéarla
    staid na Gaeilge sa Ghaeltacht


  • an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
    samhlacha a úsáid i gcomhthéacs
    féilte na bliana
    cora cainte
    agallaimh bheirte
    logainmneacha an cheantair agus in Éirinn


  • rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar cainte.

Is féidir spéis na bpáistí a chothú freisin trí dhánta, amhráin, sceitsí, agus drámaí. Féach Ag úsáid teanga: Samhlaíocht agus mothúcháin thíos.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh

  • nuacht phearsanta a thabhairt

  • scéalta gearra simplí a aithris, a athinsint ina f(h)ocail féin nó a chríochnú agus ceisteanna fúthu a fhreagairt

  • sainfhoclóir na dtéamaí a leathnú agus a úsáid
    tuairisciú, cur síos, aithint

  • ábhair shuimiúla a phlé le daoine eile agus éisteacht leo le meas ar a dtuairimí
    díospóireacht
    dearcadh a léiriú


  • cluichí teanga a imirt
    cluichí comórtais
    tráth na gceist
    cluichí a éilíonn comhoibriú
    léarscáil bhán a líonadh ó threoracha
    eolas a chlárú ar ghreille
    pictiúr a tharraingt nó a fhorlíonadh
    cluichí foclóra
    tomhais thraidisiúnta


  • suirbhéanna a dhéanamh agus tuairiscí a thabhairt
    ceistiúcháin réamhullmhaithe

  • páirt a ghlacadh i gcleachtaí gramadaí i gcomhthéacs cumarsáideach
    briathra rialta agus neamhrialta
    na gnáthaimsirí agus modhanna
    an t-ainm briathartha, an aidiacht
    bhriathartha
    an chopail
    an t-ainmfhocal
    an tuiseal ainmneach agus an tuiseal
    ginideach, uathu agus iolra
    focail cháilitheacha: an aidiacht, an
    dobhriathar
    céimeanna comparáide na haidiachta
    réamhfhocail a úsáid leis an alt
    ar an le hurú (séimhiú in áiteanna)
    sa le séimhiú (le hurú sa chaint in
    áiteanna)
    forainmneacha: mé, tú, sé, é, í
    forainmneacha réamhfhoclacha:
    orm, ort, air ...
    isteach, istigh, amach, amuigh i gcomhthéacs
    uimhreacha


  • leathnú a dhéanamh ar abairtí simplí
    abairtí a cheangal le chéile
    agus, nó, ach, mar


  • páirt a ghlacadh i gcleachtaí foghraíochta agus litrithe i gcomhthéacs.

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • caint faoi mhothúcháin agus faoi mhianta

  • dánta a rá
    rainn dhúchasacha i gcomhair cluichí
    dánta nuachumtha spraíúla
    filíocht chomhaimseartha ag leibhéal an
    ranga


  • amhráin a chanadh
    amhráin aeracha le rithim agus struchtúr cinnte
    lúibíní
    amhráin nuachumtha an cheantair
    amhráin cheol tíre


  • páirt a ghlacadh i sceitsí nó drámaí don stáitse
    téacsanna na ndrámaí a léamh go cúramach
    ar dtús


  • plé a dhéanamh ar eachtraí suimiúla i scéalta, i ndánta agus i ndrámaí

  • páirt a ghlacadh i rólghlacadh agus i seiftiú i suímh éagsúla
    comhoibriú idir na rannpháirtithe agus eolas
    á roinnt


  • súgradh le focail
    rainn agus amhráin ina bhfuil curfá gan bhrí
    a fhoghlaim nó a chumadh
    rabhlóga
    scéalta seafóideacha
    seanfhocail a úsáid agus a saíocht a phlé
    .

