Snáithe: Éisteacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
go neamhfhoirmiúil
- éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach sa seomra ranga agus sa scoil
mar theanga chaidrimh
daoine a chur in aithne dá chéile
mar theanga bhainisteoireachta ranga
iarraidh ar dhuine rud éigin a
dhéanamh
léiriú dearcaidh phearsanta
maithiúnas agus tacaíocht á dtabhairt
- éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
lá breithe, ócáidí speisialta, ceolchoirm
sa teagasc
- éisteacht chun brí ghinearálta a bhaint as ábhar taitneamhach
an múinteoir ag insint scéalta agus ag léamh
sceitsí agus dánta
TG4 i rith an lá scoile
físeáin d’ábhair éagsúla; irischláir, cláir
spóirt agus staire, nuacht agus aimsir, sceitsí,
drámaí
ceol na hÉireann, ceol Ceilteach agus ceol
Eorpach
rockamhráin agus ceol tíre Gaeilge
- éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
scéalta agus béaloideas na hÉireann
féilte na bliana, comparáid le cultúir eile
- rogha níos minice a fháil faoin ábhar éisteachta
‘Cad a bheidh againn, amhrán nó scéal?’
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go fíorchumarsáideach ar na hócáidí céanna gach lá chun nathanna cainte agus foirmlí teanga a dhaingniú
gnásanna na maidine
ag dul abhaile
ag imirt cluichí
- éisteacht le cainteoir(í), beo agus i bhfíseáin, agus an chaint a thuiscint le cabhair ó gheáitsí, ón nguth agus ón gcomhthéacs
- cluichí spreagúla a éilíonn éisteacht agus tuiscint a imirt
éisteacht agus tomhas
éisteacht agus pictiúr a tharraingt
éisteacht agus mím a dhéanamh
cluiche bingo
tráth na gceist
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta a éilíonn tuiscint bhunúsach
éisteacht agus taispeáint
éisteacht agus clárú eolais
éisteacht agus breacadh nóta
éisteacht agus leanúint treoracha
- oiliúint bhreise i scil na héisteachta a fháil trí úsáid a bhaint as téipeanna
réamhphlé agus réamhcheisteanna
ceisteanna le linn éisteachta
iarcheisteanna
- cumas géaréisteachta a fhorbairt a thuilleadh chun na difríochtaí idir consain loma, shéimhithe agus uraithe agus consain chaola agus leathana a thabhairt faoi deara
Tá tuí ar thaobh an tí tuí, atá thíos sa toinn.
Chroch mé mo chóta ar an gcrúca.
Chaith mé scaif mar bhí an lá fuar.
Lá breá!
Leáigh an t-uachtar reoite
- éisteacht leis an múinteoir agus gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann leis na céadfaí agus na mothúcháin
boladh, blaiseadh, feiceáil, cloisteáil,
sásamh, míshásamh, gliondar croí, díomá
- fíricí nua a fhoghlaim trí éisteacht agus tuiscint.
Comhtháthú le hábhair eile
Corpoideachas: Damhsa: Ballaí Luimnigh
Stair: Staidéar áitiúil—nósanna ón traidisiún béil, leigheasanna, piseoga, scéalta áitiúla
Tíreolaíocht: Tuiscint d’áit: Logainmneacha áitiúla agus an scéal a ghabhann leo—Cill Dara, Baile Átha Luain, Dún na nGall, Tír Eoghain, Ros Comáin, Léim an Bhradáin
Ceol: Ag éisteacht agus ag freagairt: Ceol agus amhráin thraidisiúnta
Snáithe: Labhairt
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
go neamhfhoirmiúil
- an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach sa seomra ranga agus sa scoil chun gnáthriachtanais chumarsáide achomhlíonadh
sa teagasc
- dánta a aithris
- amhráin a chanadh
- páirt a ghlacadh i ndrámaí, i sceitsí agus in agallaimh
- aird a thabhairt ar ghnéithe den teanga chun feasacht teanga a fhorbairt
na leideanna neamhlabhartha
Gaeilge tríd an mBéarla:
clan, galore, boreen, smithereens,
meas on ...
Béarla tríd an nGaeilge
mo bhicycle, boot an chairr
comhdhéanamh focal
leabhar/lann, eolaí/ocht, tír/eolaíocht
- an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
féilte na bliana
cluichí Gaelacha
ceol agus damhsaí Gaelacha
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar cainte.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach
- nuacht a thabhairt
an scoil, timpeallacht na scoile, nuacht
náisiúnta agus idirnáisiúnta
- labhairt faoi/fúithi féin agus faoina g(h)náthshaol laethúil
a c(h)aitheamh aimsire
- scéalta a athinsint ina f(h)ocail féin, ceisteanna a chur agus a fhreagairt fúthu, agus iad a léiriú i rólghlacadh
- foclóir níos leithne a úsáid
cluichí foclóra
focail chomhchiallacha agus fhrithchiallacha
grúpaí focal (gréithe, troscán, sceanra)
- sainfhoclóir na dtéamaí a fhorbairt i gcomhthéacsanna éagsúla
- cluichí teanga a imirt
pictiúr a fhorlíonadh ó threoracha ó bhéal
déan, ná déan, tarraing, abair, ná habair
cuir, cuirigí, ná cuirigí
aimsiú na ndifríochtaí idir phictiúir
suíomh, comhaireamh daoine agus rudaí
gníomhú agus labhairt
pictiúir a aimsiú ó chur síos
foclóir agus focail cháilitheacha
- scéalta a chríochnú agus a chumadh
- rólghlacadh i suímh dhifriúla
bunaithe ar na téamaí
- cluichí a imirt chun taithí a fháil ar ghramadach na Gaeilge
Cé mise? nó Fiche ceist
an chopail ‘is’ agus an briathar ‘tá’
Cén post atá agam?
na gairmeacha beatha
Cé leis?
mo, do, a, ár, bhur, a
- úsáid a bhaint as na suímh agus na treonna i gcluichí páirce
ar an, idir, in aice, trasna
isteach, istigh, amach, amuigh
thuas, thíos, suas, síos, anuas
- caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn agus a tharlóidh
dhún/níor dhún mé, thit sé, nigh sé
d’éirigh/níor éirigh tú, fuair/ní bhfuair mé
rinne/ní dhearna tú, bhí/ní raibh sé
dúnfaidh/ní dhúnfaidh sé, titfidh tú, nífidh
mé, éireoidh tú, ní bheidh sé
dúnaim, titeann sí, níonn sé, éiríonn/ní
éiríonn sí, faigheann/ní fhaigheann sí
bím/ní bhím, ní thugann sé
- cur síos ar eachtraí atá ag tarlú agus atá tar éis tarlú
ag dúnadh, ag ní, ag éirí, ag ceannach
ag teacht, ag rá, ag tabhairt, ag tógáil
dúnta, nite, ceannaithe, tagtha, ráite,
faighte, tugtha, tógtha
- ceisteanna a chur agus a fhreagairt
An bhfaca? Chonaic/Ní fhaca
Ar ith? D’ith/Níor ith
Conas?/Cén chaoi?/Cén dóigh?
Cathain?
Cén fáth?/Cad chuige?
Ar mhaith leat? Ba mhaith/Níor mhaith
Cad a déarfá le …?
- réimse níos leithne rudaí a ainmniú i gcomhthéacsanna éagsúla
uathu agus iolra
tá an bord agus an fhuinneog glan
tá na boird agus na fuinneoga glan
tá Seán ag glanadh an bhoird in aice na
fuinneoige
- focail cháilitheacha a úsáid le hainmfhocail agus le briathra
an seanfhear bocht cromtha, lá breá gréine
shiúil mé go tapa/go mall
- comparáid a dhéanamh
níos glaine, is glaine, níos fearr, is fearr
an-chliste, róchliste
- úsáid a bhaint as
agam, orm, liom, fúm, díom, romham,
chugam, uaim
- páirt a ghlacadh i gcluichí foghraíochta agus litrithe.
Comhtháthú le hábhair eile
OSPS: Mé féin—an domhan lasmuigh díom
Stair: Staidéar áitiúil: ‘bealach’ tríd an mbaile nó tríd an reilig áitiúil
Sloinnte:
Ó hÍcí = bhí sé in ann duine a leigheas
Mac Giolla Easpaig = mac shearbhónta an easpaig
Ó = Ua = mac mic, Ní = Iníon Uí
Tíreolaíocht: Tuiscint d’áit: Logainmneacha—cnoc, tulach, loch, bóthar, céide, ascaill
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht: Cluichí: Damhsa
Na hamharcealaíona: Tógáil: Tógálacha a dhéanamh: Treoracha á leanúint
Snáithe: Léitheoireacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht leis an múinteoir mar dhealéitheoir ag léamh ábhar spéisiúil léitheoireachta
- brí a bhaint as an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga
lipéid, fógraí, comharthaí
scríbhneoireacht ar an gclár dubh
siopaí, oifig an phoist, an banc, comharthaí
bóthair
- sracfhéachaint ó am go ham ar réimse leathan d’ábhar léitheoireachta
scéalta nuascríofa, miotais, finscéalta
iris eolaíochta
ailt faoi leith as nuachtáin Ghaeilge
- tréimhsí taoiléitheoireachta a chaitheamh i gcomhair pléisiúir
irisí, scéalta comhaimseartha
leabhair eolais: an timpeallacht, stair agus
tíortha eile.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht a chloisteáil as Gaeilge agus a thuiscint
féachaigí ar leathanach caoga a seacht!
barr, lár, bun an leathanaigh
tús an chéad ailt/an dara ailt
- an téarmaíocht bhunúsach a bhaineann le leabhair a thuiscint
teideal, údar, clúdach cúil agus tosaigh,
leathanach, alt, caibidil, an comhartha ceiste
- foclóir pearsanta níos leithne de ghnáthfhocail inléite a chur le chéile óna t(h)aithí ar théacs sa timpeallacht agus ar leabhair
- focal a aithint i dtéacs trí úsáid a bhaint as leideanna ón gcomhthéacs, ón gcomhréir, agus ó ghraiféimeanna
- straitéisí éagsúla léitheoireachta a chleachtadh
léitheoireacht thapa
sracfhéachaint
spléachadh
gnáthléitheoireacht
grinnléitheoireacht
- tuiscint a fháil ar chóras fuaimeanna na Gaeilge
guta fada agus gearr
consan leathan agus caol
séimhiú ar thúschonsan
- fuaimeanna nach bhfuil sa Bhéarla a thabhairt faoi deara
| na défhoghair /ua/, /ia/ | fuar, bia |
| /ai/ agus /au/ | adharc, gabhar |
| t agus d leathan agus caol tuí | doras, teach, deoch |
| ch leathan agus caol | chan, cheann |
| l leathan agus caol | lá, leáigh |
- focail a aithint agus a rá trí iad a bhriseadh ina siollaí agus trí thógáil ar fhréamhacha focal
mad/ra, cup/án, tiom/án/aí, tráth/nóna
os/pid/éal
leabhar/lann/aí, rith/fidh, bróg/a,
bus/anna
- an príomhsmaoineamh a aithint
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
an téacs a phlé
anailís a dhéanamh ar an téacs.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léamh i gcomhpháirt le daoine eile
páiste eile, an múinteoir, tuismitheoir, duine
fásta eile
- léitheoireacht fheidhmiúil a dhéanamh
treoracha do chluichí boird a leanúint,
puzail, crosfhocail
- ábhar céimnithe léitheoireachta a léamh os ard agus go ciúin
- ábhar dílis a léamh ag leibhéal oiriúnach
sceideal TG4
biachláir
oidis chócaireachta
fógraí sa scoil
míreanna as leabhair eolais
- taithí a fháil ar chineálacha éagsúla téacs
cartúin, páipéir ghrinn
scéalta, dánta simplí
amchlár an ranga
- freagairt do phearsana agus d’eachtraí i scéal nó dán
drámaíocht
gníomhaíochtaí ealaíne
plé
scríbhneoireacht
- léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
scéalta béaloidis agus nuascríofa
clár an chluiche ceannais camógaíochta nó
peile a léamh.
Comhtháthú le hábhair eile
Stair: Scéalaíocht—scéalta stairiúla i leabhair shimplithe
Tíreolaíocht: Léarscáileanna: Ainmneacha sléibhte agus aibhneacha a léamh agus a thuiscint—Sliabh, Beann, Abha, Áth, Béal Easa
Ceol: Ag éisteacht agus ag freagairt—éisteacht leis na hamhráin agus an téacs a léamh
Snáithe: Scríbhneoireacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- taitneamh agus sásamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta
- taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
obair ar taispeáint
bailiúchán d’iarrachtaí pearsanta
nuachtlitreacha
irisí scoile
- aischothú dearfach a fháil ar obair phearsanta
ón múinteoir, ó bhéal agus i scríbhinn
ó pháistí eile, ó thuismitheoirí, ó chuairteoirí
- an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as
- rogha a dhéanamh faoi ábhar na gceachtanna scríbhneoireachta
‘Céard ba mhaith libh a scríobh, litir nó
scéal?’
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
é/í féin, múinteoir, páistí eile, an teaghlach,
cuairteoirí
- cabhair a lorg ón múinteoir
- cluichí taitneamhacha scríbhneoireachta a imirt
puzail agus crosfhocail a dhéanamh
cluichí focal a imirt
tomhais nó crosfhocail a chumadh do
ranganna eile
- abairtí a chur san ord ceart chun scéal a scríobh
- creatlacha réamhcheaptha d’alt nó d’aiste ghearr a chóipeáil agus a iomlánú
- scríbhneoireacht fheidhmiúil agus cumarsáid a dhéanamh
litir shimplí
ainm, seoladh agus síniú pearsanta
cártaí poist
teachtaireachtaí
litir iarratais chuig Raidió na Gaeltachta,
TG4
- cur síos ar phictiúir
- tuairiscí, ailt, aistí gearra, scéalta simplí a scríobh agus a chríochnú
- ord a chur ar scéal
ar dtús, ansin, tar éis tamaill, ar deireadh
mar a dúirt mé ..., ar an lámh eile de ..., ach,
agus …
- scríobh faoi/fúithi féin agus faoina g(h)náthshaol laethúil
dialann phearsanta a choimeád
fuíoll-leabhair a choimeád
- scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
na comhábhair do phancóga ag an Inid
cuntas ar an gcluiche ceannais
achoimre ar scéal béaloidis
seanfhocail a scríobh agus a léiriú
- feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta trí athdhréachtú
ullmhúchán, dréachtú, athléamh,
athdhréachtú, athscríobh
- scríobh go rialta agus ar feadh tréimhsí níos faide
- úsáid a bhaint as cláir oiriúnacha réamhullmhaithe don ríomhaire
eachtraí a chumadh agus a scríobh
pictiúir a chur in ord agus scéal a scríobh
- poncaíocht a úsáid
na ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg,
an comhartha ceiste
- tabhairt faoi litriú na Gaeilge go muiníneach
buille faoi thuairim a thabhairt
patrúin chomónta litrithe a fhoghlaim
‘caol le caol agus leathan le leathan’ a
fhoghlaim
- an foclóir a úsáid mar chabhair don litriú.
Comhtháthú le hábhair eile
OSPS: Mé féin—eolas pearsanta a líonadh ar fhoirm
Eolaíocht: Ag dearadh agus ag déanamh: Ag pleanáil: Oidis chócaireachta a leanúint ó bhéal agus a scríobh