Snáithe: Léitheoireacht

Snáithaonad: Ag cothú fonn léitheoireachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht le scéalta agus dánta tarraingteacha á léamh os ard ag an múinteoir

  • a thuilleadh taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht agus é a léamh go tuisceanach
    an banc, oifig an phoist, comharthaí bóthair

  • éisteacht le húdar leabhar do pháistí ag léamh a chuid saothair agus á phlé
    scéalta, filíocht

  • teacht ar réimse d’ábhar léitheoireachta sa leabharlann ranga nó scoile
    páipéir ghrinn, irisí, leabhair eolais
    miotais, finscéalta, scéalta béaloidis áitiúla
    dánta nuachumtha agus áitiúla, nuachtáin


  • léitheoireacht phearsanta a dhéanamh agus claonadh pearsanta a fhorbairt

  • rogha a dhéanamh faoin ábhar léitheoireachta.

Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • a thuiscint gur gníomhaíocht í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile
    léamh os ard anois is arís chun téacs a
    roinnt le lucht éisteachta
    a s(h)aothar féin agus saothar páistí eile a
    léamh
    tionscadail
    leabhair a mholadh agus glacadh le moltaí ó
    dhaoine eile


  • stór níos leithne d’fhocail phearsanta a chur le chéile i bhfoclóir

  • réimse straitéisí a úsáid chun brí a bhaint as an téacs
    pictiúir, comhthéacs, comhréir, focalaithint
    a (h)eolas ar an domhan


  • cumas géaréisteachta i leith fuaimeanna agus na litreacha a chomhfhreagraíonn dóibh a fhorbairt a thuilleadh
    túschonsain, caol agus leathan ...........fill, fuil
    gutaí, gearr agus fada ........................leacht, léacht
    défhoghair /ai/ agus ............................adharc

    ............... /au/ .....................................amharc

  • úsáid a bhaint as comharthaí poncaíochta mar áiseanna tuisceana
    na ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg,
    an comhartha uaillbhreasa, an comhartha
    ceiste


  • úsáid a bhaint as eolas ar réimíreanna agus iarmhíreanna
    mí/rialta, droch/íde, príomh/oide, fo/bhaile
    gruaig/eadóir, tógál/aí, pictiúr/lann,
    Iodáil/is


  • a t(h)uiscint ar an ngramadach a úsáid chun an téacs a shoiléiriú
    foircinn na mbriathra
    -(e)ann, -(a)íonn, -f(a)idh, -óidh, -eoidh
    foircinn na n-ainmfhocal iolra
    -(a)í, -(e)anna, -(e)acha


  • tuilleadh cleachtaidh ar fhuaimniú séimhiú, síneadh fada agus urú i gcomhthéacs

  • a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint de thoradh straitéisí éagsúla
    an t-ábhar a phlé
    sonraí agus eachtraí ar leith a thabhairt chun
    cuimhne
    achoimre a dhéanamh ar an scéal
    téamaí an scéil a thabhairt leis/léi.


Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • taitneamh agus sásamh a bhaint as leabhair ghearra a léamh in aon seisiún amháin

  • cluichí léitheoireachta a imirt
    léamh agus leanúint treoracha
    cluichí boird
    puzail


  • gníomhaíochtaí léitheoireachta a dhéanamh chun léitheoireacht fheidhmiúil a chleachtadh
    léamh agus aimsiú eolais
    léamh agus clárú eolais
    greille a líonadh


  • cineálacha éagsúla téacs a léamh go tuisceanach
    scéalta do dhaoine óga
    cartúin agus páipéir ghrinn
    míreanna eolais as fíorleabhair
    an páipéar nuachta
    leagan amach, ceannlínte, nuacht, tuairisc


  • stíleanna éagsúla léitheoireachta a chleachtadh de réir mar a oireann dá c(h)uspóir léitheoireachta
    gnáthstíl léitheoireachta
    gan gach focal a thuiscint
    grinnléitheoireacht
    ag iarraidh gach focal a thuiscint
    súil thapa chun an téacs a aithint
    spléachadh chun eolas faoi leith a aimsiú


  • féincheartú botún léitheoireachta nuair is léir nach bhfuil ciall le baint as an rud atá léite

  • foclóir a úsáid

  • na scileanna aimsithe eolais a fhorbairt
    ábhar chlár an leabhair a scrúdú
    foghlaim conas innéacs a úsáid


  • foghlaim conas teacht ar leabhair sa leabharlann
    catalóg ar chártaí agus ar ríomhaire
    ord aibítre a úsáid
    údar agus teideal an leabhair


  • úsáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais mar fhoinse léitheoireachta de réir mar a oireann

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • réimse leathan d’ábhar samhlaíoch a léamh
    miotais, finscéal eolaíochta

  • ábhair spéise a fhiosrú agus a fhorbairt trí mheán na léitheoireachta

  • freagairt do dhánta, agus do phearsana agus d’eachtraí i scéalta
    plé a dhéanamh orthu
    scríobh fúthu
    seiftiú
    péinteáil


  • léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
    drámaí do dhaoine óga
    focail na n-amhrán
    scéalta simplí béaloidis
    seanchas, piseoga.


Snáithe: Scríbhneoireacht

Snáithaonad: Ag cothú fonn scríbhneoireachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • taitneamh agus sásamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín

  • taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
    saothar na bpáistí á léamh os ard
    obair ar taispeáint
    bailiúcháin de shaothair phearsanta
    tionscadail na bpáistí
    nuachtán ranga


  • a thuiscint nach ionann gnásanna na cainte agus na scríbhneoireachta

  • aischothú dearfach a fháil
    ón múinteoir, ó na páistí eile, ó chuairteoirí
    dea-iarrachtaí á n-aithint


  • an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as

  • rogha a dhéanamh faoi ábhar na scríbhneoireachta.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Cumas agus muinín

  • scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
    é/í féin, an múinteoir, páistí eile,
    an teaghlach, cuairteoirí
    cara pinn


  • cluichí scríbhneoireachta a imirt

  • creatlacha réamhcheaptha a úsáid chun scéal a scríobh

  • cineálacha éagsúla téacs a scríobh
    nóta, cártaí, litir, teachtaireacht gutháin
    oideas cócaireachta
    tuairisc, alt, scéal


  • scríbhneoireacht fheidhmiúil a chleachtadh trí ábhar dílis a fhorlíonadh
    foirm a líonadh
    litir bhuíochais


  • pictiúir a úsáid mar spreagthaigh don scríbhneoireacht
  • achoimre a dhéanamh ar scéal nó ar phíosa nuachta

  • scéal leanúnach a scríobh
    ar dtús, ansin, tar éis tamaill, ar deireadh
    mar a dúirt mé, ar an lámh eile de, ach, agus


  • nótaí a bhreacadh tar éis bheith ag éisteacht
    scéal nó píosa eolais ón múinteoir mar obair
    ullmhúcháin do thionscadal grúpa nó ranga


  • dul i gcomhairle leis an múinteoir agus cabhair a lorg faoi na hearráidí scríofa agus faoi fheabhas an leagan amach

  • feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta trí athdhréachtú
    ullmhúchán, dréachtú, athléamh, athdhréachtú
    athscríobh, poncaíocht, peannaireacht
    eagarthóireacht le cabhair an ríomhaire
    phearsanta


  • comhoibriú le páistí eile
    freagraí i suirbhéanna
    tionscadail a dhéanamh agus a leagan amach
    go néata


  • úsáid a bhaint as cláir réamhullmhaithe don ríomhaire pearsanta
    scéalta a chríochnú
    eachtraí a chumadh agus a scríobh
    pictiúir a chur in ord agus scéal a scríobh


  • focail a litriú go muiníneach
    an riail ‘caol le caol, leathan le leathan’ a
    úsáid


  • an foclóir a úsáid

Samhlaíocht agus mothúcháin

  • scríobh faoi/fúithi féin go rialta
    dialann phearsanta a choimeád
    rudaí taitneamhacha agus greannmhara a
    tharla
    rudaí a chuir as dó/di agus a chuir eagla
    air/uirthi


  • scríobh faoi scéalta, faoi dhánta, faoi phíosaí ceoil, faoi chláir theilifíse agus faoi scannáin
    an fáth ar thaitin siad leis/léi
    na mothúcháin a spreag siad


  • mothúcháin a léiriú trí mheán na scríbhneoireachta

  • scríobh faoi eispéiris chéadfacha
    gortú, pian
    boladh, blas


  • scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
    féilte ar fud an domhain.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie